{"id":11899,"date":"2017-04-09T20:50:21","date_gmt":"2017-04-09T20:50:21","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11899"},"modified":"2024-04-08T02:11:56","modified_gmt":"2024-04-08T02:11:56","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-3","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-3\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n  3 ."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r     n a      M i s i n .         3 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\"><em>\u00f3n Luan, an 11\u00fa, go dt\u00ed an Domhnach, an 17\u00fa, L\u00fanasa 2003.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am seo, bh\u00edomar ag treabhadh linn tr\u00edd an dara seachtain de na laethe saoire Calaf\u00f3irneacha seo, agus an moilli\u00fa diabhalta scairde sin curtha d\u00ednn againn, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1,  ach f\u00f3s, n\u00ed raibh muid tagtha isteach ar an mbrothall loiscneach i bh\u00ed d\u00e1r r\u00f3stadh anseo in Encinitas.  Deir na d\u00fachasaigh thart anseo linn, nach bhfaca siadsan a leith\u00e9id d\u2019aimsir sna b\u00f3la\u00ed seo riamh cheana.  Deir na daoine at\u00e1 scili\u00fail sna c\u00farsa\u00ed seo linn, gurb amhlaidh at\u00e1 ruball de mhons\u00fan tar \u00e9is a bhealach a dh\u00e9anamh anios, fan an ch\u00f3sta chugainn, \u00f3 Bhaja Chalaf\u00f3irnia, agus go bhfuil teas agus taise neamhghn\u00e1ch \u00e1 scaipeadh aige, sa d\u00faiche seo.  Droch rath air!  Ach tar \u00e9is d\u00fainn scathamh a chaitheamh ag comhr\u00e1, ar an bhf\u00f3n, len\u00e1r muintir in \u00c9irinn, tuigeadh d\u00fainn gur bheag difir a bh\u00ed idir an cine\u00e1l aimsire a bh\u00ed againne in Encinitas, agus an cine\u00e1l aimsire a bh\u00ed i dtreis i R\u00edocht Osra\u00ed, ag an am gc\u00e9anna sin.  Dhealr\u00f3dh s\u00e9, gurbh \u00f3n dteas go dt\u00ed an fuacht againne \u00e9, chomh fada is a bhain s\u00e9 le c\u00farsa\u00ed aimsire!  Ach, bh\u00ed de sh\u00f3l\u00e1s againn, go raibh socraithe againn \u00e1r seolta a chrochadh, i gcionn roinnt laethanta, agus an b\u00f3thar a bhualadh \u00f3 thuaidh, suas fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, \u00e1it a mbeadh s\u00e9 n\u00edos fionnuaire, d\u00e1r linne, n\u00f3 bh\u00ed an diabhal dearg ar an \u00e1it ina rabhamar, le taise, le r\u00f3stadh agus teas, le roinnt laethanta anuas.  Bhainfeadh an aimsir sin allas as dealbh cloiche fh\u00e9in!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaitheamar roinnt laethe ansin ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, i dtigh mo mhic, i gCardiff by the Sea, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur dheas an \u00e1it \u00ed.  Bh\u00ed an fharraige in aice l\u00e1imhe, le deis a thabhairt d\u00fainn sinn fh\u00e9in a fhuaradh, is a fhliuchadh, de r\u00e9ir mar a bhuail an fonn sinn, agus chomh maith le sin, bh\u00ed m\u00e1m maith \u201c<strong>Mall\u201d<\/strong>anna Siopad\u00f3ireachta sa chomharsanacht, \u00e1it a d\u2019fh\u00e9adfadh duine seal a chaitheamh, ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, ag siopad\u00f3ireacht, ag spaisteoireacht, ag baint sult as an l\u00e1, ag \u00f3l caif\u00e9, b\u2019fh\u00e9idir, i mbialann chomp\u00f3rdach aer-oiri\u00fanaithe.  Sea, mh\u2019anam, d\u2019fh\u00e9adfadh duine bheith in \u00e1it n\u00edos measa n\u00e1 ansin i gCardiff cois cuain, ar ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, na laethe brothallacha sin.  N\u00ed call dom a r\u00e1 gur thugamar corr chuairt ar Bhialann 101, in Encinitas, le l\u00f3n taitneamhach, blasta, a chaitheamh ansin, n\u00f3 bh\u00ed blas faighte againn ar a gcuid bia-san, trath raibh muid ar chuairt ansin cheana, bliain na m\u00edlaoise.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00fainn an l\u00e1 a chaitheamh go deas s\u00f3mhar, bh\u00ed de n\u00f3s againn breathn\u00fa ar scann\u00e1n, san o\u00edche.  Bhaineamar taitneamh as scann\u00e1in cos\u00fail le, \u201cThe Road to Perdition\u201d, agus sc\u00e9al an Uasail Schmidt, chomh maith leis an ngreannscann\u00e1n taobh-phl\u00e9ascach sin le Bill Cosby.  Ba bhre\u00e1 an bealach \u00e9 le <strong>\u201cWinde\u00e1il anuas\u201d<\/strong> mar ad\u00e9arf\u00e1 sa dara teanga oifigi\u00fail, i ndiaidh strus agus tuirse an lae!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1 mbeadh tuirse ar dhuine i l\u00e1r an lae, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 an n\u00f3s Sp\u00e1inneach a leanacht, agus \u201csiesta\u201d a ghlacadh, agus mura mbeadh, bhuel, ansin ba bhre\u00e1 an bealach \u00e9 le brothall an lae a lingint tharat, seal a chaitheamh sa linn sn\u00e1mha brea, fairsing,  fionnuar, a bh\u00ed ansin in aice an t\u00ed againn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cloisim duine eic\u00ednt ag r\u00e1 ansin, gurbh fhada \u00f3 linnte sn\u00e1mha a rugadh agus a t\u00f3gadh Bair\u00e9adaigh na Druime, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed fh\u00e9adfainn an t\u00e9 sin a bhr\u00e9agn\u00fa, agus n\u00edl le r\u00e1 agam mar chosaint, ach, \u201can t-\u00e1th a mholadh mar a gheobhair\u201d, agus mhol mise \u00e9, mar a bhfuair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am seo, bh\u00edomar ag teacht isteach ar rithim na beatha i gCalaf\u00f3irnia, agus muid ag treabhadh linn, ar \u00e1r socracht, agus ar \u00e1r s\u00e1stacht.  Ar an nDomhnach, an 17\u00fa de L\u00fanasa, d\u2019\u00e9isteamar Aifreann ar\u00eds i Halla St Margaret, in <strong>Oceanside<\/strong>, agus n\u00ed call a r\u00e1, gur bhaineamar taitneamh as an \u00f3c\u00e1id, agus gur thaitin an searmanas uilig ansin linn, ach i ndiaidh an Aifrinn, in \u00e1it dul ag siopad\u00f3ireacht, n\u00f3 ag guairdeall timpeall, thugamar cuairt ar chairde mo mhic, ansin in Oceanside.  Bh\u00ed sin go bre\u00e1 ar fad, n\u00f3 thug s\u00e9 spl\u00e9achadh d\u00fainn ar shaol an ghn\u00e1thdhuine, taobh amuigh ar fad den ch\u00f3ras turas\u00f3ireachta, sa d\u00faiche sin.  Thugamar faoi deara chomh fial flaithiuil is a bh\u00ed na daoine seo, agus iad ag deighle\u00e1il, i nd\u00e1ir\u00edre, le daoine nach dtiocfadh an bealach sin go deo ar\u00eds, b\u2019fh\u00e9idir.  Chaitheadar linn, faoi mar ba bhaill d\u00e1 gclann fh\u00e9in muid, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bhraith muid go raibh muid i measc cairde, rud a d\u2019fh\u00e1gfadh nach mbeadh deifir ar bith abhaile ort!  Sa chomhr\u00e1 d\u00fainn, deineadh tr\u00e1cht ar scann\u00e1n a bh\u00ed ar teasp\u00e1int i bpicti\u00farlann, i gCardiff cois cuain, agus \u00f3 tharla go raibh am le diomailt againn an tr\u00e1thn\u00f3na sin, shocra\u00edomar ar dhul ag breathn\u00fa ar an scann\u00e1n c\u00e9anna sin, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach raibh aif\u00e9ala ar bith orainn go ndeachaigh muid.  Anois, b\u2019fh\u00e9idir go bhfaca t\u00fa fh\u00e9in an scann\u00e1n seo, ach chuaigh s\u00e9 i gcionn chomh m\u00f3r sin ormsa, go gcaithfidh m\u00e9 tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3 anseo, agus mura bhfaca t\u00fa cheana \u00e9, bhuel, m\u00e1 fhaigheann t\u00fa an deis chuige, b\u00ed cinnte go rachaidh t\u00fa chuige.  \u201cThe Whale Rider\u201d, an t-ainm a bh\u00ed ar an scann\u00e1n sin, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, gur fada an l\u00f3 \u00f3 chonaic m\u00e9 a chomh-mhaith de scann\u00e1n.  Su\u00edtear an scann\u00e1n i measc dh\u00fachasaigh na hAstr\u00e1ile, agus l\u00e9ir\u00edtear an gaol at\u00e1 acusan leis an nd\u00falra timpeall orthu, agus go h\u00e1irithe, i gc\u00e1s an dreama seo, leis na m\u00edolta m\u00f3ra mara.  T\u00e1 ann freisin, an choimhlint s\u00edora\u00ed idir thraidisi\u00fan an chine agus an fonn athraithe, a bh\u00edonn le tabhairt faoi deara i measc na n-\u00f3g.  Sa scann\u00e1n seo, leagtar an-bh\u00e9im ar fad ar an bhfrith-fheiminicheas a bh\u00ed fr\u00e9amhaithe go doimhin i gcult\u00far agus in oidhreacht na nd\u00fachasach sin, agus an ts\u00edor-throid a deineadh, i gcoinne an dearcaidh sin, i saol laeth\u00fail chail\u00edn \u00e1irithe, ina coimhlint i gcoinne thaoiseach na treibhe, mar ad\u00e9arf\u00e1.  Ach f\u00e1gfaidh m\u00e9 an chuid eile f\u00fat fh\u00e9in, agus m\u00e1 fhaigheann t\u00fa an deis chuige, b\u2019fhi\u00fa dhuit dul chuige, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbainfe\u00e1 taitneamh as.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> D\u00fairt m\u00e9 cheana, go ndeachaigh muid timpeall na h\u00e1ite, ag siopad\u00f3ireacht, ag spaisteoireacht, agus ag caitheamh aimsire, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, agus fad is a bh\u00ed na c\u00farsa\u00ed sin idir cham\u00e1in againn, bhuailimis go minic le muintir na h\u00e1ite sin, agus \u00f3 tharla go raibh c\u00farsa\u00ed polait\u00edochta go m\u00f3r i mb\u00e9al na ndaoine, ag an am, d\u2019\u00e9irigh linn tuairim\u00ed coitianta \u00e1irithe a thabhairt faoi deara.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, bh\u00ed beagnach gach \u00e9inne ag caint faoi iarrachta\u00ed Arnold Schwartzeneggar Gobharn\u00f3ireacht Chalaf\u00f3irnia a bhaint amach d\u00f3 fh\u00e9in, agus tr\u00edd is tr\u00edd, bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca a thabhairt faoi deara, nach raibh fonn ar thromlach na ndaoine Arnold a fheice\u00e1il sa phost sin.  Bh\u00ed, d\u00e1r leo, an iomarca ruda\u00ed ina choinne, le post d\u00e1 leith\u00e9id a bhuachan, i dtoghch\u00e1n.  Chomh maith le sin, n\u00edor thaitin s\u00e9 le m\u00f3r\u00e1n d\u00edobh, go dtiocfadh s\u00e9 i gcumhacht, toisc gan chleachtadh ar bith a bheith aige i gc\u00farsa\u00ed bainist\u00edochta, n\u00f3 riarach\u00e1in.  An tr\u00e1th sin, n\u00ed raibh aon pholasa\u00ed cruinn, cinnte, oibrithe amach aige fh\u00e9in, n\u00f3 ag a lucht sti\u00fartha, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed de n\u00f3s aige, corr-bhot\u00fan a dh\u00e9anamh, ceal cleachtaidh, faoi mar a dhein s\u00e9, nuair a mhaoigh s\u00e9, go ngearrfadh s\u00e9 tuilleadh c\u00e1nach ar mhaoin agus ar sheal\u00fachas.  N\u00edor thaitin a leith\u00e9id le muintir Chalaf\u00f3irnia, n\u00f3 t\u00e1 socr\u00fa acusan, gan thar ard\u00fa \u00e1irithe a ghearradh ar mhaoin, n\u00f3 ar sheal\u00fachas, in aghaidh na bliana, agus lu\u00edonn a leith\u00e9id le r\u00e9as\u00fan, i St\u00e1t a bhfuil luach na dtithe chomh hard sin, agus iad ag ard\u00fa tuilleadh, in aghaidh na bliana.  Mar sin, an tr\u00e1th sin, ach go h\u00e1irithe, n\u00ed rabhthas ag s\u00fail go n-\u00e9ireodh le Arnold post an Ghobharn\u00f3ra a bhaint amach, an babhta sin, ach go h\u00e1irithe.  Anois, t\u00e1\u2019s  againn go l\u00e9ir, nach mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, agus gur athraigh c\u00farsa\u00ed chomh m\u00f3r sin, san idirlinn, go mba \u00e9 deireadh na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur toghadh Arnold s\u2019againne ina Ghobharn\u00f3ir ar St\u00e1t saibhir sin Chalaf\u00f3irnia! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh \u00e1bhar eile a bh\u00ed go m\u00f3r chun tosaigh freisin, i mb\u00e9al gach \u00e9inne, na laethe sin, agus b\u2019in Cogadh na hIar\u00e1ice agus a thoradh sin ar mhuintir Mheirice\u00e1 fr\u00ed ch\u00e9ile.  C\u00e9 go dtabharf\u00e1 faoi deara, go raibh bun\u00fas na ndaoine i gc\u00e1s idir dh\u00e1 chomhairle faoin sc\u00e9al, n\u00f3 bh\u00ed le feice\u00e1il go soil\u00e9ir, go bhfuil an t\u00edrghr\u00e1, an bhratach, agus d\u00edlseacht d\u00e1 nUachtar\u00e1n, gafa chomh fada le smior na gcn\u00e1mh sa chuid ba mh\u00f3 d\u00edobh, bh\u00ed s\u00e9 soil\u00e9ir, ag an am gc\u00e9anna, n\u00e1r aontaigh ach an corr-dhuine acu le fearadh chogadh sin na hIar\u00e1ice.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard \u2018t\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh againn sa t\u00edr uafar, iarg\u00falta sin?  Agus c\u00e9n f\u00e1th a bhfuiltear ag coinne\u00e1il \u00e1r saighdi\u00fair\u00ed ar dualgas ansin f\u00f3s, nuair at\u00e1 an troid cr\u00edochnaithe, agus an bua bainte?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl freagra\u00ed na gceisteanna sin le f\u00e1il acu, go foill, ar aon n\u00f3s, ach t\u00e1 an chos\u00falacht ar an sc\u00e9al go mbeidh triobl\u00f3id sa t\u00edr sin f\u00f3s, nuair a thos\u00f3far ar fhreagra\u00ed a \u00e9ileamh ar na ceisteanna c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus ag caint ar Chogadh na hIar\u00e1ice, agus ar dh\u00edlseacht na saighdi\u00fair\u00ed, a throid, agus a throideann f\u00f3s, sa t\u00edr sin, n\u00edl dabht ar domhan ach go bhfuil na saighdi\u00fair\u00ed c\u00e9anna sin ina nd\u00e9ithe beaga ag a muintir sa bhaile, agus d\u00e1 chruth\u00fa sin, t\u00e1 bratacha agus maisi\u00fach\u00e1in crochta in airde i ngach baile, geall leis, ag m\u00f3radh gn\u00edomhartha agus gaisce na saighdi\u00fair\u00ed s\u2019acusan, a throid sa chogadh sin, agus chomh maith le sin, thugamar faoi deara,  go raibh liosta\u00ed de bhaill d\u00e1 bpobal a bh\u00ed sna f\u00f3rsa\u00ed m\u00edleaata thar lear, le l\u00e9amh, in \u00e1it na hon\u00f3ra, sna s\u00e9ip\u00e9il chaitliceacha, ar thugamar fh\u00e9in cuairt orthu, le linn d\u00fainn bheith thall.  Gan dabht ar domhan, is \u00ed seo an fhadhb is crua le r\u00e9iteach ag Meirice\u00e1naigh, sea, agus an gad is giorra d\u00e1 scornach freisin, ach t\u00e1 s\u00fail agam, go mbeifear \u00e1balta teacht ar fhuascailt ch\u00f3ir, chothrom, ar an ngn\u00e9 seo den Chogadh seo, at\u00e1 \u00e1 fhearadh ar Sceimhlitheoireacht Idirn\u00e1isi\u00fanta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin don turas seo.  B\u00ed liom an ch\u00e9ad bhabhta eile, nuair a bheidh muid ar \u00e1r mbealach go Santa Barbara, ar th\u00f3ir Mhisean Santa Barbara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed sin&#8230;&#8230; Sl\u00e1n&#8230; <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . 3 . . ************************** . \u00f3n Luan, an 11\u00fa, go dt\u00ed an Domhnach, an 17\u00fa, L\u00fanasa 2003. Faoin am seo, bh\u00edomar ag treabhadh linn tr\u00edd an dara seachtain de na laethe saoire Calaf\u00f3irneacha seo, agus an moilli\u00fa diabhalta scairde sin curtha d\u00ednn againn, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11899","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11899","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11899"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11899\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11900,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11899\/revisions\/11900"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11899"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11899"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11899"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}