{"id":12151,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12151"},"modified":"2024-04-08T00:40:10","modified_gmt":"2024-04-08T00:40:10","slug":"c-a-r-a-s-a-c-h-u-i-r-t","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/c-a-r-a-s-a-c-h-u-i-r-t\/","title":{"rendered":"C a r a     s a     C h u i r t"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">C a r a     s a     C h \u00fa i r t  !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>******************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha gur cuimhin libh go l\u00e9ir an seanfhocal,  &#8211; <strong>Is fearr cara sa ch\u00fairt n\u00e1 bonn sa spar\u00e1n, <\/strong>&#8211; bhuel, n\u00ed cara d\u00e1 leith\u00e9id sin, go d\u00edreach, at\u00e1 i gceist agam in alt na seachtaine seo, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed fh\u00e9adfainn gan \u00fas\u00e1id a bhaint as an seanfhocal c\u00e9anna sin, mar cheannnteideal don ph\u00edosa seo&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed go r\u00f3-mhinic a aonta\u00edonn duine ar bith leis an m\u00e9id a bh\u00edonn idir cham\u00e1in agam in, \u201cI mB\u00e9al an Phobail,\u201d  ach tharla s\u00e9, nuair a labhair an Breitheamh William Harnett, ag su\u00edomh den Ch\u00fairt D\u00faiche, i gCill Chainnigh, ar an M\u00e1irt, an 21 Bealtaine, 2002.  Ach b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh aon dochar \u00e9, an sc\u00e9al ar fad a leagan os bhur gcomhair amach, le go bhf\u00e9adfadh sibh bhur mbreith fh\u00e9in a thabhairt ar an sc\u00e9al.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla gur scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa sa chol\u00fan seo, anuraidh, faoi na mion-timpeall\u00e1in \u00fara, a t\u00f3gadh, n\u00f3 a su\u00edodh, i l\u00e1r Bh\u00f3thar Cheatharlach. Bhuel, bh\u00ed m\u00e9 ag r\u00e1, ag an am, go raibh an Rialtas l\u00e1ir imithe ar mire le buile chumhachta, agus go raibh an Rialtas \u00c1iti\u00fail fh\u00e9in \u00e1 lean\u00faint s\u00edos an b\u00f3ithrin sleamhain, sl\u00edoctha, c\u00e9anna sin&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">  Seo mar a chuir m\u00e9 s\u00edos orthu, ag an am&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"> <strong><em>\u201cAn nd\u00e9anann siadsan (lucht an Rialtais \u00c1iti\u00fail) tada as an mbealach, a thabharfadh le fios, go raibh buile chumhachta ag cur as d\u00f3ibhsean, freisin\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>\u201cB\u00ed cinnte go nd\u00e9anann!  Ar bhreathnaigh t\u00fa ar na timpeall\u00e1in nua a t\u00f3gadh ar Bh\u00f3thar Cheatharlach, le d\u00e9ana\u00ed?\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;margin-left:36pt\">\u201cN\u00edor bhreathnaigh, n\u00f3  d\u00e9anta na f\u00edrinne, n\u00edor thaistil m\u00e9 an b\u00f3thar c\u00e9anna sin, le tamall anuas, ach c\u00e9n cine\u00e1l timpeall\u00e1in a t\u00f3gadh air?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>\u201cBhuel!  T\u00e1 daoine sa chathair seo, a th\u00e9ann s\u00edos suas an b\u00f3thar c\u00e9anna sin, cupla uair sa l\u00e1, agus n\u00edor thugadarsan faoi deara f\u00f3s iad, ach oiread !\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>\u201cConas a d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds taisteal s\u00edos suas an b\u00f3thar sin gan na timpeall\u00e1in a thabhairt faoi deara?\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;margin-left:36pt\">\u201cBhuel, n\u00ed timpeall\u00e1in chearta at\u00e1 iontu, in aon chor.  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edl i gceist ach ciorcal beag p\u00e9inte\u00e1ilte i l\u00e1r an bh\u00f3thair, ceann acu c\u00f3ngarach do thimpeall\u00e1n Bh\u00f3thar Cheatharlach, agus an ceann eile taobh amuigh d\u2019Ospid\u00e9al Chainnigh.   N\u00edlim \u00e1 r\u00e1 anois n\u00e1r ch\u00f3ir timpeall\u00e1in a bheith sna hionaid ch\u00e9anna sin, ach d\u00e1 mbeif\u00ed le beart d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, cheapf\u00e1 gur ch\u00f3ir go mbeadh siad infheicthe, feice\u00e1lach, s\u00e1bh\u00e1ilte, ach faoi mar at\u00e1 siad anois, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, gur baola\u00ed i bhfad \u00c9ireann n\u00edos m\u00f3 iad ann, n\u00f3 as.  Fi\u00fa amh\u00e1in, d\u00e1 mbeadh seanbharaille ina sheasamh i l\u00e1r an bh\u00f3thair, agus lampa de chine\u00e1l eic\u00ednt air, le gluaiste\u00e1naithe a chur ar an airdeall, thuigfe\u00e1 d\u00f3ibh, ach faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed anois, d\u00e1r liomsa, n\u00edl bun na barr air.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, b\u2019in mar a scr\u00edobh m\u00e9 anseo, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar an gcomhr\u00e1 a tharla idir m\u00e9 fh\u00e9in agus mo sheanchara S\u00e9im\u00ed an Droichid, tar \u00e9is dom sc\u00e9alta a chlos faoi thimpist\u00ed a tharla sna b\u00f3la\u00ed sin, ag an am.  Ach ar tugadh aon aird orm?  Ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa!  Bhuel, nach orm a bh\u00ed an t-ionadh, an l\u00e1 cheana, agus m\u00e9 ag l\u00e9amh <strong>an Kilkenny People<\/strong> ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, nuair c\u00e9ard d\u2019fheicfinn ar an gc\u00e9ad leathanach den ph\u00e1ip\u00e9ar sin, ach an ceannl\u00edne seo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong>J u d g e   s l a m s    \u201c l u d i c r o u s \u201d    r o u n d a b o u t s .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>N\u00ed call dom a r\u00e1, gur l\u00e9igh m\u00e9 a raibh scr\u00edofa san alt, faoin gceannl\u00edne sin, agus seo chugaibh anois \u00e9&#8230;<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong>Mini roundabouts on the Carlow Road in Kilkenny have been described as \u201cludicrous, appalling and dangerous\u201d by a Judge.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong>And the Judge has asked Kilkenny\u2019s Garda Superintendent to contact the local authority regarding the roundabouts \u201cbefore there is a really serious accident\u201d Judge William Harnett told Kilkenny District Court yesterday (Tuesday) that the roundabouts, outside SEHB headquarters and Shandon Park, were extremely dangerous.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;margin-left:36pt\">\u201cThose roundabouts are ludicrous.  They are appalling.  People can\u2019t even see someone going on to them from the right\u201d  said the Judge, who asked Supt. Gordon Ryan to raise the issue with the local authority.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sin an p\u00edosa dhuit anois, d\u00edreach mar at\u00e1 s\u00e9 le l\u00e9amh ar an <strong>People, <\/strong>d\u00e1r d\u00e1ta, an Aoine, 24 Bealtaine 2002.  Agus c\u00e9 chuirfeadh i gcoinne an Bhreithimh sa mh\u00e9id a bh\u00ed le r\u00e1 aige sa Ch\u00fairt D\u00faiche, anseo i gCill Chainnigh, ar an M\u00e1irt, an 21 Bealtaine.  N\u00ed g\u00e1 tada a chur le breith an Bhreithimh, agus mar sin f\u00e1gaimis si\u00fad mar at\u00e1 s\u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u00e1bhar eile, a bh\u00ed ag d\u00f3 na geirbe agam, tamall \u00f3 shoin, agus scr\u00edobh m\u00e9 alt faoi, in eagr\u00e1n an 26 Deireadh F\u00f3mhair, 2001.  Ba \u00e9 an teideal a thug m\u00e9 don ph\u00edosa sin n\u00f3&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><strong>S \u00e9 i p \u00e9 i l     f a o i      l \u00e9 i g e a r ?<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus sa ph\u00edosa sin, scr\u00edobh m\u00e9 faoin chaoi ar mhothaigh m\u00e9 fh\u00e9in go rabthas ag iarraidh, cosc a chur le p\u00e1irce\u00e1il gluaiste\u00e1n, taobh amuigh de sh\u00e9ip\u00e9il na Cathrach \u00c1ille seo.  Labhair m\u00e9 faoin Mhainistir Dhubh, ar bhruach na Br\u00e9aga\u00ed, agus an chaoi ar cuireadh cosc ioml\u00e1n, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, le p\u00e1irce\u00e1il th\u00edos ansin, ar feadh cupla bliain, agus ansin, nuair a bh\u00ed deireadh leis an athnuachan, agus leis an r\u00f3mhar uilig a bh\u00ed ar si\u00fal ag an mBardas, fuarthas amach, go raibh an chuid ba mh\u00f3 den sp\u00e1s p\u00e1irce\u00e1la caillte, agus nach raibh f\u00e1gtha do ph\u00e1irce\u00e1il ach cuid Ph\u00e1id\u00edn den mhe\u00e1can, an rubaill\u00edn caol.  Ba \u00e9 a cheap m\u00e9 fh\u00e9in, n\u00f3 go raibh l\u00e9igear a dh\u00e9anamh ar sh\u00e9ip\u00e9il na cathrach, agus go rabhthas ag iarraidh constaic\u00ed a chur sa mbealach orthu si\u00fad, ar theastaigh uathu freastal ar Aifrinnt\u00ed, anseo in \u00e1r measc.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scr\u00edobh m\u00e9 freisin, faoi ch\u00farsa\u00ed i Sr\u00e1id Eoin, agus faoin chaoi a rabhthas ag iarraidh deireadh a chur le p\u00e1irce\u00e1il taobh amuigh d\u2019Eaglais Eoin, sa tsr\u00e1id ch\u00e9anna sin, ach, tr\u00e1th\u00fail go leor, cuireadh go l\u00e1idir i gcoinne an chinnidh sin, agus is cos\u00fail gur ligeadh i ndearmad \u00f3 shoin \u00e9.  I gc\u00e1s Ardeaglais Mhuire, bhuel, deineadh an t-ionad p\u00e1irce\u00e1la, at\u00e1 taobh leis an Ardeaglais sin, a th\u00f3g\u00e1il faoi chumhacht an Bhardais, agus t\u00e1thar le t\u00e1ille a ghearradh ar ph\u00e1irce\u00e1il ansin, feasta.  Nach gceapfadh duine go rabhthas ag iarraidh bac a chur sa mbealach orthu si\u00fad a d\u2019\u00fas\u00e1ideadh an t-ionad sin, thar na blianta fada, mar \u00e1it ph\u00e1irce\u00e1la, le linn d\u00f3ibh bheith ag freastal ar Aifrinnt\u00ed ansin.  Nuair a rinne na Tiarna\u00ed Talaimh na coim\u00edneachta\u00ed a ghabh\u00e1il fado, chuir s\u00e9 sin fearg ar chuile dhuine den chosmhuintir, ag an am, ach nach iad an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile iad?  Tuige nach ligf\u00ed do dhaoine p\u00e1irce\u00e1il, saor \u00f3 ch\u00edos, ansin ag am Aifrinn, Domhnach agus L\u00e1 Saoire? Nach gceapf\u00e1 go raibh an ceart sin tuillte acu, tr\u00ed bheith a \u00fas\u00e1id mar ionad p\u00e1rce\u00e1a le sinsearacht?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scr\u00edobh m\u00e9 freisin, faoina raibh ag tarl\u00fa thart ar Sh\u00e9ip\u00e9al Ph\u00e1draig, agus faoi na rialacha nua a cuireadh i bhfeidhm, fan an bh\u00f3thair sin, le p\u00e1irce\u00e1il a theorainni\u00fa.  Sea, agus tugadh le fios don chl\u00e9ir ansin, is cos\u00fail, go gcuirf\u00ed an dl\u00ed i bhfeidhm ansin ar \u00e9inne a sh\u00e1r\u00f3dh na rialacha nua p\u00e1irce\u00e1la ansin.  I nd\u00e1ir\u00edre, is beag nach bhfuil p\u00e1irce\u00e1il crosta ar fad thart ar an s\u00e9ip\u00e9al sin, c\u00e9 go raibh n\u00f3s na p\u00e1irce\u00e1la c\u00e9anna fadbhunaithe ansin.  T\u00e9igh amach ansin agus breathnaigh air, agus feicfidh t\u00fa, nach lu\u00edonn cuid de na rialacha c\u00e9anna sin le r\u00e9as\u00fan!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus c\u00e9ard faoin bhFriary s\u2019againne, \u00e1it a gceili\u00fartar Aifreann i nGaeilge, chuile Dhomhnach agus L\u00e1 Saoire?  Cad a tharla don ionad bre\u00e1 fairsing p\u00e1irce\u00e1la a bh\u00ed acu ansin ina nd\u00e9anadh lucht freastal ar Aifrinnt\u00ed sa bhFriary a ngluaiste\u00e1n a ph\u00e1irce\u00e1il, le linn d\u00f3ibh bheith istigh ag na hAifrinnt\u00ed sin?  Imithe, faoi mar a d\u2019imigh an sneachta a bh\u00ed ann anuraidh.  T\u00f3gadh foirgneamh ollmh\u00f3r ansin, sa chaoi n\u00e1r f\u00e1gadh fi\u00fa \u00e1it do ghluaiste\u00e1n amh\u00e1in p\u00e1irce\u00e1il ansin anois.  Agus n\u00ed bheadh an sc\u00e9al chomh holc sin ar fad, d\u00e1 mba le duine pr\u00edobh\u00e1ideach an t-ionadh, mar d\u00e9arfadh duine go mba leis fh\u00e9in \u00e9, agus a chead aige \u00fas\u00e1id ar bith, ar mhian leis, a bhaint as.  Ach, n\u00edor le duine pr\u00edobh\u00e1ideach \u00e9.  N\u00edorbh ea, muis!  Ba leis an mBardas s\u2019againne \u00e9, agus b\u2019iadsan a dh\u00edol \u00e9.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 gur dh\u00edol siad oidhreacht an phobail, agus n\u00edor smaoinigh siad ar thada a chur ina \u00e1it, le freastal ar phobail na nAifrinnt\u00ed sa bhFriary.  An f\u00e9idir tada a dh\u00e9anamh anois, leis an sc\u00e9al sin a chur ina cheart ar\u00eds?  T\u00e1 fait\u00edos orm nach bhfuil, ach i nd\u00e1ir\u00edre, is d\u00f3cha gur chuma le roinnt mhaith daoine faoi chearta p\u00e1irce\u00e1la na ndaoine a dh\u00e9anann freastal ar Aifrinnt\u00ed feasta.  Is m\u00f3 go m\u00f3r fada a nd\u00fail go mbeadh ionaid fhairsinge ph\u00e1irce\u00e1la ar f\u00e1il ag na hOllmharga\u00ed, agus ag na h\u00d3st\u00e1in, in \u00e1r measc.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir go gcuirfe\u00e1 ceist orm faoin ch\u00fais at\u00e1 leis an athr\u00e1 seo ar rud a scr\u00edobh m\u00e9 anuraidh.  Bhuel, t\u00e1, seo, gur l\u00e9igh m\u00e9 litir ar an <strong>Kilkenny People<\/strong> d\u00e1r d\u00e1ta, an 24 Bealtaine, faoin \u00e1bhar c\u00e9anna sin.  Litir bhre\u00e1, a scr\u00edobh Jim Woodcock, as Bishops Hill, sa chathair seo, agus chuir s\u00e9 \u00e1thas orm ar\u00eds, go raibh Jim ar aon fhocal liom sa mh\u00e9id seo, faoi ghanntanas \u00e1iteacha p\u00e1irce\u00e1la ag eaglais\u00ed na cathrach, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, faoin gc\u00fang\u00fa a deineadh ar ionaid ph\u00e1irce\u00e1la thart ar eaglais\u00ed agus ar sh\u00e9ip\u00e9il na cathrach seo. Anois, is \u00e9 an rud is m\u00f3 at\u00e1 ag cur as do scr\u00edbhneoir na litreach seo, n\u00f3 go bhfuil an c\u00fang\u00fa seo ag cur as, go h\u00e1irithe, do shean\u00f3ir\u00ed na cathrach, daoine a dteasta\u00edonn \u00e1it ph\u00e1irce\u00e1la, c\u00f3ngarach don s\u00e9ip\u00e9al, go g\u00e9ar uathu.   Ba mhaith liom cupla abairt a th\u00f3g\u00e1il as litir Jim, le sin a l\u00e9iri\u00fa daoibh.  F\u00e9ach ar seo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;<strong><em>\u201cRecently, at the Black Abbey, a number of the congreagation found their cars had received parking tickets, while they were attending Mass.  As is the case, a large percentage of daily Mass-goers are elderly, some of whom may have a degree of infirmity or disabilitay, which makes parking nearby, essential.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>Previously around the Black Abbey, there were 150 available car spaces which have now been reduced to a meagre 35.\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An g\u00e1 cur leis an  meid ad\u00fairt Jim, sa litir sin?  M\u00e1s g\u00e1, f\u00e9ach ar seo, agus \u00e9 ag cur s\u00edos ar ch\u00farsa\u00ed p\u00e1irce\u00e1la ag an bhFriary&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>\u201cRegarding our other parishes in town, the elderly attending Mass at the Friary have had all car parking facilities removed, and could have to park their cars up to half a mile away.\u201d<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mhaith liom mo bhu\u00edochas \u00f3 chro\u00ed a chur in i\u00fal do Jim  Woodcock, as a litir bhre\u00e1.  fad saoil aige, agus b\u2019fh\u00e9idir go dtabharfadh duine eic\u00ednt \u00fadar\u00e1sach aird ar a bhfuil \u00e1 r\u00e1 aige sa litir ch\u00e9anna sin, ach thar aon rud eile, is d\u00f3cha go l\u00e9ir\u00edonn an rud ar fad an t-athr\u00fa ollmh\u00f3r at\u00e1 tagtha ar ch\u00farsa\u00ed, le cupla sc\u00f3r bliain anuas.  An tr\u00e1th sin, n\u00ed smaoineodh \u00e9inne fi\u00fa, ar ch\u00fang\u00fa a dh\u00e9anamh ar ionaid ph\u00e1irce\u00e1la na n-eaglais\u00ed, gan an comhar a \u00edoc leo, ar bhealach eic\u00ednt eile, s\u00e9 sin, tr\u00ed ionad eile p\u00e1irce\u00e1la a chur ar f\u00e1il ina \u00e1it.  Ach d\u2019imigh sin, is th\u00e1inig seo, agus d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil saol nua sa treis anois, saol n\u00e1r smaoin\u00edodh fi\u00fa air, nuair a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in n\u00f3 Jim Woodcock, ag f\u00e1s an\u00edos, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed d\u00f3igh liom, gur f\u00e9idir linn na hathruithe c\u00e9anna sin a chur ar gc\u00fal anois, ach murar f\u00e9idir fh\u00e9in, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, go dtaitneoidh na hathruithe sin linn, n\u00f3 nach f\u00e9idir linn tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh, mar b\u2019fh\u00e9idir go dtabharfadh duine eic\u00ednt, \u00e1it eic\u00ednt, am eic\u00ednt, aird orainn, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>C a r a s a C h \u00fa i r t ! . ****************************** . Is d\u00f3cha gur cuimhin libh go l\u00e9ir an seanfhocal, &#8211; Is fearr cara sa ch\u00fairt n\u00e1 bonn sa spar\u00e1n, &#8211; bhuel, n\u00ed cara d\u00e1 leith\u00e9id sin, go d\u00edreach, at\u00e1 i gceist agam in alt na seachtaine seo, ach ag [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12151","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12151","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12151"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12151\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12152,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12151\/revisions\/12152"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12151"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12151"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12151"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}