{"id":12001,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12001"},"modified":"2024-04-08T01:09:02","modified_gmt":"2024-04-08T01:09:02","slug":"an-eaglais-inne-inniu-agus-amarach","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/an-eaglais-inne-inniu-agus-amarach\/","title":{"rendered":"An Eaglais inn\u00e9, inniu agus am\u00e1rach."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">M\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\">Faoi  Chuing  na  hEaglaise<\/h3><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h3 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbh\u00eds\u00ed eaglasta, i dtriochaid\u00ed<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> na haoise seo caite, glacadh leis ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhf\u00f3d in \u00e9ineacht leat, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id. \u00d3 cinnte, bheadh an corrsheanduine fanta sa bhaile, de bharr tinnis n\u00f3 a leith\u00e9id, agus bheadh ar dhuine as chuile theach, b\u2019fh\u00e9idir, agus ar a sheal, fanacht sa mbaile freisin, le haire a thabhairt do na ruda\u00ed beaga, ach thairis sin, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 cnaipe a chur le duine ar bith, go mbeadh an chuid eile den daonra i l\u00e1thair sa tS\u00e9ip\u00e9al do na seirbh\u00eds\u00ed c\u00e9anna sin.  Ba \u00e9 c\u00fais <\/span><span style=\"font-size:12pt\">a bh\u00ed le sin n\u00f3 go raibh chuile dhuine acu gafa faoi chuing na hEaglaise, agus \u00e9 umhal d\u00e1 rialacha. D\u00e1 bharr sin, bh\u00edodh chuile sh\u00e9ip\u00e9al acu ag cur thar maoil, chuile bhabhta, agus minic go leor d\u2019fheicfe\u00e1 scuaine fi\u00fa, taobh amuigh den doras, toisc, de ghn\u00e1th, nach raibh sp\u00e1s d\u00f3ibh ar an dtaobh eile den doras c\u00e9anna sin.<\/span><\/h3><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019imigh sin, \u00e1fach<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019imigh sin \u00e1fach, is th\u00e1inig seo, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is beag an baol at\u00e1 ann go mbeadh s\u00e9ip\u00e9al ar bith acu sin ag cur thar maoil, n\u00f3 m\u00f3r\u00e1n thar leath-l\u00e1n fh\u00e9in fi\u00fa.  Is cuimhin liom fh\u00e9in, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 go Cill Chainnigh den ch\u00e9ad uair, i l\u00e1r na seascaid\u00ed, bh\u00edodh na s\u00e9ip\u00e9il l\u00e1n go sc\u00f3ig ag na hAifrinnt\u00ed, chuile Dhomhnach. Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is annamh a d\u2019fheicfe\u00e1 a leith\u00e9id, taobh amuigh de na F\u00e9ilte m\u00f3ra Eaglasta, cos\u00fail leis an gC\u00e1isc agus an Nollaig. N\u00edlim ag r\u00e1 anois go bhfuil titim uaf\u00e1sach tagtha ar l\u00edon na ndaoine a th\u00e9ann ar Aifreann chuile Dhomhnach anseo sa Chathair s\u2019againne, mar nil, agus t\u00e1 aithne agam ar bhailte m\u00f3ra, th\u00edos faoin t\u00edr, agus t\u00e1 an sc\u00e9al i bhfad \u00c9ireann n\u00edos measa iontusan, \u00f3 thaobh freastal ar Aifrinnt\u00ed. N\u00edl f\u00fam baile m\u00f3r ar bith acusan a lua anseo, ach t\u00e1 cuid de na bailte sin i gcuid den t\u00edr, ina mbeife\u00e1 ag s\u00fail lena mhalairt uathu.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Meath  mall<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a tharla in aon chor, m\u00e1 sea? n\u00f3 c\u00e9ard ba ch\u00fais leis an dtitim tubaisteach sin i bhfreastal ar Aifreann sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann? Is d\u00f3cha nach bhfuil freagra cruinn ag duine ar bith ar an gceist ch\u00e9anna sin, ach nach f\u00e9idir linn uilig, buille faoi thuairim a thabhairt? <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed f\u00e1s, n\u00f3 meath, aon o\u00edche at\u00e1 i gceist anseo.  N\u00ed hea, mh\u2019anam, ach cos\u00fail le meirg, is amhlaidh a thosaigh s\u00e9, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, agus d\u2019fh\u00e1s go mall r\u00e9idh, sa chaoi gur th\u00e1inig s\u00e9 aniar aduaidh orainn uilig, n\u00f3 bh\u00edomar ag ceapadh go n-athr\u00f3dh c\u00farsa\u00ed, agus go dtos\u00f3dh daoine ag filleadh ar na s\u00e9ip\u00e9il ar\u00eds, ach t\u00e1 fait\u00edos orm go mba \u201cSh\u00fail U\u00ed Dhubhda le hArd na R\u00ed\u201d againn \u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed f\u00f3rsa\u00ed ollmh\u00f3ra ag obair in\u00e1r measc, mar phobail, faoin am sin, f\u00f3rsa\u00ed cos\u00fail le teilif\u00eds, raidi\u00f3, nuacht\u00e1in, agus iris\u00ed, cumars\u00e1id ar an toirt, mar a d\u00e9arf\u00e1, rud a d\u2019fh\u00e1g gurbh iad na guthanna ba chall\u00e1na\u00ed, agus ba bhagra\u00ed, a chuaigh i gcionn ar an slua, agus go hiond\u00fail, ba dhaoine iad sin freisin, a raibh greim docht daingean acu ar na modhanna nua-aoiseacha cumars\u00e1ide. N\u00edor leor a r\u00e1 le daoine feasta, go raibh daoine oilte, l\u00e9annta, naofa, cos\u00fail le Tom\u00e1s Aquinas, n\u00f3 Albertus Magnus, n\u00f3 Aibhist\u00edn, n\u00f3 Treasa Naofa fi\u00fa, den tuairim, go raibh bealach cinnte sl\u00e1naithe le f\u00e1il san Eaglais s\u2019againne. Sea, ach d\u00e9arfaid\u00eds leat, n\u00e1r aontaigh an l\u00e1ithreoir teilif\u00edse seo, n\u00f3 an          t-iriseoir \u00fad, leis an gcine\u00e1l sin r\u00e9as\u00fana\u00edochta. Diaidh ar ndiaidh, tharla gur laga\u00edodh \u00fadar\u00e1s m\u00fainte na hEaglaise, agus de r\u00e9ir mar a fuair chuile dhuine sl\u00e1im\u00edn eic\u00ednt den oideachas, th\u00e1inig daoine den tuairim, go raibh n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 b\u00f3ithr\u00edn amh\u00e1in go D\u00fan an R\u00ed. Bh\u00ed f\u00f3rsa eile ag dul i gcionn ar an bpobal freisin, agus b\u2019in an spar\u00e1n teann, n\u00f3 nuair a bhreathna\u00edonn t\u00fa air, tabharfaidh t\u00fa faoi deara, go maola\u00edtear ar chleachtadh an chreidimh, de r\u00e9ir mar a mh\u00e9ada\u00edtear ar fh\u00e1ltas na muintire.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Athshoisc\u00e9al\u00fa<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00ed haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain d\u00e9anta. Tharla a leith\u00e9id. N\u00ed f\u00e9idir linn c\u00fal a chur ar na blianta. T\u00e1 muid mar a bhfuil muid, faoi l\u00e1thair, agus n\u00edl le d\u00e9anamh againn feasta, ach \u00e1r mbealach a dh\u00e9anamh, fan bh\u00f3ithr\u00edn an Oilithrigh. Ach an m\u00e9id sin r\u00e1ite agam, is f\u00e9idir a r\u00e1 freisin, go bhfuil na m\u00edlte is na m\u00edlte Oilithreach amuigh ansin, agus gan uathu ach gaoth an fhocail, le filleadh ar chleachtadh a gcreidimh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Bhreathnaigh na caoirigh ocracha suas<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Ach n\u00edor beatha\u00edodh iad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, ach c\u00e9ard is f\u00e9idir a dh\u00e9anamh leis an dtr\u00e9ad sin a mhealladh ar ais?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, is \u00e9 an ch\u00e9ad rud at\u00e1 le d\u00e9anamh againn n\u00f3 breathn\u00fa ar na daoine at\u00e1 ag freastal ar na hAifrinnt\u00ed, faoi l\u00e1thair, agus chuile iarracht a dh\u00e9anamh, a fh\u00e1il amach, c\u00e9ard \u00e9 go d\u00edreach a mheallann chun na hEaglaise iad, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">An  Ch\u00e9ad  Ch\u00e9im<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1 mbeinnse fh\u00e9in im Shagart Pobail anois, dh\u00e9anfainn mar a rinne an tAthair \u00d3 Conaola linne, blianta fada \u00f3 shoin, ag Misean i bPar\u00f3iste na Cille M\u00f3ire, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, agus b\u2019in chuile bheart a dh\u00e9antar le linn an Aifrinn a mh\u00edni\u00fa don phobal, agus chomh maith le sin, a chur i dtuiscint d\u00f3ibh, c\u00e9ard ba cheart d\u00f3ibhsean a dh\u00e9anamh, le tairbhe ioml\u00e1n a bhaint as ceili\u00faradh an Aifrinn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An dara rud a dh\u00e9anfainn n\u00f3, uimhir \u00e1irithe iomainn a chur \u00e1 gcanadh, le linn an Aifrinn. N\u00ed roghn\u00f3inn ach tr\u00ed, n\u00f3 ceithre cinn, agus bhainfinn \u00fas\u00e1id as na hiomainn ch\u00e9anna sin, chuile bhabhta, ar feadh bliana, n\u00f3 mar sin. Bheadh iomann \u00e1irithe againn \u00e1 chanadh agus an sagart ar a bhealach chun na halt\u00f3ra. Dh\u00e9anfadh v\u00e9arsa n\u00f3 dh\u00f3 c\u00fais. ansin, bheadh iomann eile againn i ndiaidh an Choisricthe, ag f\u00e1ilti\u00fa roimh an Tiarna in \u00e1r measc, agus bheadh ceann eile againn, a chanfa\u00ed agus an sagart ar a bhealach chun an \u00e9ardaimh, i ndiaidh an Aifrinn. Taobh amuigh de sin, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed iomann eile a chanadh le linn na Comaoineach, n\u00f3 fi\u00fa, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed ceol oiri\u00fanach a sheinm, in \u00e1it iomainn, ag an am sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed d\u00f3igh liom, go gcabhra\u00edonn s\u00e9 le h\u00e9inne, r\u00e1s a dh\u00e9anamh den cheili\u00faradh, ach oiread, n\u00f3 thuigfeadh an pobal \u00f3na leith\u00e9id, n\u00e1r r\u00f3-dh\u00e1ir\u00edreach an ceili\u00faradh a bh\u00ed ar si\u00fal agam, agus chaillfinn cuid acu d\u00e1 bharr, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Obair i gcomhar<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus sa tr\u00ed\u00fa h\u00e1it, chuirfinn an pobal i mbun gn\u00edmh, chuile Dhomhnach. Dh\u00e9anfadh cuid acu f\u00e1ilte a chur roimh an bpobal, bhaileodh cuid eile acu na baili\u00fach\u00e1in, l\u00e9ifeadh na l\u00e9itheoir\u00ed na ceachtanna, agus thabharfadh Ministr\u00ed na hEochairiste an Chomaoineach don phobal, agus chuirfeadh daoine eile ceann ar phaidreacha an phobail, sea, agus ghlacfadh siadsan uilig p\u00e1irt sa mh\u00f3rshi\u00fal chun na hAlt\u00f3ra, agus chaithfid\u00eds \u00e9ide faoi leith, sa chaoi go mbeadh a fhios ag cuile dhuine c\u00e9n gn\u00f3 a bh\u00ed le d\u00e9anamh acu le linn an cheili\u00fartha, agus  nach teasp\u00e1ntas faisin a bh\u00ed ar si\u00fal acu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus le cr\u00edoch a chur leis an mbeartas seo, dh\u00e9anfainn rud amh\u00e1in eile, agus sin cuairt a thabhairt ar chuile theach sa phar\u00e1iste, ar a sheal, ach chomh minic is a d\u2019fh\u00e9adfainn, ar mhisean soisc\u00e9alaithe.  D\u2019fh\u00e1gfainn c\u00farsa\u00ed airgid faoi ghr\u00fapa faoi leith, agus mar an gc\u00e9anna le t\u00f3g\u00e1il, le hathnuachan, agus le maisi\u00fa s\u00e9ip\u00e9il agus scoileanna, n\u00f3 is graith\u00ed iad sin don phobal fr\u00ed ch\u00e9ile, mar nach leosan an par\u00e1iste? agus n\u00ed bheadh ionnamsa ach seirbh\u00edseach, le buanna agus beannachta\u00ed na hEaglaise a bhronnadh agus a dh\u00e1ileadh orthu. Sa tsl\u00ed sin, bheinn ag s\u00fail go dtiocfadh m\u00e9ad\u00fa ar ghr\u00e1sta D\u00e9 i measc an phobail, agus d\u00e1 dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id, n\u00edl dabht ar domhan ach go dtiocfadh f\u00e1s agus bisi\u00fa ar phobal an phar\u00e1iste freisin.  Fianna\u00edocht, n\u00f3 Fianaise? Cur i gc\u00e9ill, n\u00f3 cro\u00ed na d\u00e1ir\u00edreachta? Caithfimid rogha a dh\u00e9anamh feasta, n\u00f3 t\u00e1 an iomarca daoine s\u00e1sta fanacht ar an gcla\u00ed, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. F\u00fatsa at\u00e1 s\u00e9 feasta a Chr\u00edosta\u00ed&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230; <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. M\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu . Faoi Chuing na hEaglaise . Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbh\u00eds\u00ed eaglasta, i dtriochaid\u00ed na haoise seo caite, glacadh leis ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhf\u00f3d in \u00e9ineacht leat, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id. \u00d3 cinnte, bheadh an corrsheanduine [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12001","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12001","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12001"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12001\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12002,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12001\/revisions\/12002"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12001"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12001"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12001"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}