{"id":12251,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12251"},"modified":"2024-04-08T01:27:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:10","slug":"cothrom-na-feinne-litir-chuig-foinse","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/cothrom-na-feinne-litir-chuig-foinse\/","title":{"rendered":"Cothrom na F\u00e9inne&#8230;litir chuig Foinse."},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">A Eagarth\u00f3ir, a chara,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar dhuine de lucht leanta Mhaigh Eo, ba mhaith liom comhghairdeas a dh\u00e9anamh leis an bhfoireann, leis an mbainisteoir, agus lena lucht taca\u00edochta, as ar chuir siad ar f\u00e1il d\u00fainn de sp\u00f3rt, agus de chaitheamh ainsire, le cupla r\u00e1ithe anuas.  Shroich siad buaic a bhf\u00e9idireachta\u00ed sa sp\u00e1s sin ama, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain \u00f3 anocht!  N\u00e1 ceaptar anois, gur ag cruinni\u00fa na leithsc\u00e9al at\u00e1 m\u00e9, nuair adeirim, gur bheag de Chothrom na F\u00e9inne, n\u00f3 den chuirt\u00e9is fh\u00e9in, a fuair siad \u00f3 shaineolaithe \u00e1irithe imeasc iriseoir\u00ed agus tr\u00e1chtair\u00ed, a rinne chuile iarracht a bheag a dh\u00e9anamh d\u00edobh, le roinnt m\u00edosa anuas.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An i nd\u00e1ir\u00edre at\u00e1 m\u00e9, an ea?  Lom d\u00e1ir\u00edre, mh\u2019anam.  Nach cuimhin le madra\u00ed an bhaile fi\u00fa, an spraoi a bh\u00ed ag saintr\u00e1chtair\u00ed \u201ceolgaiseacha\u201d faoi imreoir\u00ed \u00e1irithe ar fhoireann Mhaigh Eo, a raibh bail, agus dath faoi leith, curtha acu ar a gcuid gruaige, don \u00f3c\u00e1id mh\u00f3r?  D\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id de mhagadh faoi imreoir\u00ed Cam\u00f3ga\u00edochta, n\u2019fheadar an nglacfa\u00ed leis mar mhagadh, n\u00f3 mar spraoi? <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus le linn Chraobh na h\u00c9ireann fh\u00e9in, t\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go mba thr\u00e1chtaireacht leataobhach go maith a deineadh ar an gcluiche sin.  An bhf\u00e9adf\u00e1 Miche\u00e1l \u00d3 h\u00c9ithir a shamhl\u00fa ag r\u00e1 ag leatham, go raibh foireann Mhaigh Eo criogtha, agus nach raibh seans d\u00e1 laghad acu, bua a fh\u00e1il sa chluche sin, mura raghadh na Ciarra\u00edgh isteach sa seomra feistis ar fead ch\u00faig n\u00f3im\u00e9ad den dara leath?  N\u00ed le seirbhe, le cancar, n\u00f3 le fonn fi\u00fa, a deirim a leith\u00e9id,  mar chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, sciob na Ciarra\u00edgh an chraobh leo, go \u201cf\u00e9ar\u00e1ilte\u201d, ar an l\u00e1, agus tr\u00e9aslaim a mbua leo, ach ba ch\u00f3ir do thr\u00e1chtair\u00ed agus d\u2019iriseoir\u00ed cuimhneamh, go bhfuil dh\u00e1 thaobh ar an sc\u00e9al, agus go bhfuil lucht leanta an d\u00e1 thaobh ag \u00e9isteacht lena dtuairim\u00ed.  Leor sin do thuras na huaire seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">(Peadar Bair\u00e9ad.)<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A Eagarth\u00f3ir, a chara, Mar dhuine de lucht leanta Mhaigh Eo, ba mhaith liom comhghairdeas a dh\u00e9anamh leis an bhfoireann, leis an mbainisteoir, agus lena lucht taca\u00edochta, as ar chuir siad ar f\u00e1il d\u00fainn de sp\u00f3rt, agus de chaitheamh ainsire, le cupla r\u00e1ithe anuas. Shroich siad buaic a bhf\u00e9idireachta\u00ed sa sp\u00e1s sin ama, agus gura [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12251","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12251","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12251"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12251\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12252,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12251\/revisions\/12252"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12251"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12251"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12251"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}