{"id":11931,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11931"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-9","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-9\/","title":{"rendered":"A r    n a     M i s i n         1 9"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">5u    Deireadh Fomhair  2004.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n         1 9 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;After the Flash Flood&#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa <strong>gh\u00e1la (instalment<\/strong>) deiridh, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar eachtra\u00ed an lae \u00fad, an 26 L\u00fanasa, 2003, is cuimhin libh, an chaoi ar \u00e9irigh linn na cosa a bhreith linn as baile <strong>Julien,<\/strong> nuair a tharla go raibh muid amuigh le linn d\u00edle fearthainne, n\u00f3, \u201cflash flood\u201d, mar a thugthar ar a leith\u00e9id, sa taobh sin t\u00edre.  Bhuel, ar \u00e1r mbealach ar ais abhaile, an tr\u00e1thn\u00f3na sin, nuair a ghlan an sp\u00e9ir ar\u00eds, agus nuair a cheapf\u00e1 nach bhf\u00e9adfadh sp\u00e9ir chomh glan, braon b\u00e1ist\u00ed a scaoileadh anuas ar \u00e9inne riamh ar\u00eds!  Chuamar thar <strong>Loch \u00e1lainn Cuyamaca<\/strong>, loch ata suite i g<strong>Cuyamaca Rancho State Park<\/strong>, \u00e1it a gcaitheann roinnt mhaith daoine seal saoire, ag camp\u00e1il, mar bheadh s\u00e9 deacair d\u00faiche n\u00edos \u00e1ille do chaitheamh aimsire d\u00e1 leith\u00e9id, a fh\u00e1il, \u00e1it ar bith.   P\u00edosa eile chun tosaigh ansin, agus th\u00e1inig muid ar <strong>\u201cChaomhn\u00fa Indiach,\u201d (Indian Reservation<\/strong>) Caomhn\u00fa na <strong>Viejas (Fuaimnigh&#8230;.Bh\u00ed.. <span style=\"text-decoration:underline\">\u00e9<\/span>.. theas).<\/strong>  Agus b\u00ed ag caint ar \u201cChaomhn\u00fa\u201d!  mar bheadh s\u00e9 deacair baile agus foirgint\u00ed chomh h\u00e1lainn, a fh\u00e1il i do shi\u00fal lae.  Anois, bh\u00ed an Caomhn\u00fa seo tamall isteach \u00f3n mb\u00f3thar, ach \u00f3 tharla gur theastaigh sos uainne, le teacht chugainn fh\u00e9in ar\u00eds i ndiaidh na d\u00edleann, shocra\u00edomar ar scathamh a chaitheamh sa Chaomhn\u00fa seo.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">On  the  Reservation .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edorbh ionann an Caomhn\u00fa seo agus Caomhnuithe Indiacha eile a chonaiceamar, \u00e1it nach mbeadh f\u00e1ilte roimh dhuine geal, n\u00f3 bh\u00ed f\u00f3gra\u00ed sa timpeall anseo, ag iarraidh ar an taisteala\u00ed, geal n\u00f3 gorm, buaileadh isteach chucu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige an raibh siad chomh f\u00e1ilteach sin, sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, nach bhfuil Ionad ollmh\u00f3r Siopad\u00f3ireachta, agus Ionad fairsing Cearrbhachais, t\u00f3gtha acu, i l\u00e1r an Chaomhnaithe, sea, agus chomh maith le sin, t\u00e1 tithe bia, le c\u00fal a chur ar ocras agus tart na gcuairteoir\u00ed, le f\u00e1il go fl\u00fairseach ann.  F\u00e9ach mar a chuirtear \u00e9, sa bhf\u00f3gra glic \u00fad, at\u00e1 acu leis an gcuairteoir a mhealladh isteach chucu&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Come for the food, stay for the chips.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e9anann na hIonaid ch\u00e9anna sin carn airgid don treibh, chuile bhliain, sa chaoi go mbronntar spar\u00e1n teann ar chuile bhall den treibh ch\u00e9anna sin in aghaidh na bliana, agus gan orthu faic na fr\u00edde a dh\u00e9anamh len \u00e9 a shaothr\u00fa.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, b\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9arfadh duine, nach bhfuil an cearrbhachas dleathach i St\u00e1t Chalaf\u00f3irnia, agus tuige mar sin a gceada\u00edtear \u00e9 i gCaomhn\u00fa \u00fad na <strong>Viejas?<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Gambling  permitted .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00ed c\u00fais go gceada\u00edtear \u00e9 sa Chaomhn\u00fa sin, n\u00f3 nach ritheann dl\u00ed an St\u00e1it taobh istigh de theorainneacha an Chaomhnaithe, agus sa tsl\u00ed sin, t\u00e1 de chead ag ceannair\u00ed na Treibhe sin cearrbhachas a chead\u00fa, taobh istigh d\u00e1 gCaomhn\u00fa fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus an nd\u00e9anann aon Treibh eile an cleas c\u00e9anna a dh\u00e9anamh ina dtailte si\u00fad?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed cinnte go nd\u00e9anann, agus sa tsl\u00ed sin, saothra\u00edonn na hIndiaigh seo na milli\u00fain Dollar, in aghaidh na bliana, ag freastal ar an bhfonn millteach chun cearrbhachais, a chr\u00e1nn an fear geal.  T\u00e1 roinnt mhaith treibheanna anois a bhfuil Ionad Cearrbhachais i mbun oibre acu, le hairgead a chur ar f\u00e1il do bhaill an Chaomhnaithe.  Agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach cuireann siad cuid \u00e1irithe d\u00e1 dteacht isteach ar leataobh, len \u00e9 sin a roinnt ar aon treibh nach bhfuil Ionad Cearrbhachais d\u00e1 gcuid fh\u00e9in acu.  Sea, mh\u2019anam, ar deireadh thiar, t\u00e1 ar chumas na bhfear rua, an dubh a chur ina gheal ar an bhfear b\u00e1n, tar \u00e9is na rob\u00e1la go l\u00e9ir sin a dheineadh orthusan, anuas tr\u00edd na blianta fada \u00fad, nuair a d\u2019\u00e9irigh leis na fir gheala saibhreas na nIndiach a mhealladh uathu, ar chupla coirn\u00edn gloine! <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Thainig a la !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Sea mh\u2019anam, <strong>th\u00e1inig a l\u00e1!  <\/strong>N\u00ed call dom a r\u00e1, gur Ionad ollmh\u00f3r Siopad\u00f3ireachta at\u00e1 t\u00f3gtha acu anseo.  F\u00e9ach mar a chuirtear sa phoibl\u00edocht \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cDesigned after an authentic Native American village, and nestled among acres of lush landscaping, natural water features, and massive rock formations.  The Viejas Outlet Center is truly a one-of-a-kind, open-air shopping, dining and entertainment complex\u201d&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cLet the kids laugh and play in our interactive water fountain\u201d&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cThe fun starts just a half-hour east of San Diego.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, nach fada \u00f3n Tepee, agus \u00f3 na comhartha\u00ed toite a th\u00e1inig na Viejas, le tamall de bhlianta anuas, agus nach n-aont\u00f3f\u00e1 liom, go raibh a leith\u00e9id tuillte, agus tuillte go maith acu, tar \u00e9is ar fhulaing siadsan, anuas tr\u00ed na blianta. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">The  Water  Court  Won .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go ndeachaigh an Ch\u00fairt Uisce i bhfeidhm go m\u00f3r orm fh\u00e9in.  Bh\u00ed an ch\u00fairt ch\u00e9anna sin suite i l\u00e1r baill, agus sp\u00e1s ollmh\u00f3r f\u00e1gtha lom, do ph\u00e1ist\u00ed ag imirt a gcuid cleas, agus istigh sa phl\u00e1s fairsing sp\u00f3irt sin, bh\u00ed scairde\u00e1in uisce scaipthe go fl\u00fairseach, agus p\u00e1ist\u00ed ag rith timpeall, agus iad ag iarraidh na scairde\u00e1in ch\u00e9anna sin a sheachaint, ach ansin, de r\u00e9ir mar ba mhian leo, d\u2019fh\u00e9adfadh siad scairde\u00e1in \u00e1irithe a chur ag stealladh, n\u00f3 a mh\u00fachadh, agus an screadach agus an spraoi a bh\u00ed ag an aos \u00f3g istigh ansin, i mbun a gcluich\u00ed! Bhainfeadh s\u00e9 blianta d\u00edot.  <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Viejas versus  Vegas <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard faoin gcearrbhachas, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, deirtear go bhfuil na hIonaid Chearrbhachais i mbun oibre ansin ceithre huaire fichead, in aghaidh an lae, agus iad ag dul in ioma\u00edocht le <strong>Las Vegas<\/strong> fh\u00e9in, n\u00f3 in \u00e1it an turas fada a dh\u00e9anamh suas go Las Vegas, le seal a chaitheamh i mbun an chearrbhachais ch\u00e9anna sin, is f\u00e9idir le cearrbhaigh San Diego agus na d\u00faiche timpeall, teacht amach go hIonad Cearrbhachais Viejas, lena gcuid airgid a chailli\u00faint ansin, ar a s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, in \u00e1it dul suas go Las Vegas, agus na huaireanta fada a chaitheamh ag tiom\u00e1int, leis an ngn\u00f3 c\u00e9anna sin a dh\u00e9anamh.  F\u00e9ach mar a chuirtear \u00e9, sa phoibl\u00edocht a dh\u00e9anann an tIonad Cearrbhachais fh\u00e9in&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cLooking for a little bit of Vegas in Southern California? Well, your search ends and excitement begins just 30 minutes east of downtown San Diego.  Viejas Casino is a stunning gaming facility with thrills to match any taste\u201d&#8230; <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">What  a  Day !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin agat cur s\u00edos ar a bhfuil le f\u00e1il, is le feice\u00e1il, ag an gcuairteoir a bhuaileann isteach i gCaomhn\u00fa \u00fad na Viejas, ar thaobh Saorbhealaigh a hOcht.  Agus mar a mh\u00ednigh m\u00e9 sa gh\u00e1la deiridh, chuamar abhaile an tr\u00e1thn\u00f3na sin tr\u00ed San Diego, agus \u00f3 thuaidh linn ansin, ar Saorbhealach a C\u00faig ansin chomh fada le <strong>Cardiff by the Sea<\/strong>.  Ba l\u00e1 d\u00e1r saol \u00e9, n\u00f3 thaistil muid \u00f3 thuilte agus d\u00edle Julien, go dt\u00ed comp\u00f3rd agus s\u00e1imhe Viejas.  N\u00ed dh\u00e9anfaidh muid dearmad ar an l\u00e1 sin go ceann i bhfad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5u Deireadh Fomhair 2004. . A r n a M i s i n 1 9 . ************************** &#8230;&#8230;After the Flash Flood&#8230;&#8230; Sa gh\u00e1la (instalment) deiridh, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar eachtra\u00ed an lae \u00fad, an 26 L\u00fanasa, 2003, is cuimhin libh, an chaoi ar \u00e9irigh linn na cosa a bhreith linn as baile [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11931","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11931","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11931"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11931\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11932,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11931\/revisions\/11932"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11931"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11931"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11931"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}