{"id":12359,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12359"},"modified":"2024-04-08T01:24:52","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:52","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-0-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-0-b\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n        3 0 B"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n        3 0 .B.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Sa gh\u00e1la deiridh, labhair m\u00e9 faoin chaoi ar shhocraigh m\u00e9 \u00e9ir\u00ed as an tsagartacht, agus filleadh ar\u00eds ar shaol an tuata.  Cheapf\u00e1 nach mbeadh s\u00e9 r\u00f3-dheacair a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed bheadh m\u00f3r\u00e1n deacrachta ag baint le cinneadh d\u00e1 leith\u00e9id, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach saol eile ar fad a bh\u00ed i dtreis anseo, sa bhliain 1950.  Ag an am sin, bh\u00ed gradam faoi leith ag gabh\u00e1il leis an tsagartacht, agus n\u00ed hamh\u00e1in go dtugta\u00ed urraim agus on\u00f3ir don duine fh\u00e9in, ach bh\u00ed an oiread c\u00e9anna urrama agus on\u00f3ra ag dul d\u00e1 mhuintir, agus d\u00e1 phobal, fi\u00fa.  N\u00edor dhuine pr\u00edobh\u00e1ideach a thuilleadh \u00e9 an t-\u00e1bhar sagairt, ba chuid d\u00edlis feasta \u00e9 d\u00e1 phobal, agus nuair a d\u2019\u00e9ireodh a leith\u00e9id de dhuine as an tsagartacht, chuir s\u00e9 sin isteach ar an bpobal uilig, gan tr\u00e1cht in aon chor ar a mhuintir, n\u00f3 ar a ghaolta fh\u00e9in.  Leor a r\u00e1, mar sin, nach raibh s\u00e9 chomh h\u00e9asca sin ar fad, an tr\u00e1th \u00fad, filleadh ar do dh\u00fachas id shagairt\u00edn, n\u00f3 i do shagart millte.  Ba chine\u00e1l masla \u00e9, n\u00f3 chonacthas do dhaoine gur di\u00falta\u00edodh duit, cuma m\u00e1 shocraigh duine fh\u00e9in ar \u00e9ir\u00ed as, d\u00e1 dheoin fh\u00e9in, n\u00e1rbh \u00e9 an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile \u00e1?  D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 na sagairt!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u2019in iad na smaointe a bh\u00ed do mo chr\u00e1, is do mo ch\u00e9asach, ar feadh scathaimh mhaith sul ar fh\u00e1g m\u00e9 an Chliarscoil, ach ar deireadh, rinne m\u00e9 suas m\u2019aigne, tar \u00e9is dom chuile sh\u00f3rt a chur sa mhe\u00e1, agus \u00f3n bpointe sin amach, n\u00edor lig m\u00e9 do na c\u00farsa\u00ed sin cur isteach go r\u00f3-mh\u00f3r orm.  Tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach \u00e9ir\u00ed as.  N\u00edlim \u00e1 r\u00e1 anois, go raibh s\u00e9 \u00e9asca, uaidh sin amach, n\u00f3 ba chuid dem\u2019 shaol \u00e9 an traen\u00e1il sin don tsagartacht, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, gurbh \u00ed an traen\u00e1il ch\u00e9anna sin a mh\u00fanlaigh m\u00e9, agus a shocraigh prionsabail, agus b\u00e9asa beatha, sa chro\u00ed istigh ionnam. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"> Ar deireadh thiar, th\u00e1inig an l\u00e1 m\u00f3r.  Bh\u00ed m\u00e9 liom fh\u00e9in, i ndeireadh na d\u00e1la.  N\u00ed raibh \u00e9inne ansin le teacht i gcabhair orm, leis an ualach buartha sin a roinnt liom.  T\u00f3gadh i ngluaiste\u00e1n chun st\u00e1isi\u00fan na traenach ag I\u00far Chinn Tr\u00e1 m\u00e9.  F\u00e1gadh ansin m\u00e9.  Bh\u00ed l\u00e9im dhroichead na n-alt caite agam.  Agus leis an sc\u00e9al sin a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, bh\u00ed de n\u00f3s ag an gComhluadar s\u2019againne, an SMA, ar dhein m\u00e9 tagairt go minic cheana d\u00f3, bh\u00ed de n\u00f3s acusan, droim l\u00e1imhe a thabhairt leis an t\u00e9 a d\u2019fh\u00e1gfadh an Comhluadar sin.  Moladh d\u00f3ibh, ina mbunreacht, gan aon bhaint a bheith acu feasta, leis an t\u00e9 a d\u2019im\u00edodh uathu.  Moladh d\u00f3ibh, gan aon ph\u00e1irt a bheith acu feasta leis an t\u00e9 a bhainfeadh a l\u00e1imh den ch\u00e9achta.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, gur chuir an n\u00f3s sin isteach go m\u00f3r orm, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, gur tuigeadh dom, chuile l\u00e1 riamh, go mba fhrithChr\u00edosta\u00ed, amach is amuigh, an n\u00f3s \u00e9.  Ach b\u2019in an n\u00f3s, agus geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1r bhris mo chomhleacaithe fh\u00e9in an n\u00f3s c\u00e9anna sin, ach chomh beag le h\u00e9inne eile.  Sea, mh\u2019anam, agus anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, n\u00ed raibh aon teangmh\u00e1il, gurbh fhi\u00fa tr\u00e1cht air, idir m\u00e9 fh\u00e9in agus mo chomhleachaithe, d\u00e1 bhf\u00e9adfainn sin a thabhairt orthu, b\u00edodh go raibh tarraingt ar naoi mbliana caite ag cuid againn i bhfochair a ch\u00e9ile, tr\u00ed shonas, is tr\u00ed dhonas, tr\u00ed bhuairt, is tr\u00ed l\u00fach\u00e1ir, tr\u00ed shoineann, is tr\u00ed dhoineann, ach nach \u2018in an saol agat a mhiceo!!  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh \u00e1 dh\u00e9anamh acu, ach faoi mar ad\u00faradh leo, agus nach cuimhin libh sc\u00e9al an N\u00f3ibh\u00edsigh a chuir na planda\u00ed bun os cionn!  Nach bhfuil do sh\u00e1ith ansin agat!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00e1r bhr\u00f3nach, uaigneach, gruama,  an turas abhaile dhom \u00e9, \u00f3 Chliarscoil Dhroim an tS\u00edn, go baile na Droime in Iorras?  Geallaimse dhuit \u00e9, gur chaitheas laethe n\u00edos sona, s\u00e1sta, l\u00fach\u00e1ir\u00ed, n\u00e1 an l\u00e1 c\u00e9anna \u00fad, is m\u00e9 ag taisteal siar abhaile go hIorras.  Conas a d\u2019\u00e9ireodh liom thiar?  An bhfearfa\u00ed f\u00e1ilte romham? C\u00e9ard faoi na comharsanna?  Cad a dh\u00e9anfainn in aon chor anois, n\u00f3 anuas go dt\u00ed an pointe sin, n\u00ed raibh ach r\u00f3d amh\u00e1in romham, d\u00e1r liomsa, ach anois, bh\u00ed an bealach sin crosta ormsa feasta, ach bheadh am agam, ar ball, leis an bhfadhb sin a scaoileadh.  Nach rabhas \u00f3g, l\u00e1idir, misni\u00fail, ag an am, agus m\u00e9 r\u00e9idh deighle\u00e1il le c\u00e1s ar bith, d\u00e1 dheacra \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Tr\u00ed Bhaile \u00c1tha Cliath sea chuas, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, go mb\u00edodh \u00e1thas orm, chuile bhabhta, nuair a thuirling\u00ednn de thraein an Tuaiscirt, ag St\u00e1isi\u00fan Shr\u00e1id Amien. N\u00edor thaise don bhabhta sin \u00e9.  Sea, bh\u00edos ar ais i dt\u00edr na muintire, b\u00edodh go raibh p\u00edosa le dul agam f\u00f3s, s\u00e1ra n-aireoinn cr\u00e9 Iorrais faoi mo sp\u00e1ga ar\u00eds.  In Earrach na bliana 1950, a tharla na heachtra\u00ed sin, ach filleann siad orm anois, chomh gl\u00e9, glas, glinn, is d\u00e1 mba inn\u00e9 a tharla siad, a ch\u00e9aduair!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Chaith m\u00e9 o\u00edche i mBaile \u00c1tha Cliath, agus an mhaidin d\u00e1r gcionn, bh\u00ed m\u00e9 r\u00e9idh chun b\u00f3thair ar\u00eds le giolc an ghealbhain, agus tar \u00e9is l\u00e1 a chaitheamh ag taisteal, shroich m\u00e9 B\u00e9al an \u00c1tha, cois Muaidhe, an o\u00edche sin, agus chuir m\u00e9 f\u00fam ansin, sa N\u00e9ifin, an o\u00edche sin, agus an mhaidin d\u00e1r gcionn, fuair m\u00e9 s\u00edob amach go B\u00e9al an Mhuirthead ar veain an Phosta.  N\u00ed raibh s\u00e9 r\u00f3-dheacair agam ansin mo bhealach a dh\u00e9anamh abhaile \u00f3 Bh\u00e9al an Mhuirthead, agus gan aon r\u00f3-mhoill, bh\u00ed m\u00e9 ar ais sa bhaile, agus murar cuireadh f\u00e1ilte U\u00ed Cheallaigh romhamsa, an mhaidin sin, bhuel, n\u00ed l\u00e1 f\u00f3s \u00e9!  Bh\u00ed mo Dhaid is mo Mham ina gc\u00e9ad cuid thart orm, agus chuile iarracht \u00e1 dh\u00e9anamh acu, a chur ina lu\u00ed ormsa, go raibh na m\u00fartha f\u00e1ilte \u00e1 gcur acu romham abhaile.  Chuir an fh\u00e1ilte sin faoi gheasa m\u00e9, agus \u00f3n n\u00f3im\u00e9ad sin amach, n\u00ed raibh amhras orm riamh faoi dh\u00e1ir\u00edreacht na f\u00e1ilte c\u00e9anna sin.  N\u00edlim ag ma\u00edomh anois go raibh s\u00e9 \u00e9asca agamsa, teacht isteach ar\u00eds ar rithim agus ar cheol an t\u00ed s\u2019againne, i mbaile na Droime, n\u00f3 bh\u00edos r\u00f3-fhada ar dheoraiocht, chuige sin.  Bh\u00edos r\u00f3-fhada scartha \u00f3m mhuintir, agus n\u00f3sanna agus b\u00e9asa strains\u00e9artha pioctha suas agam.  Bh\u00ed chuile sh\u00f3rt as comp\u00e1s, mar ad\u00e9arf\u00e1.  An seomra seo r\u00f3-bheag, na falla\u00ed r\u00f3-\u00edseal, agus na hurl\u00e1ir r\u00f3-gharbh.   Bh\u00ed m\u00e9 millte, tr\u00edd is tr\u00edd, ag an timpeallacht inar chaith m\u00e9, tarraingt ar dheich mbliana.  N\u00edor th\u00e1inig an  cine\u00e1l saoil sin, a chleacht m\u00e9 i rith na mblianta fada sin, leis an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed \u00e1 chaitheamh ag mo mhuintir fh\u00e9in.  Bh\u00ed m\u00e9 im \u00e9an cuide\u00e1in i measc mo mhuintire fh\u00e9in, sea, agus th\u00f3gfadh s\u00e9 roinnt mhaith ama leis an sc\u00e9al sin a chur ina cheart ar\u00eds, s\u00e9 sin, d\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id ind\u00e9anta, in aon chor. Bh\u00edos-sa tagtha ar shaol an chomhthion\u00f3il, mar ad\u00e9arf\u00e1.   Ach, n\u00edorbh iad na deacrachta\u00ed sin na clocha ba mh\u00f3 ar \u00e1r bpaidr\u00edn, an mhaidin \u00e1irithe sin, in Earrach na bliana 1950, i l\u00e1r na haoise seo caite.  Rinneamar \u00e1r gcomhr\u00e1 go b\u00e9asach, cairdi\u00fail, gramhar, ach m\u00e1 dhein fh\u00e9in, bh\u00ed fhios againn uilig, go raibh an dochar d\u00e9anta, agus nach mbeadh c\u00farsa\u00ed riamh go deo ar\u00eds, faoi mar a bh\u00ed, sular fh\u00e1g m\u00e9 an baile, le dul sna sagairt, a ch\u00e9aduair.  Bhris an scaradh sin sreang an imleac\u00e1in, agus d\u2019fh\u00e1g an Eaglais lorg a l\u00e1imhe orm, lorg nach bhf\u00e9adfa\u00ed a cheal\u00fa, cho\u00edche.  Th\u00f3g s\u00e9 blianta orm glacadh go huile is go hioml\u00e1n le f\u00edrinne an r\u00e1itis sin, ach, bhain na c\u00farsa\u00ed sin uilig leis an todhcha\u00ed, agus n\u00ed raibh muid fi\u00fa ag smaoineamh ar a leith\u00e9id, an tr\u00e1th sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhain deacrachta\u00ed lem\u2019 ionad feasta sa chlann, chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, ach go h\u00e1irithe.  Th\u00e1inig m\u00e9 abhaile chucu im dhuine uasal, m\u00e9 gl\u00e9asta suas im chulaith Domhnaigh, fhad is a bh\u00ed chuile dhuine eile sa teach gl\u00e9asta ina n-\u00e9ada\u00ed oibre.  N\u00ed fh\u00e9adfainn fanacht cois tine, an l\u00e1 ar fad, im shu\u00ed ar chathaoir, im dhuine uasail\u00edn.  Bh\u00ed obair le d\u00e9anamh.  Bh\u00ed s\u00edolta le cur, m\u00f3in le baint, aoileach le scaradh, agus diaidh ar ndiaidh, rinne m\u00e9 iarracht teacht isteach ar na graith\u00ed c\u00e9anna sin.  S\u00edlim go bhfaca na m\u00fainteoir\u00ed, i Scoil na Cille M\u00f3ire Iorrais, an c\u00e1s ina raibh m\u00e9, agus th\u00e1inig siadsan i gcabhair orm.  Tharla ag an am \u00e1irithe sin, go raibh m\u00fainteoir sealadach ag teast\u00e1il uathu, agus d\u2019iarr siad ormsa an post sin a l\u00edonadh, ar feadh scathaimh.  B\u00ed cinnte go raibh m\u00e9 fh\u00e9in l\u00e1n-ts\u00e1sta tabhairt faoin bhfiontar sin.  Bhailigh m\u00e9 mo chip is mo mheanaithe, agus bh\u00edos ag doras na scoile go bre\u00e1 luath, an mhaidin d\u00e1r gcionn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo sh\u00e1ith r\u00e1ite agam don tseachtain seo, ach cr\u00edochn\u00f3idh m\u00e9 an sc\u00e9al seo, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la eile.  B\u00ed liom an tr\u00e1th sin, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte go gcuirfidh t\u00fa sp\u00e9is ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">*************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">*************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n 3 0 .B. . ***************************** . Sa gh\u00e1la deiridh, labhair m\u00e9 faoin chaoi ar shhocraigh m\u00e9 \u00e9ir\u00ed as an tsagartacht, agus filleadh ar\u00eds ar shaol an tuata. Cheapf\u00e1 nach mbeadh s\u00e9 r\u00f3-dheacair a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12359","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12359","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12359"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12359\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12360,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12359\/revisions\/12360"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12359"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12359"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12359"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}