{"id":11969,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11969"},"modified":"2024-04-08T01:26:35","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:35","slug":"aindli-ainriail-agus-ansmacht","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/aindli-ainriail-agus-ansmacht\/","title":{"rendered":"Aindli, ainriail, agus ansmacht"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A i n d l \u00ed ,   A n r i a i l ,    a g u s    A n s m a c h t .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">T h a l l    i s     A b h u s .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach bocht an sc\u00e9al \u00e9, agus nach crua an c\u00e1s \u00e9, ag muintir bhocht na hIar\u00e1ice, le m\u00ed anuas anois, agus b\u00edodh nach raibh a gc\u00f3ras rialaithe thar mholadh beirte roimhe sin, n\u00ed mustar n\u00f3 ma\u00edomh d\u00f3ibh c\u00farsa\u00ed faoi mar at\u00e1 siad, i l\u00e1thair na huaire seo, agus gan aon r\u00f3-chos\u00falacht ar ch\u00farsa\u00ed go dtiocfadh feabhas orthu gan r\u00f3-mhoill.  Mar adeireadh M\u00e1rtan s\u2019againne fad\u00f3, is fusa go m\u00f3r rud a bhriseadh n\u00f3 an rud c\u00e9anna sin a chur ina cheart ar\u00eds, d\u00e1la Humpty Dumpty fad\u00f3.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in mar a chuir mo sheanchara S\u00e9im\u00ed an Droichid t\u00fas lena chomhr\u00e1 liom, an l\u00e1 cheana, agus muid beirt suite go comp\u00f3rdach ar shu\u00edoch\u00e1n deas orn\u00e1ideach adhmaid, th\u00edos i bhFaiche an Chaisle\u00e1in, ceann de na laehte bre\u00e1tha gr\u00e9ine sin a bh\u00ed againn, ar na mallaibh.  Bh\u00ed fhios agam go raibh faobhar cainte air, agus nach mbeadh le d\u00e9anamh agam fh\u00e9in ach \u00e9isteacht leis, agus go scaoilfeadh s\u00e9 liom, a raibh de thuairim\u00ed, carnaithe aige i gcistin a chuimhne istigh.  N\u00ed raibh fhios agam f\u00f3s, c\u00e1 l\u00e9imfeadh cat a chuid cainte, agus mar sin, n\u00edor theastaigh uaim gob\u00e1n ar bith a chur i mb\u00e9al a chomhr\u00e1.  Mar sin, chuir m\u00e9 fhein mo ladar isteach sa chomhr\u00e1, go r\u00e9idh c\u00faramach, faoi mar a cheap m\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn ionann sin is a r\u00e1, n\u00e1r cheart do na Meirice\u00e1naigh dul isteach ansin a ch\u00e9aduair?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c\u00d3!  N\u00ed hionann in aon chor, n\u00f3 chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, bh\u00ed l\u00e1n-cheart acu dul isteach ansin le cr\u00edoch a chur le r\u00e9imeas cru\u00e1lach Shaddam Hussein, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan ach go mba th\u00edor\u00e1nach den ch\u00e9ad ghr\u00e1d \u00e9 an fear c\u00e9anna sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach bhfuil roinnt mhaith daoine a deir, gur ch\u00f3ir an gn\u00f3 sin a fh\u00e1g\u00e1il faoi na hIar\u00e1caigh fh\u00e9in, agus nach raibh s\u00e9 de cheart ag n\u00e1isi\u00fan, n\u00f3 ag cumhacht ar bith eile, a ladar a chur isteach sa sc\u00e9al sin, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba phrionsabal den dl\u00ed idirn\u00e1isi\u00fanta \u00e9, c\u00farsa\u00ed inmhe\u00e1nacha d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1g\u00e1il faoi mhuintir na t\u00edre fh\u00e9in.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch in ainm an R\u00ed, conas a d\u2019fh\u00e9adfadh muintir na hIar\u00e1ice fh\u00e9in an gn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh?  N\u00e1r dheacht\u00f3ir \u00e9 Saddam, a raibh arm, agus p\u00f3il\u00edn\u00ed r\u00fanda, d\u00e1 chuid fh\u00e9in aige, len \u00e9 a chosaint ar naimhde den uile chine\u00e1l.   N\u00ed raibh deis d\u00e1 laghad acu, le gn\u00f3 d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, agus chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, nach n-\u00e9ireodh leo Saddam a ruaigeadh as a phost, go dt\u00e9 soir anoir.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach mbeadh duine ag s\u00fail, go bhf\u00e9achfadh na Comhghuallaithe chuige, nach mbeadh ainriail, agus creachadh de chuile chine\u00e1l, mar oidhreacht ar a n-ionradh ar chr\u00edocha na hIar\u00e1ice.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 sin go bre\u00e1, ach n\u00ed go s\u00edoch\u00e1nta a chuireadar rompu an gn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh, \u00f3 th\u00fas, ach tr\u00ed choga\u00edocht, agus smaoinigh freisin, go rabhthas ag s\u00fail go raibh airm ilscriosacha forbartha ag Saddam, agus go raibh fonn air freisin iad a \u00fas\u00e1id ar shaighdi\u00fair\u00ed na Comhghualla\u00edochta.  Nuair a chuireann t\u00fa sin san \u00e1ireamh, tuigtear duit n\u00e1rbh \u00ed an ainriail, n\u00f3 an creachadh, na clocha ba mh\u00f3 ar a bpaidr\u00edn acu, agus iad ag dul i mbun gn\u00f3 sa t\u00edr mh\u00ed-\u00e1mharach sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGlacaim le sin, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 aon r\u00f3-str\u00f3 orthu, c\u00f3r poil\u00edn\u00ed a thabhairt isteach leo, ar lorg na saighdi\u00fair\u00ed, agus sa tsl\u00ed sin, de r\u00e9ir mar a chlo\u00edf\u00ed na saighdi\u00fair\u00ed cosanta, i mbaile n\u00f3 i gcathair, bheadh na p\u00f3il\u00edn\u00ed ansin acu, le dl\u00ed agus smacht a chur i bhfeidhm l\u00e1ithreach, agus sa tsl\u00ed sin, bheid\u00eds \u00e1balta stop a chur le creachadh agus ainriail, ach chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al n\u00e1r smaoinigh siad go raghadh na hIar\u00e1caigh le b\u00e1in\u00ed, agus le buile, chomh luath is a chuirf\u00ed ar a s\u00faile d\u00f3ibh, go raibh deireadh buan le r\u00e9imeas Shaddaim.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn gceapann t\u00fa go mbeidh ar chumas na gComhghuallaithe riail is reacht a chur i bhfeidhm, i gcliabh\u00e1n \u00e1rsa \u00fad na sibhialtachta?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 m\u00e9 cinnte go mbeidh, ach chuile sheans go dt\u00f3gfaidh s\u00e9 tamall a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, n\u00f3 is cine br\u00f3d\u00fail, m\u00f3rtasach, iad na hIar\u00e1caigh, nach nghlacfaidh go r\u00f3-fhonnmhar le smacht na n-eachtrannach, go h\u00e1irithe, nuair nach smacht Moslamach at\u00e1 i gceist.  Ach ar ball, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go n-\u00e9ireoidh lena dt\u00edrghr\u00e1 guaim a chur ar a bhfonn creachta agus aindl\u00ed.  Ach, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir d\u00fainne s\u00fail a chaitheamh ar \u00e1r muintir, agus ar \u00e1r dt\u00edr fh\u00e9in, f\u00e9achaint an bhfuil aon r\u00f3-mheas againne ar dhl\u00ed is ar reacht, anseo i dT\u00edr seo na Naomh is na nOllamh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn \u00e9 at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agat, a Sh\u00e9im\u00ed, go bhfuil c\u00farsa\u00ed chomh dona anseo, sa t\u00edr s\u2019againne, is at\u00e1 i gCr\u00edocha na hIar\u00e1ice?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, n\u00ed he sin go d\u00edreach at\u00e1 a r\u00e1 agam, ach ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fheicfeadh an Dall fh\u00e9in go bhfuil c\u00farsa\u00ed imithe tigh an Diabhail, anseo in \u00e1r measc, le traidhfil de bhlianta anuas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00edor cheap m\u00e9 go raibh c\u00farsa\u00ed chomh holc sin ar fad, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, go h\u00e1irithe \u00f3 thug an T\u00edogar Ceilteach \u00fad cuairt ar \u00e1r dt\u00edr.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00edogar Ceilteach, an ea?  Caithfear a admh\u00e1il, gur th\u00e1l an T\u00edogar c\u00e9anna sin orthu si\u00fad, a raibh spar\u00e1n teann acu, cheana f\u00e9in, ach go h\u00e1irithe, ar lucht gn\u00f3 agus ar lucht gairme, ach ag an am gc\u00e9anna, ba bheag aird a thug s\u00e9 ar an gcosmhuintir.  Ach, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edorbh \u00e9 an T\u00edogar c\u00e9anna sin a bh\u00ed i gceist agamsa, chor ar bith, ach ba \u00e9 a bh\u00ed idir cham\u00e1in agam, n\u00f3 an chaoi a bhfuil roinnt \u00e1irithe d\u00e1r muintir beag beann ar dhl\u00ed is ar reacht, de chine\u00e1l ar bith, ach gan ar a n-aird acu, ach cib\u00e9 a bhaineann lena ngn\u00f3 fh\u00e9in, agus don diabhal leis an gcuid eile agaibh!!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGo r\u00e9idh! anois a Sh\u00e9im\u00ed.  N\u00ed d\u00f3igh liom go bhfuil m\u00f3r\u00e1n den chine\u00e1l sin ag feidhmi\u00fa in\u00e1r measc, ag an am \u00e1irithe seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGo bhf\u00f3ire Dia ar do chiall!  N\u00f3 an l\u00e9ann tusa p\u00e1ip\u00e9ar ar bith, na laethe seo, n\u00f3 an \u00e9isteann t\u00fa le raidi\u00f3, n\u00f3 le teilif\u00eds?  Mar, n\u00edl dabht ar domhan, ach go mb\u00edonn na nuacht\u00e1in, agus na me\u00e1in uilig, loml\u00e1n de sc\u00e9alta faoi fhor\u00e9igean, faoi ghada\u00edocht, faoi \u00e9igni\u00fa, agus faoi mhug\u00e1il, gan tr\u00e1cht in aonchor ar dh\u00fanmhar\u00fa, n\u00f3 ar dh\u00fanorgain.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch n\u00ed f\u00e9idir go bhfuil t\u00fa ag r\u00e1, go bhfuil na c\u00farsa\u00ed sin ag dul in olcas, \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile?  Cheap mise go raibh ag \u00e9ir\u00ed leis an nGarda S\u00edoch\u00e1na ghreim scorna\u00ed a fh\u00e1il ar idir choirpigh agus choirpeacht, sa t\u00edr seo, le roinnt blianta anuas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3ra! Nach bre\u00e1 bog a fh\u00e1sann an cl\u00famh ortsa, m\u00e1 chreideann t\u00fa a leith\u00e9id!  Caithfidh n\u00e1r chuala t\u00fa faic faoi Thuarasc\u00e1il na nGarda\u00ed, ar choiri\u00falacht, don bhliain 2002?   B\u2019fhi\u00fa do shaor\u00e1nach ar bith an tuarasc\u00e1il sin a fh\u00e1il, is a l\u00e9amh, n\u00f3 t\u00e1 an t-eolas uilig le f\u00e1il ansin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00e1 habair gur th\u00e1inig f\u00e1s ar choiri\u00falacht sa t\u00edr seo, i rith na bliana sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 gur th\u00e1inig, gan an fh\u00edrinne a chur as a riocht in aon chor, leis an r\u00e1iteas c\u00e9anna sin.  T\u00f3g mar shampla, coireanna a bhain le h\u00e9gni\u00fa, agus le coireanna gn\u00e9is fr\u00ed ch\u00e9ile, bhuel, th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa de 63% ar coireanna d\u00e1 leith\u00e9id sin, sa bhliain thuasluaite.  I gc\u00e1s ionsaithe agus slacartha, an gcreidfe\u00e1 gur th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa de 50% ar an gcine\u00e1l sin coiri\u00falachta?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit a Sh\u00e9im\u00ed, nach raibh tuairim d\u00e1 laghad agam, go raibh c\u00farsa\u00ed ag dul chun an donais mar sin, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, le tamall de bhlianta anuas.  N\u00ed f\u00e9idir go ndeachaigh aon chine\u00e1l eile coiri\u00falachta i m\u00e9ad i rith na bliana sin!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr an drochuair, caithfear a admh\u00e1il, gur th\u00e1inig f\u00e1s freisin ar ghoid, agus ar ghada\u00edocht, sa tr\u00e9imhse sin freisin.  M\u00e9ad\u00fa de 20% a th\u00e1inig ar an gcine\u00e1l sin m\u00ed-iompair.  Sea, mh\u2019anam, n\u00ed sc\u00e9al \u00e9 sin a thabharfadh misneach, n\u00f3 d\u00f3chas, do shaor\u00e1nach ar bith, na laethe seo, agus mar bharr ar an gclampar, ins\u00edtear d\u00fainn, gur th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa de 22%, ar choireanna cl\u00e1raithe, fr\u00ed ch\u00e9ile, don bhliain ch\u00e9anna sin, 2002.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCaithfidh m\u00e9 aont\u00fa leat a Sh\u00e9im\u00ed, gur scanallach go deo an sc\u00e9al \u00e9, go bhfuil bua \u00e1 fh\u00e1il ag f\u00f3rsa\u00ed an aindl\u00ed, na hainrialach, agus an ansmachta, ar Gharda S\u00edoch\u00e1na an St\u00e1it s\u2019againne, i gcogadh seo an dl\u00ed i gcoinne an aindl\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, s\u00edlim, gur chuala m\u00e9 duine \u00fadar\u00e1sach eic\u00ednt ag ma\u00edomh, nach raibh c\u00farsa\u00ed chomh holc sin ar fad, agus gurb amhaidh a th\u00e1inig laghd\u00fa ar l\u00edon na gcoirreanna i rith na bliana thuasluaite.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach bhfuil fhios agat fh\u00e9in, gur f\u00e9idir rud ar bith a chruth\u00fa le staitisc\u00ed, agus ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist ag an duine \u00fadar\u00e1sach sin, n\u00f3 gur th\u00e1inig m\u00e9ad\u00fa ar dhaonra na t\u00edre, san idirlinn, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, nuair a chuirtear l\u00edon na gcoireanna i gcompar\u00e1id le l\u00edon na ndaoine sa t\u00edr, an t-am sin agus anois, nach bhfuil c\u00farsa\u00ed chomh holc sin ar fad.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus nach bhfuil cuid eic\u00ednt den cheart acu, sa mh\u00e9id sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c\u00d3ra! B\u00edodh tr\u00ed splaideog c\u00e9ille agat.  Ar chuala \u00e9inne riamh a leith\u00e9id d\u2019amaid\u00ed?  T\u00e1 a fhios go maith ag na daoine sin, go bhfuil c\u00farsa\u00ed imithe tigh an diabhail, le roinnt blianta anuas.  N\u00edl le d\u00e9anamh ag duine ar bith, ach breathn\u00fa ar na nuacht\u00e1in, maidin ar bith, agus feicfidh s\u00e9 na sc\u00e9alta uaf\u00e1is at\u00e1 le l\u00e9amh aige ansin, faoi dhaoine neamhurch\u00f3ideacha, a ionsa\u00edodh, a bualadh, a leadradh, a sceanadh, agus a f\u00e1gadh ar thaobh an bh\u00f3thair, n\u00f3 ar thaobh na sr\u00e1ide, le b\u00e1s uaigneach, anr\u00f3iteach, a fh\u00e1il, b\u00e1s gan ch\u00fanamh, gan sagart, gan docht\u00fair, faoi mar ba mhadra\u00ed allta iad.  Sea, mh\u2019anam, agus c\u00e9 t\u00e1 ag l\u00e9irsi\u00fa amuigh ar \u00e1r sr\u00e1ideanna faoi na c\u00farsai cru\u00e1lacha, fuarchro\u00edocha, buile, sin?  D\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id ag tarl\u00fa i dt\u00edr eic\u00ednt eile, i bhfad \u00f3 bhaile&#8230;Bhuel, b\u2019in sc\u00e9al eile ar fad!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus, i nd\u00e1ir\u00edre!  an bhfuil leigheas ar bith i nd\u00e1n d\u00fainn.  An f\u00e9idir stop a chur leis an gceannairc seo san ubh?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 m\u00e9 cinnte go bhfuil leigheas le f\u00e1il ar na hoilc seo uilig, ach dul ar a lorg.  Ach, n\u00edl dabht ar domhan nach dtiocfaidh feabhas ar ch\u00farsa\u00ed go deo, mura bhfuil muid s\u00e1sta mar shocha\u00ed, iarracht ollmh\u00f3r a dh\u00e9anamh, le pobail a th\u00f3g\u00e1il in\u00e1r measc ar\u00eds, n\u00f3 d\u00e1   n-\u00e9ireodh linn pobail d\u00e1 leith\u00e9id a th\u00f3g\u00e1il, n\u00ed bheadh fonn ar dhuine ansin, dochar a dh\u00e9anamh do bhall ar bith den phobal ar d\u00edobh \u00e9.  Agus, ar\u00eds, c\u00e9 go bhfuilid ann adeir, go bhfuil laethe an n\u00e1isi\u00fanachais thart, agus gur maith an sc\u00e9al \u00e9 sin, n\u00edlim fh\u00e9in r\u00f3-chinnte faoi sin, n\u00f3 nuair a bh\u00edomar ag iarraidh an tsean-n\u00e1isi\u00fan s\u2019againne a fhorbairt, agus a at\u00f3g\u00e1il, d\u2019\u00e9irigh leis an iarracht sin snaidhm eic\u00ednt a cheangal idir dhaoine, agus d\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id de shnaidhm ann, n\u00ed bheadh fonn ar dhaoine, baill d\u00e1 n\u00e1isi\u00fan fh\u00e9in a ghort\u00fa, n\u00f3 a mhar\u00fa, mar chine\u00e1l sp\u00f3irt agus spraoi, faoi mar a tharla\u00edonn, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Ach, is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, n\u00f3 beidh Naip\u00ed bhocht s\u2019againne ag ceapadh gur deineadh m\u00e9 fh\u00e9in a ionsa\u00ed, a bhualadh, a bhatr\u00e1il, a sceanadh, n\u00f3 a mhar\u00fa fi\u00fa, n\u00f3 nach mb\u00edonn na p\u00e1ip\u00e9ir loml\u00e1n de sc\u00e9alta d\u00e1 leith\u00e9id, chuile l\u00e1?  Mar sin, f\u00e1gfaidh m\u00e9 sl\u00e1n agat, don bhabhta seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1n leat\u201d a chuir m\u00e9 fh\u00e9in ina dhiaidh, n\u00f3 bh\u00ed S\u00e9im\u00ed glanta leis, faoi mar ba chat sc\u00f3lta \u00e9, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bhain m\u00e9 idir thaitneamh agus thairbhe as a chuid cainte, agus b\u2019fh\u00e9idir, amach anseo, go mbeadh deis againn cr\u00edoch eic\u00ednt a chur leis an sc\u00e9al casta c\u00e9anna sin, ag cur san \u00e1ireamh na staitistic\u00ed nua, a th\u00e1inig amach le d\u00e9ana\u00ed, faoi choiri\u00falacht sa ch\u00e9ad r\u00e1ithe den bhliain reatha, ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir d\u00fainn fanacht go deireadh na bliana, le figi\u00fair\u00ed na bliana seo a chur i gcompar\u00e1id le figi\u00fair\u00ed na bliana seo caite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. A i n d l \u00ed , A n r i a i l , a g u s A n s m a c h t . . ********************* . T h a l l i s A b h u s . . \u201cNach bocht an sc\u00e9al \u00e9, agus nach crua an [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11969","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11969","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11969"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11969\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11970,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11969\/revisions\/11970"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11969"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11969"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11969"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}