{"id":11885,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11885"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-n-d-a-o-n-l-a-t-h-a-s-i-m-b-a-o-l-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-n-d-a-o-n-l-a-t-h-a-s-i-m-b-a-o-l-2\/","title":{"rendered":"A n    D a o n l a t h a s    i     m B a o l"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">A n    D a o n l a t h a s    i     m B a o l  <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Democracy in Danger?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed haon rud nua \u00e9 sin, mar bh\u00ed an Daonlathas c\u00e9anna faoi bhagairt, \u00f3 th\u00fas, agus ag amannta \u00e1irithe, tuigeadh do bhun\u00fas na ndaoine, go raibh teipthe ar an gc\u00f3ras leochaileach sin, agus nach raibh an dara rogha acu, ach iomp\u00fa ar ch\u00f3ras \u00e9ifeachtach eic\u00ednt eile, a d\u2019fh\u00e9adfadh cinneadh cinnte a dh\u00e9anamh, agus ansin go bhf\u00e9adfa\u00ed an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, gan cur isteach \u00f3 \u00e9inne.  Tharla a leith\u00e9id, is d\u00f3cha, idir an d\u00e1 Chogadh Domhanda, nuair a thaobhaigh thiortha \u00e1irithe le c\u00f3ras deacht\u00f3ireachta, toisc go bhfacthas go bhfacthas do dhaoine \u00e1irithe, agus do ghr\u00fapa\u00ed \u00e1irithe, sna t\u00edortha sin, go raibh g\u00e1 lena leith\u00e9id, le dul i ngleic le deacrachta\u00ed s\u00f3isialta agus polait\u00edochta a linne.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">L\u2019Etat c\u2019est Moi !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go raibh c\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id i bhfeidhm i R\u00e9 na R\u00edthe L\u00e1nchumhachta freisin, tr\u00e1th a d\u2019fh\u00e9adfadh R\u00ed na Fraince a dhearbh\u00fa, gurbh eisean an St\u00e1t  ..\u201dl\u2019Etat c\u2019est moi\u201d&#8230; I gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed bh\u00edodh de chead ag \u00e9inne cur isteach ar chinneadh an R\u00ed, n\u00f3 bh\u00ed a chumhacht seisean bunaithe ar an bprionsabal, gurbh \u00f3 Dhia na Gl\u00f3ire fh\u00e9in a fuair na R\u00edthe c\u00e9anna sin a gcumhacht, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bh\u00ed de dhualgas ar an saor\u00e1nach glacadh le reacht an R\u00ed, ar an dtuiscint, gurbh \u2018in toil D\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Changed  Times .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019imigh sin \u00e1fach, is th\u00e1inig seo, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, dheamhan m\u00f3r\u00e1n r\u00edthe l\u00e1nchumhachtacha f\u00e1gtha ar an saol seo, agus is \u00e9 an Daonlathas an c\u00f3ras rialaithe at\u00e1 i mb\u00e9al gach \u00e9inne, na laethe seo.  N\u00ed fh\u00e1gann sin go bhfuil an c\u00f3ras c\u00e9anna sin gan locht, n\u00f3 thar mholadh beirte, mar, nuair a thagann crua air, b\u00edonn air srianadh a dh\u00e9anamh ar shaoirse na saor\u00e1nach, agus dlithe drag\u00e1nta (draconian) a reacht\u00fa, le smacht ioml\u00e1n a fh\u00e1il ar an ndaonra.  Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann s\u00e9 chuile dheis do choirpigh, agus d\u2019antoiscigh de chuile chine\u00e1l, a gceirdeanna frithsh\u00f3isialta a chleachtadh, faoi sh\u00faile an St\u00e1it fh\u00e9in, mar ad\u00e9arf\u00e1, agus tagann s\u00e9 dian go maith ar an gc\u00f3ras sin deighle\u00e1il leo, n\u00f3 caithfidh siad feidhmi\u00fa de r\u00e9ir dl\u00ed, fhad is at\u00e1 chuile chead ag na dreamanna eile \u00fad, feidhmi\u00fa gan aird d\u00e1 laghad a thabhairt ar na dlithe c\u00e9anna sin, ach ag an am gc\u00e9anna, d\u00e9anann siad chuile iarracht, f\u00e9achaint chuige, nach mbriseann an St\u00e1t na dlithe c\u00e9anna sin, a bhfuilidsean beag beann orthu.  Ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, an tseachtain seo, in aon chor, ach chuige seo..<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">The  Madrid  Bombs .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chualamar go l\u00e9ir na sc\u00e9alta a th\u00e1inig chugainn \u00f3n Sp\u00e1inn, ar na mallaibh, faoi na haintoiscigh sin, a shuigh buama\u00ed ar na traenacha \u00fad a bh\u00ed ar a mbealach isteach go cathair mh\u00f3r Mhadrid, agus na m\u00edlte daoine ar bord chuile thraein acu.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur mar\u00edodh dh\u00e1 ch\u00e9ad, san ionsa\u00ed barbartha sin, agus gur gorta\u00edodh l\u00edon ollmh\u00f3r daoine freisin.  Caithfidh muid uilig \u00e1r gcomhbhr\u00f3n a chur in i\u00fal don Sp\u00e1inn, agus do ghaolta na ndaoine \u00fad a mar\u00edodh, agus a gorta\u00edodh, san ionsa\u00ed c\u00e9anna sin.  Daoine neamhchiontacha ba ea chuile dhuine acu sin, ach deineadh sl\u00e9acht orthu, toisc gur theastaigh \u00f3 dhaoine \u00e1irithe, in \u00e1it \u00e1irithe, le tuiscint \u00e1irthe ar an saol, go n-\u00e9ireodh leosan a gcusp\u00f3ir a bhaint amach, tr\u00ed lear m\u00f3r daoine neamhchiontacha d\u00e1 leith\u00e9id, a mhar\u00fa, agus a ghort\u00fa, sa mbealach sin.  Caithfidh muid a dhearbh\u00fa ar dt\u00fas anseo, n\u00e1r cheart daoine neamhchiontacha a mhar\u00fa, le cusp\u00f3ir ar bith faoin sp\u00e9ir a bhaint amach, Cuma c\u00e9 chomh huasal, n\u00f3 c\u00e9 comh h\u00edseal, is at\u00e1 an chusp\u00f3ir ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Elected  to  Rule .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call a r\u00e1, gurb \u00e9 an ch\u00e9ad dualgas at\u00e1 ar St\u00e1t ar bith n\u00f3 a dhaonra a chosaint ar ionsa\u00ed, Cuma c\u00e9 t\u00e1 freagrach as, ach m\u00e1s daonlathas at\u00e1 i gceist, caithfidh Rialtas an St\u00e1it sin feidhmi\u00fa de r\u00e9ir rialacha, agus dlithe, \u00e1irithe.  \u00d3, sea, agus caithfidh an pobal rial\u00fa na t\u00edre a fh\u00e1g\u00e1il faoin Rialtas sin, a thoigh siadsan san olltoghch\u00e1n deiridh, agus ba cheart d\u00f3ibh d\u00e9anamh de r\u00e9ir mar a chinneann an Rialtas sin. Is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir a r\u00e1 anseo, gurbh \u00ed cusp\u00f3ir na buam\u00e1la sin n\u00f3 cur isteach ar dhaonlathas na Sp\u00e1inne, tr\u00edna pobal a iomp\u00fa i gcoinne an Rialtais.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Public  Perception .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a  rinne Rialtas na Sp\u00e1inne n\u00f3 an mille\u00e1n a leagan ar ETA, rud a bh\u00ed n\u00e1d\u00fartha go leor, n\u00f3 ba mhinic cheana, a rinne an eagra\u00edocht ch\u00e9anna sin buama\u00ed a scaoileadh ar thalamh na Sp\u00e1inne, ach sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo, ba ghearr gur thosaigh ruda\u00ed \u00e1irithe ag tabhairt le fios, go raibh seans maith ann, n\u00e1rbh iad ETA ba ch\u00fais leis an mbuam\u00e1il \u00e1irithe seo, ach go raibh seans maith ann, gur Mhuslamaigh antoisceacha ba ch\u00fais leis.  N\u00edor gh\u00e9ill an Rialtas, gur mar sin a bh\u00ed, ach lean orthu ag dearbh\u00fa, gurbh iad ETA a bh\u00ed ciontach sa mbeart seo.  Anois, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a dhearbh\u00fa, b\u2019fh\u00e9idir, gur d\u2019aon ghn\u00f3 a rinne an Rialtas amhlaidh, toisc gur theastaigh uathu teacht i ngan fhios ar na Muslamaigh ch\u00e9anna sin, ach cib\u00e9 faoi sin, tuigeadh don phobal, fr\u00ed ch\u00e9ile, gur ar mhaithe leo fh\u00e9in a bh\u00ed an Rialtas ag feidhmi\u00fa, toisc n\u00e1r theastaigh uathu, go mbuafa\u00ed orthu san olltoghch\u00e1n, agus d\u00e1 gceapfadh an pobal gurbh iad na Muslamaigh a bh\u00ed ciontach, d\u2019iomp\u00f3dh siad i gcoinne an Rialtais, toisc go ndeachaigh siad isteach ar thaobh Mheirice\u00e1, i gcogadh na hIar\u00e1ice, gan toil na ndaoine a chur san \u00e1ireamh, agus gur mar dh\u00edoltas ar sin, a rinneadh an bhuam\u00e1il ar thraenacha Mhadrid.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Voted  Out  of  Office .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor chreid an pobal a Rialtas.  Chuir sin fearg an domhain orthu, agus v\u00f3t\u00e1il siad an Rialtas as oifig, sa toghch\u00e1n sin.  Anois, sin laige eile a bhaineann leis an ndaonlathas, s\u00e9 sin, gur f\u00e9idir le hantoiscigh, Rialtas, a dteasta\u00edonn uathusan a dh\u00edbirt as oifig, gur f\u00e9idir leo, Rialtas d\u00e1 leith\u00e9id   a bhriseadh, tr\u00ed bheart d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, tamall gearr roimh l\u00e1 an toghch\u00e1in, agus sin d\u00edreach mar a tharla sa Sp\u00e1inn.  Dona go leor, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, ach f\u00e9ach mar a tharla, chomh luath is a bh\u00ed an Ceannaire nua tofa.  Gheall seisean, go nd\u00e9anfa\u00ed na saighdi\u00fair\u00ed Sp\u00e1inneacha a aistarraingt as an Iar\u00e1ic, faoi l\u00e1r na bliana seo, mura gcoimhl\u00edonfa\u00ed c\u00fains\u00ed \u00e1irithe, faoin am sin.  Ar\u00eds, t\u00e1 an cuma ar an sc\u00e9al seo, gur labhair s\u00e9 r\u00f3-luath, agus gur chinn s\u00e9 ar an bpolasa\u00ed sin, gan idirbhearta\u00edocht ar bith lena comhghuallaithe san Iar\u00e1ic, agus taobh amuigh de sin ar fad, nach ionann a r\u00e1iteas ar an \u00f3c\u00e1id \u00e1irithe seo, agus a dhearbh\u00fa os comhair an tsaoil mh\u00f3ir, gur f\u00e9idir le hantoiscigh laig\u00ed an daonlathais a \u00fas\u00e1id, le hiachall a chur orthu g\u00e9illeadh d\u00e1 gcumhachtsan.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Eternal Vigilance .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mura bhfuil na pobail daonlathacha s\u00e1sta a gc\u00f3ras rialaithe, agus a modh beatha fh\u00e9in, a chosaint, bhuel, ansin n\u00ed mhairfidh an c\u00f3ras c\u00e9anna sin r\u00f3-fhada san aon\u00fa haois fichead seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfear a r\u00e1 anseo, go bhfuil moladh tuillte anseo ag an dTaoiseach s\u2019againne, sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo, n\u00f3 ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a rinne seisean, mar Cheannaire An Aontais Eorpaigh, n\u00f3 gur chuir s\u00e9 roimhe, cruinni\u00fa d\u2019Airi Dli agus Cirt an Aontais a thion\u00f3l, ar an d\u00e1 luathas, le sl\u00e1nd\u00e1il an Aontais a chosaint ar ionsaithe d\u00e1 leith\u00e9id, sa todhcha\u00ed.  T\u00e1 s\u00fail agam, go mbeidh toradh f\u00f3nta ar a shaothar, sa bhfiontar tr\u00e1th\u00fail, seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A n D a o n l a t h a s i m B a o l Democracy in Danger? D\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed haon rud nua \u00e9 sin, mar bh\u00ed an Daonlathas c\u00e9anna faoi bhagairt, \u00f3 th\u00fas, agus ag amannta \u00e1irithe, tuigeadh do bhun\u00fas na ndaoine, go raibh teipthe ar an gc\u00f3ras leochaileach sin, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11885","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11885","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11885"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11885\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11886,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11885\/revisions\/11886"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11885"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11885"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11885"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}