{"id":11921,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11921"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-2\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n. 2."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a    M i s i n     2 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar thall, bh\u00ed na St\u00e1it Aontaithe bainte amach againn.  Bh\u00ed \u00e1r gcodladh ar an o\u00edche Aoine sin corrach go maith, n\u00f3 bh\u00edomar anois i  gcrios ama eile ar fad, agus ocht n-uaire de dhifir idir an gcrios sin agus an crios s\u2019againne, ach ba \u00e9 cr\u00edoch na mbeart \u00e9, go rabhamar ar \u00e1r gcois go bre\u00e1 luath, thart ar a seacht, in am Chalaf\u00f3irnia, an mhaidin Sathairn sin.  D\u2019itheamar \u00e1r mbricfeasta, agus d\u2019fhanamar timpeall ansin ag caint is ag comhr\u00e1, go ham l\u00f3in.  I ndiaidh an l\u00f3in, tuigeadh d\u00fainn n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, n\u00f3s na Sp\u00e1inneach a leanacht, agus \u201csiesta\u201d, n\u00f3 sc\u00edth n\u00f3na, a ligint.  Rinneamar sin, agus tar \u00e9is d\u00fainn cupla uair a chaitheamh i mbun an ghn\u00f3 sin, d\u2019\u00e9ir\u00edomar ar\u00eds, le seal a chaitheamh in\u00e1r su\u00ed.  Le f\u00edrinne, n\u00ed raibh fhios againn c\u00e9 acu ag teacht, n\u00f3 ag imeacht, a bh\u00edomar, i rith an lae sin, agus tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh ag breathn\u00fa ar scann\u00e1n de chuid Frazier, thugamar an leaba orainn fh\u00e9in ar\u00eds, thart ar a deich.  D\u2019\u00e9irigh i bhfad n\u00edos fearr linn an dara o\u00edche sin, n\u00f3 c\u00e9 gur dh\u00fais\u00edomar roinnt mhaith uaireannta i rith na ho\u00edche, ag an am gc\u00e9anna, d\u2019\u00e9irigh linn codladh go breacadh an lae, an mhaidin Domhnaigh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edomar ar \u00e1r gcois, ag a hocht,  agus muid ag moth\u00fa go raibh muid ag f\u00e1il r\u00e9idh leis an moilli\u00fa scairde, n\u00f3 an \u201cjet lag\u201d diabhalta sin, a fh\u00e1gann duine ina leath-amad\u00e1n, ar feadh roinnt laethanta.  Sea, b\u2019fh\u00e9idir go raibh an l\u00e1mh in uachtar faighte againn ar an moilli\u00fa c\u00e9anna sin, agus go mbeadh ar \u00e1r gcumas lu\u00ed isteach feasta ar an am \u00e1iti\u00fail.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3 tharla gurbh \u00e9 an Domhnach a bh\u00ed ann, shocra\u00edomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bh\u00ed thart ar thuras leathuaire a\u2019 chloig uainn. Shroicheamar an Halla sin, in am tr\u00e1th, agus b\u00edodh go bhfuil an Halla  c\u00e9anna sin bre\u00e1 fairsing, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edl aon ch\u00f3ras aer-oiri\u00fanaithe ann, rud a fh\u00e1gann go        n-\u00e9ir\u00edonn s\u00e9 diabhalta te, le linn na searmanas.  Ar aon chuma, roghna\u00edomar fh\u00e9in su\u00edoch\u00e1in, thiar ag c\u00fal an Halla sin, rud a d\u2019fh\u00e1g, go raibh neart sp\u00e1is againn, agus n\u00e1r \u00e9irigh s\u00e9 r\u00f3-the, ag an am gc\u00e9anna.  Bh\u00ed pobal bre\u00e1 bailithe sa Halla fairsing sin, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go raibh an \u00e1it l\u00e1n go doras, agus ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuir ionadh orm fh\u00e9in n\u00f3 an m\u00e9id sin daoine \u00f3ga a bh\u00ed sa l\u00e1thair, agus n\u00edlim ag caint faoi ph\u00e1ist\u00ed anois, ach daoine sna d\u00e9aga agus sna fichid\u00ed, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fh\u00e1ilteoir\u00ed, mar l\u00e9itheoir\u00ed, agus mar mhinistr\u00ed eochairisteacha, freisin.  M\u00f3r idir sin agus an chaoi a bhfuil c\u00farsa\u00ed sna s\u00e9ip\u00e9il s\u2019againne!  Rud eile a thabharf\u00e1 faoi deara, n\u00f3 an chaoi a raibh na cin\u00edocha \u00e9ags\u00fala measctha ar a ch\u00e9ile san aon phobal aontaithe amh\u00e1in sin.  Canadh iomann.  Buaileadh clog. Agus ansin, th\u00e1inig an sagart agus a chuid ministr\u00ed suas tr\u00edd an Halla, ar a m\u00f3rshi\u00fal chun na hAlt\u00f3ra.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fuair m\u00e9 amach, ar ball, gurbh \u00e9 an tAthair C\u00e1vana Wallace, an \u201cPastor\u201d, a bh\u00ed mar cheili\u00fara\u00ed againn, an Domhnach sin, n\u00f3 eisean an Sagart Pobail at\u00e1 acu sa Phar\u00e1iste sin Naomh Mhaighr\u00e9ad.  B\u00e9al Feirsteach is ea \u00e9, a bhfuil a mhuintir ag cur f\u00fathu i gC\u00faige Uladh f\u00f3s.  An-sagart go deo isea an tAthair C\u00e1vana, agus meas an domhain ag a phobal thall air.  Chuaigh c\u00farsa\u00ed chun tosaigh go bre\u00e1, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i nd\u00e1ir\u00edre idir Aifreann thall agus an tAifreann s\u2019againne.  Thabharf\u00e1 faoi deara, b\u2019fh\u00e9idir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na S\u00edoch\u00e1na thall agus an chomhartha a mhalarta\u00edtear abhus, n\u00f3 is minic a bh\u00edonn barr\u00f3ga agus p\u00f3ga i gceist acu thall, \u00e1it nach mb\u00edonn sa treis againne ach an craitheadh l\u00e1imhe.  Ar\u00eds, le linn an \u201c\u00c1r nAthair\u201d  beireann gach duine den phobal greim l\u00e1imhe ar na daoine taobh leis, agus arda\u00edtear na l\u00e1mha ansin, faoi mar a arda\u00edonn an sagart a l\u00e1mha-san, ag gu\u00ed na Paidre diaga sin.  Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarla\u00edonn anseo go r\u00f3-mhinic, agus n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1, d\u00e1r liomsa, a mhille\u00e1n sin a leagan ar an bpobal!  T\u00e1 difir mh\u00f3r amh\u00e1in eile idir na hAifrinnt\u00ed anseo, agus na hAifrinnt\u00ed thall, agus sin go mb\u00edonn na hAifrinnt\u00ed s\u2019againne cr\u00edochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinnt\u00ed thall, thart ar uair a\u2019 chloig, ar a laghad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cad is c\u00fais le sin? a d\u2019fhiafr\u00f3dh duine, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ceart go leor, cuireann na hiomainn le fad na h\u00f3c\u00e1ide, ach, s\u00e9 an rud is m\u00f3 a chuireann leis an am sin, n\u00f3 fad na seanm\u00f3ra.  Maireann an tseanm\u00f3ir thall, thart ar leathuair a\u2019chloig, \u00e1it a mhaireann bun\u00fas na seanm\u00f3ir\u00ed abhus, thart ar ch\u00faig n\u00f3im\u00e9ad, n\u00f3 mar sin. Bhuel, b\u2019in mar a tharla an ch\u00e9ad Domhnach a chaitheamar thall, ar aon n\u00f3s, agus anois, ar eagla go gceapf\u00e1, go raibh m\u00e9 ag locht\u00fa an Athar C\u00e1vana, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 anseo, gur thug s\u00e9 seanm\u00f3ir ar d\u00f3igh uaidh.  Labhair s\u00e9 go d\u00edreach leis an bpobal, agus thuig s\u00e9 l\u00e1ithreach, go raibh ag \u00e9ir\u00ed leis dul i gcionn orthu. Sea, mh\u2019anam, agus n\u00edorbh \u00e9asca in aon chor an t-\u00e1bhar a roghnaigh s\u00e9 don \u00f3c\u00e1id, an Domhnach c\u00e9anna sin.  Mist\u00e9ir na hEochairiste a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus \u00f3l, bia agus deoch, ar\u00e1n agus f\u00edon, lena l\u00e1ithreacht fh\u00e9in in \u00e1r measc, agus d\u00edreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tsl\u00ed ch\u00e9anna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d\u2019anam an duine, don tsaol at\u00e1 le teacht. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cAmen, Amen, adeirim libh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">agus a chuid fola a \u00f3l,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">n\u00ed bheidh beatha agaibh ionaibh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus leis an meid sin a neart\u00fa, cuireann s\u00e9 an t-aguis\u00edn seo leis&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIs bia go f\u00edor mo chuid feola<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Agus is deoch go f\u00edor mo chuid fola.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">An t\u00e9 a itheann m\u2019fheoil agus a \u00f3lann m\u2019fhuil,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">C\u00f3na\u00edonn s\u00e9 ionamsa agus c\u00f3na\u00edmse ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, n\u00edor fh\u00e1g an Tiarna aon amhras ar bith ar a lucht \u00e9isteachta, n\u00edor chuir s\u00e9 fiacail ann, mar ad\u00e9arf\u00e1, ach \u00e9 \u00e1 r\u00e1 amach go neamhbhalbh, suas chun a mb\u00e9al \u00e9!  N\u00edl aon \u00e9al\u00f3 \u00f3n m\u00e9id ad\u00fairt s\u00e9 lena lucht \u00e9isteachta ansin.  Bia agus deoch, fuil agus feoil, l\u00f3n beatha curtha ar f\u00e1il d\u00fainn, sea, bia don aistir, bia don saol nua spiorad\u00e1lta a bh\u00ed \u00e1 gheall\u00faint aige d\u00e1 lucht \u00e9isteachta.  Fanfaidh cuimhne na seanm\u00f3ra sin liom go ceann i bhfad, geallaimse dhuit \u00e9, agus sin, c\u00e9 go raibh m\u00e9 ag cur allais go tiubh, i dteas neamhghn\u00e1ch an Halla \u00fad Naomh Maighr\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go ndeachaigh a sheanm\u00f3ir i gcionn go m\u00f3r orm fh\u00e9in, ach go h\u00e1irithe, n\u00f3 b\u2019fhada an l\u00e1 \u00f3 chuala m\u00e9 a chomh-mhaith de sheanm\u00f3ir.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus ag lean\u00faint \u00f3n tseanm\u00f3ir, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh an Chomaoin Naofa le f\u00e1il ag an bpobal faoi ghn\u00e9 ar\u00e1in, agus faoi ghn\u00e9 f\u00edona, freisin.  D\u2019fh\u00e9adfadh duine an d\u00e1 cheann a ghlacadh, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 ceachtar den d\u00e1 cheann sin a ghlacadh, faoi mar ba rogha leis fh\u00e9in.  Tharla\u00edonn a leith\u00e9id anseo, ach n\u00ed go r\u00f3-mhinic. N\u00edl fhios agam fh\u00e9in c\u00e9n f\u00e1th a dtarla\u00edonn s\u00e9 chomh hannamh sin, n\u00f3 i bpaidreacha an Aifrinn, t\u00e1 s\u00e9 le tuiscint, gur b\u00e9ile \u00e9 an Eochairist, agus go bhfuil bia agus deoch i gceist sa mbeile c\u00e9anna sin.  Ach sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne an tAthair naofa tagairt freisin do na pleananna a bh\u00ed acu le s\u00e9ip\u00e9al nua a th\u00f3g\u00e1il, agus gheall s\u00e9 d\u00e1 phobal go mbeadh c\u00f3ip de na pleananna c\u00e9anna aige d\u00f3ibh, ag Aifreann an Domhnaigh ina dhiaidh sin.  Smaoinigh m\u00e9 fh\u00e9in gur chuala m\u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna, tr\u00ed bliana roimhe sin, n\u00f3 bh\u00ed Par\u00e1iste Naomh Maighr\u00e9ad me\u00e1ite ar sh\u00e9ip\u00e9al nua a th\u00f3g\u00e1il, an uair dheiridh a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ina measc, bliain na m\u00edlaoise.  Bhuel, an Domhnach d\u00e1r gcionn, bh\u00ed a phleananna i Nuachtlitir an Phar\u00e1iste acu, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, go mba phleananna ar d\u00f3igh a bh\u00ed iontu.  Bh\u00ed an sagart ag ma\u00edomh, go mbeadh orthu bac a chur ar strains\u00e9ir\u00ed, n\u00f3 n\u00ed bheadh duine sna par\u00e1ist\u00ed ina n-aice, nach mbeadh ag iarraidh Aifreann a \u00e9isteacht sa S\u00e9ip\u00e9al bre\u00e1, fairsing nua-aoiseach, aer-ch\u00f3irithe, a bh\u00ed le t\u00f3g\u00e1il acu ansin, i bPar\u00e1iste Naomh Maighr\u00e9ad.  Agus ceart go leor, bh\u00ed na pleananna ansin le feice\u00e1il ag chuile dhuine.  S\u00e9ip\u00e9al bre\u00e1, fairsing, croschruthach, spreag\u00fail a bheadh ann.  N\u00ed raibh aon \u201cMair a chapaill, is gheobhair f\u00e9ar\u201d ag baint leis an sagart B\u00e9alfeirsteach seo, ach \u00e9 l\u00e1n-d\u00e1ir\u00edre, agus f\u00e9ith an ghrinn go smior na gcn\u00e1mh ann, ach ag an am gc\u00e9anna, ba shagart \u00e9 a raibh doimhneas, spiorad\u00e1ltacht, agus cr\u00e1ifeacht ag baint leis, sagart ar bhre\u00e1 leat do chomhr\u00e1 a dh\u00e9anamh leis.  Rinneamar fh\u00e9in \u00e1r gcomhr\u00e1 leis, chuile Dhomhnach, fad is a bh\u00edomar ar saoire thall. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3! sea, agus sin rud eile, a bh\u00ed difri\u00fail acu thall, thar mar a bh\u00edonn againne abhus.  I ndiaidh an Aifrinn, chuile Dhomhnach is L\u00e1 Saoire, bail\u00edonn an pobal taobh amuigh de Theach an Phobail, agus d\u00e9anann a gcomhr\u00e1, agus fi\u00fa nach bhfuil boird agus cathaoireacha ansin, agus sc\u00e1tha bre\u00e1tha fairsinge gr\u00e9ine os a gcionn, le deis a thabhairt do dhaoine a gcup\u00e1in caif\u00e9 a \u00f3l ar a s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, ansin, folaithe \u00f3 theas creathnach na gr\u00e9ine gile. Agus chomh fada is a bh\u00edonn na daoine f\u00e1sta ar a s\u00e1imh\u00edn s\u00f3 mar sin, b\u00edonn deis ag na daoine beaga, borr\u00f3ga, n\u00f3 milseoga, de chine\u00e1l eic\u00ednt, a fh\u00e1il d\u00f3ibh fh\u00e9in, sa chaoi go nd\u00e9antar \u00f3c\u00e1id bhre\u00e1, thaitneamhach, sh\u00f3isialta, de, agus f\u00e1gann sin, go mb\u00edonn fonn ar dhaoine teacht ar ais ar\u00eds, an Domhnach d\u00e1r gcionn, le bualadh lena gcairde, i ndiaidh an Aifrinn, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00e1rbh \u00e9 sin d\u00edreach a dh\u00e9anadh an seandream s\u2019againne, i ndiaidh an Aifrinn, na blianta fada \u00f3 shoin, b\u00edodh nach mb\u00edodh na \u201cbuns\u201d n\u00f3 na \u201cParasols\u201d, \u00fad acu, n\u00f3 ag teast\u00e1il uathu, ach oiread, an tr\u00e1th sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Labhair m\u00e9 thuas, faoi fhad an Aifrinn, thall, i gcompar\u00e1id leis an bhfad a mhaireann s\u00e9 anseo, agus d\u00fairt m\u00e9, gur mhair an Seanm\u00f3ir thart ar leathuair a chloig thall, bhuel, tharla Domhnach eile go raibh \u00e1bhar n\u00edos casta f\u00f3s idir cham\u00e1in ag an Athair naofa, agus gur chaith s\u00e9 tr\u00ed cheathr\u00fa uaire a chloig i mbun na seanm\u00f3ra, an Domhnach \u00e1irithe sin.  Sea, agus n\u00ed raibh a chuma air, gur chuir sin isteach puinn ar an bpobal.  Agus b\u2019in rud a thug m\u00e9 faoi deara, an uair dheiridh a bh\u00ed m\u00e9 thall, freisin.  I nd\u00e1ir\u00edre, d\u00e9arfainn go mb\u00edonn siad ag s\u00fail go mairfeadh na searmanais thart ar uair a\u2019 chloig, ar a laghad!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an Aifrinn sin i St. Margarets, chuamar ag siopad\u00f3ireacht seal, in Ionad Siopad\u00f3ireachta, in aice l\u00e1imhe, mar a raibh st\u00f3rais mh\u00f3ra ag Robinson Maye, agus ag Muintir Sears, agus b\u00edodh go raibh an l\u00e1 te brothallach, taobh amuigh, bh\u00ed s\u00e9 deas fionnuar istigh, n\u00f3 bh\u00ed an c\u00f3ras aer-oiri\u00fanaithe ag obair leis, ar a mh\u00edle dh\u00edcheall.  Ar ball, chaitheamar l\u00f3n deas blasta i mBialann th\u00edos staighre, san Ionad Siopad\u00f3ireachta sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n 2 . . **************************** . Ar deireadh thiar thall, bh\u00ed na St\u00e1it Aontaithe bainte amach againn. Bh\u00ed \u00e1r gcodladh ar an o\u00edche Aoine sin corrach go maith, n\u00f3 bh\u00edomar anois i gcrios ama eile ar fad, agus ocht n-uaire de dhifir idir an gcrios sin agus [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11921","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11921","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11921"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11921\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11922,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11921\/revisions\/11922"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11921"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11921"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11921"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}