{"id":11933,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11933"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-6","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-6\/","title":{"rendered":"A r    n a     M i s i n        1 6"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n        1 6 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">An Satharn, 23 L\u00fanasa 2003.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">In  Beautiful  Ventura.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">In \u00e1r su\u00ed go bre\u00e1 moch, i gcathair \u00e1lainn seo Ventura, agus tar \u00e9is d\u00fainn \u00e1r gcuid a chaitheamh, agus cib\u00e9 eile a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn a dh\u00e9anamh, bhuaileamar b\u00f3thar, thart ar a deich, an mhaidin \u00e1lainn Sathairn sin.  Agus \u00f3 tharla gur ar Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia a bh\u00ed \u00e1r n-aird d\u00edrithe againn, le linn na laethe a chaitheamar ar \u00e1r dturas, shocra\u00edomar ar chuairt a thabhairt ar Mhisean bre\u00e1 Buenaventura, ag 211 E. Main Street.  Ba \u00e9 seo an nao\u00fa Misean, den Mhisean is fiche, a th\u00f3g na Sp\u00e1innigh fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia. Buna\u00edodh an Misean seo sa bhliain 1782, agus ba \u00e9 Aspal Chalaf\u00f3irnia fh\u00e9in, an tAthair Junipero Serra, a bhunaigh an Misean seo.  D\u00f3dh an s\u00e9ip\u00e9al orthu, sa bhliain 1790, agus deineadh \u00e9 a at\u00f3g\u00e1il ar\u00eds, agus ath-choisriceadh \u00e9, sa bhliain 1809.  Baineann an turas\u00f3ir taitneamh, is dh\u00e1 thaitneamh, as an s\u00e9ip\u00e9al c\u00e9anna sin, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Tabhair faoi deara Turas na gCros thart ar na falla\u00ed.  Nach iad at\u00e1 gal\u00e1nta?  Sea, agus an gcreidfe\u00e1 go bhfuil 250 bliain caite acu ag spreagadh chreideamh na bhf\u00edr\u00e9an.  Leag Crith Tal\u00fan an Misean sa bhliain 1812, ach t\u00f3gadh ar\u00eds \u00e9, agus deineadh \u00e9 a choisricean athuair, sa bhliain 1816, ach faoin mbliain 1834, deineadh an Misean a dh\u00edeaglaisi\u00fa ag an Meicsicigh.  Leag Crith Tal\u00fan eile an d\u00edon, sa bhliain 1857, agus cuireadh d\u00edon nua air, go gairid ina dhiaidh sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">The Restoration of the Mission.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Tar \u00e9is do Chalaf\u00f3irnia a bheith f\u00f3gartha ina St\u00e1t san Aontas, sa bhliain 1850, d\u2019iarr an tEaspag Joseph Sadoc Alcemany ar an Rialtas, Gabhaltas an Mhisin, s\u00e9 sin, an foirgneamh, teach na sagart, an reilg, an t-\u00fallord  agus an f\u00edonghort, a thabhairt ar ais don Eaglais Chaitliceach.  Bhronn an tUachtar\u00e1n, Abraham Lincoln, an gabhaltas sin orthu, tr\u00ed ghairm scoile a eisi\u00faint, ar an 23 Bealtaine, sa bhliain 1862.  Deineadh an Misean a athc\u00f3iri\u00fa, faoi mhaoirseacht an Athar Aubrey J. O\u2019Reilly, idir na blianta 1956 agus 1957.  Sea, agus le sinn a thabhairt suas chun d\u00e1ta, mar ad\u00e9arf\u00e1, deineadh athc\u00f3iri\u00fa ioml\u00e1n ar dh\u00edon an tS\u00e9ip\u00e9il, sa bhliain 1976, agus i M\u00ed na Nollag na bliana sin, rinne an Cairdin\u00e9al Timothy Manning an S\u00e9ip\u00e9al a choisricean go soll\u00fanta.  Rinne an Misean a dhara c\u00e9ad a cheili\u00faradh, sa bhliain 1982.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">An Padre Junipero Serro.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Nach minic m\u00e9 ag tagairt don Padre Junipero Serro, sa tsraith seo altanna, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r mhiste cupla rud a r\u00e1 faoin bhfear fh\u00e9in anseo.  Thosaigh an gn\u00f3 ar fad, breis mhaith is dh\u00e1 ch\u00e9ad bhliain \u00f3 shoin, ar Oile\u00e1n Mallorca, mar a raibh Br\u00e1thair cr\u00e1ifeach Proinsiasc\u00e1nach, ag saothr\u00fa leis go d\u00edcheallach, i ngort an Tiarna.  Ba shagart diaganta, agus Ollamh ild\u00e1nach Diagachta, agus scol\u00e1ire den scoth \u00e9, an Padre Serro, agus thosaigh s\u00e9 ag gu\u00ed D\u00e9 go d\u00fathrachtach, go gcead\u00f3fa\u00ed d\u00f3 an saol bog a bh\u00ed aige i Mallorca a thr\u00e9igint, agus dul ag saothr\u00fa i measc bhunstoc an Domhain \u00dair.  Tugadh aird ar a ghu\u00ed, sa bhliain 1749, agus tr\u00ed bliana is triocha ina dhiaidh sin, d\u2019ardaigh s\u00e9 an Chros Ch\u00e9asta, \u201cIn playa de la canal de Santa Barabara\u201d.  Rinne s\u00e9 sin, ar maidin Dhomhnach C\u00e1sca, sa bhliain 1782, tar \u00e9is d\u00f3 blianta fada a chaitheamh ag saothr\u00fa leis, go d\u00edcheallach, cru\u00f3gach, cr\u00e1ite, i measc na nd\u00fachasach, thall.  D\u2019ardaigh s\u00e9 an Chros Ch\u00e9asta,  Cheili\u00fair s\u00e9 Ard-Aifreann, agus thug seanm\u00f3ir ar an Ais\u00e9ir\u00ed uaidh, agus ansin, d\u2019ainmnigh s\u00e9 an Misean nua as Naomh Buenaventura.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur fh\u00e1s baile thart ar na Misean sin, agus gur ainmn\u00edodh an baile as an Misean c\u00e9anna sin.  Fuair an sagart d\u00edograiseach a mhian, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan, ach gur fh\u00e1g s\u00e9 an saol bog taobh thiar de i Mallorca, agus gur chaith s\u00e9 saol cruaidh c\u00e9asta, cr\u00e1ite, ag saothr\u00fa leis go d\u00fathrachtach, i measc na nd\u00fachasach sa Domhan \u00dar \u00fad ab ansa leis.  Ba \u00e9 an Misean sin an nao\u00fa Misean a bhunaigh an tAthair Junipero Serra fh\u00e9in, agus faoi mar a tharla s\u00e9, ba \u00e9 an Misean deiridh a bhunaigh s\u00e9 freisin, n\u00f3 bh\u00e1saigh an fear bocht, dh\u00e1 bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1784.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Ventura City.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">D\u00fairt m\u00e9, anois beag, gur ainmn\u00edodh an baile <strong>Ventura<\/strong> as an Misean sin San <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Buena<strong>ventura, <\/strong>ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach raibh aon bhaile ansin, sular th\u00e1inig na Proinsiasc\u00e1naigh chun na h\u00e1ite sin lena Misean a bhun\u00fa ann, n\u00f3 bh\u00ed, agus de r\u00e9ir dealraimh, bh\u00ed baile t\u00f3gtha ansin, ag Indiaigh de Threibh an Chumash<strong>.  Shisholop,<\/strong>  a bhaist na hIndiaigh ar an mbaile a bh\u00ed ansin acusan san ionad sin, baile a bhunaigh siad, breis is m\u00edle c\u00faig ch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin anois.  Nach minic a smaoin\u00edonn muid sa taobh seo den domhan, nach bhfuil tada acu sna St\u00e1it Aontaithe n\u00edos sine na r\u00e9 Cholumbus, ach deir na saineolaithe, s\u00e9 sin, na seand\u00e1luithe, linn, go bhfuil an t-uaf\u00e1s iarsma\u00ed faighte acusan, in ait a bhfuil tochailt seand\u00e1la\u00edochta ar si\u00fal acu, at 113 Main Street, mar a bhfuil an \u201cAlbinger Archeeological Museum\u201d, iarsma\u00ed i bhfoirm potad\u00f3ireachta, a th\u00e9ann siar chomh fada le 1600 R. C. agus sin breis mhaith is tr\u00ed mh\u00edle bliain siar sa stair! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Th\u00f3g s\u00e9 roinnt mhaith ama orainn, turas ioml\u00e1n an Mhisin a thabhairt, n\u00f3 bh\u00ed an oiread sin d\u2019iarsma\u00ed suimi\u00fala, spreag\u00fala, \u00f3n tsean-am, le f\u00e1il i ngach coirn\u00e9al agus i ngach cl\u00faid, gur dheacair c\u00fal a thabhairt leo.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur chuir s\u00e9 ionadh orm, tr\u00edd is tr\u00edd, a bhfuil d\u2019iarsma\u00ed r\u00e9 na Misean curtha ar teasp\u00e1int acu sa timpeall, n\u00f3 de ghn\u00e1th, n\u00ed smaoin\u00edonn muid ar an Meirice\u00e1naigh, mar dhream a chuirfeadh sp\u00e9is i seandachta\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.  Ach i nd\u00e1ir\u00edre, t\u00e1 s\u00e9 le feice\u00e1il, go soil\u00e9ir, nach \u00e9 amhain gur dhein siad na seandachta\u00ed sin a chaomhn\u00fa, ach ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 s\u00e9 n\u00edos soil\u00e9ire f\u00f3s, go bhfuil \u00e1thas agus br\u00f3d orthu, as a bheith \u00e1balta iad a chur ar teasp\u00e1int, do dhuine ar bith ar sp\u00e9is leis a leith\u00e9id.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Time to go.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Nuair a bh\u00ed \u00e1r dturas ar an Misean cr\u00edochnaithe againn, tuigeadh d\u00fainn, go raibh s\u00e9 in am againn bheith ag ard\u00fa \u00e1r seolta, mar tuigeadh d\u00fainn go mbeadh an tr\u00e1cht ag dul i m\u00e9ad, de r\u00e9ir mar a bheadh an Satharn ag druidim chun cr\u00edche.  Chuaigh c\u00farsa\u00ed ar aghaidh go seoigh, agus ba bheag n\u00ed i bhfoirm tr\u00e1chta a bh\u00ed le tabhairt faoi deara againn ar na Saorbheala\u00ed.  Chuamar tr\u00ed Los Angeles gan str\u00f3 d\u00e1 laghad, agus ansin, stopamar tamall, le l\u00f3n a chaitheamh, i mbaile beag, taobh amuigh den chathair ollmh\u00f3r sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Chomh luath is a chuamar amach ar an Saorbhealach ar\u00eds, tuigeadh d\u00fainn, go raibh c\u00farsa\u00ed athraithe, iad imithe chun an donais, amach is amuigh, agus \u00f3n bpointe sin ar aghaidh, ba bheag pl\u00e9isi\u00far a bhaineamar as \u00e1r dturas \u00f3 dheas go <strong>Cardiff by the Sea<\/strong>, n\u00f3 n\u00ed raibh ann ach ag sn\u00e1mha\u00edl linn, go mall, r\u00e9idh, go dt\u00ed gur shroicheamar an baile, ar deireadh thiar thall, thart ar a seacht a chlog sa tr\u00e1thn\u00f3na, nuair a bh\u00ed an dorchadas ag titim ar muir is ar t\u00edr.  Ach, m\u00e1 sea fh\u00e9in, bh\u00ed \u00e1thas orainn bheith ar ais ar\u00eds, tar \u00e9is na laethe gl\u00f3rmhara a chaitheamar ag f\u00e1na\u00edocht tr\u00ed Mhisin Spainneacha Chalaf\u00f3irnia.  Thugamar an leaba orainn fh\u00e9in go bre\u00e1 luath, an o\u00edche sin, agus n\u00ed call dhom a r\u00e1, gur chodla\u00edomar go s\u00e1mh, go maidin gona l\u00e1nsoilse arna mh\u00e1rach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u00ed liom ar\u00eds, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh g\u00e1la eile sa tsraith seo, \u00e1 r\u00edomh agam daoibh!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n 1 6 . *********************** . An Satharn, 23 L\u00fanasa 2003. In Beautiful Ventura. In \u00e1r su\u00ed go bre\u00e1 moch, i gcathair \u00e1lainn seo Ventura, agus tar \u00e9is d\u00fainn \u00e1r gcuid a chaitheamh, agus cib\u00e9 eile a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn a dh\u00e9anamh, bhuaileamar b\u00f3thar, thart ar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11933","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11933","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11933"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11933\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11934,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11933\/revisions\/11934"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11933"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11933"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11933"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}