{"id":12075,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12075"},"modified":"2024-04-08T01:16:33","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:33","slug":"ar-na-misin-11","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/ar-na-misin-11\/","title":{"rendered":"Ar na Misin 11"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n .     11.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;&#8230;What  a  Guesthouse !&#8230;..<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na d\u00e1la. Bh\u00ed na c\u00e9imeanna iomad\u00fala sin, a luaigh m\u00e9 cheana, curtha d\u00ednn againn, agus muid ansin i bpl\u00e1s deas leibh\u00e9alta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoir\u00ed amach, \u00e1it a raibh radharc f\u00edor-\u00e1lainn againn ar dh\u00faiche agus ar rainse San Simeon.  Tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh ansin, ag breathn\u00fa ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag \u00e1illeacht chlasaiceach na timpeallachta agus na h\u00e1ite sin, t\u00f3gadh muid ansin, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar cheann de na Tithe Cuairteoir\u00ed.  Sna Tithe sin, a thug Hearst l\u00f3ist\u00edn, agus bheith istigh, d\u00e1 chuairteoir\u00ed agus d\u00e1 a\u00edonna, s\u00e9 sin le r\u00e1, d\u00f3ibh si\u00fad ar thug seisean cuireadh chun an Chaisle\u00e1in d\u00f3ibh, agus ag breathn\u00fa ar liosta na gcuairteoir\u00ed sin, b\u2019ionann is bheith ag breathn\u00fa ar liosta maithe agus m\u00f3ruaisle na linne \u00e9.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile sh\u00f3rt sna <strong>Tithe Cuairteoir\u00ed (Guest Houses)<\/strong>  c\u00e9anna sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;.Showers for all!&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cEn Suite\u201d curtha ar f\u00e1il do chuile aoi acu, ach san \u201cEn Suite\u201d sin, n\u00ed raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, &#8211; ina n-ionad, &#8211; is amhlaidh a chuir s\u00e9 cithfholctha\u00ed isteach ina n-\u00e1it, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus d\u00e1 chruth\u00fa sin, b\u2019ioma\u00ed aoi a rinne a dh\u00edcheall, n\u00f3 a d\u00edcheall, folcadh a t\u00f3gail i gcupla orlach uisce, ar urlar an chithfholctha ch\u00e9anna!  Rud a thaitneodh go m\u00f3r le Hearst fh\u00e9in, n\u00f3 is cos\u00fail gur le bob a bhualadh ar a a\u00edoanna ardn\u00f3sacha a chuir s\u00e9 na <strong>cithfholctha\u00ed (Showers<\/strong>) c\u00e9anna sin isteach, a ch\u00e9aduair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chun tosaigh linn ar ball, chuig an \u201cCasa Grande\u201d fh\u00e9in, n\u00f3 an Teach M\u00f3r, s\u00e9 sin, an Caisle\u00e1n fh\u00e9in, b\u00edodh nach bhfuil cuma caisle\u00e1in air, in aon chor, is cos\u00fala \u00e9, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, n\u00e1 le caisle\u00e1n ar bith!  Is fi\u00fa tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisle\u00e1n <strong>d\u00e9-th\u00farach (twin-towered<\/strong>) \u00e1lainn sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;.Treasures, old and new&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is beag nach mbainfeadh an saibhreas \u00e1illeachta agus eala\u00edona at\u00e1 ar teaspaint don turas\u00f3ir os comhair an Chaisle\u00e1in Dra\u00edochta sin, an an\u00e1il d\u00edot.  T\u00e1 ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia \u00c9igipteach an chogaidh, agus is fi\u00fa cupla n\u00f3imeat a chaiathemh ag bbreathn\u00fa orthusan, n\u00f3 is iad na seoda is \u00e1rsa i gCaisle\u00e1n Hearst ar fad iad, n\u00f3 deirtear gur dealbha\u00edodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chr\u00edost!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisle\u00e1in, agus t\u00fa ag breathn\u00fa in airde ar ghr\u00e9as, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh \u00e1lainn sin, tthabharf\u00e1 faoi deara an c\u00faram cruinn ceart a deineadh den orn\u00e1id\u00edocht, agus den mhaisi\u00fa eala\u00edonta i leagan amach aghaidh an chaisle\u00e1in ch\u00e9anna sin.  Ar\u00eds, chuirfeadh \u00e1rsacht na ndealbha a bh\u00ed sa timpeall siar ar do chosa deiridh th\u00fa.  Ar ball, nuair a bh\u00ed muid s\u00e1sta go raibh cuid eic\u00ednt den \u00e1illeacht sin taiscithe againn i gc\u00f3fra\u00ed do-scriosta na cuimhne, threoraigh \u00e1r dtreoraithe isteach  sa \u201cCasa Grande\u201d fh\u00e9in sinn.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;.Talk about style!&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag caint ar shaibhreas, ar \u00e1rsacht, ar \u00e1illeacht!  Bh\u00ed sin le tabhairt faoi deara i ngach coirn\u00e9al.  Bh\u00ed s\u00e9 os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh d\u00edot, agus ar an url\u00e1r th\u00edos f\u00fat freisin.  I gc\u00e1s na n-url\u00e1r, bh\u00ed a mbun\u00fas cl\u00fadaithe le cairp\u00e9id, ruga\u00ed url\u00e1ir, agus mata\u00ed, a bail\u00edodh \u00f3 chuile choirn\u00e9al den domhan thiar agus den domhan thoir.  Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na <strong>s\u00edle\u00e1lacha (ceilings<\/strong>) os do chionn in airde, n\u00f3 bail\u00edodh cuid acu sin freisin \u00f3 Mhainisteacha agus \u00f3 Thithe M\u00f3ra, cuma c\u00e1 raibh siad suite, ach bheadh ort a admh\u00e1il go raibh \u00e1illeacht thar na bearta ag baint lena mbun\u00fas.  D\u00faradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, s\u00edle\u00e1il \u00e1irithe a fh\u00e1il do sheomra a n\u2019oiri\u00fanfhadh s\u00ed d\u00f3, ansin chuirfeadh s\u00e9 <strong>saineolaithe (experts<\/strong>) i mbun oibre, le c\u00f3ip ceart cruinn a dh\u00e9anamh de, n\u00f3 b\u2019in an cine\u00e1l duine \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">&#8230;..Wall Coverings&#8230;..<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s na bhfalla\u00ed timpeall orainn, bhainfeadh a n-\u00e1illeacht an an\u00e1il d\u00edot, n\u00f3 ar fhalla anseo, bheadh t\u00edleanna \u00e1ille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla \u00e1irithe sin, agus ansi\u00fad bheadh falla eile cl\u00fadaithe le t\u00edleanna a t\u00f3gadh isteach \u00f3n iasacht, toisc gur theasaigh a leith\u00e9id uathu, don ionad \u00e1irithe sin.  Ach ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, n\u00f3 m\u00e9id agus uimhir <strong>na dtaip\u00e9is\u00ed (tapestries<\/strong>) \u00e1ille, ildaite, eala\u00edonta, a bh\u00ed crochta ar fud an chaisle\u00e1in.  Cuma c\u00e1 raghf\u00e1, sa \u201cCasa Grande\u201d, bh\u00ed na falla\u00ed cl\u00fadaithe le taip\u00e9is\u00ed ollmh\u00f3ra de chuile chine\u00e1l, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaip\u00e9is bhunaidh,  Chuamar \u00f3 Halla go Halla sa Chaisle\u00e1n ollmh\u00f3r sin, agus de r\u00e9ir mar a chuamar \u00f3 cheann go ceann acu, b\u2019amhlaidh a mh\u00e9adaigh ar \u00e1r n-ionadh, n\u00f3 n\u00ed chreidfe\u00e1 go bhf\u00e9adfa\u00ed teacht ar an oireadh sin de shaibhreas sa saol m\u00f3r ar fad, ach d\u2019\u00e9irigh le William Randolph Hearst teacht orthu!  N\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ra dhom a r\u00e1 gur \u00e9irigh leis iad a bhaili\u00fa, n\u00f3 a cheannacht, \u00f3 bhailitheoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala i gcathracha m\u00f3ra Mheirice\u00e1, n\u00f3 i Londain Shasana freisin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Compulsive  Collector .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Tuigeadh do lucht d\u00edolta seandachta\u00ed, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meirice\u00e1, ar bhailitheoir \u00e9igeantach \u00e9, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go gceanna\u00edodh s\u00e9 a dtaitn\u00edodh leis, ach cheanna\u00edodh s\u00e9 na seandachta\u00ed sin ar theist na mbailitheoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala i Londain, i Nua Eabhrac, n\u00f3 i Los Angeles, n\u00f3 in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu.  I nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed na c\u00e9adta agus na c\u00e9adta earra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id ceannaithe aige, sular t\u00f3gadh Caisle\u00e1n Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in \u00e1irithe do sheandachta\u00ed speisialta.  Nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed ar an mbealach sin, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 gur t\u00f3gadh an Caisle\u00e1n uilig, sa chaoi go mbeadh d\u00e1nlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiri\u00fanach a chur ar f\u00e1il d\u00e1 sheandachta\u00ed \u00e1rsa, stairi\u00fala, \u00e1ille.   Nuair a chonaic m\u00e9 fh\u00e9in an m\u00e9id uaf\u00e1sach seoda, de chuile sh\u00f3rt, a bail\u00edodh \u00f3 shibhialtachta na cruinne, ba \u00e9 a rith liom i dtosach, n\u00f3 go mba rob\u00e1la\u00ed \u00e9 Hearst, a d\u2019\u00fas\u00e1id a chuid airgid, le saibhreas eala\u00edona d\u00e1 leith\u00e9id a bhaili\u00fa chuige, b\u00edodh gur fh\u00e1g s\u00e9 t\u00edortha eile i bhfad \u00c9ireann n\u00edos boichte, d\u00e1 bharr, agus go mba chos\u00fala le hionad folaigh ag rob\u00e1laithe \u00e9 an Caisle\u00e1n seo n\u00e1 le <strong>D\u00e1nlann d\u00e1ir\u00edreach (a real Art Gallery).  <\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Safe Haven.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, nuair a bhreathna\u00edonn t\u00fa air \u00f3 thaobh eile, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur bhailigh s\u00e9 seandachta\u00ed agus earra\u00ed eala\u00edonta d\u00e1 leith\u00e9id chuige, le hIarsmalann daingean sabh\u00e1lta a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh ansin ar Rainse San Simeon, sa chaoi go dtabharfa\u00ed c\u00faram ceart d\u00f3ibh, feasta, agus sa tsl\u00ed sin, go gcoinneofa\u00ed sl\u00e1n s\u00e1bh\u00e1lta iad, do na gl\u00fanta a thiocfaidh in\u00e1r ndiaidh, n\u00f3 n\u00ed bhr\u00e9ag ar bith \u00e9 a r\u00e1, gur chuid d\u00edlis d\u2019oidhreacht an chine dhaonna iad.  Sa tsl\u00ed  sin, ghlac m\u00e9 leis, n\u00e1r <strong>r\u00e9abadh reilge (desecration<\/strong>), amach is amuigh, a bh\u00ed d\u00e9anta ag William Randolph Hearst, ach go mba chine\u00e1l caomhnn\u00f3ra \u00e9, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisle\u00e1n fh\u00e9in a mhaisi\u00fa! Agus leis na seoda sin a chaomhn\u00fa, ag an am gc\u00e9anna, do na gl\u00fanta a bh\u00ed le teacht in \u00e1r ndiaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed liom ar\u00eds, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoi Hearst Castle.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. A r n a M i s i n . 11. *********************** &#8230;&#8230;What a Guesthouse !&#8230;.. Bh\u00ed Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na d\u00e1la. Bh\u00ed na c\u00e9imeanna iomad\u00fala sin, a luaigh m\u00e9 cheana, curtha d\u00ednn againn, agus muid ansin i bpl\u00e1s deas leibh\u00e9alta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoir\u00ed amach, \u00e1it a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12075","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12075","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12075"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12075\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12076,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12075\/revisions\/12076"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12075"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12075"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12075"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}