{"id":12043,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12043"},"modified":"2024-04-08T01:28:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:28:00","slug":"an-tathair-albert-bibby","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/an-tathair-albert-bibby\/","title":{"rendered":"An tAthair Albert Bibby"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Diagacht<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, Theology;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cosmhuintir<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the ordinary people;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cill\u00edn<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, cell;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">rois pil\u00e9ar<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a volley of shots;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ar a gcoime\u00e1d<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, on the \u201crun\u201d;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">athadhlacadh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, reinterment;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ciapadh agus c\u00e9asadh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, torture and torment. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\">An tAthair Albert<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Early Days<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Rugadh an tAthair Bibby i Muine Bheag, sa bhliain 1877, ach ba i gCathair Chill Chainnigh a t\u00f3gadh \u00e9, c\u00f3ngarach do Mhainistir na gCaipis\u00edneach, sa chathair sin, agus ba ansin a dh\u00e9anadh s\u00e9 Aifreann a \u00e9isteacht go rialta. Cuireadh scola\u00edocht air i Scoil na mBr\u00e1ithre, sa Chathair \u00c1lainn, agus ar ball, chuaigh s\u00e9 le sagartacht go Col\u00e1iste na gCaipis\u00edneach, i mBaile an R\u00f3istigh, Contae Chorca\u00ed, \u00e1it ar glacadh leis mar bhall den Ord sin, sa bhliain 1894. Oirn\u00edodh ina shagart \u00e9 sa bhliain 1902, tar \u00e9is d\u00f3 c\u00e1il a<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> bhaint amach d\u00f3 fh\u00e9in mar mhac l\u00e9inn Ollscoile. Chaith s\u00e9 seal ina Ollamh le Feals\u00fanacht, agus le Diagacht, agus mh\u00fain s\u00e9 na h\u00c1bhair Naofa sin do baill a Oird fh\u00e9in. I rith an ama sin, casadh scol\u00e1ire \u00f3g leis, An tAthair Doimnic, fear a d\u2019fhan ina chara buan, agus ina chomr\u00e1da\u00ed d\u00edlis, ag an Athair Albert, i rith na mblianta cinni\u00fanacha sin idir 1917 agus 1925.  Ba shagart i measc sagart \u00e9 an tAthair Albert, fear a chaith a dh\u00fathracht i measc na mbocht, agus \u00e9 ag iarraidh chuile ch\u00fanamh a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9, a <\/span><span style=\"font-size:12pt\">thabhairt d\u00f3ibh. Bh\u00ed meas an domhain aige ar an nGaeilge, agus ba bhre\u00e1 leis cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht, le cainteoir\u00ed \u00f3 dh\u00fachas a chlos ag spalpadh na teanga ab ansa leis. Choinnigh s\u00e9 s\u00fail gh\u00e9ar ar \u00c9ir\u00ed Amach na C\u00e1sca, sa bhliain 1916, agus thug faoi deara an sl\u00e9acht a rinne s\u00e9 ar an gcosmhuintir, ar na h\u00d3glaigh, agus ar a muintir si\u00fad.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">During the \u201cRising\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ar o\u00edche an 3\u00fa Bealtaine 1916, cuireadh sc\u00e9ala chuig Mainistir na gCaipis\u00edneach i Church Street, go raibh baill den Ord ag teast\u00e1il, i bPr\u00edos\u00fan Chill Mhaighne\u00e1in, n\u00f3 go rabhthas le <\/span><span style=\"font-size:12pt\">h\u00d3glaigh \u00e1irithe a scaoileadh ar maidin. Cuireadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine chun an Phr\u00edos\u00fain, agus rinneadar freastal ar na h\u00d3glaigh dhaortha ansin, O\u00edche Dhomhnaigh, an 7\u00fa Bealtaine, 1916, fuarthas sc\u00e9ala eile i Church Street, go mbeadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine ag teast\u00e1il ar\u00eds, i bpr\u00edos\u00fan Chill Mhaighne\u00e1in, an mhaidin d\u00e1r gcionn, n\u00f3 bh\u00edothas le tuilleadh \u00d3glaoch a scaoileadh. Chaith an tAthair Albert seal ag cabhr\u00fa leo si\u00fad a bh\u00ed daortha.  Ina dhiaidh sin, thug s\u00e9 cua<\/span><span style=\"font-size:12pt\">irt ar She\u00e1n Heuston. Nuair a shroich s\u00e9 cill\u00edn She\u00e1in, bh\u00ed an fear sin ag r\u00e1 a phaidr\u00edn. N\u00ed raibh ar a aire aige, an t-am sin, ach \u00e9 fh\u00e9in a ullmh\u00fa mar ba ch\u00f3ir le dul i l\u00e1thair a Shl\u00e1naitheora.  Chaith an bheirt acu seal ansin ag paidreoireacht.  Ar ball, th\u00e1inig saighdi\u00fair Sasanach, le cur in i\u00fal d\u00f3ibh, to raibh an     t-am tagtha.  Amach leo. Rinneadh a raibh le d\u00e9anamh. Shi\u00fal an bheirt acu amach go l\u00e1thair an scaoilte. D\u00faradh le Se\u00e1n su\u00ed ar bhosca a bh\u00ed ansin sa chl\u00f3s, agus scaoileadh rois mharfach pil<\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u00e9ar leis, rois a chuir l\u00e1n stad lena th\u00e9arma ar an saol seo. Chuaigh an tAthair Albert chuige agus chuir an Ola air l\u00e1ithreach. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">After the \u201cRising\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go raibh na h\u00d3glaigh fh\u00e9in, agus a muintir, bu\u00edoch do na Caipis\u00ednigh a rinne freastal chomh fial sin, orthu si\u00fad a scaoileadh, i gcl\u00f3s Chill Mhaighne\u00e1in, i ndiaidh \u00c9ir\u00ed Amach na C\u00e1sca, 1916. Agus nach bhfuil s\u00e9 ina sc\u00e9al i measc daoine \u00e1irithe, gur chuir James Connolly fios ar Father Aloysius, OFM Cap., agus gur dh\u00fairt s\u00e9 leis, gur theastaigh uaidh buaileadh leis mar shagart, n\u00f3 go raibh sc\u00e9alta cloiste aige faoin \u00e9acht a rinne idir shagairt agus mhn\u00e1 rialta le linn an \u00c9ir\u00ed Amach. Deirtear go nd<\/span><span style=\"font-size:12pt\">earna s\u00e9 a fhaoistin agus gur ghlac s\u00e9 Comaoineach Naofa freisin, ar an \u00f3c\u00e1id.  Nuair a bh\u00ed chuile sh\u00f3rt thart, agus an t\u00c9ir\u00ed Amach curtha faoi chois, n\u00edor dhein an tAthair Albert dearmad ar mhuintir na n\u00d3glach a scaoileadh, agus ba \u00e9 a n\u00f3s cuairt a thabhairt orthu, go rialta.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Nuair a tharla Cogadh na Saoirse, idir na blianta 1917 agus 1921, lean an tAthair Albert ag frioth\u00e1il ar phr\u00edos\u00fanaigh Poblachtacha, i bpr\u00edos\u00fan, n\u00f3 ar a gcoime\u00e1d d\u00f3ibh. Ar ball, \u00e1<\/span><span style=\"font-size:12pt\">fach, <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ghabh na D\u00fachr\u00f3naigh \u00e9 fh\u00e9in agus a chara dhil, an tAthair Doimnic.  T\u00f3gadh chun an Chaisle\u00e1in iad, mar ar deineadh iad a chiapadh agus a ch\u00e9asadh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Into Exile<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Nuair a bh\u00ed \u00e1r St\u00e1t fh\u00e9in bunaithe anseo againn, chuir \u00dadar\u00e1is an Oird an tAthair Albert go Meirice\u00e1, i Meithemh na bliana 1924.  N\u2019fheadar c\u00e9n f\u00e1th? Ach ar bhealach amh\u00e1in, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go raibh toil D\u00e9 fh\u00e9in \u00e1 l\u00e9iri\u00fa d\u00f3 sa deora\u00edocht ch\u00e9anna sin, n\u00f3 tharla go raibh \u00e1it faoi leith ag Naomh \u00dana i spiorad\u00e1ltacht agus i gcr\u00e1ifeacht an tsagairt chr\u00e1ifigh, Ghaelaigh seo, agus bh\u00edodh picti\u00far an Naoimh sin crochta i gc\u00f3na\u00ed ina chill\u00edn aige. Cuireadh i gceannas ar Mhisean Santa Ynez, i gCalaf\u00f3irnia \u00e9, mar Phast<\/span><span style=\"font-size:12pt\">or, agus nach bhfuil a fhios ag c\u00e1ch gurb ionann \u00dana agus Ynez, n\u00f3 Agnes i mB\u00e9arla. N\u00edor tugadh deis d\u00f3, i nd\u00e1ir\u00edre, m\u00f3r\u00e1n oibre a dh\u00e9anamh sa Mhisean c\u00e1ili\u00fail c\u00e9anna sin, n\u00f3 faoi dheireadh na bliana sin 1924, bhuail taom trom tinnis \u00e9, agus cuireadh go hOspid\u00e9al Naomh Proinsias, i Santa Barbara \u00e9, mar a bhfuair s\u00e9 b\u00e1s i bhFeabhra na bliana 1925. Is d\u00f3cha gurbh \u00e9 mian a chro\u00ed \u00e9 go gcuirf\u00ed a chorp faoin bhf\u00f3d i dt\u00edr a dh\u00fachais, ach chuile sheans nach raibh sin ind\u00e9anta, ag an am, agus d\u00e1 bharr sin, cuireadh <\/span><span style=\"font-size:12pt\">i Reilg na SeanMhainistreach sin Santa Ynez \u00e9.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Home, at last<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ar feadh blianta ina dhiaidh sin, bh\u00edothas ag iarraidh anseo go dtabharfa\u00ed a chorp abhaile go h\u00c9irinn, maraon le corp a charad, an tAthair Doimnic, lena gcur i measc a mBr\u00e1ithre anseo, i gcr\u00e9 bheannaithe na t\u00edre seo, ar thug siad gr\u00e1 a gcro\u00ed di. Ar deireadh thiar, deineadh sin, agus le toil na hEaglaise, le toil an Oird, agus le toil an St\u00e1it s\u2019againne, t\u00f3gadh a gcoirp, faoi ghradam, abhaile go t\u00edr seo na h\u00c9ireann, ar an 13u Meitheamh 1958.  Taobh amuigh de chathair Chorca\u00ed, chuir Ard Mh\u00e9ara Chorca\u00ed  agus <\/span><span style=\"font-size:12pt\">Bardas na Cathrach sin F\u00e1ilte Oifigi\u00fail rompu abhaile, agus ar an bhf\u00f3d freisin an l\u00e1 sin, bh\u00ed Ard Mh\u00e9ara \u00c1tha Cliath, maraon le M\u00e9ara\u00ed Chill Chainnigh agus Luimn\u00ed. Cuireadh i Reilg an Oird iad, i mBaile an R\u00f3istigh, i gContae Chorca\u00ed. Bh\u00ed maithe agus m\u00f3ruaisle na t\u00edre i l\u00e1thair don athadhlacadh sin, le meas an <\/span><span style=\"font-size:12pt\">n\u00e1isi\u00fain a chur in i\u00fal, os ard, do bheirt laoch \u00c9ireannach a rinne a gcion fh\u00e9in le linn an \u00c9ir\u00ed Amach anseo, um Ch\u00e1isc na bliana 1916.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Diagacht, Theology; cosmhuintir, the ordinary people; cill\u00edn, cell; rois pil\u00e9ar, a volley of shots; ar a gcoime\u00e1d, on the \u201crun\u201d; athadhlacadh, reinterment; ciapadh agus c\u00e9asadh, torture and torment. . An tAthair Albert . . Peadar Bair\u00e9ad Early Days Rugadh an tAthair Bibby i Muine Bheag, sa bhliain 1877, ach ba i gCathair Chill Chainnigh a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12043","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12043","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12043"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12043\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12044,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12043\/revisions\/12044"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12043"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12043"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12043"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}