{"id":12069,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12069"},"modified":"2024-04-08T01:27:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:10","slug":"ar-na-misin-8","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/ar-na-misin-8\/","title":{"rendered":"Ar na Misin  8 ."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;.Misean  Mhuire  gan  Sm\u00e1l&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00fainn Misean Santa Ynez a fh\u00e1g\u00e1il in\u00e1r ndiaidh, thugamar aghaidh ar bhaile a dtugtar Lompoc air, n\u00f3 c\u00f3ngarach don bhaile sin, agus thart ar sc\u00f3r m\u00edle siar \u00f3 bhaile Buellton, t\u00e1 Misean <strong>La Purisima<\/strong> suite.  Is \u00e9 an t-ainm ioml\u00e1n a baisteadh ar an Misean c\u00e9anna n\u00f3 \u201c <strong>Mision La Purisima Concepcion de Maria Santisima<\/strong>\u201d, N\u00f3 Misean Mhuire R\u00f3Naofa gan Sm\u00e1l.  Baisteadh an t-ainm sin air toisc gur bhunaigh an Padre Presidente, Fermin de Lasu\u00e9n, \u00e9, ar an ocht\u00fa l\u00e1 de Mh\u00ed na Nollag, F\u00e9ile Ghini\u00faint na Maighdine Muire gan Sm\u00e1l, sa bhliain \u00fad 1787.  D\u2019\u00e9irigh go maith leis an Misean c\u00e9anna sin \u00f3 l\u00e1 a bhunaithe, go ceann tamaill, ach go h\u00e1irithe, agus nuair a bh\u00ed s\u00e9 i mbarr a r\u00e9ime, bh\u00edodh thart ar 1,500 Indiach <strong>nuachreidmheach,<\/strong> de threibh na Chumash, ag cur futhu sa Mhisean sin, maraon le beirt Phadre, agus c\u00faigear saighdi\u00fair. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;.Bliain  na  gCreathanna  Talaimh&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Chuaigh c\u00farsa\u00ed ar aghaidh go seoigh, go dt\u00ed an bhliain 1812, bliain ar bhaist siad \u201cEl Ano de los Temblores\u201d n\u00f3 bliain na gCreathanna Talaimh, air, nuair a leagadh an Misean sin go talamh.  Is f\u00edor gur \u00e9irigh leis na Padres agus leis na hIndiaigh Misean nua a th\u00f3g\u00e1il, ceithre mh\u00edle ar si\u00fal \u00f3n tseanionad, agus go ndeachaigh siad i mbun oibre ansin, go ceann roinnt blianta eile, ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin ach t\u00fas tuile,  n\u00f3 faoin am sin, bh\u00ed s\u00e9 ina dheargchogadh idir an Sp\u00e1inn agus Meicsiceo, agus Meicsiceo ag iarraidh a saoirse fh\u00e9in a bhaint amach, agus an ruaig a chur ar na Sp\u00e1innigh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus \u00f3 tharla gur thosaigh an cogadh sin sa bhliain 1810, faoin mbliain 1812, n\u00ed rabhthas \u00e1balta, a thuilleadh, sol\u00e1thairt\u00ed a chur ar f\u00e1il do na <strong>Presidi\u00f3nna Sp\u00e1inneacha,<\/strong> a bh\u00ed bunaithe fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed ar na Misean sol\u00e1thairt\u00ed a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, rud, b\u2019fh\u00e9idir, a cheangal an t-Arm agus an Eaglais sa d\u00faiche sin.  Chuaigh c\u00farsa\u00ed chun donais ar fad, sa bhliain 1824, nuair a tharla gur thug na saighdi\u00fair\u00ed Meicsiceacha, a bh\u00ed tagtha i gcomharbacht ar na saighdi\u00fair\u00ed Sp\u00e1inneacha, faoin am sin, thug siad droch \u00edde ar Indiach, a bh\u00ed ag feidhmi\u00fa mar gharda m\u00edleata, ag Misean Santa Ynez.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u00c9ir\u00ed Amach Indiach.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir sin an lasair sa bharrach, agus chuaigh cuid d\u2019Indiaigh an Mhisin sin i gcomhar le hIndiaigh Mhisin La Purisima, agus ghlacadar seilbh ar an Misean, agus dheineadar \u00e9 a dhaingni\u00fa ina dh\u00fan daingean doghabh\u00e1la, len iad fh\u00e9in a chosaint ar na Meicsicigh.  D\u2019\u00e9irigh leo seasamh amach i gcoinne na saighdi\u00fair\u00ed gairmi\u00fala sin, ar feadh m\u00edosa, ach ansin th\u00f3g na Meicsicigh tr\u00fapa\u00ed athneartaithe isteach, maraon le marcaigh agus gunna\u00ed m\u00f3ra.  Chuadar i mbun oibre ar na hIndiaigh, agus i gceann tr\u00ed huaire a chloig, bh\u00ed balla\u00ed an Mhisin leagtha, agus an Misean gafa acu.  Mara\u00edodh s\u00e9 dhuine dh\u00e9ag de na hIndiaigh sa ghr\u00e1scar sin, agus cuireadh seachtar d\u00e1 gceannair\u00ed chun b\u00e1is.  Gearradh t\u00e9arma\u00ed pr\u00edos\u00fantachta ar dh\u00e1r\u00e9ag eile.  B\u2019in deireadh leis an \u00c9ir\u00ed-amach. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">D\u00ed-eaglaisi\u00fa na Misean.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Is d\u00f3cha gur \u00e9irigh na Meicsicigh tuirseach de na Misin Sp\u00e1inneacha, a bh\u00ed suite, faoin am seo, ina gcr\u00edocha-san, agus deich mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1834 rinne siad na Misin uilig a dh\u00ed-eaglaisi\u00fa, scun scan, agus sa bhliain 1835, dh\u00edoladar <strong>Misean La Purisima,<\/strong> le John Temple.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur tr\u00e9igeadh an Misean, agus nuair a bhronn an Union Oil Company an Misean sin, La Purisima, ar na St\u00e1it, ar leo an t\u00edr, faoin am sin, sa bhliain 1933. Ba bheag a bh\u00ed f\u00e1gtha faoin am sin den Mhisean \u00e1lainn, a bh\u00ed acu ansin, nuair a bh\u00ed an Misean sin i mbarr a r\u00e9ime.  Ach, caithfear a r\u00e1, gur deineadh at\u00f3g\u00e1il, athmhaisi\u00fa, agus athfheisti\u00fa air, sa chaoi go bhfuil an Misean anois at\u00f3gtha, d\u00edreach mar a bh\u00ed s\u00e9, i bhfichid\u00ed an nao\u00fa haois d\u00e9ag, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach is P\u00e1irc Stairi\u00fail N\u00e1isi\u00fanta anois \u00e9, murab ionann agus bun\u00fas na Misean eile, n\u00f3 n\u00edl ach tr\u00ed cinn de na Misin i gC\u00f3ras na bP\u00e1irceanna Stairi\u00fala St\u00e1it, agus deirimse leat \u00e9, gur chaith an St\u00e1t c\u00e9anna go fial, flaithi\u00fail, d\u00edograiseach, leis an Misean seo, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Athch\u00f3iri\u00fa.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuadar i mbun oibre a ch\u00e9aduair, nuair a bronnadh  fothracha an Mhisin orthu, sa bhliain 1933.  Chuathas i mbun oibre, i nd\u00e1ir\u00edre, an bhliain d\u00e1r gcionn, agus faoi sti\u00faradh an \u201cNational Park Service\u201d d\u2019\u00e9irigh leis an \u201cCivilian Conservation Corps,\u201d Calaf\u00f3irnia na bliana 1820, a athchruth\u00fa, agus ar an seacht\u00fa l\u00e1 de Mh\u00ed na Nollag, sa bhliain 1941, f\u00f3graiodh an Misean mar chuid den \u201cState Park System.\u201d  Anois, n\u00ed hamh\u00e1in gur deineadh an Misean a at\u00f3gail, ach deineadh an obair sin uilig tr\u00ed mhodhanna t\u00f3g\u00e1la aimsir na Misean fh\u00e9in, a \u00fas\u00e1id.  Rinneadar na br\u00edc\u00ed, agus na t\u00edleanna d\u00edreach mar a rinneadh iad, ag Indiaigh agus ag t\u00f3g\u00e1laithe Meicsiceacha, i ndeireadh an ocht\u00fa haois d\u00e9ag, agus ba \u00e9 cr\u00edoch na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur admha\u00edodh, nach raibh a sh\u00e1r\u00fa de thionscadal athch\u00f3irithe, agus at\u00f3g\u00e1la, le f\u00e1il, taobh thiar den Mhississippi.   <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Athch\u00f3iri\u00fa den scoth.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir an National Parks Service chun oibre, agus toisc nach ndearnadar aon d\u00e1 leath d\u00e1 nd\u00edcheall, bh\u00ed a chuma ar thoradh a saothair, n\u00f3 le breathn\u00fa ar an bhfoirgneamh inniu, cheapf\u00e1 go mba fh\u00edorch\u00f3ip den Mhisean a t\u00f3gadh a ch\u00e9aduair, \u00e9, ach ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1, folaithe sa bhfoirgneamah sin, chuile \u00e1is nua-aoiseach, leis an bhfoirgneamh a thabhairt sl\u00e1n, d\u00e1 dtarl\u00f3dh crith talaimh, am ar bith sa todhcha\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u00e1fach, difir mh\u00f3r idir an Mhisean seo, agus na misin a bhfuil pobail Chaitliceacha \u00e1 n-\u00fas\u00e1id, l\u00e1 i ndiaidh lae, agus leis an sc\u00e9al sin a leigheas, chuir cairde an Mhisin seo chun oibre, le meitheal a earc\u00fa, le freastal ar an Misean, agus a sheoda a chaomhn\u00fa.  D\u2019\u00e9irigh thar barr leis an bhfeaachtas seo, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 na sc\u00f3rtha liost\u00e1ilte sa mheitheal sin, agus gan de cheangal ar na daoine sin, ach amh\u00e1in, go ngeallann siad, go dtabharfadh siad thart ar 96 huaire a chloig, saor in aisce uathu, in aghaidh na bliana, don Mhisean.  Anois, feidhm\u00edonn na daoine sin mar threoraithe, agus chomh maith le sin, feidhm\u00edonn cuid eile acu mar charactair \u00f3 r\u00e9 an Mhisin, cuid acu mar shaighdi\u00fair\u00ed, cuid acu mar Indiaigh, agus cuid eile f\u00f3s, mar shagairt, n\u00f3 mar cheardaithe.  N\u00ed haon ionadh, go mb\u00edonn tarraingt na m\u00edlte ar Mhisean \u00fad <strong>La Purisima Concepcion<\/strong>.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go bhfuil an foirgneamh at\u00f3gtha, athch\u00f3irithe, athfheistithe acu, ach chomh maith le sin, t\u00e1 thart ar naoi gc\u00e9ad acra talaimh acu, thart ar an Misean, le tionchar an fichi\u00fa haois a choinne\u00e1il glan amach uathu, agus l\u00e1nchead ag an gcuairteoir, dul ag spaisteoireacht tr\u00ed na coillte sa timpeall, agus t\u00e1 ann freisin, cas\u00e1in do mharcaigh, le dul ag falaireacht ansin, ar a s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, agus i nd\u00e1ir\u00edre, nuair a th\u00e9ann t\u00fa isteach ansin, ar chuairt, t\u00e1 s\u00e9 cos\u00fail le turas a thabhairt ar mheais\u00edn ama, siar go r\u00e9 na Misean, n\u00f3 t\u00e1 atmosf\u00e9ar ioml\u00e1n na r\u00e9 sin athchruthaithe acu, san ionad speisialta sin.  Fi\u00fa amh\u00e1in, nach n-\u00e9ir\u00edonn leo sin a dh\u00e9anamh sna garraithe, os comhair an fhoirgnimh amach,  ina bhfuil beithigh den mhianach a bh\u00ed in \u00fas\u00e1id acu, aimsir na Misean fh\u00e9in, agus geallaimse dhuit go dtabharf\u00e1 suntas do na beithigh ch\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00ed chuile l\u00e1 a d\u2019fheicfe\u00e1 a leith\u00e9id.  T\u00e1 ansin, caoirigh \u201cchurro\u201d, s\u00e9 sin, caoirigh a bhfuil ceithre adharc ar chuile chr\u00e9at\u00far acu, agus t\u00e1 ansin freisin, asail bheaga, a dtugaid\u00eds \u201c<strong>Burros<\/strong>\u201d orthu.  Sea, mh\u2019anam, agus chonaic m\u00e9 ansin freisin, ba na n-adharc fada, c\u00e9 d\u00fairt nach mb\u00edonn adharca fada ar na buaibh thar lear?  Bhuel, bh\u00ed adharca an-fhada ar na ba sin, geallaimse dhuit \u00e9, b\u00edodh n\u00e1rbh adharca \u00f3rga iad!  T\u00e1 sna garraithe sin acu freisin, capaill, gabhair, muca, nach bhfeicfe\u00e1 a leith\u00e9id anseo \u2018gainne, g\u00e9abha, lachain, turcaithe, agus tuilleadh, le hatmosf\u00e9ar ioml\u00e1n, r\u00e9 na Misean, a athchruth\u00fa ag <strong>La Purisima<\/strong>.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Treoraithe ild\u00e1nacha freisin.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir s\u00e9 ionadh orainn freisin, an m\u00e9id eolais a bh\u00ed bailithe ag na treoraithe a bh\u00ed ag dul timpeall leis na turas\u00f3ir\u00ed, agus eolas ioml\u00e1n acu faoi\u2019n gcine\u00e1l saoil a caitheadh ansin, ag Indiaigh, ag Saighdi\u00fair\u00ed, ag Padres, agus ag ceardaithe, nuair a bh\u00ed an Misean i mbuaic a mhaitheasa.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuamar ar thuras an Mhisin ansin.  Muid ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara.  Na ceardlanna, na seomra\u00ed inar chuir na sagairt futhu, ionad c\u00f3naithe na saighdi\u00fair\u00ed, an S\u00e9ip\u00e9al \u00e1lainn, dea-mhaisithe, dea-dheartha, gona phicti\u00fair, gona dhealbha, gona orn\u00e1ideachas, agus nuair a smaoineof\u00e1 ar na laethe, nuair a bh\u00ed na c\u00e9adta agus na m\u00edlte Indiach ag cleachtadh a gcreidimh, san ionad sin, bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca go maith dul i dteangmh\u00e1il le hanamnacha na gcr\u00edostaithe c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed a sc\u00e1ileanna le tabhaiart faoi deara go dearfa, sa timpeall sin.  Bhi freisin, radharc le f\u00e1il againn ar an gcistin, ar na linnte n\u00edoch\u00e1in a bh\u00ed acu, le h\u00e9adaigh a n\u00ed iontu, d\u00edreach mar a dheint\u00ed san Iarthar s\u2019againne, tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin, nuair a th\u00f3gtha\u00ed na h\u00e9ada\u00ed amach, len\u2019 iad a n\u00ed, agus a chur ar tuar, taobh amuigh, faoin sp\u00e9ir. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Ar deireadh thiar thall, b\u2019\u00e9igean d\u00fainn iachall a chur orainn fh\u00e9in, an \u00e1it \u00e1lainn, spreag\u00fail sin, a fh\u00e1gail in\u00e1r ndiaidh, ach bh\u00ed orainn a admh\u00e1il, go mba mh\u00f3r an chreidi\u00faint don St\u00e1t \u00e9, Misean d\u00e1 leith\u00e9id a th\u00f3g\u00e1il ar a n-aire, agus cr\u00edoch chomh maith sin a chur air.  Sea, mh\u2019anam, agus n\u00edl an obair sin cr\u00edochnaithe ar fad acu f\u00f3s, n\u00f3 t\u00e1 ar intinn acu tuilleadh a dh\u00e9anamh, amach anseo, le deis a thabhairt do chuairteoir\u00ed p\u00e1irt a ghlacadh i saol an Mhisin, n\u00f3 cuireann siad deiseanna ar f\u00e1il do dhaoine, teacht chucu, agus p\u00e1irt ghn\u00edomhach a ghlacadh in imeachta\u00ed, cos\u00fail le ceachtanna a eagr\u00fa i gceirdeanna, cos\u00fail le ceird na f\u00edod\u00f3ireachta, d\u00e9anamh coinnle, agus ceirdeanna eile d\u00e1 leith\u00e9id.  Chomh maith le sin, d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds dul ar thuras an Mhisin le treoiraithe oilte, scili\u00fala, agus sa tsl\u00ed sin, blas faoi leith a fh\u00e1il ar an gcine\u00e1l saoil a chait\u00ed i <strong>La Purisima,<\/strong>  thart ar dh\u00e1 ch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Agus c\u00e9 chuireann na pingneacha ar f\u00e1il?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9 thugann an t-airgead d\u00f3ibh le sin uilig a dh\u00e9anamh? Ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tugann cuairteoir\u00ed \u00e1irithe sinti\u00fas airgid d\u00f3ibh, bail\u00edonn siad t\u00e1ill\u00ed ballra\u00edochta \u00f3n <strong>Prelado de los tesoros<\/strong>, n\u00f3 <strong>\u00f3 chosant\u00f3ir\u00ed na seod<\/strong>, mar a thugtar orthu, agus chomh maith leis an m\u00e9id sin, \u00e9ir\u00edonn leo freisin, sochar a dh\u00e9anamh as d\u00edol cuimhneach\u00e1n m\u00ednithe, ina siopa fh\u00e9in, sa Mhisean.  Caithfear a admh\u00e1il, go bhfuil ag \u00e9ir\u00ed go seoigh leo sa bhfiontar sin at\u00e1 idir l\u00e1mha acu.  Ach, bh\u00ed turas romhainne f\u00f3s, n\u00f3 bh\u00ed orainn <strong>Pismo Beach<\/strong> a bhaint amach an tr\u00e1thn\u00f3na sin.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus ag an bpointe seo, d\u00e9arfainn go bhfuil s\u00e9 in am agam sl\u00e1n a fh\u00e1gail ag<strong> La Purisima, <\/strong>ceann de na Misin ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm go dt\u00ed an pointe seo, ach go h\u00e1irithe, agus f\u00e1gfaidh m\u00e9 an chuid eile den sc\u00e9al go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar <strong>Pismo Beach<\/strong> fh\u00e9in agus ar ar gcuairt ar Chaisle\u00e1n Hearst, caisle\u00e1n at\u00e1 t\u00f3gtha d\u00edreach as T\u00edr na n\u00d3g fh\u00e9in!  Ach b\u00ed liom ar an \u00f3c\u00e1id sin, agus beidh m\u00e9 in ann t\u00fa a th\u00f3g\u00e1il liom ar an gcuairt do-dhearmadta ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. &#8230;.Misean Mhuire gan Sm\u00e1l&#8230;. Tar \u00e9is d\u00fainn Misean Santa Ynez a fh\u00e1g\u00e1il in\u00e1r ndiaidh, thugamar aghaidh ar bhaile a dtugtar Lompoc air, n\u00f3 c\u00f3ngarach don bhaile sin, agus thart ar sc\u00f3r m\u00edle siar \u00f3 bhaile Buellton, t\u00e1 Misean La Purisima suite. Is \u00e9 an t-ainm ioml\u00e1n a baisteadh ar an Misean c\u00e9anna n\u00f3 \u201c [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12069","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12069","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12069"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12069\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12070,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12069\/revisions\/12070"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12069"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12069"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12069"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}