{"id":12029,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12029"},"modified":"2024-04-08T01:06:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:28","slug":"an-rod-seo-romhainn","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/an-rod-seo-romhainn\/","title":{"rendered":"An Rod seo Romhainn."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">            A n    R \u00f3 d     S e o     R o m h a i n n &#8230;&#8230; 2003 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">                             (Scr\u00edobhadh an p\u00edosa seo, O\u00edche Chinn Bliana 2002)<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Beannachta\u00ed na hAthbhliana.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">T\u00e1 an bhliain n\u00e1id a d\u00f3 anois s\u00ednte,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Go tr\u00e9ithlag faoi chiach is faoi chr\u00e1,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is gan s\u00fail go dtiocfaidh s\u00ed sl\u00e1n<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u00d3 ghalair an ama is an bh\u00e1is,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is t\u00e1imse ag fanacht le fonn<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar uair an mhe\u00e1no\u00edche, gan chiach,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nuair a dhi\u00fagfaidh m\u00e9 gloine go bun,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ag f\u00e1iltiu roimh bhliain n\u00e1id a tr\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 cos i bpoll curtha againn leis an tseanbhliain, le 2002, agus tr\u00edd is tr\u00edd, bh\u00ed daoine den tuairim, n\u00e1r den togha \u00ed mar bhliain.  I dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, thosaigh c\u00farsa\u00ed ag dul le sruth orainn.  Anuas go dt\u00ed an pointe sin, bh\u00ed chuile sh\u00f3rt mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fh\u00e9in \u00e9 a bheith.  Bh\u00ed an T\u00edogar bocht Ceilteach ag t\u00e1l, gan stad, gan sos, gan staonadh, orainn, agus bh\u00ed ag \u00e9ir\u00ed thar cionn leis an gComhrialtas a bh\u00ed i gcumhacht againn. \u00d3, sea, agus tuigeadh d\u00fainn freisin, go raibh ag \u00e9ir\u00ed leis an Eaglais Chaitliceach tos\u00fa ar\u00eds, tar \u00e9is a raibh d\u2019anr\u00f3, agus de ch\u00e9asadh, fulaingthe aice, tr\u00ed mh\u00ed-iompar roinnt \u00e1irithe d\u00e1 ministr\u00ed.  Bh\u00edomar ag ceapadh, go mb\u2019fh\u00e9idir go suaimhneodh c\u00farsa\u00ed tuilleadh, agus go mbeadh ar \u00e1r gcumas, creideamh, trust, agus muin\u00edn, a at\u00f3g\u00e1il in\u00e1r measc ar\u00eds, go r\u00e9idh, mall, c\u00faramach.  N\u00ed mar sin a tharla \u00e1fach, n\u00f3 in \u00e1it a bheith r\u00e9idh leis na c\u00farsa\u00ed sin, is amhlaidh a ligeadh tuilleadh cat as an m\u00e1la, sa chaoi go mbeidh tamall eile f\u00f3s le caitheamh againn ag taisteal sa d\u00edthreabh, sul m\u00e1 \u00e9ir\u00edonn linn T\u00edr Tairngire a bhaint amach ar\u00eds.  Ach nach \u2018in an saol agat, a mhiceo?     <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh muid gan \u00e1r sc\u00e9alta m\u00f3ra sp\u00f3irt i rith na bliana, 2002, \u00e1fach.  D\u2019\u00e9irigh thar cionn len\u00e1r ngalfair\u00ed ar ard\u00e1n an domhain, go h\u00e1irithe, \u00d3 hArracht\u00e1in, an fear a fuair an l\u00e1mh in uachtar ar churadh an domhain fh\u00e9in, Tiger Woods, agus ar \u00e9irigh leis an milli\u00fan a bhuachan thall i Meirice\u00e1, d\u00edreach an m\u00e9id a bhuaigh an T\u00edogar fh\u00e9in anseo, i Mount Juliet s\u2019againne, i rith na bliana c\u00e9anna sin, 2002.  N\u00ed call dom a r\u00e1 anseo, ach oiread, go raibh an-bhliain go deo ag iom\u00e1naithe Chill Chainnigh, n\u00f3 n\u00edl s\u00e9 \u00e9asca, n\u00f3 fuirist, na laethe seo, Craobh na h\u00c9ireann a bhuachan sa chluiche ch\u00e9anna sin!  Ach ba iad lucht sacair a sciob na ceannl\u00ednte sp\u00f3irt chucu fh\u00e9in, i rith na bliana seo caite.  Nach orainn uilig a bh\u00ed an br\u00f3d, agus an t-\u00e1thas, nuair a d\u2019\u00e9irigh le foireann na h\u00c9ireann sa Sacar, f\u00e1il isteach i gCom\u00f3rtas Chorn an Domhain, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach nach rabhthas ag s\u00fail go nd\u00e9anfadh siad ainm d\u00f3ibh fh\u00e9in sa Chom\u00f3rtas gradamach c\u00e9anna sin.  Bh\u00ed foireann mhaith acu, agus nach raibh ceann de na himreoir\u00ed ab fhearr ar domhan againn i Roy Keane, Nach raibh an seans ansin, go bhf\u00e9adfaid\u00eds an beart a dh\u00e9anamh amuigh ansin sa tSeap\u00e1in agus sa Ch\u00f3ir\u00e9.  Bh\u00ed go maith is n\u00ed raibh go holc!  Chuaigh siad amach ansin, tamall roimh r\u00e9, sa chaoi go dtiocfadh siad isteach ar aimsir na dt\u00edortha sin, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 te go maith iontu, an tr\u00e1th sin bliana.  Bhuel, bh\u00ed chuile sh\u00f3rt ag dul go bre\u00e1, agus ansin, go tobann, d\u2019\u00e9irigh idir an mBainisteoir, An C\u00e1rrthach, agus an Cath\u00e1nach.  Ba ghearr go raibh craiceann agus cleit\u00ed \u00e1 gcur san aer, agus ba \u00e9 deireadh na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur thug an Bainisteoir bata agus b\u00f3thar do Roy s\u2019againne, agus b\u2019in sin.  N\u00e1 s\u00edl anois n\u00e1r dhein \u00e1r n-imreoir\u00ed a m\u00edle dh\u00edcheall, ina dhiaidh sin, n\u00f3 dhein, agus chruthaigh siad go hiontach maith, nuair a chuireann t\u00fa chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, ach ar deireadh thiar thall, n\u00edor \u00e9irigh leo an Corn gradamach Domhanda sin a tharl\u00fa leo abhaile go h\u00c9irinn.  Ach sin sc\u00e9al eile ar fad, do leabhar m\u00f3r toirti\u00fail eile!  agus t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeidh tuilleadh le l\u00e9amh agat sna nuacht\u00e1in n\u00e1isi\u00fanta faoi, go ceann i bhfad f\u00f3s!  Chruthaigh Sonia O Sullivan go maith freisin, agus choinnigh s\u00ed ainm na h\u00c9ireann, agus a hainm fh\u00e9in, i mb\u00e9al an phobail, i rith na bliana sin, 2002, freisin.                                                                                           <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed daoine ann freisin, a cheap go raibh muid gar do bheith r\u00e9idh le sc\u00e9alta uaf\u00e1is na mBins\u00ed Fiosraithe.  Ansin, th\u00e1inig an bhliain 2002, agus ba ghearr gur tuigeadh d\u00fainn, go raibh breall orainn, mar d\u00edreach nuair a tuigeadh d\u00fainn go raibh t\u00f3in pholl t\u00ed liab\u00e1in sroichte againn, i gc\u00farsa\u00ed scannal agus eile, l\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn, nach raibh muid i ngar fi\u00fa, don ghrinneall f\u00f3s.  L\u00e9ir\u00edodh sna Bins\u00ed Fiosraithe, go raibh tuilleadh l\u00edomhaint\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh in aghaidh \u00e1r lucht polait\u00edochta.  Bh\u00ed daoine \u00e1irithe \u00e1 r\u00e1 freisin, go raibh ceisteanna le freagairt ag baill \u00e1irithe den Gharda S\u00edoch\u00e1na.  Le f\u00edrinne, t\u00e1 an oireadh sin fiosraithe \u00e1 nd\u00e9anamh, i l\u00e1thair na huaire seo, agus tuilleadh geallta! go gceapfadh duine, nach mbeidh ar \u00e1r gcumas teacht ar an bhf\u00edrinne uilig cho\u00edche, agus go bhfuil pointe \u00e1irithe ag teacht, nuair a bheidh orainn, mar phobal, l\u00edne a tharraingt faoi na Bins\u00ed Fiosraithe, agus na leabhair uilig a dh\u00fanadh,  ionas go bhf\u00e9adfaimis tos\u00fa ar\u00eds, agus \u00e1r nd\u00edcheall a dh\u00e9anamh an babhta seo, na gaist\u00ed m\u00edmhor\u00e1lta a bhain leagan as daoine go nuige seo, a sheachaint feasta.  N\u00f3 mar ad\u00faradh sa taifeadadh \u00fad, a deineadh ar ghuth an ph\u00e1iste \u00c1thCliathach sin fad\u00f3, nuair a bh\u00edomar uilig i bhfad \u00c9ireann n\u00edos saonta n\u00e1 mar at\u00e1 muid anois&#8230;nuair ad\u00fairt s\u00ed&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>&#8230;&#8230;Give up yer oul sins&#8230;<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed sin olc go leor, ach ar na mallaibh, leath an sc\u00e9al ina loscadh sl\u00e9ibhe i measc daoine, go raibh comhartha\u00ed b\u00e1is agus buan\u00e9aga ag teacht ar \u00e1r dT\u00edogar bocht Ceilteach.  Sea, mh\u2019anam, agus go raibh a chaisc\u00edn meilte, an cr\u00e9at\u00far! Geall\u00faint\u00ed toghch\u00e1na\u00edochta a thacht an gada\u00ed, adeirtear!  N\u00edl dabht ar domhan ach go moth\u00f3imid uainn an T\u00edogar bocht c\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00e1rbh \u00e9 a th\u00e1l go fial flaithi\u00fail ar \u00e1r muintir, le roinnt mhaith blianta anois.  N\u00e1rbh \u00e9 a d\u2019fh\u00e1g bun\u00fas th\u00edortha an domhain in \u00e9ad linne anseo i gCr\u00edoch Fodla, as an bhail bhre\u00e1 sl\u00e1inti\u00fail a bh\u00ed ar eacnama\u00edocht \u00e1r dt\u00edre.  N\u00e1 caillimis d\u00f3chas \u00e1fach, n\u00f3 p\u00e9 rud a dheineamar san am at\u00e1 thart, beidh ar \u00e1r gcumas \u00e9 a dh\u00e9anamh ar\u00eds, agus ina leitheid de ch\u00e1s, fillfidh an T\u00edogar fial sin orainn an athuair, m\u00e1 oibr\u00edonn muid chuige, mar phobal. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00farsa\u00ed aimsire de!  \u00d3ra fuist!  N\u00f3 a leith\u00e9id de bhliain n\u00ed raibh againn le fada anois.  Nach cuimhin libh uilig an Samhradh nach raibh againn anuraidh?  In \u00e1it an tSamhraidh ch\u00e9anna sin, ba \u00e9 a bh\u00ed againn n\u00f3 b\u00e1isteach agus stroirmeacha, ceo agus sm\u00fait.  Sea, ba bheag fiach a raibh a theanga bheag amuigh aige leis an dteas, i rith an tsamhraidh seo caite, geallaimse dhuit \u00e9!  \u00d3, admha\u00edm go raibh Samhradh beag na nG\u00e9anna againn, i M\u00ed Dheireadh F\u00f3mhair, agus c\u00e9 go mba mhaith ann \u00e9, d\u00e9arfadh duine, go raibh s\u00e9 tuillte, agus tuillte go maith, againn!   Agus c\u00e9ard faoi Mh\u00ed na Nollag fh\u00e9in?  N\u00e1rbh \u00e9 breith na saineolaithe \u00e9, gurbh \u00ed an mh\u00ed ba fhliche riamh \u00ed, agus n\u00ed beag n\u00e1 suarach an focal \u00e9 sin.  Sea,  chomh fada is a bhaineann s\u00e9 le c\u00farsa\u00ed aimsire, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go mbeidh s\u00e9 deacair fear n\u00f3 bean a fh\u00e1il a chaoinfeadh an bhliain 2002.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhom anseo dul siar ar na sc\u00e9alta sin anois, n\u00f3 nach cuimhin le chuile dhuine agaibh iad, agus fi\u00fa m\u00e1 bh\u00ed dearmad d\u00e9anta agaibh ar na huaf\u00e1is sin uilig, n\u00e1r dhein na Me\u00e1in Chumars\u00e1ide a m\u00edle dh\u00edcheall len iad a chur ar bhur s\u00faile daoibh ar\u00eds iad.  Bhuel, n\u00ed haon mhaith bheith ag dul siar ar\u00eds ar na c\u00farsa\u00ed sin anois, san aiste seo, agus muid ar thairseach na bliana \u00faire, mar c\u00e9 gur ch\u00f3ir d\u00fainn s\u00fail a chaitheamh siar, thar an bhliain at\u00e1 imithe uainn, isteach i muilleann an ama, agus n\u00e1r dhein m\u00e9 sin daoibh an tseachtain seo caite, nuair a bh\u00ed O\u00edche Chinn Bliana idir cham\u00e1in agam.  Anois an t-am le s\u00fail a chaitheamh romhainn, f\u00e9achaint c\u00e9ard t\u00e1 os \u00e1r gcomhair amach, agus c\u00e9ard t\u00e1 beartaithe againn fh\u00e9in a dh\u00e9anamh, i rith na bliana seo chugainn.  Sin iad na r\u00fain athbhliana, a bh\u00edonn i mb\u00e9al gach \u00e9inne, thart ar an am seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00e1ilt\u00edmis uilig roimh an bhun\u00f3c at\u00e1 anois \u00e1 bogadh i gcliabh\u00e1n an ama, agus gan m\u00f3r\u00e1n deanta aice f\u00f3s.  Sea, agus gu\u00edmis fad saoil uirthi, agus Brat Mhuire \u00e1 cosaint \u00f3 L\u00e1 Coille go hO\u00edche Chinn Bliana.  S\u00edoch\u00e1in, s\u00e1stacht, sonas, agus s\u00e9an, go raibh ag chuile dhuine de chlann \u00c9abha a mhaireann ar thalamh na cruinne seo anocht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed bheatha\u00edonn na briathra na br\u00e1ithre \u00e1fach, agus c\u00e9 gur bhre\u00e1 linn uilig an dea-fhocal, ag an am gc\u00e9anna, sa ch\u00e1s seo, t\u00e1 fhios againn, nach mar sin go d\u00edreach a tharl\u00f3idh ar an saol anr\u00f3iteach seo, i rith na bliana seo 2003, at\u00e1 d\u00edreach ag leathadh a leabhair os \u00e1r gcomhair amach anois. Is beag duine beo, a bhfuil aon choinnl\u00edocht ann, nach bhfuil ag ceapadh, go bhfuil baol cogaidh ag bagairt orainn uilig, sul m\u00e1 th\u00e9ann an bhliain seo anonn sna m\u00edonna.  T\u00e1 s\u00faile an chine dhaonna d\u00edrithe anois ar an Iar\u00e1ic, agus ar an t\u00e9 at\u00e1 i gceannas ar phobail na t\u00edre m\u00ed\u00e1mhara\u00ed sin.  T\u00e1 Meirice\u00e1, -George Bush ach go h\u00e1irithe, &#8211; den tuairim, go bhfuil airm ilscriosacha st\u00f3r\u00e1ilte ag Sadam Hussein, rialt\u00f3ir na t\u00edre sin, agus tuigtear d\u00f3ibh, gur bhaol d\u00e1 th\u00edr fh\u00e9in, agus do th\u00edortha eile, na hairm ilscriosacha c\u00e9anna sin.  T\u00e1 an saol ag coinne\u00e1il a  n-an\u00e1la, f\u00e9achaint c\u00e9ard a tharl\u00f3idh sna laethe, agus sna seachtain\u00ed at\u00e1 romhainn amach.  N\u00e1r lige Dia m\u00f3r na Gl\u00f3ire d\u00f3ibh cogadh f\u00edochmhar d\u00e1 leith\u00e9id a thos\u00fa, n\u00f3 c\u00e9 go bhfuil s\u00e9 \u00e9asca go maith cogadh a thos\u00fa, n\u00edl s\u00e9 chomh h\u00e9asca sin a r\u00e1 cathain a chr\u00edochn\u00f3dh s\u00e9, n\u00f3 d\u00e1 dtos\u00f3dh an cogadh sin, ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 a fhios, cad iad na f\u00f3rsa\u00ed a ligfeadh scli\u00fachas d\u00e1 leith\u00e9id saor i measc daoine.  Dia idir sinn agus an anachain!  Agus leis an sc\u00e9al sin a dh\u00e9anamh n\u00edos measa, nach bhfuil an Ch\u00f3ir\u00e9 Thuaidh ag cur na cosa uaithe freisin, agus \u00ed ag bagairt go raghadh s\u00ed a bealach fh\u00e9in, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 le cumhacht n\u00faicl\u00e9ach a ghini\u00faint agus a fhorbairt.  N\u00ed bheadh sin chomh holc sin, ach amh\u00e1in go bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil ar chumas na t\u00edre sin, buama\u00ed eithneacha a chur i dtoll a ch\u00e9ile, taobh istigh de roinnt m\u00edonna.  \u00d3, bhuel!  B\u2019fh\u00e9idir le Dia go mbeifear \u00e1balta an tine sin a choigilt, sul m\u00e1 s\u00e9idtear an sop sin tuilleadh eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin agat anois dualgas tr\u00e1th seo na bliana coimhl\u00edonta agam, s\u00e9 sin, s\u00fail caite siar againn ar an mb\u00f3thar a thaisteal muid i 2002, agus muid ag iarraidh freisin, an ts\u00fail eile a chaitheamh, ar an \u2018r\u00f3d seo romhainn\u2019.   Agus sin d\u00e9anta, n\u00edl ach rud amh\u00e1in eile le d\u00e9anamh agam, agus sin tagairt a dh\u00e9anamh do r\u00fain athbhliana.  N\u00e1r mh\u00f3r go deo an sc\u00e9al iad tr\u00e1th raibh mise i mo ghas\u00far?  Chuile dhuine a chasfadh ort thart ar L\u00e1 Coille, d\u2019fhiafr\u00f3dh s\u00e9 d\u00edot, c\u00e9ard a bh\u00ed beartaithe agat a dh\u00e9anamh don bhliain nua?  D\u00e9anta na f\u00edrinne, ba \u00e9 a bh\u00edodh i gceist ag a mbun\u00fas, n\u00f3 c\u00e9ard a bh\u00ed beartaithe agat gan a dh\u00e9anamh, i rith na hathbhliana. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"> <strong>\u201cWhat are yeh givin\u2019 up for the new year?\u201d<\/strong> <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh a fhreagra fh\u00e9in ag chuile dhuine ar an gceist sin.  Fear amh\u00e1in, agus ba \u00e9 a bheadh beartaithe aigesean n\u00f3 \u00e9ir\u00ed as an dtobac, s\u00e9 sin, as an bp\u00edopa, n\u00f3 as na toit\u00edn\u00ed, mar ba bheag duine sa phobal s\u2019againne, a raibh t\u00f3ir ar bith aige ar thod\u00f3ga, an tr\u00e1th \u00fad!   Fear eile, ba \u00e9 a bheadh socraithe aigesean n\u00f3 go n-\u00e9ireodh s\u00e9 as milse\u00e1in, agus a leith\u00e9id, n\u00f3 bh\u00ed an docht\u00fair tar \u00e9is sin a mholadh d\u00f3, ar mhaithe lena shl\u00e1inte.  Fear eile f\u00f3s, agus bheadh seisean me\u00e1ite ar \u00e9ir\u00ed n\u00edos moiche ar maidin, agus obair n\u00edos crua, san athbhliain, agus f\u00e9ach, nach bhfaighfe\u00e1 duine eile ar\u00eds, agus gan ag teacht idir chodladh na ho\u00edche agus \u00e9, ach an saol a ghlacadh go bre\u00e1, bog, feasta.  Bhuel, b\u2019in mar a bh\u00edodh, chuile dhuine agus a r\u00fan, n\u00f3 a r\u00fain fh\u00e9in, aige, agus ba l\u00e9ir don saol m\u00f3r, n\u00e1r lia duine na r\u00fan.  Ach c\u00e9ard f\u00fainne fh\u00e9in?  C\u00e9ard t\u00e1 beartaithe againne a dh\u00e9anamh, n\u00f3 gan a dh\u00e9anamh, san athbhliain?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Diabhal m\u00f3r\u00e1n beartaithe agam fh\u00e9in.  Ach t\u00e1 socraithe agam, leanacht liom ag scr\u00edobh, chomh maith agus is f\u00e9idir liom.  D\u00e9anfaidh m\u00e9 iarracht ar \u00e1bhar sp\u00e9isi\u00fail a leagan os bhur gcomhair, anseo i mB\u00e9al an Phobail, \u00f3 sheachtain go seachtain, agus \u00f3 tharla go mbeidh an Col\u00fan seo, \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d, ceithre bliana is fiche d\u2019aois, am eic\u00ednt i rith na bliana seo, b\u00ed cinnte, nach bhfuil m\u00e9 me\u00e1ite ar \u00e9ir\u00ed as, go foill beag, ar aon n\u00f3s!!  Agus \u00f3 tharla gur mar sin at\u00e1, c\u00e9ard f\u00fatsa?   B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r mhiste dom a mholadh duitse, r\u00fan athbhliana a dh\u00e9anamh an Col\u00fan c\u00e9anna seo a l\u00e9amh go rialta, chuile sheachtain, feasta!!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar uair an mhe\u00e1no\u00edche anocht,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Raghaimid thar an gceis \u00fad anonn,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Go msini\u00fail, d\u00e1na, gan bhuairt,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is si\u00falfaidh go cr\u00f3ga, le fonn,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Thar thairseach na bliana seo nua,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">L\u00e1n d\u00f3chais, is creidimh, is br\u00ed,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Mar scalann d\u00fainn solas go gl\u00e9,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">D\u2019\u00e1r mealladh chun b\u00f3thair is sl\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> B\u2019fh\u00e9idir gur leor sin don bhabhta seo, agus mar sin, n\u00edl le d\u00e9anamh agamsa, ach an tseanghu\u00ed ch\u00e9anna a ghui oraibh ar\u00eds i mbliana<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>                                  Go mbeirimid beo ar an am seo ar\u00eds!<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. . A n R \u00f3 d S e o R o m h a i n n &#8230;&#8230; 2003 . ************************* (Scr\u00edobhadh an p\u00edosa seo, O\u00edche Chinn Bliana 2002) &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;. *************************** . Beannachta\u00ed na hAthbhliana. . T\u00e1 an bhliain n\u00e1id a d\u00f3 anois s\u00ednte, Go tr\u00e9ithlag faoi chiach is faoi chr\u00e1, Is gan s\u00fail [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12029","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12029","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12029"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12029\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12030,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12029\/revisions\/12030"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12029"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12029"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12029"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}