{"id":11939,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11939"},"modified":"2024-04-08T01:26:18","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:18","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-3","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-3\/","title":{"rendered":"A r    n a     M i s i n     1"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n     1 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is dom an R\u00e9amhr\u00e1 fada sin, faoi Mhisin Chalaf\u00f3irnia, a chr\u00edochn\u00fa, is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 in am dom anois, tos\u00fa ar mo shraith altanna faoin tr\u00e9imhse a chaith m\u00e9 thall, anuraidh, a scr\u00edobh, agus a leagan os bhur gcomhair amach.  Agus t\u00e1 s\u00fail, agus b\u2019fh\u00e9idir an d\u00e1 sh\u00fail fi\u00fa, agam, go mbainfidh sibh taitneamh agus pl\u00e9isi\u00far as l\u00e9amh na      n-altanna c\u00e9anna seo, n\u00f3 nuair a chuireann t\u00fa chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, agus go h\u00e1irithe c\u00farsa\u00ed aoise!, chuile sheans gurbh \u00e9 sin mo thuras deiridh ar th\u00edr \u00e1lainn, bh\u00e9asach, bhrothallach, Chalaf\u00f3irnia.  Sin sc\u00e9al eile \u00e1fach, do l\u00e1 eic\u00ednt eile, ach le filleadh ar na haltanna \u00fad&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaith m\u00e9 seal i gCalaf\u00f3irnia, thart ar thr\u00ed bliana \u00f3 shoin, le linn chom\u00f3radh na m\u00edlaoise, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhain m\u00e9 taitneamh as an gcuairt sin, n\u00f3 chaitheamar seal i Las Vegas, i measc na gcearrbhach trom, agus seal eile th\u00edos i nGleann an Bh\u00e1is fh\u00e9in, n\u00f3 i, \u201cDeath Valley\u201d, mar a thugtar air i mB\u00e9arla, agus n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin ach cuid de na h\u00e1iteacha a dtugamar cuairt orthu, an bhliain cinni\u00fanach sin, ach ar \u00f3c\u00e1id eile, roimhe sin, thugamar seal i measc na Misean \u00e1ille, Sp\u00e1inneach, \u00fad, at\u00e1 le f\u00e1il go fl\u00fairseach, \u00f3 cheann ceann Chalaf\u00f3irnia, n\u00f3 t\u00e1 Misean is fiche le f\u00e1il, fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, fan an Camino Real, n\u00f3 an Bealach R\u00edoga sin, a sh\u00edneann \u00f3 San Diego go San Francisco, agus an tr\u00e1th \u00fad, shocra\u00edomar in\u00e1r n-aigne, go bhfillfeadh muid, am eic\u00ednt, le cuairt a thabhairt ar thuilleadh de na Misin \u00e1ille sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag deireadh na bliana seo caite, thosa\u00edomar ag plean\u00e1il, le saoire eile a chaitheamh thall, agus ba \u00e9 deireadh na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur shocra\u00edomar ar bhun\u00fas Mh\u00ed L\u00fanasa na bliana seo caite, 2003, a chaitheamh i gCalaf\u00f3irnia.  Chaitheamar seal maith i mbun na      n-ullmh\u00fach\u00e1n riachtanach.  Bh\u00ed orainn seo a dh\u00e9anamh, is si\u00fad a dh\u00e9anamh, seo a cheannacht agus an rud \u00fad eile, a cheannacht.  Bh\u00ed pasanna le f\u00e1il r\u00e9idh, agus su\u00edoch\u00e1in a chur in \u00e1irithe d\u2019eitil\u00ed \u00e1irithe, ar eitle\u00e1in de chuid Aer Lingus, agus chomh maith le sin uilig, bh\u00ed orainn, roinnt Dollar a cheannacht, le saoire m\u00edosa thall a mhaoin\u00fa.  De r\u00e9ir a ch\u00e9ile \u2018sea th\u00f3gtar na caisle\u00e1in, adeireadh an tseandream, agus n\u00e1rbh acu a bh\u00ed an ceart, ach i ndeireadh na feide, bh\u00ed chuile ullmh\u00fach\u00e1n d\u00e9anta, chuile sh\u00f3rt ceannaithe, faighte, agus n\u00ed raibh le d\u00e9anamh ansin, ach fanacht ar an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte.  Cheapamar i dtosach, nach dtiocfadh an l\u00e1 sin cho\u00edche, ach mar adeir an seanfhocal eile \u00fad&#8230;M\u00e1s fada an l\u00e1 tiocfaidh an tr\u00e1thn\u00f3na&#8230;..agus geallaimse dhuit \u00e9, gur th\u00e1inig an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte c\u00e9anna sin aniar aduaidh orainn, i ndeireadh na d\u00e1la<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 an t-ocht\u00fa l\u00e1 de L\u00fanasa, an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, agus \u00f3 tharla go mbeadh \u00e1r n-eitilt ag dul ar eite, thart ar a ceathr\u00fa chun a d\u00f3dh\u00e9ag, bh\u00ed orainn bheith ag an Aerfort, thart ar a ceathr\u00fa chun a naoi, n\u00f3 b\u2019in mar ad\u00faradh linn, p\u00e9 sc\u00e9al \u00e9.  Bhuel, fuaireamar marca\u00edocht chun an Aerfoirt, tamaill\u00edn roimhe sin, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00edomar istigh sa bhfoirgneamah ollmh\u00f3r sin, thart ar a hocht a chlog.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed go maith!  Nach mbeadh scathamh againn le bheith ag breathn\u00fa timpeall, agus b\u2019fh\u00e9idir, ag guairdeall thart, i measc siopa\u00ed iomad\u00fala an Aerfoirt.  Rinneamar a raibh le d\u00e9anamh, agus fuaireamar r\u00e9idh len\u00e1r mbag\u00e1iste go bre\u00e1 luath, agus ansin, tar \u00e9is d\u00fainn tamall a chaitheamh ag \u00f3l cup\u00e1n caif\u00e9, chuamar tr\u00ed na geata\u00ed iontr\u00e1la isteach.  Thugamar faoi deara, go raibh c\u00farsa\u00ed sl\u00e1nd\u00e1la i bhfad n\u00edos righne, agus an scr\u00fad\u00fach\u00e1n i bhfad n\u00edos c\u00farama\u00ed, agus n\u00edos g\u00e9ire, tar mar a bh\u00edodh, agus t\u00fa ag dul tr\u00edd an mbealach isteach chun leibh\u00e9al na n-eitilt\u00ed.  Ach n\u00ed fh\u00e9adfadh duine ar bith cur ina choinne sin, n\u00f3 ba ar mhaithe linn uilig \u00e9, a leith\u00e9id de scr\u00fad\u00fa g\u00e9ar a chur ar chuile phaisn\u00e9ir, a bheadh ag dul ar bord an eitle\u00e1in, in\u00e1r gcosamar.  Mar sin, in ionad fearg a chur orainn, is amhlaidh a thug s\u00e9 misneach d\u00fainn uilig.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is tamall a chaitheamh, ag dul tr\u00ed na siopa\u00ed uilig sin, a sh\u00edneann fan an bhealaigh isteach, chuamar ansin tr\u00ed oifig Imirce na St\u00e1t Aontaithe.  Bh\u00ed foirmeacha le l\u00edonadh, agus ceisteanna le freagairt againn, ansin, ach i ndeireadh na d\u00e1la, n\u00edorbh fh\u00e1l go haer \u00e9, agus d\u2019\u00e9irigh linn chuile chonstaic agus bac a sh\u00e1r\u00fa, agus stamp\u00e1ileadh \u00e1r bpasanna, agus bh\u00ed cead tugtha d\u00fainn cuairt dleathach a thabhairt ar na St\u00e1it Aontaithe.  Faoin am seo, thugamar faoi deara, nach raibh an oiread sin ama f\u00e1gtha le diomailt againn, ag an aerfort.  Fuaireamar cup\u00e1in caif\u00e9 agus ceapair\u00ed, agus shu\u00edomar s\u00edos, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, n\u00f3 n\u00ed raibh ach leathuair a chloig le caitheamh againn, go dt\u00ed go ligf\u00ed d\u00fainn dul ar bord Eitilt, EI 145, \u00f3 Bhaile \u00c1tha Cliath go Los Angeles.  Bh\u00ed linn, n\u00f3 b\u2019in a cheapamar, ar aon n\u00f3s.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, \u00e1fach, agus b\u2019in \u00e9 d\u00edreach a tharla d\u00fainne, an mhaidin \u00e1lainn F\u00f3mhair sin.  Ba \u00e9 an ch\u00e9ad sc\u00e9al a chualamar, n\u00f3 gur cuireadh moill ar \u00e1r n-eitilt, agus anois, nach bhf\u00e1gfadh s\u00ed an r\u00faidbhealach go dt\u00ed a ceathr\u00fa chun a haon!  Dona go leor! arsa muidinne linn fh\u00e9in, ach n\u00ed r\u00f3-fhada an t-achar \u00e9 uair a\u2019 chloig?  Ba \u00e9 an rud ba mheasa faoin sc\u00e9al go l\u00e9ir, n\u00f3 n\u00e1r tugadh aon eolas deimhnitheach, oifigi\u00fail, d\u00fainn, bh\u00ed an sc\u00e9al ag teacht chugainn, i bhfoirm r\u00e1fla\u00ed, agus de r\u00e9ir a ch\u00e9ile.  N\u00edos d\u00e9ana\u00ed  ar\u00eds, d\u00faradh nach bhf\u00e1gfadh muid an tAerfort go dt\u00ed a leath i ndiaidh a haon.  Th\u00e1inig an t-am sin, agus d\u2019imigh, ach m\u00e1 th\u00e1inig, bh\u00edomar uilig in\u00e1r su\u00ed ansin f\u00f3s, ar \u00e1r dt\u00f3in Ghaelach, agus gan aon fh\u00f3gra poibl\u00ed tugtha d\u00fainn, f\u00f3s.  Ar ball, th\u00e1inig an r\u00e1fla ar\u00eds, \u00f3 dhuine eic\u00ednt a chuaigh suas chuig oifigeach eic\u00ednt, a bh\u00ed ar dualgas ansin.  S\u00edneadh eile ama, ad\u00faradh linn. Bheadh muid ag dul ar eite, ag a leath i ndiaidh a d\u00f3.  Bhuel, n\u00ed dheachaigh muid, ach \u201cfair play\u201d  dh\u00f3ibh, thosa\u00edomar ag dul ar bord, ag an am sin, a 2.30 i.n.  Ag an bpointe sin ad\u00faradh linn, go poibl\u00ed, gurbh \u00e9 c\u00fais a bh\u00ed leis an mhoill  go l\u00e9ir, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed ceo, agus bh\u00ed eitilt\u00ed uilig na maidne curtha go m\u00f3r as alt, ag an gceo c\u00e9anna sin.  Bhuel, n\u00edorbh \u00ed ar mbeannacht a chuireamarna leis an gceo c\u00e9anna sin, ach baineadh geit eile asainn, nuair a fuaireamar amach, go raibh \u00e1r n-eitle\u00e1n p\u00e1irce\u00e1ilte, thart ar mh\u00edle sl\u00ed, amach \u00f3n bport bord\u00e1la.  Bus amh\u00e1in a bh\u00ed ansin, le freastal ar na paisneir\u00ed uilig, a bheadh ag dul ar bord eitilt EI 145.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach bhf\u00e9adfa\u00ed an beart sin a dh\u00e9anamh in achar gearr!  N\u00ed th\u00f3gfadh an bus sin ach thart ar dh\u00e1 sc\u00f3r duine sa turas, agus d\u00e9arfainn go raibh tarraingt ar thr\u00ed ch\u00e9ad paisn\u00e9ir le hiompar ag an seanbhus c\u00e9anna sin, chuig an eitle\u00e1n.  Chuirfeadh an sc\u00e9al ar fad Aerfort tr\u00ed\u00fa domhanda i gcuimhne dhuit, n\u00f3 b\u2019in an cine\u00e1l ruda a tharla\u00edodh ag Aerfort Las Palmas, i nGran Canaria, thart ar sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin.  Ach n\u00edorbh aon am clamhs\u00e1in \u00e9, agus bh\u00ed chuile phaisn\u00e9ir ar bord, roimh a tr\u00ed, agus d\u2019\u00e9irigh leis an gcaipt\u00edn, sinn a thabhairt ar eite, d\u00edreach ag a tr\u00ed a chlog!  N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh tuirse an domhain orainn uilig, n\u00f3 in\u00e1r gc\u00e1s-na, bh\u00ed thart ar seacht n-uaire a\u2019 chloig caite againn, an mhaidin sin, ag Aerfort \u00c1tha Cliath, sular thug an       t-eitle\u00e1n sin r\u00faid \u00e1bhalmh\u00f3r i dtreo na sp\u00e9ire, agus gur \u00e9irigh lei, sinn a iompar inairde go gorm glan na sp\u00e9ire, taobh istigh d\u2019achar an\u2019ghearr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, mar ad\u00fairt m\u00e9, n\u00edorbh aon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain d\u00e9anta, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh againn, ach an t-\u00e1th a mholadh mar a fuaireamar \u00e9, agus an m\u00ed-\u00e1dh uilig a shlogadh le l\u00e1n b\u00e9il den bhfoighid.  Rinneamar amhlaidh, agus m\u2019fhocal agus  mo l\u00e1mh dhuit, go mbeadh s\u00e9 deacair eitilt n\u00edos m\u00edne, n\u00ed n\u00edos r\u00e9idhe, a shamhl\u00fa, fi\u00fa, an l\u00e1 sin, n\u00e1 an eitilt \u00fad EI 145, \u00f3 \u00c1th Cliath go Los Angeles, ar an l\u00e1 bre\u00e1 F\u00f3mhair sin, an 8\u00fa l\u00e1 dhe Mhe\u00e1n F\u00f3mhair, 2003.  Agus b\u00edodh gur chaitheamar thart ar dheich n-uair a chloig san aer, mh\u2019anam n\u00e1r mhotha\u00edomar r\u00f3-fhada \u00e9, agus in am tr\u00e1th, thuirling\u00edomar ag Aerfort Ollmh\u00f3r Idirn\u00e1isi\u00fanta LAX, mar a thugtar i mB\u00e9arlagar an aeir, ar Aerfort Los Angeles.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca go maith dul tr\u00ed na scr\u00fad\u00fach\u00e1in agus tr\u00ed n\u00f3sanna an aerfoirt thall, n\u00f3 bh\u00edodar s\u00e1sta go raibh aire tugtha do na point\u00ed sin uilig, i mBaile \u00c1tha Cliath.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh \u00e1thas an domhain orainn, nuair a chonaiceamar go raibh \u00e1r mac, Miche\u00e1l, ag fanacht linn ansin, ag an ngeata iontr\u00e1la.  Ba ghearr go rabhamar ar \u00e1r mbealach \u00f3 dheas, fan Saorbhealach a c\u00faig, agus muid ar \u00e1r mbealach go cathair Encinitas, n\u00f3 is ansin at\u00e1 c\u00f3na\u00ed ar Mhiche\u00e1l s\u2019againne, i bhfobhaile ar a dtugtar, Cardiff by the Sea.  Chaitheamar b\u00e9ile i mBialann fan an bhealaigh, agus shroicheamar ceann \u00e1r scr\u00edbe, thart ar a hocht a chlog, d\u2019am na h\u00e1ite sin, tar \u00e9is d\u00fainn breis is fiche huair, a chaitheamh i mbun an turais fhada sin.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh tuirse b\u00f3thair is bealaigh orainn, agus tar \u00e9is duinn \u00e1r gcomhr\u00e1, is \u00e1r seanchas, a dh\u00e9anamh, chuamar a lu\u00ed, agus chodla\u00edomar go h\u00e9ir\u00ed gr\u00e9ine gona l\u00e1n soilse arna mh\u00e1rach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an \u00e1it \u00ed seo, le clabhs\u00far a chur ar an gc\u00e9ad alt seo, faoi na Misin Chalaf\u00f3irneacha. B\u00ed liom ar\u00eds don ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, nuair a bheidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoi Shaoire Chalaf\u00f3irneach na bliana seo 2003.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n 1 . . ********************** . Tar \u00e9is dom an R\u00e9amhr\u00e1 fada sin, faoi Mhisin Chalaf\u00f3irnia, a chr\u00edochn\u00fa, is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 in am dom anois, tos\u00fa ar mo shraith altanna faoin tr\u00e9imhse a chaith m\u00e9 thall, anuraidh, a scr\u00edobh, agus a leagan os bhur gcomhair [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11939","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11939","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11939"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11939\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11940,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11939\/revisions\/11940"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11939"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11939"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11939"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}