{"id":11987,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11987"},"modified":"2024-04-08T01:27:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:43","slug":"an-chaisc-ar-an-aoine-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/an-chaisc-ar-an-aoine-a\/","title":{"rendered":"An Chaisc ar an Aoine A"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">An  Ch\u00e1isc ar an Aoine!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach minic a chualamar go l\u00e9ir na nathanna \u00e9ags\u00fala, a chuireann ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach bhfuil de n\u00f3s ag an gC\u00e1isc titim ar aon l\u00e1 den tseachtain, taobh amuigh den Domhnach; nathanna ar n\u00f3s, \u201cN\u00edorbh ionta\u00ed liom an Ch\u00e1isc ar an Aoine\u201d n\u00e1 a leith\u00e9id a fheice\u00e1il, n\u00f3 ar\u00eds, \u201cChomh si\u00far\u00e1ilte is at\u00e1 an Ch\u00e1isc ar an Domhnach\u201d, agus a leith\u00e9id.  N\u2019fheadar m\u00e9 ar mar sin a bh\u00ed, \u00f3 th\u00fas? Ach fillfidh m\u00e9 ar an sc\u00e9al sin ar ball beag, ach le t\u00fas a chur leis an sc\u00e9al seo, ba mhaith liom sibh a thabhairt siar liom, thar dhroichead na mblianta, go dt\u00ed an bhliain 1940, n\u00f3 tharla rud ait go leor an bhliain chinni\u00fanach ch\u00e9anna sin.  N\u00ed raibh ionnamsa ach glas-st\u00f3cach, an tr\u00e1th sin, ach mar sin fh\u00e9in, chuaigh an rud \u00fad, a tharla an bhliain sin, i gcionn chomh m\u00f3r sin orm, gur fhan a chuimhne go glas, glan, gl\u00e9, liom, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">An tSeamr\u00f3g agus an Phailm taobh le taobh!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a tharla an bhliain \u00e1irithe sin, in ainm an \u00c1idh?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, tharla rud at\u00e1 thar a bheith neamhghn\u00e1ch.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, an bhliain \u00e1irithe sin, chaitheamar an tseamr\u00f3g agus an phailm, i bhfochair a ch\u00e9ile, n\u00f3 thit Domhnach Pailme ar an 17\u00fa M\u00e1rta, an bhliain sin.  Bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in \u00f3g ag an am, agus n\u00ed dhearna m\u00e9 aon nath r\u00f3-mh\u00f3r den tarl\u00faint ch\u00e9anna sin, ag an am. Anois, is cuimhin liom go raibh an sc\u00e9al i mb\u00e9al gach \u00e9inne, ag an am, agus \u00e9 ina sc\u00e9al eatarthu, go mbeadh \u00c9ire saor, an ch\u00e9ad uair eile a tharl\u00f3dh a leith\u00e9id ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Cathain a tharl\u00f3idh s\u00e9 ar\u00eds?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus an raibh a fhios acu cathain a tharl\u00f3dh a leith\u00e9id ar\u00eds?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuigeadh domsa, ag an am, go raibh an t-eolas sin le f\u00e1il sna nuacht\u00e1in, ach \u00f3 tharla nach raibh m\u00e9 fh\u00e9in r\u00f3-thugtha do l\u00e9amh na nuacht\u00e1n c\u00e9anna sin, ag an am, n\u00ed fhaca m\u00e9 tada faoi iontu, ach bh\u00ed s\u00e9 ina sc\u00e9al m\u00f3r i measc daoine, go dtarl\u00f3dh s\u00e9 ar\u00eds sa bhliain 2000!  Is cuimhin liom freisin, go raibh duine de na comharsana, Miche\u00e1l Sh\u00e9amais Mh\u00f3ir, istigh ar chuairt againn, o\u00edche an lae \u00fad, agus go raibh s\u00e9 fh\u00e9in is m\u2019athair ag cur na gc\u00farsa\u00ed sin tr\u00ed ch\u00e9ile, agus ba \u00e9 a fhaid ar a ghiorracht go raibh siad beirt den tuairim nach mbeid\u00eds fh\u00e9in sa timpeall, um an dtaca sin, ach bh\u00edodar beirt den tuairim, go raibh chuile sheans ann, go mbeinnse ar an bhf\u00f3d f\u00f3s faoin mbliain 2000, agus d\u2019iarradar ormsa dul s\u00edos go dt\u00ed S\u00e9ip\u00e9al na Cille M\u00f3ire, an tr\u00e1thn\u00f3na sin, agus paidir a chur lena n-anam. Is d\u00f3cha gur thoiligh m\u00e9 fh\u00e9in chuige sin.  Anois, san idirlinn, ba mhinic m\u00e9 ag iarraidh fios f\u00e1tha an sc\u00e9il sin a fh\u00e1il amach, ach i gc\u00f3na\u00ed, gc\u00f3na\u00ed, theip glan orm aon eolas a fh\u00e1il faoi na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, th\u00e1inig an bhliain 2000, agus  mar is eol do ch\u00e1ch anois, n\u00edor thit L\u00e1 \u2018le P\u00e1draig ar Dhomhnach Pailme, an bhliain \u00e1irithe sin, n\u00f3 nior thit s\u00e9 ar an nDomhnach sin bliain ar bith \u00f3 shoin i leith, ach oiread. Sea, agus f\u00e1gadh m\u00e9 fh\u00e9in im\u2019 bhambairne, agus m\u00e9 ag s\u00fail chuile bhliain, go mbeadh deis agam an tseamr\u00f3g agus an phailm, a chaitheamh i bhfochair a ch\u00e9ile, uair amh\u00e1in eile im shaolsa, agus go mbeadh deis agam cuairt a thabhairt ar Sh\u00e9ip\u00e9al na Cille M\u00f3ire, le paidir a chur le hanamnacha na marbh, ach go h\u00e1irithe le hanamnacha na beirte \u00fad, a d\u2019iarr orm a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, nuair a chaithf\u00ed an tseamr\u00f3g agus an phailm ar an l\u00e1 c\u00e9anna, ar\u00eds.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Comhairle Nicea<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar na mallaibh \u00e1fach, thosaigh m\u00e9 ag iarraidh scil eic\u00ednt a bhaint as c\u00farsa\u00ed na C\u00e1sca, agus mar a shocra\u00edtear d\u00e1ta na F\u00e9ile \u00fad, sea, agus chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfainn a dh\u00e9anamh amach, d\u2019fh\u00e9adfadh an Ch\u00e1isc titim ar l\u00e1 ar bith den tseachtain, ar feadh cupla c\u00e9ad bliain, le linn \u00f3ige na hEaglaise, mar, anuas go dt\u00ed an bhliain 325, dheint\u00ed an Ch\u00e1isc a cheili\u00faradh ar an gc\u00e9ad l\u00e1 de Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach, n\u00f3 ar an l\u00e1 d\u00edreach ina dhiaidh sin, cuma c\u00e9n l\u00e1 den tseachtain a bh\u00ed i gceist, ach, in \u00e1iteacha eile, dheint\u00ed \u00ed a cheili\u00faradh ar Dhomhnach, gar do Ch\u00e1isc na nGi\u00fadach. Ag ch\u00e9ad Chomhdh\u00e1il Nicea, \u00e1fach, tar \u00e9is roinnt mhaith cur tr\u00ed ch\u00e9ile, socra\u00edodh ar an gC\u00e1isc a cheili\u00faradh feasta ar Dhomhnach, agus uaidh sin amach, ba sc\u00e9al cinnte \u00e9, go dtitfeadh an Ch\u00e1isc ar an nDomhnach, agus uaidh sin a d\u2019fh\u00e1s an nath cainte \u00fad sa Ghaeilge&#8230;Chomh si\u00far\u00e1ilte is at\u00e1 an Ch\u00e1isc ar an Domhnach, agus bh\u00ed deireadh feasta le C\u00e1isc ar an Aoine!<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">An F\u00e9ilire Greag\u00f3ireach<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla athruithe \u00e1irithe eile sa bhF\u00e9ilire le linn do Ghreag\u00f3ir a Tr\u00ed D\u00e9ag a bheith i gCathaoir Pheadair sa R\u00f3imh, agus deineadh na socruithe a chinnti\u00fa tuilleadh, nuair a leagadh s\u00edos an riail, go dtitfeadh an Ch\u00e1isc feasta, ar an gc\u00e9ad Domhnach, i ndiaidh na geala\u00ed \u00faire, a leanann eacaineacht an Earraigh.  Agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur socra\u00edodh, go nglacfa\u00ed leis an 21\u00fa M\u00e1rta mar dh\u00e1ta na heacaineachta sin. Glacadh leis na socruithe sin, n\u00f3 tuigeadh gur mar sin a tharla, sa bhliain 30 AD, nuair a d\u2019ais\u00e9irigh \u00e1r dTiarna \u00f3n mb\u00e1s, faoi mar a tuigeadh ag an am.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, le filleadh ar o\u00edche \u00fad an 17\u00fa M\u00e1rta na bliana sin 1940, nuair a tharla go raibh Miche\u00e1l Sh\u00e9amais Mh\u00f3ir, ceolt\u00f3ir, ag both\u00e1nta\u00edocht sa teach s\u2019againne, agus an tseamr\u00f3g agus an phailm \u00e1 gcaitheamh f\u00f3s ar \u00e1r ngeansaithe againn, agus nuair a hiarradh ormsa, paidir a chur lena n-anamnacha, th\u00edos i S\u00e9ip\u00e9al na Cille M\u00f3ire, sa bhliain 2000, tuigeadh d\u00fainn uilig, an o\u00edche sin, go dtarl\u00f3dh sin ar\u00eds sa bhliain 2000, ach, mar is eol do ch\u00e1ch anois, n\u00edor tharla aon rud d\u00e1 leith\u00e9id an bhliain sin, n\u00f3 aon bhliain eile \u00f3 shoin i leith, ach oiread.  B\u2019in an f\u00e1th mar sin, a ndeachaigh m\u00e9 fh\u00e9in ag t\u00f3ra\u00edocht fios f\u00e1tha an sc\u00e9il sin, i mbliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus bhfuil fhios agat toradh mo chuid taighde?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl, muis!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">1799, agus  2391<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, tar \u00e9is roinnt mhaith ama a chaitheamh i mbun an tionscnaimh sin, ba \u00e9 a fuair m\u00e9 fh\u00e9in amach, n\u00f3 gur tharla a leith\u00e9id cheana ag deireadh an ocht\u00fa haois d\u00e9ag, sa bhliain 1799.  Mar sin, n\u00ed gn\u00e1th tarl\u00faint in aon chor \u00e9 caitheamh na seamr\u00f3ige agus na pailme ar an aon l\u00e1 amh\u00e1in, s\u00e9 sin le r\u00e1, nach dtiteann Domhnach na Pailme ar L\u00e1 \u2018le P\u00e1draig ach go f\u00edor f\u00edor annamh, amach is amuigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus cathain a tharl\u00f3idh a leith\u00e9id ar\u00eds, adeir t\u00fa?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin sc\u00e9al eile ar fad anois, n\u00f3 chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfainn fh\u00e9in a dh\u00e9anamh amach, n\u00ed tharl\u00f3idh s\u00e9 go luath, ar aon chaoi, n\u00f3 n\u00ed raibh ar mo chumas-sa teacht ar dh\u00e1ta ar bith roimh an bhliain 2391, nuair a thitfeadh Domhnach na Pailme ar L\u00e1 \u2018le P\u00e1draig ar\u00eds, agus sin tarraingt ar cheithre ch\u00e9ad bliain eile.  Bhuel, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, nach mbeidh m\u00e9 fh\u00e9in ar an bhf\u00f3d, teacht na bliana sin, agus m\u00e1 t\u00e1 orainn fanacht le saoirse na t\u00edre seo a bhaint amach, go dt\u00ed an bhliain \u00e1irithe sin, bhuel, nach mbeadh s\u00e9 chomh maith d\u00fainn dul ag feada\u00edl!  Sea, agus f\u00e9ach ar ar tharla an bhliain roimh na blianta cinni\u00fanacha sin 1799, agus 1940, agus nach gcuirfeadh sin duine ar bith ag smaoineamh ar an mbliain 2390! Deireadh an tsaoil seo, b\u2019fh\u00e9idir!<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Cuir an phaidir sin leo anois!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach c\u00e9ard faoin mbeirt \u00fad a bh\u00ed ag s\u00fail le paidir uaimse, faoin mbliain 2000, nuair a chaif\u00ed,- mar a thuig siadsan ag an am,- an tseamr\u00f3g agus an phailm i bhfochair a ch\u00e9ile ar\u00eds? Bhuel, f\u00e9ach, nach mbeadh s\u00e9 chomh maith agam dul s\u00edos go dt\u00ed an Seip\u00e9al am\u00e1rach, agus an dualgas \u00fad a chomhl\u00edonadh, fad is at\u00e1 ar mo chumas sin a dh\u00e9anamh! Agus b\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9anf\u00e1sa Solas na Soilse, agus Leaba i measc na Naomh, a ghu\u00ed orthu freisin, agus ar anamnacha na marbh uilig, anocht agus i dt\u00f3lamh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin \u00e9 mo sc\u00e9al don bhabhta seo agus m\u00e1 t\u00e1 br\u00e9ag ann n\u00ed mise a chum n\u00f3 a cheap, agus s\u00fail agam gur thaitin s\u00e9 libh. Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile, Sl\u00e1n.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. An Ch\u00e1isc ar an Aoine! . Nach minic a chualamar go l\u00e9ir na nathanna \u00e9ags\u00fala, a chuireann ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach bhfuil de n\u00f3s ag an gC\u00e1isc titim ar aon l\u00e1 den tseachtain, taobh amuigh den Domhnach; nathanna ar n\u00f3s, \u201cN\u00edorbh ionta\u00ed liom an Ch\u00e1isc ar an Aoine\u201d n\u00e1 a leith\u00e9id a fheice\u00e1il, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11987","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11987","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11987"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11987\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11988,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11987\/revisions\/11988"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11987"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11987"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11987"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}