{"id":12129,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12129"},"modified":"2024-04-08T01:15:11","modified_gmt":"2024-04-08T01:15:11","slug":"bliain-an-phapa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/bliain-an-phapa\/","title":{"rendered":"Bliain an Phapa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:28pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Loyal Readers<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Tharla ar na mallaibh, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, go ndeachaigh an sc\u00e9al amach i measc \u00e1r l\u00e9itheoir\u00ed, go rabhthas le cr\u00edoch obann a chur leis an gcol\u00fan seo, \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur th\u00f3g s\u00e9 mo chro\u00ed, nuair a fuair m\u00e9 amach, go raibh daoine amuigh ansin n\u00e1r theastaigh a leith\u00e9id de chinneadh uathu! Bh\u00ed m\u00e9 an-bhu\u00edoch de Mhiche\u00e1l \u00d3 Diarmada, as an litir bhre\u00e1 uaidh, a cuireadh i gcl\u00f3 sa Ph\u00e1ip\u00e9ar seo, agus mo bhu\u00edochas freisin d\u00f3ibh si\u00fad a labhair liom faoi na c\u00farsa\u00ed sin, ag an am, ach faoi mar a tharla\u00edonn s\u00e9, n\u00edl an col\u00fan i mbaol a thuilleadh, agus beidh deis ag \u00e1r l\u00e9itheoir\u00ed d\u00edlse pl\u00e9isi\u00far agus taitneamh a bhaint as an gcol\u00fan seo, go ceann i bhfad f\u00f3s!! Ar aon n\u00f3s, chuir na smaointe sin uilig siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe m\u00e9, siar thar na blianta fada at\u00e1 caite agam i mbun pinn, siar go dt\u00ed an t\u00fas, nuair a gh\u00e9araigh m\u00e9 gob mo phinn, a ch\u00e9aduair, le mo smaointe a bhreacadh ar ph\u00e1r, agus an chaoi ar roghnaigh m\u00e9 an ch\u00e9ad teanga oifigi\u00fail, mar mhe\u00e1n, le sin a chur i gcr\u00edch. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">The Year of the Pope<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u00edodh go bhfuilim ag gabh\u00e1il do cheird seo na scr\u00edbhneoireachta, agus na hiriseoireachta, le breis agus leathch\u00e9ad bliain anois, n\u00edor thosaigh m\u00e9 ar chol\u00fan rialta a shaothr\u00fa do nuacht\u00e1n go dt\u00ed bliain an Ph\u00e1pa, s\u00e9 sin, sa bhliain 1979, n\u00f3 seacht mbliana is fiche \u00f3 shoin, anois. I rith na mblianta uilig san idirlinn, rinne m\u00e9 tagairt d\u2019imeachta\u00ed na Gaeilge, thall is abhus, is ar fud na t\u00edre. Rinne m\u00e9 iarracht freisin, ar chol\u00fan rialta l\u00e9itheoireachta a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad ar theastaigh a leith\u00e9id uathu, agus b\u00edodh go bhfuil s\u00e9 deacair a chreidi\u00faint anois, ach chuireadh s\u00e9 iontas an domhain ormsa, nuair a chloisinn \u00f3 dhuine eic\u00ednt, ar <\/span><span style=\"font-size:14pt\">an dtaobh eile den domhan, a l\u00e9adh an col\u00fan c\u00e9anna sin, agus a bhaineadh taitneamh agus pl\u00e9isi\u00far as! Chomh maith leis na seirbh\u00eds\u00ed sin a chur ar f\u00e1il do phobal na Gaeilge, thuig m\u00e9 freisin, go raibh scoileanna \u00e1irithe a bhaineadh \u00fas\u00e1id as an gcol\u00fan seo, ar bhonn rialta, le h\u00e1bhar comhr\u00e1, agus diosp\u00f3ireachta, a chur ar f\u00e1il don rang Gaeilge, uair sa tseachtain, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 leat, go gcuireadh an sc\u00e9al sin gliondar ar mo chro\u00ed. Agus taobh amuigh de na dualgais\u00ed sin a choimhl\u00edonadh dom\u2019 phobal l\u00e9itheoir\u00ed, thug an col\u00fan sin deis dom freisin mo sc\u00e9al fh\u00e9in a chur i mb\u00e9al an phobail, Ar \u00e9irigh liom sin a dh\u00e9anamh, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019\u00e9irigh cinnte, agus b\u2019fh\u00e9idir, amach anseo, go nd\u00e9anfainn fh\u00e9in, n\u00f3 duine eic\u00ednt eile, thar mo cheann, iarracht ar na hailt sin uilig a ghaibhni\u00fa le ch\u00e9ile i bhfoirm leabhair. N\u00e1r bhre\u00e1 an toradh \u00e9 sin ar an gcol\u00fan seo \u2018gainne, I mB\u00e9al an Phobail?<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">A Weekly Column<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, bh\u00ed cleachtadh eic\u00ednt faighte agam ar an iriseoireacht, sular thosaigh m\u00e9 ag scr\u00edobh don Kilkenny People, n\u00f3 bh\u00edodh p\u00edosa\u00ed agam ar Inniu, Am\u00e1rach, Anois, agus chomh maith leis na p\u00edosa\u00ed sin, bh\u00edodh ailt agam go rialta, freisin, sna hiris\u00ed Ghaeilge, i bhFeasta, san Ultach, agus i gComhar, gan tagairt a dh\u00e9anamh in aon chor do, An Sagart, n\u00f3 An Timire. Ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, thug an nuacht\u00e1n, an Kilkenny People deis dom, scil na cumad\u00f3ireachta, na hiriseoireachtaa, agus na scr\u00edbhneoireachta a chleachtadh go rialta, i gcol\u00fan seachtaini\u00fail, agus b\u2019iontach go deo an smacht intinne a bh\u00ed sa chleachtadh sin, mar, cuma c\u00e9n sc\u00e9al \u00e9, b\u00edodh fonn oibre orm, n\u00f3 n\u00e1 b\u00edodh, bh\u00edodh orm su\u00ed ansin, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus alt a ghaibhni\u00fa as abhras na bhfocal a ritheadh liom ag an am. Taith\u00ed a dh\u00e9anann m\u00e1istreacht, adeireadh an seandream fad\u00f3, agus b\u00edodh n\u00e1r \u00e9ir\u00ed liom riamh m\u00e1istreacht a fh\u00e1il ar an gceird ch\u00e9anna sin, ag an am gc\u00e9anna, shroich m\u00e9 pointe, nuair a d\u2019fh\u00e9adfainn alt, m\u00edle focal n\u00f3 mar sin, a scr\u00edobh faoi \u00e1bhar ar bith ar domhan, sea, agus d\u00e9arfainn go bhfuil an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">cumas sin ionnam f\u00f3s!, agus is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, dearfa, go nd\u00e9anfaidh m\u00e9 mo shaindh\u00edcheall, chuile ph\u00edosa a shilfidh \u00f3 mo pheann, a shnas\u00fa, a ch\u00edoradh agus a phiocadh, sa tsl\u00ed, go dtuigfidh an l\u00e9itheoir, n\u00e1rbh aon amad\u00e1n, n\u00f3 gob\u00e1n, a ghaibhnigh, n\u00f3 a chuir i dtoll a ch\u00e9ile<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> iad<\/span><span style=\"font-size:14pt\">! <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Loyal Readers Tharla ar na mallaibh, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, go ndeachaigh an sc\u00e9al amach i measc \u00e1r l\u00e9itheoir\u00ed, go rabhthas le cr\u00edoch obann a chur leis an gcol\u00fan seo, \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d. N\u00ed call dom a r\u00e1, gur th\u00f3g s\u00e9 mo chro\u00ed, nuair a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12129","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12129","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12129"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12129\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12130,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12129\/revisions\/12130"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12129"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12129"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12129"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}