{"id":11949,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11949"},"modified":"2024-04-08T01:13:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:19","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-13","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-13\/","title":{"rendered":"A r   n a    M i s i n   13"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r   n a    M i s i n .      1 3 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Hearst Castle&#8212;&#8212;<\/span>continued.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar thall, bh\u00edomar ar ais san <strong>Ionad F\u00e1iltithe<\/strong> th\u00edos ag bun an tsl\u00e9ibhe, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go raibh an-\u00e1thas orm fh\u00e9in, gur \u00e9irigh liom an turas sin a dh\u00e9anamh gan aon <strong>r\u00f3-str\u00f3 (difficulty<\/strong>).  Is dacha gur ch\u00f3ir a lua anseo freisin, nach raibh d\u00e9anta againne ach an ch\u00e9ad thuras, de cheithre thuras ar fad, a th\u00f3gann s\u00e9, le radharc r\u00e9as\u00fanta ioml\u00e1n a fh\u00e1il ar an gCaisle\u00e1n ar fad, ach bh\u00edomarna l\u00e1n ts\u00e1sta leis an turas a rinneamar, agus lena raibh feicthe againn, n\u00f3 n\u00edor bheag n\u00f3 suarach an m\u00e9id \u00e9.  Ach anois, \u00f3 tharla go raibh muid ar ais san Ionad F\u00e1iltithe, bh\u00ed dh\u00e1 rud eile a d\u2019fh\u00e9adfadh muid a dh\u00e9anamh, s\u00e1ra nglanfadh muid, scun scan, as an \u00e1it.  Bh\u00ed socraithe againne, seal a chaitheamh ag breathn\u00fa ar scann\u00e1n, a bh\u00ed \u00e1 l\u00e9iri\u00fa acu san Ionad sin, scann\u00e1n a l\u00e9irigh stair an tionscadail dra\u00edochta, iontaigh, sin, Hearst Castle, \u00f3 th\u00fas deireadh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>&#8230;.A  Special  Film&#8230;.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an scann\u00e1n a thugamarna aghaidh.  N\u00ed raibh deacracht ar bith f\u00e1il isteach sa Phicti\u00farlann bhre\u00e1 a bh\u00ed acu ansin san Ionad.  Isteach linn.  Fuaireamar su\u00edoch\u00e1in in ionad s\u00e1s\u00fail, agus shu\u00edomar f\u00fainn, le taitneamh a bhaint as an se\u00f3.  Th\u00f3g s\u00e9 tamall orainn \u00e9ir\u00ed cleachtach ar an bpicti\u00far ollmh\u00f3r a bh\u00ed \u00e1 theilgeadh ar an sc\u00e1ile\u00e1n fairsing os \u00e1r gcomhair amach, ach diaidh ar ndiaidh, th\u00e1inig muid isteach air, agus n\u00ed raibh tada le d\u00e9anamh againn ansin ach lu\u00ed siar, agus sc\u00e9al an chaisle\u00e1in a lean\u00faint, ar an sc\u00e1ile\u00e1n dra\u00edochta sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thosaigh sc\u00e9al an Chaisle\u00e1in thiar ag an t\u00fas.  L\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn faoi mar a d\u2019\u00e9irigh le George Hearst, athair William Randolph, a chuid airgid a dh\u00e9anamh as <strong>mianad\u00f3ireacht (mining<\/strong>), agus ansin as ceannacht talaimh agus tithe, anseo agus ansi\u00fad, ar f\u00fad na St\u00e1t Aontaithe.  N\u00ed raibh ach an t-aon ph\u00e1iste amh\u00e1in aige fh\u00e9in agus ag a bhean, Phoebe Apperson Hearst.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>&#8230;.The  Grand  Tour &#8230;.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ph\u00e1iste <strong>seanchr\u00edonna (precocious<\/strong>) \u00e9 Willie, d\u00e1r le Phoebe ach go h\u00e1irithe, agus thug s\u00ed chuile dheis d\u00f3 suim sna heal\u00edona a mh\u00fascailt agus a choth\u00fa, nuair a thug s\u00ed ar \u201c<strong>Thuras M\u00f3r na hEorpa\u201d<\/strong> <strong>(The grand Tour<\/strong>) \u00e9, ar feadh bliain go leith.  I rith an ama sin, chonaic Willie Caisle\u00e1in dra\u00edochta, agus ArdEaglais\u00ed ollmh\u00f3ra, Ollscoileanna agus Foirgint\u00ed Poibl\u00ed, \u00f3 cheann ceann na hEorpa, agus chomh maith le sin, chonaic s\u00e9 na picti\u00fair, agus na dealbha, a bh\u00ed ar teasp\u00e1int, i nD\u00e1nlanna agus in Iarsmalanna, \u00f3 cheann ceann na M\u00f3r-roinne sin.  N\u00edl dabht ar domhan, ach gur mh\u00fascail an turas sin an d\u00fail do-mh\u00fachta a bh\u00ed aige i mbaili\u00fa seandachta\u00ed, agus i dt\u00f3g\u00e1il a Chaisle\u00e1in dra\u00edochta fh\u00e9in ar bharr binne, baili\u00fachan agus Caisle\u00e1n a tharraingeodh aird an domhain mh\u00f3ir air, mar shaineola\u00ed sna c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>&#8230;.Harvard  Days&#8230;.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuaigh s\u00e9 go Col\u00e1iste Harvard, sa bhliain 1882.  D\u2019fheidhmigh s\u00e9 mar eaagarth\u00f3ir ar Iris ghreannmhar an Chol\u00e1iste, agus in \u00e9ineacht le sin, chuir s\u00e9 suim i ndr\u00e1ma\u00edocht agus i siamsa.  Faraoir! ni raibh an iomarca sp\u00e9ise aige i gc\u00farsa\u00ed l\u00e9inn, agus ar ball, iarradh air baili\u00fa leis as Harvard.  Ba ghearr gur thosaigh s\u00e9 ar shl\u00ed bheatha eile, a ghaibhni\u00fa d\u00f3 fh\u00e1in, san Iriseoireacht.  Agus \u00f3 tharla go raibh spar\u00e1n teann ag a athair, George, tar \u00e9is roinnt teipeanna, d\u2019\u00e9irigh leis dul i gcionn go m\u00f3r ar lucht nuacht\u00e1n a fhoilsi\u00fa sna St\u00e1it.  Nuair a bh\u00ed r\u00fan na gairme beatha sin tuigthe aige, leathnaigh s\u00e9 a impireacht \u00f3 cheann ceann Mheirice\u00e1, agus lean air ag ceannacht nuacht\u00e1in i ndiaidh nuacht\u00e1in, go dt\u00ed go raibh a ainm in airde ar fud an domhain ar fad.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>&#8230;.Phoebe  continues&#8230;.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is do George Hearst b\u00e1s d\u2019fh\u00e1il, lean a bhean, Phoebe, ag obair ar a d\u00edcheall, ag t\u00f3g\u00e1il foirgint\u00ed \u00e1ille, anseo is ansi\u00fad, agus duine de na hAiltir\u00ed ba ch\u00e1ili\u00fala, a bh\u00ed ag obair i gomhar lei, ab ea Julia Morgan.  Anois, i rith an ama seo go l\u00e9ir, b\u00edodh go raibh fort\u00fan d\u00e9anta ag William Randolph as a stuaim fh\u00e9in, n\u00edor bhuail spadhar na t\u00f3g\u00e1la \u00e9 go dt\u00ed go bhfuair a mh\u00e1thair b\u00e1s, sa bhliain 1919, den bhfli\u00fa a lean an ch\u00e9ad chogadh domhanda, agus gur fh\u00e1g s\u00ed saibhreas ollmh\u00f3r ag a mac, Willie.  D\u2019fh\u00e1g s\u00ed Rainse San Simeon, maraon le baili\u00fach\u00e1n leabhar agus picti\u00far, agus m\u00e1 chuireann t\u00fa le sin, gur fh\u00e1g s\u00ed thart ar aon mhilli\u00fan d\u00e9ag Dollar, in airgead tirim, le huacht aige, tuigfidh t\u00fa ansin m\u00e9id a shaibhris, an t-am sin, n\u00f3 bh\u00ed spar\u00e1n teann aige fh\u00e9in freisin, sular f\u00e1gadh pingin le huacht aige.  Anois, agus an t-airgead sin uilig faoina l\u00e1imh aige, d\u2019fhostaigh s\u00e9 Julia Morgan, ailtire a bh\u00edodh fostaithe go minic ag a mh\u00e1thair, le pleananna a chaisle\u00e1in, agus na dtithe cuairteoir\u00ed, a dhr\u00e9achtadh, agus ba sa tsl\u00ed sin, a thosaigh an comhoibri\u00fa idir an bheirt fhathach sin, Julia Morgan agus William Randolph Hearst, a d\u2019fh\u00e1gfadh an oidhreacht ollmh\u00f3r eala\u00edne, seandachta\u00ed s\u00e1r-luachmhara, agus Caisle\u00e1n dra\u00edochta as T\u00edr na n\u00d3g fh\u00e9in, mar uacht ag an gcine daonna ar fad.  N\u00ed call a r\u00e1, go raibh an bheirt acu tiomnaithe ar fad d\u00e1 ngn\u00f3 agus d\u00e1 ndualgas, fad is a bh\u00ed siad ag obair i gcomhar le ch\u00e9ile, ar an gCuesta Encantada sin, ar shl\u00e9ibhte Santa Lucia, ar Rainse San Simeon, i St\u00e1t Chalaf\u00f3irnia.  Bh\u00ed na f\u00edseanna uilig sin ag William, agus bh\u00ed na scileanna riachtanacha  uilig ag Julia, leis na <strong>f\u00edseanna (visions)<\/strong> sin a r\u00e9aladh, i ndomhan seo na fola is na feola.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00f3gadh an Caisle\u00e1n, gona 115 sheomra, ar cheithre hurl\u00e1r, agus tr\u00ed cinn de thithe do chuairteoir\u00ed, a t\u00f3gadh thart ar an gCasa Grande fh\u00e9in. D\u2019\u00e9irigh lei, dh\u00e1 Linn Sn\u00e1mha a th\u00f3g\u00e1il, ceann faoi dh\u00edon, agus ceann amuigh faoin aer, maraon le c\u00fairteanna lead\u00f3ige, teach gloine, sc\u00e1thl\u00e1in do na hainmhithe fi\u00e1ine, taiscumar, beairic\u00ed do na hoibrithe t\u00f3g\u00e1la, agus chomh maith leo sin ar fad, th\u00f3g s\u00ed c\u00faig st\u00f3ras, agus baile beag don slua daoine a bh\u00ed ar fhoireann San Simeon, ar bhonn seasta. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>&#8230;.Difficult  Project&#8230;.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca, in aon chor, an t-\u00e1bhar riachtanach t\u00f3g\u00e1la, agus na seandachta\u00ed, maraon leis na hoibreacha eala\u00edne, a iompar \u00f3 San Simeon suas, i gcoinne an aird, go barr la <strong>Cuesta Encantada (Magic Hill),<\/strong> agus gan aice, ag an am sin, ach  trucail\u00ed slabhracha, agus <strong>seisreacha (teams)<\/strong> capall, agus nuair a chuirann t\u00fa le sin guagacht na haimsire, agus cuairteanna iomad\u00fala William Randolph fh\u00e9in, tuigfidh t\u00fa c\u00e9 chomh deacair is a bh\u00ed an gn\u00f3, a bh\u00ed t\u00f3gtha idir l\u00e1mha ag Julia s\u2019againne, agus de r\u00e9ir deallraimh, n\u00edorbh aon rib\u00edn r\u00e9idh \u00e9 an tUasal William Randolph fh\u00e9in, n\u00f3 babhta amh\u00e1in, n\u00ed bheadh s\u00e9 s\u00e1sta le seo, agus an ch\u00e9ad bhabhta eile, n\u00ed bheadh s\u00e9 s\u00e1sta le si\u00fad, agus n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 aon str\u00f3 in aon chor air, a iarraidh ar Julia bhocht p\u00edosa \u00e1irithe den hfoirgneamh a leagan ar\u00eds, agus \u00e9 <strong>a at\u00f3g\u00e1il (rebuild), <\/strong>ar bealach eile ar fad.  B\u2019in an cine\u00e1l duine a bh\u00ed ann, \u00e9 ag iarraidh a fh\u00eds a fh\u00edoradh an t-am ar fad, agus \u00e9 go minic m\u00edsh\u00e1sta lena n-iarrachta\u00ed \u00e9 sin a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leor sin don bhabhta seo, ach beidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoin \u00e1bhar seo, an tseachtain seo chugainn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed sin&#8230;&#8230;..Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bairead.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<em> <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . 1 3 . ********************** Hearst Castle&#8212;&#8212;continued. Ar deireadh thiar thall, bh\u00edomar ar ais san Ionad F\u00e1iltithe th\u00edos ag bun an tsl\u00e9ibhe, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go raibh an-\u00e1thas orm fh\u00e9in, gur \u00e9irigh liom an turas sin a dh\u00e9anamh gan aon r\u00f3-str\u00f3 (difficulty). Is [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11949","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11949","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11949"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11949\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11950,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11949\/revisions\/11950"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11949"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11949"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11949"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}