{"id":12061,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12061"},"modified":"2024-04-08T01:17:35","modified_gmt":"2024-04-08T01:17:35","slug":"ar-bhas-eoin-pol-a-do","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/ar-bhas-eoin-pol-a-do\/","title":{"rendered":"Ar Bh\u00e1s Eoin P\u00f3l a D\u00f3."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\">Ar Bh\u00e1s Eoin P\u00f3l a D\u00f3<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 go raibh a fhios ag an domhan m\u00f3r is a mh\u00e1thair, go raibh an P\u00e1pa s\u2019againne i mb\u00e9al an bh\u00e1is, agus c\u00e9 gur tuigeadh don uile dhuine, nach raibh biseach i nd\u00e1n d\u00f3, n\u00f3 \u201cgalar fada n\u00ed abrann s\u00edora\u00ed br\u00e9ag\u201d mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, ach ag an am gc\u00e9anna, nuair a cailleadh an fear bocht, bhain a bh\u00e1s stangadh asainn uilig, n\u00f3 ba dhuine \u00e9 a chuaigh i gcionn ar \u00f3g is ar aosta, ar shaibhir is ar daibhir, ar fhir is ar mhn\u00e1, \u00f3 cheann ceann na cruinne, i ngeall ar a naofacht, a chr\u00edosta\u00edocht, a dhaonnacht, is ar a ghr\u00e1 do chuile dhuine. D\u00e1 chruth\u00fa sin, n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach breathn\u00fa ar an gcaoi ar chuir a bh\u00e1s isteach ar dhaoine. Leath scamall dubhach an bhr\u00f3in thar chlann \u00c9abha uilig, n\u00f3 tuigeadh do chuile dhuine againn go raibh cara caillte againn, go raibh solas soilseach eile m\u00fachta orainn, agus go raibh muid f\u00e1gtha in\u00e1r nd\u00edlleachta\u00ed ar an saol anr\u00f3iteach gruama seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00ed bheidh muid in\u00e1r nd\u00edlleachta\u00ed i gc\u00f3na\u00ed, n\u00f3 i gcionn coic\u00edse, n\u00f3 mar sin, tiocfaidh Cairdin\u00e9il an tsaoil mh\u00f3ir i gcionn a ch\u00e9ile, sa R\u00f3imh, le Comharba Pheadair a roghn\u00fa d\u00fainn, n\u00ed as a stuaim fh\u00e9in a dh\u00e9anfaidh amhlaidh, d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00f3 is \u00e9 sin gn\u00f3 d\u00edlis an Spioraid Naoimh, a dh\u00e9anfaidh a chuid oibre tr\u00edothusan a bhfuil guth acu sa toghch\u00e1n speisialta sin. Ach sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile, mar i l\u00e1thair na huaire seo, caithfear sp\u00e1s a chur ar f\u00e1il d\u00fainn, len\u00e1r mbuairt, is len\u00e1r gcumha, a chur in i\u00fal. Seo \u00e9 torramh an Ph\u00e1pa, Eoin P\u00f3l a D\u00f3, agus d\u00e9anaim\u00eds mar a dh\u00e9antar ag t\u00f3rramh ar bith eile, nuair a thagann an pobal le ch\u00e9ile lena mbuairt is a mbr\u00f3n a chur in i\u00fal, agus le smaoineamh siar ar ghn\u00edomhartha, is ar ghaisce, an t\u00e9 at\u00e1 caillte.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Na Mn\u00e1 Caointe<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha nach bhfuil m\u00f3r\u00e1n daoine f\u00e1gtha ar an saol anois a chuala na mn\u00e1 caointe i mbun a gceirde. D\u2019fhanfadh cuimhne an chaointe sin le duine go dt\u00ed go leagfa\u00ed na hord\u00f3ga air. Chuirfeadh caoineadh d\u00e1 leith\u00e9id an ghruaig ar ch\u00fal do mhuin\u00e9il ina seasamh ar aire, agus mhoth\u00f3f\u00e1 drithl\u00edn\u00ed fuachta ag saghdadh isteach tri smior do chn\u00e1mha fh\u00e9in istigh. N\u00ed hamhr\u00e1n caointe a bh\u00edodh a chanadh acu, ach d\u00e1n molta, don t\u00e9 a bh\u00ed imithe, a bh\u00edodh \u00e1 chumadh ar an toirt acu, agus \u00e1 chanadh go binn, cumhach, cro\u00edbhriste, os cionn an mharbh\u00e1in. N\u00ed fh\u00e1gfaid\u00eds bua ar bith a bh\u00ed ag an duine sin ar l\u00e1r, agus mura gcuirfid\u00eds le c\u00e1il an t\u00e9 a bh\u00ed os cionn cl\u00e1ir, n\u00ed baol go mbainfid\u00eds uaidh. Is \u00f3n gcaoineadh d\u00fachasach sin a d\u2019fhoghlaim muid br\u00ed agus doimhneas \u00e1r mbuairt i l\u00e1thair an bh\u00e1is. N\u00ed haon ionadh, mar sin, go dt\u00e9ann muid siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe, le gl\u00f3ir an Ph\u00e1pa, Eoin P\u00f3l a D\u00f3, a thabhairt chun cuimhne, athuair.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">B\u00f3ithr\u00edn na Smaointe<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is glas f\u00f3s mo chuimhn\u00ed fh\u00e9in ar an l\u00e1 bre\u00e1 gr\u00e9ine \u00fad, i bhF\u00f3mhar na bliana 1979, nuair a thug m\u00e9 aghaidh ar Thulach an Ph\u00e1pa, i bP\u00e1irc an Fh\u00edonuisce, ar imeall chathair \u00c1tha Cliath. Tharla go raibh baicle d\u2019\u00e1bhar sagairt, \u00f3 Chol\u00e1iste Chiar\u00e1in, anseo sa Chathair \u00c1lainn, ag dul ar oilithreacht chun na h\u00f3c\u00e1ide c\u00e9anna sin, agus ar \u00e1mhara\u00ed an tsaoil, tharla go raibh su\u00edoch\u00e1n folamh sa mhionbhus a bh\u00ed \u00e1 dtabhairt \u00f3 thuaidh.  Thugadar cuireadh dom fh\u00e9in taisteal ina bhfochair, agus geallaimse dhuit \u00e9 nach raibh orthu an dara cuireadh a thabhairt dom, n\u00f3 n\u00ed raibh fonn d\u00e1 laghad tiom\u00e1na ormsa, an l\u00e1 c\u00e9anna sin. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh chuile theastas, chuile phas, agus chuile dhinti\u00fair riachtanach, r\u00e9idh, ullamh, agus i gc\u00fal mo ghlaice agamsa, don \u00f3c\u00e1id, agus ar deireadh thiar, bhuaileamar b\u00f3thar le moiche na maidine. Ba bhre\u00e1 an comhluadar iad na mic l\u00e9inn ch\u00e9anna sin, agus n\u00edor mhotha\u00edomar an t-am ag sleamhn\u00fa tharainn go dt\u00ed gur shroicheamar ceann \u00e1r scr\u00edbe, i bP\u00e1irc an Fh\u00edonuisce. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Cros an Ph\u00e1pa<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chun tosaigh linn ansin, agus b\u00edodh go raibh s\u00e9 bre\u00e1 luath sa l\u00e1 f\u00f3s, bh\u00ed na m\u00edlte agus na m\u00edlte ar a gcois, cheana f\u00e9in, agus iad ag deifri\u00fa leo go fuadrach i dtreo na croise airde, a bh\u00ed crochta go buacach ar Thulach an Ph\u00e1pa.  \u00d3 tharla go raibh m\u00e9 fh\u00e9in i l\u00e1thair mar ionada\u00ed \u00f3 Phar\u00e1iste Ph\u00e1draig anseo i gCill Chainnigh, bh\u00ed \u00e1it faoi leith curtha in \u00e1irithe d\u00fainne, d\u00edreach os comhair na croise airde \u00fad amach, agus muid c\u00f3ngarach go maith don alt\u00f3ir. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Lean na sluaite ag sl\u00f3gadh leo isteach, iad ag teacht chugainn \u00f3 chuile aird, agus chuile dhuine acu ag dul chuig a ionad sprioc\u00e1ilte fh\u00e9in, n\u00f3 seoladh chuile shlua acu  isteach ina bhanrach fh\u00e9in, agus ar deireadh thiar thall, bh\u00ed thart ar 1.25 milli\u00fan duine tagtha i l\u00e1thair, le f\u00e1ilti\u00fa roimh a Naofacht, agus le hAifreann P\u00e1p\u00fail a cheili\u00faradh ina fhochair. Bh\u00ed orainn tamall maith a chaitheamh ansin ag fanacht, ach n\u00ed call a r\u00e1, go raibh a dh\u00f3thain le feice\u00e1il ag chuile dhuine a bh\u00ed ar an bhf\u00f3d an mhaidin sin, n\u00f3 bh\u00ed radharc os a gcomhair amach nach bhfaca \u00e9inne riamh cheana, sa t\u00edr seo, agus, chuile sheans, nach bhfeicfear a leith\u00e9id anseo go deo ar\u00eds. Bh\u00ed daoine ansin ina sraitheanna, agus ina ranganna, ag s\u00edneadh uait, i ngach aon treo, amach go h\u00edor na sp\u00e9ire. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">F\u00e1ilte U\u00ed Cheallaigh<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, th\u00e1inig an P\u00e1pa fh\u00e9in in\u00e1r measc, agus is cuimhin liom f\u00f3s an bualadh bos, an t\u00f3g\u00e1il cro\u00ed, agus an gliondar daonna, a chuir F\u00e1ilte U\u00ed Cheallaigh roimh a Naofacht, tr\u00e1th th\u00e1inig s\u00e9 in\u00e1r l\u00e1thair le ceann a chur ar an Aifreann. N\u00e1r bhre\u00e1, l\u00e1idir, scaf\u00e1nta, gealgh\u00e1ireach an duine \u00e9, an mhaidin bheannaithe sin? Agus n\u00e1rbh \u00e9 a bhain macalla as acra\u00ed iomad\u00fala na P\u00e1irce lena habairt\u00ed Gaeilge? Sea, n\u00edorbh aon ionadh, gur tuigeadh d\u00fainn uilig, go mba dhuine d\u00ednn fh\u00e9in \u00e9 an P\u00e1pa beannaithe sin, a chuir an oireadh sin str\u00f3 air fh\u00e9in teacht in\u00e1r bhfochair, i bhF\u00f3mhar na bliana beannaithe sin. Bh\u00ed s\u00fail an uile dhuine ar an gCeili\u00fara\u00ed, ar Eoin P\u00f3l a D\u00f3, agus an tAifreann sin \u00e1 l\u00e9amh aige.  Ar ball, bh\u00ed de phribhl\u00e9id agam, dul in airde na gc\u00e9imeanna iomad\u00fala sin, le Comaoin Naofa a ghlacadh \u00f3 l\u00e1imh an Ph\u00e1pa fh\u00e9in. Sin noim\u00e9ad nach nd\u00e9anfadh duine dearmad air an d\u00e1 fhaid is a mhairfeadh s\u00e9 beo, agus is \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agamsa \u00e9.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Athchuairt<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed haon ionadh, mar sin, gur bhain b\u00e1s an Ph\u00e1pa, Eoin P\u00f3l a D\u00f3, stangadh asamsa, agus as roinnt mhaith eile chomh maith liom. Ach, n\u00e1 d\u00e9anaim\u00eds dearmad, go raibh an P\u00e1pa ag smaoineamh ar chuairt eile ar thabhairt ar an dt\u00edr seo faoi Shamhradh na bliana seo, agus \u00f3 tharla go mba dhuine i measc daoine \u00e9 an fear c\u00e9anna sin, n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 l\u00e1  iontais ormsa, d\u00e1 gcoimhl\u00edonfadh s\u00e9 an mian sin, ar bhealach amh\u00e1in n\u00f3 ar bhealach eile, agus b\u2019fh\u00e9idir le Dia, go dtabharfa\u00ed aird ar leith, an babhta seo, ar a ghu\u00ed ar son s\u00edoch\u00e1na in\u00e1r measc, nuair a labhair s\u00e9 le lucht an fhor\u00e9igin, i bhF\u00f3mhar Bhliain \u00fad an Ph\u00e1pa, 1979.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scr\u00edobh m\u00e9 roinnt v\u00e9arsa\u00ed, tamall i ndiaidh chuairt an Ph\u00e1pa orainn, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, athlua a dh\u00e9anamh orthu anseo.  Mar sin, seo chugaibh:- <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>\u201c<em>Cuairt an Ph\u00e1pa\u201d.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Bratach an Ph\u00e1pa ar foluain,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Is crois ard ag seasamh go buach,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Ar Thulach geal aerach an Ph\u00e1pa,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Nuair a th\u00e1inig a Naofacht ar chuairt.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Na f\u00edr\u00e9in mar mh\u00f3in\u00e9ar f\u00e9ir scaipthe,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Ag triom\u00fa go h\u00e9asca faoin ngr\u00e9in,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Gaeil craite go h\u00edor na sp\u00e9ire<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Ag f\u00e1ilti\u00fa roimh Theachta Mhac D\u00e9.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">An tAoire ag seoladh a thr\u00e9ada,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Na hAingil ag faire go f\u00edor,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Geata\u00ed na bhFlaitheas \u00e1 n-oscailt,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Nuair a d\u2019ardaigh an P\u00e1pa Corp Chr\u00edost.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">T\u00f3gann an radharc mo mhisneach,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Anois fh\u00e9in, tar \u00e9is scaipeadh na mblain,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Nuair a ghlac m\u00e9 an Chomaoin \u00f3n bP\u00e1pa<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Ba gheall \u00e9 le ceol bog na Naomh.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Mar phobal an <strong><em>Silva Vocluti<\/em><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Ag glaoch ar Ph\u00e1draig, tr\u00ed shuan,<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Imp\u00edm\u00eds ar Eoin P\u00f3l na R\u00f3imhe<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Filleadh is si\u00fal linn, athuair. <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\">Sea, mh\u2019anam! agus d\u00e9arfainn go gcloisfidh s\u00e9 sinn, agus go nd\u00e9anfaidh s\u00e9 rud orainn freisin, le deon\u00fa D\u00e9.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Solas na soilse, agus leaba i measc na Naomh, <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">go raibh agat, a Eoin P\u00f3l, inniu agus i dt\u00f3lamh.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ar Bh\u00e1s Eoin P\u00f3l a D\u00f3 . Peadar Bair\u00e9ad C\u00e9 go raibh a fhios ag an domhan m\u00f3r is a mh\u00e1thair, go raibh an P\u00e1pa s\u2019againne i mb\u00e9al an bh\u00e1is, agus c\u00e9 gur tuigeadh don uile dhuine, nach raibh biseach i nd\u00e1n d\u00f3, n\u00f3 \u201cgalar fada n\u00ed abrann s\u00edora\u00ed br\u00e9ag\u201d mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12061","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12061","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12061"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12061\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12062,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12061\/revisions\/12062"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12061"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12061"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12061"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}