{"id":11941,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11941"},"modified":"2024-04-08T00:32:31","modified_gmt":"2024-04-08T00:32:31","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-15","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-15\/","title":{"rendered":"A r    n a     M i s i n 15."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\"><em>I   mB\u00e9al   an    Phobail.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Ar  na  Misin .  15<\/span><span style=\"font-size:16pt\"> .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong>An  Aoine,  22 L\u00fanasa 2003<span style=\"font-size:14pt\">.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">In \u00e1r su\u00ed ar\u00eds le giolc an ghealbhain, an mhaidin Aoine seo, n\u00f3 bh\u00ed ullmh\u00fach\u00e1in agus pac\u00e1il le d\u00e9anamh againn, don turas, f\u00f3s.  I ndiaidh \u00e1r mbricfeasta a scaoileadh siar, lu\u00edomar isteach ar an bpac\u00e1il, agus n\u00edor th\u00f3g s\u00e9 an oiread sin ama orainn, a raibh le d\u00e9anamh a dh\u00e9anamh, agus bh\u00edomar r\u00e9idh cun b\u00f3thair, thart ar a deich a chlog ar maidin.  Ar <strong>SLO, s\u00e9 sin, San Luis Obispo<\/strong>, a thugamar aghaidh i dtosach, n\u00f3 t\u00e1 Misean bre\u00e1, \u00e1lainn, sa mbaile sin, agus bh\u00ed socraithe againn cuairt a thabhairt air, \u00f3 tharla sna b\u00f3la\u00ed sin muid.  Shroicheamar SLO, ar deireadh thiar, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, nach raibh s\u00e9 chomh h\u00e9asca sin ar fad teacht ar an Misean c\u00e9anna sin, ach ar deireadh thiar, th\u00e1inig muid air \u201cdowntown\u201d ag Coirn\u00e9al Monterey and Chorro Streets.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Padre Serra again.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ba \u00e9 Padre Serra fh\u00e9in, a bhunaigh an Misean seo, agus ainmn\u00edodh \u00e9 as Naomh Luis, Easpag Toulouse, easpag a mhair sa dara haois d\u00e9ag.  Buna\u00edodh an Misean seo, ar an gc\u00e9ad l\u00e1 de Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1772, an c\u00faigi\u00fa Misean, den misean is fiche, a bhunaigh na Proinsiasc\u00e1naigh fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, \u00f3 San Diego go San Francisco..  Nuair a buna\u00edodh an Misean a ch\u00e9aduair, n\u00ed raibh air ach d\u00edon giolca\u00ed.  Anois bh\u00ed na hIndiaigh sa d\u00faiche sin cairdi\u00fail, ach bh\u00ed Indiaigh n\u00edos faide \u00f3 dheas, agus ba \u00e9 a mhalairt de sc\u00e9al acusan \u00e9, agus ba ghearr go bhfuair siad an ball lag i gcosaint an Mhisin, agus chuireadar an d\u00edon giolca\u00ed sin tr\u00e9 thine le <strong>saigheada bladhmsacha (flaming arrows<\/strong>) a scaoileadh leis.  Ach, faoi mar adeir an seanfhocal, nach ionann is muc fear gan seift.  Bhuel, smaoinigh na Padres ar na t\u00edleanna <strong>tinedh\u00edonacha (fireproof<\/strong>) a bh\u00edodh acu sa Sp\u00e1inn.  Thosaigh orthu, agus ba ghearr go raibh d\u00edon t\u00edleanna t\u00f3gtha acu ar Mhisean San Luis Obispo, agus cead ag na hIndiaigh naimhdeacha dul ag feada\u00edl ansin, n\u00f3 n\u00ed bhainfeadh a gcuid saighead feanc d\u00e1 laghad as an Misean feasta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Rinneadar an Misean <strong>a at\u00f3g\u00e1il (rebuilt<\/strong>), sa bhliain 1794.  Ar deireadh thiar, sa bhliain 1934, socra\u00edodh ar an Misean a athch\u00f3iri\u00fa, agus a athnuachan, faoi mar a bh\u00edodh s\u00e9 sa tsean-am, agus \u00f3 shoin i leith, feidhm\u00edonn s\u00e9 mar theach pobail don phar\u00e1iste \u00e1iti\u00fail, sea, agus caithfidh gur par\u00e1iste r\u00e9as\u00fanta m\u00f3r \u00e9, n\u00f3 t\u00e1 tri\u00far sagart ag freastal ar phobal sin San Luis Obispo.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Mission  Visit .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go ndeachaigh muid ar thuras an Mhisin, agus bheadh ar dhuine a r\u00e1 go raibh an Misean seo an-chos\u00fail leis na Misin eile, ar thugamar cuairt orthu.  Bh\u00ed le feice\u00e1il againn ann, S\u00e9ip\u00e9al \u00e1lainn, agus seomrai leagtha amach mar iarsmalanna beaga, agus iarsmai de na seanlaethe ar teasp\u00e1int iontu.  Faoi dheireadh, bh\u00ed s\u00e9 in am againn b\u00f3thar a bhualadh ar\u00eds, ach shocraigh muid ar l\u00f3n beag a chaitheamh ansin i San Luis Obispo, agus nuair a bh\u00ed c\u00fal curtha againn ar an ocras agus ar an tart, thugamar an b\u00f3thar \u00f3 dheas orainn fh\u00e9in, n\u00f3 bh\u00ed turas r\u00e9as\u00fanta fada romhainn amach, mar bh\u00ed socraithe againn an o\u00edche sin a chaitheamh i <strong>Ventura<\/strong>, baile a bhfuil Misean \u00e1lainn eile ann, Misean a ainmn\u00edodh as San Buenaventura, Misean a buna\u00edodh ar an 31 M\u00e1rta, sa bhliain 1782, agus an deichi\u00fa Misean, a t\u00f3gadh fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, ag na Padres Sp\u00e1inneacha.  Ach \u00f3 tharla go raibh p\u00edosa fada le taisteal againn, s\u00e1r a leagfadh muid sp\u00e1g i gcathair \u00e1lainn Ventura, n\u00ed dh\u00e9anfaidh m\u00e9 aon chur s\u00edos ar an Misean \u00e1lainn sin, go dt\u00ed an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile.  Ach le cr\u00edoch a chur le p\u00edosa na seachtaine seo, caithfidh m\u00e9 cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar an turas corraitheach, spreag\u00fail, a bh\u00ed le taisteal againn, ar an mbealach \u00f3 San Luis Obispo go Ventura.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">We  Travel  Inland .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Thaistil muid p\u00edosa i dt\u00f3sach ar \u00e1r seanchara, Saorbhealach 101, agus ghabhamar thar Pismo Beach ar\u00eds, agus Grover City, agus ansin, sular th\u00e1inig muid chomh fada le Santa Maria, d\u2019iompaigh muid <strong>ar thaobh na ciot\u00f3ige (to the left)<\/strong>, agus isteach linn ar Bhealach 166, le go mbeadh deis againn, spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar thaobh t\u00edre nach mb\u00edonn le feice\u00e1il, ach go hannamh, ag an turas\u00f3ir, n\u00f3 fanann an turas\u00f3ir, de ghn\u00e1th, ar na Saorbhealaigh mh\u00f3ra, n\u00f3 is iad is \u00e1isi\u00fala, agus is tap\u00fala, le dul \u00f3 \u00e1it amh\u00e1in go h\u00e1it eile, sa t\u00edr ollmh\u00f3r seo.  Ar aon n\u00f3s, bh\u00ed am le sp\u00e1r\u00e1il againn, agus bh\u00ed tiom\u00e1na\u00ed toilteanach againn, fear a bh\u00ed s\u00e1sta sinn a th\u00f3g\u00e1il p\u00edosa maith int\u00edre \u00f3 Shaorbhealach 101 isteach.   N\u00ed raibh na b\u00f3ithre fan an turais seo, chomh h\u00e1isi\u00fail leis na Saorbhealaigh, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed siad s\u00e1s\u00fail, agus bheadh t\u00edr ar bith l\u00e1n ts\u00e1sta b\u00f3ithre den chaighde\u00e1n seo a bheith acu.  Ach \u00f3 tharla go raibh orthu na b\u00f3ithre seo a th\u00f3g\u00e1il tr\u00ed shl\u00e9ibhte, agus thar chainneoin agus gleannta doimhne, n\u00edorbh aon ionadh nach raibh siad ar chaighde\u00e1n na Saorbhealach.  B\u2019\u00e9igean d\u00fainn, i dtosach, dul thr\u00ed chuid de na \u201cCoastal Ranges\u201d raon sl\u00e9ibhte, a sh\u00edneann s\u00edos suas fan ch\u00f3sta l\u00e1ir Chalaf\u00f3irnia.  Nuair a bh\u00ed sin d\u00e9anta againn, d\u2019iompaigh muid soir \u00f3 dheas ansin, s\u00edos tr\u00e9 Cuyama Valley.  B\u2019\u00e1lainn go deo an t\u00edr tr\u00ednar ghabhamar.  <strong>Talamh cuir (Tillage land<\/strong>), den chuid is m\u00f3, ag s\u00edneadh uait \u00f3 thaobh an bh\u00f3thair go bun na sl\u00e9ibhte i bhfad uait.  Ba bheag n\u00ed, i bhfoirm baile, a bh\u00ed le tabhairt faoi deara, fan an bhealaigh.  Anseo is ansi\u00fad, d\u2019fheicfe\u00e1 corrtheach, neadaithe ar thaobh cnoic, n\u00f3 feistithe go d\u00e1na, amuigh i l\u00e1r machaire.  Caithfidh gur th\u00e1inig na hoibrithe feirme amach chuig na feirmeacha seo \u00f3 bhailte, a bh\u00ed folaithe orainn, i measc na gcnoc, n\u00f3 bh\u00ed oibrithe ina sluaite le feice\u00e1il ag saothr\u00fa leo go d\u00edcheallach sna goirt bhl\u00e1fara, leibh\u00e9alta, torth\u00fala, a bh\u00ed chomh fl\u00fairseach sin, ar gach aon taobh d\u00ednn.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Beautiful  and  Wild  Country .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar ball, chuamar tr\u00ed bhaile beag, ar chos\u00fail le baile Indiach \u00e9,  an baile <strong>\u201cNew Cuyama\u201d, <\/strong>agus stadamar tamall, le peitreal a cheannacht agus roinnt deochanna fuara freisin, leis an gceann is fearr a fh\u00e1il ar an tart, a thiocfadh aniar aduaidh ort, sna cr\u00edocha teo seo.  Chun tosaigh linn ar\u00eds.  Tar \u00e9is scathaimh, th\u00e1inig muid chomh fada le \u201cBealach 33\u201d, agus d\u2019iompaigh muid ar dheis ansin, n\u00f3 bh\u00ed orainn na sl\u00e9ibhte a thrasn\u00fa ag an bpointe sin, le teacht chomh fada le Ojai (fuaim\u00edtear an t-ainm seo faoi mar ba&#8230;\u201dOh High\u201d, a bheadh agat ann), agus Ventura.  N\u00edor dhada a raibh feicthe againn go dt\u00ed sin den t\u00edr iontach, \u00e9ags\u00fail, scoite, scanr\u00fail, seo, go dt\u00ed an pointe sin, taobh lena raibh le feice\u00e1il againn anois, n\u00f3 b\u00edodh go raibh talamh cuir linn f\u00f3s, n\u00ed raibh r\u00e9ims\u00ed leathana den talamh c\u00e9anna sin linn anois, n\u00f3 n\u00ed raibh ann ach gleann deas, agus talamh cuir ar gach taobh d\u00ednn, ag s\u00edneadh amach go bun na sl\u00e9ibhte, ach faoin am seo, ba ghiorra go m\u00f3r fada na sl\u00e9ibhte c\u00e9anna d\u00fainn anois, n\u00f3 cheana.  Diaidh ar ndiaidh, ch\u00fangaigh an talamh cuir, go dt\u00ed, sa deireadh, nach raibh rian ar bith de thalamh cuir ag taobhanna an bh\u00f3thair.  Anois bh\u00edomar linn fh\u00e9in, istigh i l\u00e1r na sl\u00e9ibhte uafara, scanr\u00fala, sin.  Ba bheag carr a bh\u00ed le feice\u00e1il againn, ach muid <strong>ag dreapadh linn (climbing<\/strong>) ar \u00e1r m\u00edle dh\u00edcheall suas cliath\u00e1n an tsl\u00e9ibhe.  Anois is ar\u00eds, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 stopadh tamall, ag leataobh, le radharc a fh\u00e1il ar an t\u00edr a bh\u00ed taistealta agat, agus ar na gleannta doimhne, scanr\u00fala, a bh\u00ed f\u00fat th\u00edos, ar deireadh thiar, bh\u00edomar ag an bpointe ab airde ar an mb\u00f3thar sin, pointe a bh\u00ed 4,500 troigh os cionn leibh\u00e9al na farraige!  Stadamar seal ansin, le h\u00e1illeacht an radharcra a \u00f3l isteach, agus a s\u00e1bh\u00e1il i bhfoirm cuimhne, len\u00e1r gcro\u00ed a th\u00f3g\u00e1il am eic\u00ednt sa todhcha\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Beautiful  Ojai .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Chun b\u00f3thar linn ar\u00eds, agus le f\u00e1na linn s\u00edos ar an dtaobh thiar den sliabhraon sin, agus n\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad orainn Ojai (fuaimigh an t-ainm seo faoi mar ba \u201cOh High\u201d a bheadh \u00e1 r\u00e1 agat!) a bhaint amach.  Ligeamar \u00e1r sc\u00edth ansin, agus chaith b\u00e9ile ann, n\u00f3 bh\u00ed seanaithne againn ar Ojai, \u00f3 thuras na bliana 1988.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad orainn ansin ceann \u00e1r scr\u00edbe don l\u00e1 sin, Cathair Ventura, a bhaint amach, \u00e1it ar chuireamar f\u00fainn an o\u00edche sin, n\u00f3 bh\u00ed socraithe againn, dul ag breathn\u00fa ar Mhisean San Buenaventura, an mhaidin d\u00e1r gcionn.    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-size:12pt\">Beidh tuilleadh le r\u00e1 againn faoin Misean sin, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail. Ar na Misin . 15 . An Aoine, 22 L\u00fanasa 2003. In \u00e1r su\u00ed ar\u00eds le giolc an ghealbhain, an mhaidin Aoine seo, n\u00f3 bh\u00ed ullmh\u00fach\u00e1in agus pac\u00e1il le d\u00e9anamh againn, don turas, f\u00f3s. I ndiaidh \u00e1r mbricfeasta a scaoileadh siar, lu\u00edomar isteach ar an bpac\u00e1il, agus n\u00edor th\u00f3g s\u00e9 an [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11941","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11941","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11941"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11941\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11942,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11941\/revisions\/11942"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11941"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11941"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11941"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}