{"id":11917,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11917"},"modified":"2024-04-08T01:09:11","modified_gmt":"2024-04-08T01:09:11","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-4-5-_-6","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-4-5-_-6\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n 4, 5, _ 6 ."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r     n a      M i s i n .          <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\"><em>An  Luan,  an  18\u00fa  L\u00fanasa,  2003.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, bh\u00ed an l\u00e1 m\u00f3r tagtha, an l\u00e1 a bh\u00ed socraithe againn don turas \u00f3 thuaidh, le breathn\u00fa ar roinnt \u00e1irithe de Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia, agus \u00f3 tharla go raibh f\u00fainn \u00e1r seolta a ard\u00fa, roimh n\u00f3in, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas r\u00e9idh.  D\u2019ullmha\u00edomar sinn fh\u00e9in chun b\u00f3thair, agus rinneamar p\u00e9 pac\u00e1il a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn don turas, n\u00f3 bh\u00ed beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile.  Ar deireadh thiar, bh\u00edomar r\u00e9idh, agus bh\u00ed s\u00e9 ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarn\u00f3in, nuair a bhuaileamar b\u00f3thar.  Dheamhan a raibh basctha den tr\u00e1cht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan triobl\u00f3id, gan tranglam ar bith le s\u00e1r\u00fa againn.  Agus \u00f3 tharla gur luaigh m\u00e9 Santa Barbara, cuireann s\u00e9 sin nath cainte a bh\u00edodh ag mo Mham fh\u00e9in, fad\u00f3&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSanta Bairbre in aghaidh na toirn\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">adeireadh s\u00ed, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach.  Ach fillimis ar an sc\u00e9al.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Turas thart ar dh\u00e1 ch\u00e9ad m\u00edle a bh\u00ed romhainn amach, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, lu\u00edonn Los Angeles fh\u00e9in d\u00edreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinne\u00e1il c\u00f3ngarach don ch\u00f3sta, le bealach \u00e1isi\u00fail a fh\u00e1il tr\u00edd an gcathair ollmh\u00f3r ch\u00e9anna sin. Tr\u00ed Carlsbad agus Oceanside linn, gan str\u00f3, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a C\u00faig.  Cheapf\u00e1 nach dtiocf\u00e1 amach as Los Angeles riamh, n\u00f3 t\u00e1 an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, n\u00ed dheachaigh Los Angeles i muin\u00edn na scr\u00edobair\u00ed sp\u00e9ire, le tith\u00edocht a chur ar f\u00e1il d\u00e1 daonra.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, ar \u00e9is tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar \u00e9is dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, th\u00e1inig muid ar \u00e1r seanchara, Saorbhealach 101.  Chasamar ar chl\u00e9 ansin, agus leanamar ar aghaidh tr\u00ed th\u00edr a raibh seanaithe againn uirthi.  Chuamar tr\u00ed Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar ch\u00faig bliana d\u00e9ag \u00f3 shoin, agus chun tosaigh linn ansin, tr\u00ed Oxnard agus Ventura.  Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, len\u00e1r sc\u00edth a ligean, agus le l\u00f3n beag a chaitheamh,  agus ansin bhuaileamar b\u00f3thar ar\u00eds, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scr\u00edbe sin, roimh titim na ho\u00edche, agus d\u2019\u00e9irigh linn \u00e1r dTeach \u00d3sta, i mBath Street, a aimsi\u00fa, gan aon r\u00f3-str\u00f3.  Th\u00f3gamar isteach \u00e1r m\u00e1la\u00ed taistil, agus tar \u00e9is seal a chaitheamh in \u00e1r seomra\u00ed, agus tar \u00e9is d\u00fainn an tuirse b\u00f3thair a chur d\u00ednn, ghl\u00e9asamar sinn fh\u00e9in, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bh\u00ed mar chuid den \u00d3stan, ina rabhamar ag cur f\u00fainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shu\u00edomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, n\u00f3 n\u00edl dabht a domhan, ach go dtugtar d\u00f3thain fathaigh, ar do phl\u00e1ta dhuit, sa t\u00edr seo, sa chaoi gur chuireamar c\u00fal ar \u00e1r n-ocras, agus ar \u00e1r dtart, i ngearraimsir.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhaineamar sult agus s\u00e1samh as an mb\u00e9ile c\u00e9anna sin, n\u00f30 bheadh s\u00e9 deacair \u00e9 a sh\u00e1r\u00fa.  Ar ball, chuamar ar ais chuig \u00e1r seomra\u00ed.  Rinneamar \u00e1r gcomhr\u00e1.  Rinneamar pleananna don l\u00e1 d\u00e1r gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, agus thugamar an sop orainn fh\u00e9in, roimh mhe\u00e1no\u00edche.  B\u2019in an ch\u00e9ad l\u00e1 d\u00e1r dturas cr\u00edochnaithe, agus shocra\u00edomar s\u00edos tar \u00e9is an aistir dh\u00e1 ch\u00e9ad m\u00edle fada sin a bheith curtha d\u00ednn againn.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur chodla\u00edomar go maidin, gona l\u00e1nsoilse arna mh\u00e1rach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\"><em>D\u00e9  M\u00e1irt,   19\u00fa  L\u00fanasa,  2003 .<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">In \u00e1r su\u00ed le giolc an ghealbhain, b\u00edodh n\u00e1r chualamar g\u00edog n\u00f3 m\u00edog \u00f3n \u00e9in\u00edn c\u00e9anna sin, n\u00f3 \u00f3 \u00e9an ar bith eile, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, n\u00f3 bh\u00ed an t\u00d3st\u00e1n, <strong><em>an Encina Lodge &amp; Suites<\/em><\/strong>, suite i l\u00e1r na cathrach, agus tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh d\u00e1r n-ullmh\u00fa fh\u00e9in, agus tar \u00e9is d\u00fainn breicfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eic\u00ednt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara.  Is fada siar a th\u00e9ann sc\u00e9al an ionaid \u00e1lainn seo, n\u00f3 bh\u00ed Indiaigh ag cur f\u00fathu sna b\u00f3la\u00ed seo, i bhfad sular tosa\u00edodh ag coinne\u00e1il cuntais ar stair a gcin\u00edocha.  \u201cChumash\u201d a thugta\u00ed ar na daoine sin, agus t\u00e1thar den tuairim, go mb\u00edodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur f\u00fathu sa d\u00faiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois.  Th\u00f3gadar tithe d\u00f3ibh fh\u00e9in, ach \u00f3 tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a t\u00f3gadh iad, n\u00ed haon ionadh nach bhfuil a dt\u00e1sc n\u00f3 a dtuairisc le f\u00e1il ag seand\u00e1laithe, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Mhair na daoine sin ar thoradh n\u00e1d\u00fartha na tal\u00fan, sa limist\u00e9ar thart orthu.  Bh\u00edodh sm\u00e9ara, caora, pr\u00e9amhacha, s\u00edolta, coin\u00edn\u00ed, ioraithe, agus a leith\u00e9id, maraon le h\u00e9isc  agus slig\u00e9isc, mar bhia agus mar bheatha acu.  Ba dhream iad a sheol fan an ch\u00f3sta freisin, i gcuracha m\u00f3ra fada, curacha a d\u2019iompr\u00f3dh idir dheichni\u00far agus dh\u00e1r\u00e9ag.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Briseadh isteach ar shaol shona na dtreabhanna sin \u00e1fach, sa s\u00e9\u00fa haois d\u00e9ag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus sp\u00e1g a leagan ar ch\u00f3sta an Domhain \u00dair a ch\u00e9aduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht lean\u00fana, i nd\u00e1 long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad c\u00f3sta Shanta Barbara, agus nuair a d\u2019fh\u00f3gair siad gur le R\u00ed na Sp\u00e1inne feasta, an fearann sin. Ba Phortaing\u00e9ileach \u00e9 Cabrillo, i seirbh\u00eds na Sp\u00e1inne, agus \u00e9 ag iarraidh teacht ar an \u201cNorthwest Passage\u201d, agus t\u00e1\u2019s ag an saol m\u00f3r inniu, go mba shaothar in aisce d\u00f3 \u00e9, a leith\u00e9id de shaothar a chur air fh\u00e9in, ach n\u00ed raibh a fhios sin aige, n\u00f3 ag a lucht lean\u00fana, ag an am sin.  Chaill na Sp\u00e1innigh suim sa d\u00faiche sin, ar feadh tr\u00ed sc\u00f3r bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, th\u00e1inig Vizcaino ar an d\u00faiche sin ar\u00eds, ar an gceathr\u00fa l\u00e1, de Mh\u00ed na Nollag, f\u00e9ile Santa Barbara, agus b\u2019in mar a baisteadh Santa Barabara ar an ionad \u00e1lainn sin.  Agus ar\u00eds, n\u00edor r\u00f3-shuim leis an Sp\u00e1inn an limist\u00e9ar sin, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor chuir siadsan sp\u00e9is ar bith i gCalaf\u00f3irnia, go dt\u00ed d\u00e9anach go maith san ocht\u00fa haois d\u00e9ag,  nuair a chonacthas d\u00f3ibh, go raibh cumhachta\u00ed m\u00f3ra eile, an R\u00fais ina measc, ag cur suime n\u00e1r bheag, i gc\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia.  Ba ansin a thug an R\u00ed an t-ord\u00fa d\u00e1 mhuintir i R\u00edocht Sp\u00e1inneach Mheicsiceo, bun\u00e1iteanna, n\u00f3 Presidi\u00f3nna, a bhun\u00fa i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limist\u00e9ar sin, a thabhairt don Sp\u00e1inn fh\u00e9in.  In Aibre\u00e1n na bliana 1782, th\u00f3g an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdi\u00fair\u00ed, Presidi\u00f3 m\u00f3r, le freastal ar an limist\u00e9ar sin. Anois, bh\u00ed \u00e1r seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhf\u00f3d freisin, agus \u00e9 ar intinn aige Misin a th\u00f3g\u00e1il ar na l\u00e1ithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhi\u00faltaigh an Gobharn\u00f3ir cead t\u00f3g\u00e1la d\u00f3 i Santa Barbara, go dt\u00ed go mbeadh an Presidi\u00f3 t\u00f3gtha, ach bh\u00ed Serra aosta, lag, sp\u00edonta, ag an am, agus ba \u00e9 a dhein s\u00e9 n\u00f3 filleadh ar Mhonterey, le b\u00e1s d\u2019fh\u00e1il.  Sa bhliain 1793 d\u2019fh\u00f3gair Gobharn\u00f3ir Chalaf\u00f3irnia, go raibh Presidi\u00f3 Santa Barbara ar an bPresidi\u00f3 ab fhearr i gCalaf\u00f3irnia uilig, agus nuair a bh\u00ed s\u00e9 cr\u00edochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chl\u00fadaigh s\u00e9 bloc cathrach.  Ach le filleah ar sc\u00e9al an Mhisin&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa bhliain 1785, dh\u00e1 bhliain i ndiaidh bh\u00e1s Junipero Serra, th\u00e1inig aif\u00e9ala ar an nGobharn\u00f3ir nua, agus thug cead do na Proinsiasc\u00e1naigh Misean a th\u00f3g\u00e1il i Santa Barbara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An bhliain d\u00e1r gcionn, th\u00e1inig an Padre Fermin la Lasu\u00e9n, agus beirt bhr\u00e1thar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a th\u00f3g\u00e1il.  Bh\u00ed socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigi\u00fail, ar an 6\u00fa l\u00e1 de Nollaig na bliana sin, 1786, L\u00e1 \u2018le Santa Barbara fh\u00e9in, agus c\u00e9 nach raibh an Gobharn\u00f3ir ar an bhf\u00f3d, le p\u00e1irt a ghlacadh sa cheili\u00faradh, leanadar ar aghaidh d\u00e1 \u00e9aghmais.  Chuireadar searmanas eile ar si\u00fal, tamall ina dhiaidh sin, nuair a th\u00e1inig an Gobharn\u00f3ir ar chuairt chucu.  Chuir R\u00ed na Sp\u00e1inne fh\u00e9in cloig chucu, don Mhisean sin.  Tar \u00e9is d\u00f3ibh bheith i mbun oibre misin\u00e9ireachta sa d\u00faiche sin, bh\u00ed de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus th\u00e1inig siadsan chun c\u00f3naithe sa Mhisean.  \u201cNeophytes\u201d a tugadh orthusan, agus m\u00faineadh an creideamh  d\u00f3ibh, agus chomh maith le sin, m\u00faineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i si\u00fain\u00e9ireacht, i gc\u00f3caireacht, i mbuilde\u00e1il, agus i bhf\u00edod\u00f3ireacht d\u00f3ibh.  Taobh istigh de bhliain, bh\u00ed 307 Nuachreidmhigh ina gc\u00f3na\u00ed sa Mhisean, agus bh\u00edodar tar \u00e9is S\u00e9ip\u00e9al ad\u00f3ibe a th\u00f3g\u00e1il, maraon le teach na mbr\u00e1thar, gr\u00e1inseach, cistin, ceardlann adhmad\u00f3ireachta, agus seomra s\u00fadaireachta.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur \u00e9irigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bh\u00ed f\u00e1s thar cuimse tagtha ar chuile ghn\u00e9 den tionscadal c\u00e9anna sin.  Agus, murab ionann is an Presidi\u00f3, mar a  raibh na saighdi\u00fair\u00ed beo, bocht, gan l\u00e9inte, gan airgead, gan p\u00e1, gan tada len\u2019  iad a choinne\u00e1il sa Phresidi\u00f3, ach a nd\u00edlseacht d\u00e1 dt\u00edr agus d\u00e1 n-oifigigh.   Bh\u00ed lucht an Mhisin ag cur f\u00fathu i dt\u00edr na fl\u00fairse, sa chaoi go raibh an \u00e1it f\u00e9inchotha\u00edoch, taobh istigh d\u2019achar an-ghearr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh go bre\u00e1 le Misean Santa Barbara \u00f3 th\u00fas, agus faoi dheireadh an ocht\u00fa haois d\u00e9ag, bh\u00ed taiscumar, tr\u00ed ghr\u00e1inseach, siopa leathair, ce\u00e1rta, agus st\u00f3rais, t\u00f3gtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin, bh\u00ed thart ar 800 clann Chumash ina gc\u00f3na\u00ed, agus ag saothr\u00fa leo, sa Mhisean.  Tr\u00ed na blianta sin go l\u00e9ir n\u00edor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali ina Chr\u00edosta\u00ed, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chr\u00edosta\u00ed \u00e9, agus baisteadh Pedro air.  Bh\u00e1saigh s\u00e9 sa bhliain 1805, agus \u00e9 in aois a hocht mbliana is tr\u00ed sc\u00f3r.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1s an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus n\u00ed haon ionadh, go raibh lucth an Phresidi\u00f3 in ead leo, agus b\u00edodh gur shealbhaigh na Proinsiasc\u00e1naigh tailte agus saibhreas an Mhisin ar iontaobhas,  agus \u00e9 d\u2019aidhm acu, an saibhreas uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheid\u00eds si\u00fad baiste, agus oilte ar thalmha\u00edocht.  N\u00edor tharla sin riamh, n\u00f3 bh\u00ed an Misean r\u00f3-shaibhir, r\u00f3-chumhachtach, le bronnadh ar na d\u00fachasaigh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed mhaiareann rith maith ag an each i gc\u00f3na\u00ed \u00e1fach, agus ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna ag Misean Santa Barbara \u00e9, n\u00f3 tharla go raibh an m\u00ed-\u00e1dh ag rith leo.  Sa bhliain 1801, bhuail r\u00e1ig ni\u00fam\u00f3ine na hIndiaigh, ach go h\u00e1irithe, agus b\u00edodh gur bhuail an ni\u00fam\u00f3ine idir Mhisean agus Phresidi\u00f3, ba iad na nuachreidmhigh ba mh\u00f3 a bh\u00ed th\u00edos leis, i ndeireadh na feide.  Sea, agus fi\u00fa na hIndiaigh a th\u00e1inig sl\u00e1n \u00f3n ni\u00fam\u00f3ine, bhuail galra\u00ed \u00e1irithe eile, a d\u2019iompair na Sp\u00e1innigh chucu iad, galra\u00ed a chriog a l\u00e1n acu, galra\u00ed cos\u00fail le slaghd\u00e1n, bruit\u00edneach, agus a leith\u00e9id, agus  mar bharr an an gclampar, thit an r\u00e1ta beireatais freisin, ina measc.  Ba ghearr gur tuigeadh do na Padres, n\u00e1r chun leasa na nIndiach an Chr\u00edosta\u00edocht.  Faoin mbliain 1820, bh\u00ed Misean Santa Barbara ag titim ar gc\u00fal, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalaf\u00f3irnia, bh\u00ed caisc\u00edn an Mhisin ch\u00e9anna sin, maraon le Misin eile na t\u00edre,  meilte.  Ba ghearr gur deineadh an Misean a dhieaglaisiu, agus gur bronnadh cuid d\u00e1 thailte, 26,529 acra, ar chlann cheannaire an Phresidi\u00f3, agus gur d\u00edoladh an chuid eile leis na Rancheros, dream a thosaigh ag t\u00f3g\u00e1il, agus ag beath\u00fa, stoic, sa d\u00faiche sin.  Sa tsl\u00ed sin, taobh istigh d\u2019achar r\u00e9as\u00fanta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Phresidi\u00f3 agus an Mhisin, agus ina n-ait, d\u2019fh\u00e1s socha\u00ed nua, ina raibh na Rains\u00e9ir\u00ed, agus lucht gn\u00f3, in uachtar.  Anois, ba ch\u00f3ir a r\u00e1 anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt \u00e1irithe de thailte an Mhisin, agus d\u00f3ibh si\u00fad a thoiligh chuige sin, tugadh s\u00edolta agus stoc d\u00f3ibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas sl\u00ed bheata a bhaint amach, mar fheirmeoir\u00ed, ach, ba \u00e9 cr\u00edoch an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 gur dh\u00edol roinnt mhaith acu a ngabhaltais do na Rains\u00e9ir\u00ed m\u00f3ra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, tr\u00ed chaimil\u00e9ireacht, agus le sc\u00e9al gairid a dh\u00e9anamh de, n\u00edor \u00e9irigh,  olc maith n\u00f3 dona, leis an sc\u00e9im sin, agus na hIndiaigh n\u00e1r dh\u00edol, agus n\u00e1r cuireadh as seilbh tr\u00ed chamail\u00e9ireacht, b\u2019amhlaidh a chuaigh siad ina spailp\u00edn\u00ed chuig na Rains\u00e9ir\u00ed m\u00f3ra, ar d\u00edoladh cuid de thailte an Mhisin d\u00f3ibh, a ch\u00e9aduair.  Tharla scaipeadh na mion\u00e9an ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bh\u00ed ann, le t\u00edr d\u00e1 gcuid fh\u00e9in a bhun\u00fa thart ar an Misean sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin mbliain 1847, ba leis na St\u00e1it Aontaithe Santa Barbara, ach d\u2019fhan lucht an phresidi\u00f3,  agus roinnt \u00e1irithe de na Meicsicigh, maraon le roinnt \u00e1irithe Indiach, ar an bhf\u00f3d, le cathair nua Meirice\u00e1nach a th\u00f3g\u00e1il ar fhothracha a staire.  Deineadh cathair Mheirice\u00e1nach, den mbaile IndSp\u00e1inneach sin, ar an 9 Aibre\u00e1n, 1850, c\u00faig mh\u00ed sular  f\u00f3gra\u00edodh Calaf\u00f3irnia ina St\u00e1t.  Ach n\u00ed g\u00e1 domsa a thuilleadh a r\u00e1 faoi stair na cathrach \u00e1ille c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed laethe an Mhisin thart, faoin am sin, ach amh\u00e1in, gur ch\u00f3ir a r\u00e1 anseo, gur leanadh ag baint \u00fas\u00e1ide as S\u00e9ip\u00e9al an Mhisin, mar Theach Pobail, \u00f3 t\u00f3gadh i dtosach \u00e9, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus deirtear, n\u00e1r ligeadh don lampa sa Sanct\u00f3ir dul as, \u00f3 lasadh a ch\u00e9aduair \u00e9, sa bhliain 1786,  agus n\u00ed focal beag n\u00f3 suarach \u00e9 sin, nuair a chuirtear san \u00e1ireamh, a ndeachaigh an d\u00faiche sin tr\u00edd, thar na blianta fada uilig sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed an m\u00e9id sin socraithe, pl\u00e9ite, againn, thugamar aghaidh ar an Misean Santa Barbara c\u00e9anna sin, ag bun Shr\u00e1id Laguna.  N\u00ed haon ionadh, gur tugadh \u201cBanr\u00edon na Misean\u201d ar an Misean c\u00e9anna seo, n\u00f3 ba bheag n\u00e1r bhain s\u00e9 radharc na s\u00fal d\u00ednn, ar a mh\u00e9ad, ar a \u00e1illeacht, ar a dhearadh.  Cuma clasaiceach at\u00e1 le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh \u00e1lainn sin, agus n\u00ed haon ionadh \u00e9 sin, ach oiread, n\u00f3 b\u00edodh go bhfuil na T\u00fair, agus an leagan amach, fr\u00ed ch\u00e9ile, cos\u00fail leis na Misin eile, ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 gn\u00e9ithe \u00e1irithe d\u2019aghaidh an fhoirgnimh, maraon le gn\u00e9ithe \u00e1irithe den taobh istigh, nach bhfuil a leith\u00e9id le f\u00e1il in aon cheann eile den Mhisean is fiche, a t\u00f3gadh, fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, idir na blianta 1769 agus 1823.  Mar a mh\u00ednigh m\u00e9 thuas, cuireadh moill n\u00e1r bheag ar th\u00f3g\u00e1il an Mhisin ch\u00e9anna seo, ach i ndeireadh na d\u00e1la t\u00f3gadh \u00e9.  Anois, t\u00e1 an taobh sin t\u00edre an tugtha do chreathanna tal\u00fan, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a \u00f3ige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bh\u00ed i mbun t\u00f3g\u00e1il an Mhisin \u00e1lainn at\u00e1 le feice\u00e1il againn sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00e1 na Padres Antonio Ripoll, agus Francisco Suner.  Anois, bh\u00ed sp\u00e9is thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na R\u00f3mh\u00e1nach, agus tharla go raibh ailtire R\u00f3mh\u00e1nach, Vitruvius Polion ann, a d\u2019fhoilsigh saothar, <strong>sa bhliain 27 BC<\/strong>. \u201cS\u00e9 Leabhar na hAiltireachta\u201d a bhaist s\u00e9 ar an saothar c\u00e9anna sin. Th\u00e1inig Ripoll ar an saothar sin, agus n\u00ed sh\u00e1s\u00f3dh tada \u00e9, ach dearadh le Polion do Theampall P\u00e1ganach, a r\u00e9aladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, t\u00e1 a shliocht sin ar an Misean sin, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00f3 t\u00e1 dearadh Gr\u00e9igR\u00f3mh\u00e1nach le l\u00e9amh air, \u00f3 bhun go barr.  Chuir m\u00e9ad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, t\u00e1 scairde\u00e1n \u00e1lainn M\u00faraach le feice\u00e1il f\u00f3s, agus taobh thiar den Mhisean, \u00e9ir\u00edonn sl\u00e9ibhte \u00e1ille b\u00e1nghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh \u00e1illeacht an fhoirgnimh, i bhfr\u00e1ma ollmh\u00f3r na timpeallachta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Isteach linn.  Ba chos\u00fail le hIarsmalann \u00e9.  Bh\u00ed seomra\u00ed ansin agus iad leagtha amach d\u00edreach mar a bh\u00edd\u00eds, i laethe an Mhisin.  Anseo, d\u2019fheicfe\u00e1 seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In \u00e1it eile, t\u00e1 saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlis\u00ed agus saothar na gceardaithe Indiacha le feice\u00e1il ansin ag an turas\u00f3ir. T\u00e1 seomra eile ansin, agus ba le, Garcia Diego, c\u00e9ad easpag Chalaf\u00f3irnia \u00e9, agus sa seomra sin, t\u00e1 le feice\u00e1il againn, earra\u00ed agus feisteas a bhain leis an bhfear c\u00e9anna sin.  T\u00e1 le feice\u00e1il ansin freisin, i seomra eile, sampla\u00ed de na feistis a chaith na sagairt agus iad i mbun searmanas eaglasta, maraon le sampla\u00ed de na leabhair Aifrinn, agus de na leabhair cheoil, n\u00f3 mh\u00faint\u00ed canadh iomann, agus amhr\u00e1na\u00edocht, do na hIndiaigh, freisin, agus de r\u00e9ir na sc\u00e9alta, ba mhaith chuige iad.  B\u2019iontach an l\u00e1mh a bh\u00ed acu freisin, i mbun p\u00e9int\u00e9ireachta agsu orn\u00e1id\u00edochta. Sampla\u00ed d\u00e1 bhf\u00edod\u00f3ireacht chasta, chliste, le feice\u00e1il ansin freisin.  Th\u00f3g s\u00e9 cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba \u00e9 ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orainn, n\u00f3 an s\u00e9ip\u00e9al.  N\u00ed s\u00e9ip\u00e9al beag n\u00f3 suarach at\u00e1 i gceist anseo againn, ach s\u00e9ip\u00e9al m\u00f3r, at\u00e1 c\u00e9ad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dh\u00e1 throigh is daichead, ar airde.  Seasann an d\u00e1 Th\u00far ocht\u00f3 seacht troigh os cionn leibh\u00e9al na tal\u00fan.   Chuir maisi\u00fa agus orn\u00e1id\u00edocht an ts\u00e9ip\u00e9il ch\u00e9anna sin ionadh n\u00e1r bheag orainne, n\u00f3 bh\u00ed idir dhealbha agus phicti\u00fair ansin, le cro\u00ed agus anam an adhraitheora agus an chuairteora a ard\u00fa, agus a spreagadh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, bh\u00edomar amuigh faoin aer ar\u00eds, agus ualach asail de chuimhn\u00ed bailithe, st\u00f3r\u00e1ilte againn, cuimhn\u00ed a ghealfadh cib\u00e9 laethe gruama, dorcha, a bh\u00ed os \u00e1r gcomhair amach.  Stadamar taobh amuigh den bhfoirgneamh stairi\u00fail seo, agus bhaineamar l\u00e1n \u00e1r s\u00fal, as a h\u00e1illeacht  agus a heala\u00edontacht, sea, agus sl\u00e9ibhte Santa Ynez taoabh thiar de, mar ch\u00falra \u00e1lainn, a raibh an t-iarraicht\u00edn ba l\u00fa den bh\u00e1nghoirme ag baint leo, agus ba ansin, a thugamar f\u00f3gra m\u00f3r, ar thaobh na sr\u00e1ide, faoi deara, f\u00f3gra a chuir in i\u00fal d\u00fainn, go bhf\u00e9adfaimis turas an bhaile a thabhairt,  ar chostas an-\u00edseal.  Ag an bpointe sin, bh\u00ed ceann de na busanna speisialta sin ag teacht i ndeas d\u00fainn, agus shocra\u00edomar l\u00e1ithreach, \u00f3 tharla go raibh roinnt ama le meilt againn, n\u00e1rbh fhearr rud a d\u2019fh\u00e9adfaimis a dh\u00e9anamh, n\u00e1 dul ar bord, agus taitneamh a bhaint as \u00e1illeachta\u00ed \u00e1ille na cathrach \u00e1ille seo, Santa Barbara, a thabhairt faoi deara.  N\u00edor th\u00faisce socraithe n\u00e1 d\u00e9anta, agus ba ghearr go raibh muid, maraon le l\u00e1n bhus de thuras\u00f3ir\u00ed eile, ar \u00e1r sl\u00ed timpeall na cathrach stairi\u00fala sin<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bus speisialta a bh\u00ed d\u00e1r n-iompar, bus ar d\u00e9anamh tram a bh\u00ed ann, agus tr\u00e1chtaireacht \u00e1 thabhairt d\u00fainn, feadh an aistir, ag an tiom\u00e1na\u00ed gro\u00ed, l\u00e1ch, sc\u00e9altach.  Thug an tiom\u00e1na\u00ed c\u00e9anna sin stair an bhaile d\u00fainn, ach \u00f3 tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, n\u00ed dh\u00e9anfaidh m\u00e9 athinsint ar an gcuid sin den sc\u00e9al.  Labhair s\u00e9 linn, faoi na sr\u00e1ideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na m\u00f3ruaisle a dhear agus a th\u00f3g an baile \u00e1lainn seo, ach n\u00ed mar seo a bh\u00ed an baile seo chuile l\u00e1 riamh, n\u00f3 i dt\u00fas ama, n\u00ed raibh cuma n\u00f3 d\u00f3igh air, ach chuile dhuine ag t\u00f3g\u00e1il leis, de r\u00e9ir mar a bhuail an fonn \u00e9.  N\u00ed raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iarg\u00falta, gan sp\u00e9is r\u00f3-mh\u00f3r ag \u00e9inne ann, ach tr\u00ed tharl\u00faint\u00ed domh\u00ednithe na staire, d\u2019fh\u00e1s agus d\u2019fhorbair Santa Barbara, go dt\u00ed go bhf\u00e9achtar air, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, mar \u201cVenice\u201d Dheisceart Chalaf\u00f3irnia.  Caithfear a r\u00e1, nach raibh aon ch\u00f3ras ar f\u00f3namh acu le cuairteoir\u00ed, n\u00f3 lucht gn\u00f3 a mhealladh chomh fada leo, ach bh\u00ed cuan r\u00e9as\u00fanta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bun\u00fas an ama.  Ach d\u00e9anta na f\u00edrinne, ba \u00ed a iarg\u00faltacht an bua ba mh\u00f3 a bh\u00ed aige, i ndeireadh na d\u00e1la.  Bh\u00ed Sl\u00e9ibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bh\u00ed an fharraige ar an dtaobh thoir, agus n\u00ed raibh b\u00f3ithre ar f\u00f3namh, \u00f3 thuaidh, n\u00f3 \u00f3 dheas uaithi, agus sa tsl\u00ed sin, coinn\u00edodh lucht na h\u00f3rth\u00f3raiochta, tr\u00edd is tr\u00edd, amach uaithi. Choinnigh s\u00ed na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na St\u00e1t, amach uaidh freisin, sa tsl\u00ed, nuair a bh\u00ed bailte  m\u00f3ra eile ar ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia ag f\u00e1s as cuimse m\u00f3r, agus ag baili\u00fa saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo, d\u2019fhan Santa Barbara beag, scoite, iarg\u00falta, gan m\u00f3r\u00e1n airde ag \u00e9inne air.  Mar sin fh\u00e9in, bh\u00ed a bhuanna fh\u00e9in ag Santa Barbara.  Bh\u00ed su\u00edomh den scoth aige, bh\u00ed pobal deas, s\u00e9imh, sibhialta, aige, agus bh\u00ed aer\u00e1id neamha\u00ed ag roinnt leis freisin.  Fritheadh ola go fl\u00fairseach sa d\u00faiche sin freisin, agus roinnt \u00e1irithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhf\u00e9adf\u00e1 aer na h\u00e1ite sin a bhualadh, ar a shl\u00e1inti\u00fala is a bh\u00ed s\u00e9, agus tuigeadh go mba \u00ed c\u00fais a bh\u00ed le sin, n\u00f3 boladh an ola sin measctha ar aer sl\u00e1inti\u00fail na h\u00e1ite. Chomh maith leis na buanna sin, bh\u00ed fl\u00fairse ruibhthoibreacha sa d\u00faiche sin freisin. Sa tsl\u00ed sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dt\u00fas, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus n\u00ed \u00f3 na St\u00e1it Aontaithe amh\u00e1in a th\u00e1inig siad, ach \u00f3 cheithre hairde an domhain mh\u00f3ir, agus iad uilig ar th\u00f3ir na sl\u00e1inte, na h\u00e1illeachta n\u00f3 na haer\u00e1ide, n\u00f3 ar th\u00f3ir cib\u00e9 bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh d\u00f3ibh a bheith ar f\u00e1il go fial, i gcathair Santa Barbara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872.  B\u2019amhlaidh a chuir an <strong>\u201cSouthern Pacific Railway\u201d<\/strong> timpeall Chalaf\u00f3irnia \u00e9, le cuntas a scr\u00edobh faoina raibh le feice\u00e1il, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cSanta Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named&#8230;&#8230;Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school.   It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, n\u00edor chuir a hiarg\u00faltacht isteach ar Charles.  Ach cos\u00fail le bailte eile, ag an am, n\u00ed raibh aige, ach th\u00edos seal agus thuas seal.    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, tar \u00e9is d\u00f3 blianta fada a chaitheamh ar th\u00f3ir an dul chun cinn, agus tar \u00e9is d\u00f3 an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il ar smugl\u00e9ir\u00ed, ar rob\u00e1laithe, agus ar ghadaithe b\u00f3thair, d\u2019\u00e9irigh leis teacht sl\u00e1n, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh s\u00e9 chun tosaigh, d\u00e1 m\u00edle ainneoin.  Agus b\u00edodh go raibh baile \u00e1lainn cult\u00fartha, seanaimseartha, ansin, \u00f3 aimsir na Sp\u00e1inneach i leith, n\u00edor cuireadh aon bh\u00e9im r\u00f3-mh\u00f3r ar an dul chun cinn, go dt\u00ed gur ghealaigh r\u00e9 na St\u00e1t Aontaithe, fi\u00fa amh\u00e1in i leagan amach na sr\u00e1ideanna, n\u00ed raibh bun n\u00f3 barr leo, go dt\u00ed r\u00e9 sin na St\u00e1t.  F\u00e9ach mar a cuireadh \u00e9&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Santa Barbara\u2019s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation.  Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step.  In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed an gn\u00f3 sin d\u00e9anta, agus d\u00e9anta go maith, agus b\u00edodh n\u00e1r cuireadh an plean sin i gcr\u00edch l\u00e1ithreach bonn, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bh\u00edothas \u00e1balta tarraingt ar an bplean cumasach sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba bheag tionchar a bh\u00ed ag Cogadh na St\u00e1t ar Santa Barbara, n\u00f3 bh\u00ed an \u00e1it r\u00f3-iarg\u00falta, agus is d\u00f3cha freisin, n\u00e1r breathna\u00edodh f\u00f3s, i nd\u00e1ir\u00edre, ar Chalaf\u00f3irnia, mar chuid d\u00edlis de na St\u00e1it Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach \u00f3 l\u00e1thair an chogaidh ch\u00e9anna sin, a bh\u00ed ag r\u00e9abadh leis na m\u00edlte m\u00edle soir uaidh, agus chomh maith le sin, th\u00f3gadh s\u00e9, idir 20 agus 30 l\u00e1, do nuacht faoin gcogadh c\u00e9anna sin iad a shroichint, n\u00f3 ba mhinic cathanna an chogaidh sin \u00e1 dtroid, thart ar thr\u00ed mh\u00edle m\u00edle ar shi\u00fal uathu.                    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor shroich an B\u00f3thar Iarainn fh\u00e9in Santa Barbara go dt\u00ed t\u00fas an fichi\u00fa haois, ach uaidh sin amach, n\u00edor mhothaigh muintir Shanta Barbara scoite amach feasta.  Bh\u00ed uisce reatha, leictreachas, ospid\u00e9il den scoth, ar f\u00e1il sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur \u00e9irigh leis an nDocht\u00fair William Sansum <strong>insulin fad-oibr\u00edoch<\/strong> a fhorbairt, bh\u00ed tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mh\u00f3ir ar Santa Barbara, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, i ndeireadh na d\u00e1la, tuigeadh do na d\u00fachasaigh, gurbh \u00ed an turas\u00f3ireacaht an tionscal ba mh\u00f3 a d\u2019oirfeadh d\u00f3ibh, sna blianta a bh\u00ed amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le h\u00e1iseanna oiri\u00fanacha a chur ar f\u00e1il, leis an dtionscal sin a choth\u00fa agus a fhorbairt.  Tuigeadh freisin, go mba bhre\u00e1 ar fad an l\u00e1thair \u00e9, d\u2019fhil\u00ed, do ph\u00e9int\u00e9ir\u00ed, agus d\u2019eala\u00edont\u00f3ir\u00ed de chuile sh\u00f3rt.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am seo, \u00e1fach, tuigeadh go raibh sr\u00e1ideanna \u00e1irithe gr\u00e1nna go maith f\u00f3s, ach thug crith tal\u00fan na bliana 1925 deis d\u00f3ibh, roinnt mhaith de na seansr\u00e1ideanna sin a chartadh amach, agus a at\u00f3g\u00e1il, de r\u00e9ir Phlean Haley.  Bh\u00ed daonra na cathrach nua seo ag dul i m\u00e9ad an t-am ar fad \u00e1fach, n\u00f3 d\u2019fhan roinnt mhaith de na turas\u00f3ir\u00ed, agus chuireadar f\u00fathu sa bhaile \u00e1lainn sin Santa Barbara.  Faoin mbliain 1950 t\u00f3gadh \u00e1r seanchara, an Saorbhealach 101, a bh\u00ed mar cheangal idir San Francisco, \u00f3 thuaidh, agus San Diego, \u00f3 dheas.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed a seal freisin ag Santa Barbara ar na scann\u00e1in, n\u00f3 sa bhliain 1910, bh\u00ed an saotharlann scann\u00e1n ba mh\u00f3 ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bh\u00ed tr\u00ed chomhlucht scann\u00e1n lonnaithe ann.  Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh \u00fas\u00e1id as sl\u00e9ibhte Santa Ynez, agus as tr\u00e1nna Santa Barbara, mar ch\u00falra do na c\u00e9adta scann\u00e1n.  N\u00ed bh\u00edonn in aon rud ach seal, \u00e1fach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhun\u00fa an tionscail sa chathair \u00e1lainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bh\u00ed  na comhluchta\u00ed m\u00f3ra sin uilig scuabtha leo \u00f3 dheas, ar th\u00f3ir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bh\u00ed le f\u00e1il acu i  Los Angeles, n\u00f3 theastaigh foirgnimh mh\u00f3ra arda uathu, leis an saol uirbeach, a bh\u00ed mar ch\u00falra anois do bhun\u00fas na scann\u00e1n a bheadh \u00e1 nd\u00e9anamh feasta, a l\u00e9iri\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh len\u00e1r dtreora\u00ed an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar \u00e1r mbealach timpeall na cathrach sin, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3.  Thuirling\u00edomar fh\u00e9in den tram sin, seal,  th\u00edos ag an gc\u00e9ibh, agus d\u2019\u00e9irigh linn teacht ar bhialann oiri\u00fanach, le l\u00f3n a chaitheamh ansin, agus muid ag breathn\u00fa ar dhealbh ch\u00e1ili\u00fail \u00fad na muc mara, at\u00e1 suite taobh leis an gc\u00e9ibh.  I ndiaidh an l\u00f3in sin, chaitheamar seal ag breathn\u00fa thart ar an gcuid sin den chathair.  Bh\u00ed \u00e1illeacht de chuile sh\u00f3rt leata amach ansin, os \u00e1r gcomhair amach, agus baill de chin\u00edocha an tsaoil mh\u00f3ir ag baint taitnimh as.  Ar ball, d\u2019\u00e9irigh linn su\u00edoch\u00e1n a fh\u00e1il ar ar dtram, a raibh c\u00farsa na cathraach tugtha aige, agus \u00e9 ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara ar\u00eds.  Chuamar ar bord.  D\u2019fh\u00e1iltigh an tiom\u00e1na\u00ed romhainn, agus lean air ag r\u00edomh stair agus sc\u00e9al na cathrach \u00e1ille sin Santa Barbara.  Th\u00f3g s\u00e9 sinn suas chun d\u00e1ta le sc\u00e9al na cathrach, agus mh\u00ednigh an fhadhb ba mh\u00f3 a bh\u00ed ag an gcathair, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n fhadhb, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fadhb na tith\u00edochta, d\u2019eile!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 an fharraige ar thaobh amh\u00e1in den chathair, agus na sl\u00e9ibhte timpeall uirthi, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00edl m\u00f3r\u00e1n \u00e1ite acu le tuilleadh tithe a th\u00f3g\u00e1il, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, is ar thaobh na sl\u00e9ibhte at\u00e1 na boic mh\u00f3ra ag lonn\u00fa, agus is beag deis at\u00e1 ag oibrithe, cos\u00fail leis an tiom\u00e1na\u00ed fh\u00e9in, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile \u00c1tha Cliath, agus cathracha eile na t\u00edre seo, i gcuimhne do dhuine.    Ach nach comhartha saibhris \u00e9 sin?  Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, faoin am sin, bh\u00edomar tagtha ar ais ar\u00eds go dt\u00ed Misean Santa Barbara.  Thuirling\u00edomar den bhus.  Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, ag breathn\u00fa timpeall, agus ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara, agus nuair a bh\u00ed l\u00e1n \u00e1r s\u00fal bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar \u00e1r dTeach \u00d3sta, i Sr\u00e1id Bath.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh an l\u00e1 sin i ngar do bheith caite, agus d\u2019ullmha\u00edomar sinn fh\u00e9in do dhinn\u00e9ar na ho\u00edche sin sa Teach \u00d3sta, san <strong>Encina Lodge and Suites<\/strong>, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur dhein siadsan freastal fial, flaithi\u00fail orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha d\u00ed orainn, gan dochma gan gorta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, chaitheamar seal ag breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, agus seal eile ag comhr\u00e1 agus ag ullmh\u00fa don l\u00e1 d\u00e1r gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt \u00e1r n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bh\u00ed tamall \u00f3 thuaidh \u00f3 Santa Barbara, agus \u00e9 c\u00f3ngarach do San Luis Obispo, n\u00f3 SLO, mar a thugtar go minic air thall.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d\u2019fh\u00e1s an\u00edos as d\u00fashraith an Mhisin Sp\u00e1innigh ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile, mar sin&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . . ***************************** . An Luan, an 18\u00fa L\u00fanasa, 2003. Ar deireadh thiar, bh\u00ed an l\u00e1 m\u00f3r tagtha, an l\u00e1 a bh\u00ed socraithe againn don turas \u00f3 thuaidh, le breathn\u00fa ar roinnt \u00e1irithe de Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia, agus \u00f3 tharla go raibh f\u00fainn \u00e1r seolta a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11917","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11917","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11917"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11917\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11918,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11917\/revisions\/11918"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11917"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11917"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11917"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}