{"id":12147,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12147"},"modified":"2024-04-08T00:34:17","modified_gmt":"2024-04-08T00:34:17","slug":"c-a-b-h-f-u-i-l-a-r-d-t-r-i-a-l-l-f-e-a-s-t-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/c-a-b-h-f-u-i-l-a-r-d-t-r-i-a-l-l-f-e-a-s-t-a\/","title":{"rendered":"C \u00c1     B H F U I L     \u00c1 R     D T R I A L L     F E A S T A"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">C \u00c1     B H F U I L     \u00c1 R     d T R I A L L     F E A S T A  ?   <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Caithfear a admh\u00e1il nach bhfuil an saol chomh bog, r\u00e9idh, ag an Eaglais Chaitliceach is a bh\u00edodh, cupla sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin.  N\u00ed thugtar an aird ch\u00e9anna ar dhearcadh na             n-easpag is na sagart is a dh\u00e9anta\u00ed blianta \u00f3 shoin.  Agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach le tamall de bhlianta anois, t\u00e1 tobar na ngarimeacha cr\u00e1bhaidh ag dul i nd\u00edsc, \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile.  M\u00e1 chuireann t\u00fa leis an m\u00e9id sin, na scanaill uilig a chr\u00e1igh an Eaglais sin le suim de blianta anuas, tuigfidh t\u00fa an cruach\u00e1s ina bhfuil an Eaglais ch\u00e9anna sin i l\u00e1thair na huaire seo.  N\u00ed haon ionadh go bhfuil daoine \u00e1irithe \u00e1 thuar, go bhfuil a caisc\u00edn meilte, agus go bhfuil muid in \u00e1r gc\u00f3na\u00ed anois ar thairseach na r\u00e9 iarchr\u00edosta\u00ed, s\u00e9 sin, mura bhfuil muid inti, cheana f\u00e9in, agus c\u00e9 th\u00f3gfadh orthu \u00e9, a leith\u00e9id de thuairim a chaitheamh, n\u00f3 n\u00ed comhartha\u00ed f\u00e1is in aon chor iad na comhartha\u00ed sin, a luaigh m\u00e9 thuas.  Ach caithfear a chur san \u00e1ireamh, sa cheist seo, gur minic cheana ad\u00faradh an rud c\u00e9anna faoin Eaglais ch\u00e9anna sin, agus f\u00e9ach \u00ed beo beatha\u00edoch f\u00f3s in\u00e1r measc.  I rith a tr\u00e9imhse ar an saol seo, th\u00e1inig impirachta\u00ed, agus d\u2019imigh impireachta\u00ed, d\u2019fhorbair n\u00e1isi\u00fain agus mheath rn\u00e1isi\u00fain, th\u00e1inig r\u00edochta\u00ed ar an saol agus sh\u00e9athlaigh r\u00edochta\u00ed,  ach m\u00e1 dhein fh\u00e9in, t\u00e1 sise f\u00f3s ar mairthean.  Duine ar bith a dh\u00e9anfadh staid\u00e9ar ar an eagra\u00edocht ch\u00e9anna sin, bheadh air a admh\u00e1il n\u00e1r ghn\u00e1theagra\u00edocht saolta a bh\u00ed i gceist anseo, agus go raibh chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go raibh cumhacht eic\u00ednt osn\u00e1d\u00fartha i mbun oibre anseo, n\u00f3 murach sin, bheadh a cosa nite na c\u00e9adta bliain \u00f3 shoin, agus cos i bpoll curtha lei ag dream eic\u00ednt d\u00e1 naimhde.  Ach <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">b\u00edodh nach bhfuil s\u00ed i mbarr na sl\u00e1inte, faoi l\u00e1thair, mar sin fh\u00e9in, maireann s\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">C\u00e9ard a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhuel, ba \u00e9 ba ch\u00fais leis, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00f3 p\u00edosa a l\u00e9igh m\u00e9 ar an Western People, d\u00e1r d\u00e1ta 16 Bealtaine, 2001, p\u00edosa leis an sagart c\u00e1ili\u00fail sin, Fr. Brendan Hoban, fear a mb\u00edonn p\u00edosa bre\u00e1 uaidh ar an nuacht\u00e1n c\u00e9anna sin, chuile sheachtain.  C\u00farsa\u00ed creidimh, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta , n\u00f3 fi\u00fa c\u00farsa\u00ed poilit\u00edochta, a bh\u00edonn ar an inneoin aige, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mbainimse idir thaitneamh agus tairbhe as a chol\u00fan a l\u00e9amh, go rialta.  Ach san eagr\u00e1n \u00e1irithe at\u00e1 i gceist agam anseo, t\u00e1 a aird d\u00edrithe aige ar thodhcha\u00ed na hEaglaise Caitlic\u00ed, i bhfianaise na ndeacrachta\u00ed \u00fad at\u00e1 luaite agam fh\u00e9in thuas.  F\u00e9ach mar a chuireann s\u00e9 t\u00fas lena ph\u00edosa ..\u2026<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cIt\u2019s no secret that this is a very fragile time for priesthood.  Ordinations are few and far between.  Priests are leaving the ministry.  Few are entering seminaries.  The status of religion in Irish life has declined.  Fewer practice, in the sense of church attendance.  The clerical sexual abuse scandals have traumatised priests.  There is a sense, that for priests, we\u2019re several goals behind and we\u2019re facing into a stiffening breeze in the second half.  Little wonder  that in such circumstances there is talk of declining morale among priests.\u201d<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Sea, mh\u2019anam, t\u00e1 s\u00e9 uilig r\u00e1ite aige ansin, agus n\u00edor chuir s\u00e9 fiacail ann, ach oiread.  Nach gcuireann na f\u00edric\u00ed sin uilig sinn ag smaoineamh ar ch\u00e9ard t\u00e1 i nd\u00e1n d\u00fainn, sa todhcha\u00ed.  \u201cC\u00e1 bhfuil \u00e1r dtriall feasta?\u201d, a d\u00e9arfadh duine ar bith, tar \u00e9is d\u00f3 a leith\u00e9id a l\u00e9amh.  N\u00f3 nach bhfuil chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al go bhfuil tobar na ngairmeacha cr\u00e1bhaidh beagnach imithe i nd\u00edsc ar  fad orainn.  I gc\u00e1s deoisias Chill Alaidh, abraimis, deir an tAthair Brendan linn go raibh d\u00e1r\u00e9ag \u00e1bhar sagairt acu, nuair a bh\u00ed seisean sa Chliarscoil, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00edl ach fear amh\u00e1in acu i mbun na hoibre sin!  Sea, agus i ndeoise \u00e1tha Cliath, n\u00edl ach fear amh\u00e1in le hoirni\u00fa I mbliana.  Nach leor sin le cruach\u00e1s seo na hEaglaise a l\u00e9iri\u00fa go soil\u00e9ir d\u00fainn?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfa\u00ed ceisteanna \u00e1irithe a chur i dtaobh na gc\u00farsa\u00ed sin.  C\u00e9ard is c\u00fais leis an athr\u00fa ollmh\u00f3r seo i gc\u00e1s na ngairmeacha cr\u00e1bhaidh?  D\u2019fh\u00e9adfadh duine a r\u00e1 go bhfuil na saolta ag athr\u00fa, agus go gcaithfimidne athr\u00fa leo.  N\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfadh duine eile a r\u00e1, go bhfuil r\u00e9 an chreidimh caite, geall leis, agus go gcaithfear tabhairt faoi athchraoibhscaoileadh an chreidimh ch\u00e9anna sin ar\u00eds, ach \u00e9 a dh\u00e9anamh ar bhealach eile ar fad, s\u00e9 sin, go gcaithfimid dul siar go dt\u00ed na pr\u00e9amhacha ar\u00eds, agus tos\u00fa as an nua.  T\u00e1id ann freisin adeir, nach bhfuil tada cearr le c\u00farsa\u00ed, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil an Spiorad ag iarraidh sinn a threor\u00fa treo eile ar fad,, agus gurb \u00e9 seo a bhealach, le sin a chur in i\u00fal d\u00fainn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil daoine ansin, ag iarraidh a chur ina lu\u00ed orainn, gurb \u00e9 leigheas \u00e1r ngarla n\u00f3 f\u00e1il r\u00e9idh le riail na haontumhachta, scun scan, agus go mbeadh chuile short ceart ar\u00eds.  B\u2019fh\u00e9idir go dtabharfadh socr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id r\u00e9idhe an achair d\u00fainn, ar feadh scathaimh, ach i nd\u00e1ir\u00edre, is d\u00f3cha nach mbeadh ann ach \u00f3n bhfuacht go dt\u00ed an teas.  An bhfuil leigheas i nd\u00e1n d\u00e1r ngalar, mar sin?  B\u00ed cinnte go bhfuil, agus n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach teacht air!  B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 socr\u00fa at\u00e1 I nd\u00e1n d\u00fainn, i ndeireadh na feide, n\u00f3 go dtabharfa\u00ed deis do chaitliceach ar bith, fear n\u00f3 bean, a mbeadh na c\u00e1il\u00edochta\u00ed cu\u00ed, agus na tr\u00e9ithe riachtanacha aige n\u00f3 aice, seal a chaitheamh le sagart\u00f3ireacht.  Ansin, nuair a cheapfadh s\u00e9 n\u00f3 s\u00ed go raibh a chion f\u00e9in d\u00e9anta aige, n\u00f3 aice, don Eaglais, d\u2019fh\u00e9adfadh siad filleadh ar\u00eds ar shaol an tuata.  D\u2019fh\u00e1gfadh sin go mbeadh bansagairt againn, taobh istigh de thr\u00e9imhse \u00e1irithe, n\u00f3 chaithf\u00ed spriocdh\u00e1ta\u00ed a leagan s\u00edos i dtosach b\u00e1ire, i dtreo is go mbeadh deis ag daoine dul i gcleachtadh an leagain amach sin.  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed glacadh le socr\u00fa eile ar fad, s\u00e9 sin, go leanfadh c\u00farsa\u00ed sagartachta d\u00edreach faoi mar at\u00e1 i l\u00e1thair na huaire, ach amh\u00e1in go nglacfa\u00ed feasta le mn\u00e1 mar \u00e1bhair sagairt, ach go gcaithfeadh siad clo\u00ed leis na coin\u00edollacha at\u00e1 I bhfeidhm faoi l\u00e1thair, i gc\u00e1s na bhfear.  Ach, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed f\u00famsa at\u00e1 s\u00e9 tuairim\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chaitheamh, caithfimid an sc\u00e9al a fh\u00e1g\u00e1il faoin Spiorad,fh\u00e9in, agus s\u00e9idfidh seisean faoi mar is rogha leis.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Sa ghearrth\u00e9arma \u00e1fach, caithfidh muid glacadh leis, go mbeidh ganntanas sagart ann, gan aon r\u00f3-mhoill, agus d\u00e1 thairbhe sin, nach mbeidh an oiread c\u00e9anna Aifrinnt\u00ed \u00e1 cheili\u00faradh in\u00e1r n-eaglais\u00ed .  Beidh an t-\u00e1dh linn, m\u00e1 bh\u00edonn Aifreann Domhnaigh amh\u00e1in \u00e1 l\u00e9amh d\u00fainn, in\u00e1r bpar\u00e1iste fh\u00e9in.  F\u00e9ach mar a chuireann an tAthair Brendan \u00e9\u2026.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Again, if present patterns continue, we\u2019ll be doing well if in 10 years time we have one weekend Mass in each church.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">In future, when a priest dies or a priest is changed, the question we\u2019ll be asking is will we get a priest at all and if we do how many other parishes will we have to share him with?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Is d\u00f3cha, adeir s\u00e9, go bhfuil an Fear Thuas ag iarraidh sinn a ullmh\u00fa don chine\u00e1l sagartachta a bheidh riachtanach, san aois, agus sa mh\u00edlaois, at\u00e1 ag breacadh r\u00f3mhainn, sna laethe at\u00e1 le teacht <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach is d\u00f3cha, gurb \u00e9 is riachtana\u00ed d\u00fainn uilig, i l\u00e1thair na huaire seo, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed a ghlacadh go r\u00e9idh, n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 an creideamh againn, tuigtear d\u00fainn go bhfuil l\u00e1mh l\u00e1idir, chinnte ar an roth sti\u00farach, agus nach baol d\u00fainn, ach ag an am gc\u00e9anna, tuigtear d\u00fainn freisin, go bhfuil orainn uilig \u00e1r gcion fh\u00e9in a dh\u00e9anamh i ngn\u00f3 seo \u00e1r sl\u00e1naithe.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">D\u2019fh\u00e9adfadh muid tr\u00e1cht ar roinnt mhaith \u00e1bhar eile in alt mar seo, ach, b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus fillfidh m\u00e9 ar na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna, amach anseo ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Go dt\u00ed sin, \u2026Sl\u00e1n\u2026\u2026..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>C \u00c1 B H F U I L \u00c1 R d T R I A L L F E A S T A ? . Caithfear a admh\u00e1il nach bhfuil an saol chomh bog, r\u00e9idh, ag an Eaglais Chaitliceach is a bh\u00edodh, cupla sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin. N\u00ed thugtar an aird ch\u00e9anna ar dhearcadh na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12147","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12147","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12147"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12147\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12148,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12147\/revisions\/12148"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12147"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12147"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12147"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}