{"id":12331,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12331"},"modified":"2024-04-08T01:06:54","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:54","slug":"dialannai-cailiuil-eile","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/dialannai-cailiuil-eile\/","title":{"rendered":"Dialannai Cailiuil eile"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">Dialanna\u00ed c\u00e1ili\u00fail eile<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 ag tarraingt ar thriocha bliain \u00f3 shoin anois, \u00f3 scr\u00edobh m\u00e9 p\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">osa sa Kilkenny People faoi Dhialanna\u00ed c\u00e1ili\u00fail Chalainn, Amhlaoibh ild\u00e1nach \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in. Tharla go raibh m\u00e9 tar \u00e9is l\u00e9acht a thabhairt, anseo sa Chathair \u00c1lainn, faoi shaol agus faoi shaothar an Dialanna\u00ed ch\u00e1ili\u00fail ch\u00e9anna sin, ag an am, agus theastaigh uaim cuid den eolas a bh\u00ed bailithe agam, a roinnt ar mo chuid l\u00e9itheoir\u00ed anseo i gcol\u00fain an Pheople. Is minic a thagann cuimhn\u00ed na laethe iontacha, do-dhearmadta, sin ar ais chugam, agus m\u00e9 ag f\u00e1na\u00edocht liom s\u00edos b\u00f3ithr\u00edn\u00ed na cuimhne, agus cuireann s\u00e9 io<\/span><span style=\"font-size:14pt\">nadh an domhain orm, go raibh an Dialanna\u00ed c\u00e9anna sin, chomh hild\u00e1nach is a bh\u00ed. B\u2019fhear \u00e9, a raibh taighde agus staid\u00e9ar d\u00e9anta aige ar a theanga dh\u00fachais, b\u2019fhear \u00e9 freisin, a raibh meas an domhain air, mar fhear gn\u00f3, agus mar fhear a raibh tionchar agus saineolas aige ar ch\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta, agus polait\u00edochta, a linne, sea, agus tabhair faoi deara freisin, an t-eolas uilig sin a bh\u00ed aige faoi ch\u00farsa\u00ed aimsire agus a leith\u00e9id. N\u00ed n\u00e1ire ar bith d\u00fainn a bheith br\u00f3d\u00fail, agus m\u00f3rtasach, as Amhlaoibh s\u2019againne. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">An Dara Dialanna\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach sin r\u00e1ite, agus admhaithe, n\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn, ach oireadh, dearmad a dh\u00e9anamh ar Dhialanna\u00ed eile, a th\u00e1inig chugainn isteach \u00f3n dtaobh amuigh freisin, agus a chaith seal maith, tairbheach, taitneamhach, d\u00e1 shaol in\u00e1r measc <\/span><span style=\"font-size:14pt\">anseo sa Chathair \u00c1lainn, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oireadh, go raibh m\u00f3rtas an domhain ar an \u00fadar c\u00e1ili\u00fail c\u00e9anna sin, as a ghaol agus a cheangal le Cill \u00e1lainn Chainnigh. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh c\u00f3na\u00ed air fh\u00e9in is ar a Mham anseo, thar bhlianta fada, agus nach ioma\u00ed sin tagairt le f\u00e1il ina chuid scr\u00edbhinn\u00ed ar Chathair seo a dh\u00eddine, agus n\u00e1r bhronn Bardas na Cathrach s\u2019againne ainm an \u00fadair sin ar ionad faoi leith anseo sa Chathair \u00c1lainn. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, gurb \u00e9 D\u00f3nall s\u00e9imh Mac Amhlaigh at\u00e1 i gceist agam anseo.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Alt sa \u201cTimes\u201d<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is \u00e9 a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn seo m\u00e9, an babhta seo, n\u00f3 alt a l\u00e9igh m\u00e9 sa Times, i M\u00ed L\u00fanasa seo ghabh tharainn, alt le Ciar\u00e1n \u00d3 Cual\u00e1in at\u00e1 i gceist agam. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cuireann Ciar\u00e1n s\u00edos ina alt ar an chaoi ar chuir s\u00e9 fh\u00e9in aithne ar shaothar Dh\u00f3naill, a ch\u00e9aduair. O\u00edche Nollag a bh\u00ed ann, agus bh\u00ed Ciar\u00e1n agus a athair ag siopad\u00f3ireacht i mbaile m\u00f3r an Longfoirt, nuair a casadh fear bre\u00e1 scaf\u00e1nta orthu, agus chuaigh athair Chiar\u00e1in agus an fear strains\u00e9artha seo i mbun chomhr\u00e1. Ar baill\u00edn beag, chuir an t-athair an fear sin in aithne do Chiar\u00e1n, agus d\u2019inis d\u00f3, go mba dhuine de na charachtair i nDialann Deora\u00ed le D\u00f3nall Mac Amhlaigh \u00e9. B\u2019fhear as Conamara \u00e9, a chaith s<\/span><span style=\"font-size:14pt\">eal i mbun oibre i Sasana, toisc nach raibh a leith\u00e9id ar f\u00e1il go h\u00e9asca sa t\u00edr seo, ag an am. Bh\u00ed D\u00f3nall sna triochaid\u00ed nuair a chuir s\u00e9 an saothar sin de, i 1960.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">S\u00e1r-\u00fadar Connachtach, faoi dheireadh<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is cuimhin liom fh\u00e9in go maith an t-\u00e1thas agus an m\u00f3rtas a bh\u00ed orm fh\u00e9in tr\u00e1th l\u00e9igh m\u00e9 an saothar sin, ag an am. Ar deireadh thiar, d\u00e1r liom, bh\u00ed s\u00e1r-\u00fadar Connachtach dulta i mbun pinn, agus bh\u00ed \u00faire, n\u00e1d\u00farthacht, agus d\u00e1ir\u00edreacht, ag baint lena shaothar. Bh\u00ed boladh na f\u00edrinne, sea, agus blas na d\u00e1ir\u00edreachta, le f\u00e1il uaidh, agus chomh maith le sin, th\u00f3g an saothar \u00e1r gcro\u00ed, toisc go bhf\u00e9adfadh muid bheith ag s\u00fail le tuilleadh f\u00edoruisce a  tharraingt as an dtobar nua seo, a bh\u00ed fionnta againn. Sea, agus bh<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00ed an ceart againn sa mh\u00e9id sin, n\u00f3 chuir D\u00f3nall s\u2019againne suas le deich leabhar iontacha ar f\u00e1il d\u00fainn idir sin agus l\u00e1 a bh\u00e1is.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Tuairim Chiar\u00e1in<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach le filleadh ar an alt \u00fad le Ciar\u00e1n \u00d3 Cual\u00e1in, n\u00edor ch\u00f3ir dom an p\u00edosa seo a chr\u00edochn\u00fa gan tagairt a dh\u00e9anamh d\u00e1 thuairim ar Dhialann Deora\u00ed. F\u00e9ach mar a chuir s\u00e9 \u00e9&#8230;<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u201cCuntas lom mac\u00e1nta at\u00e1 ann ar shaol a chaith na m\u00edlte \u00c9ireannach i Sasana \u2013 na fir ag n\u00e1ibh\u00edocht, ag tarraingt biatais, ag leagan r\u00e1ill\u00ed n\u00f3 ag t\u00f3g\u00e1il toll\u00e1n don iarnr\u00f3d; na mn\u00e1 ag obair mar bhanaltra\u00ed, mar chail\u00edn\u00ed aimsire is mar ch\u00fant\u00f3ir\u00ed siopa\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Scl\u00e1bha\u00edocht ar bun ag go leor acu is iad ag cabhr\u00fa le hat\u00f3g\u00e1il na t\u00edre sin tar \u00e9is scrios an chogaidh.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Bh\u00edodh an leabhar sin ar ch\u00farsa na hArdteistim\u00e9ireachta tr\u00e1th, ach n\u00ed hamh\u00e1in nach bhfuil a leith\u00e9id sin f\u00edor a thuilleadh, ach is d\u00f3cha go bhfuil an leabhar fh\u00e9in imithe as cl\u00f3 faoi seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is \u00e9 mo thuairim fh\u00e9in, gur caitheadh go dona le D\u00f3nall s\u2019againne, duine de na scr\u00edbhneoir\u00ed ab fhearr a chothaigh st\u00edl, agus cur-chuige, d\u00e1 chuid fh\u00e9in, sa bhfichi\u00fa haois. Bh\u00ed plean aige triol\u00f3g a scr\u00edobh ag cur s\u00edos ar shaol \u00e1r n-imirceach i Sasana, lena linn, ach tar \u00e9is d\u00f3 an ch\u00e9ad leabhar den triol\u00f3g sin a chur i gcl\u00f3, agus tar \u00e9is an chaoi ar caitheadh leis, shocraigh s\u00e9 gan dul n\u00edos fuide leis an dtionscadal sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go mothaimid D\u00f3nall uainn anseo sa Chathair \u00c1lainn, n\u00f3 ba dhuine d\u00ednn fh\u00e9in \u00e9, agus bh\u00ed s\u00e9imhe, n\u00e1d\u00farthacht, d\u00e1ir\u00edreacht, agus greann, fite fuaite ina phearsa, agus ina theacht i l\u00e1thair, sa chaoi go raibh s\u00e9 \u00e9asca, comhr\u00e1 agus seanchas a dh\u00e9anamh leis. \u00c1it ag bord an Tiarna go raibh aige anois agus i dt\u00f3lamh.<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Dialanna\u00ed c\u00e1ili\u00fail eile Peadar Bair\u00e9ad Is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 ag tarraingt ar thriocha bliain \u00f3 shoin anois, \u00f3 scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa sa Kilkenny People faoi Dhialanna\u00ed c\u00e1ili\u00fail Chalainn, Amhlaoibh ild\u00e1nach \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in. Tharla go raibh m\u00e9 tar \u00e9is l\u00e9acht a thabhairt, anseo sa Chathair \u00c1lainn, faoi shaol agus faoi shaothar an Dialanna\u00ed ch\u00e1ili\u00fail ch\u00e9anna [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12331","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12331","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12331"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12331\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12332,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12331\/revisions\/12332"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12331"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12331"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12331"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}