{"id":12363,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12363"},"modified":"2024-04-08T01:26:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:00","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-1","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-1\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n        3 1"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Eachtraigh  D\u00fainn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil 20<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gheall m\u00e9 dhaoibh go bhfillfinn ar an tsraith seo aist\u00ed ar\u00eds, gan aon r\u00f3-mhoill.  Ach, mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, an rud a th\u00e9ann i bhfad, t\u00e9ann s\u00e9 i bhfuaire, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agamsa \u00e9.  Thosaigh m\u00e9 \u00e1 chur ar an m\u00e9ar fhada, \u00f3 sheachtain go seachtain. Bhuel, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, nach raibh aon r\u00f3-fhonn orm tos\u00fa ar\u00eds ag scr\u00edobh faoi thr\u00e1th dem\u2019 shaol, a d\u2019iompair siar m\u00e9 go dt\u00ed na laethe casta, c\u00e9asta, buartha, sin, nuair a thr\u00e9ig m\u00e9 an Chliarscoil, ar ch\u00faiseanna \u00e1irithe, agus nuair a chuir m\u00e9 romham ar\u00eds, mo bhealach a dh\u00e9anamh tr\u00ed shaol guaireach, cr\u00e1ite, a bh\u00ed tr\u00e9igthe agam leis na blianta, agus saol ar cuireadh fainic na bhfainic ormsa faoi, le linn na mblianta fada a chaith m\u00e9 ag ullmh\u00fa don tsagartacht.  Bh\u00ed sin thart anois, agus bheadh ormsa feasta, r\u00e9iteach eic\u00ednt a dh\u00e9anamh le saol corrach, coireach, cam, an fichi\u00fa haois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Labhair m\u00e9 faoi dhul go hOllscoil na Gaillimhe, i bhF\u00f3mhar na bliana 1950, an Bhliain Bheannaithe.  D\u2019inis m\u00e9 dhaoibh freisin, go raibh m\u00e9 ag cur f\u00fam amuigh i nGarraithe an L\u00e9ana Bhu\u00ed, ar imeall na cathrach, agus mh\u00ednigh m\u00e9 freisin, faoi na rinc\u00ed a nd\u00e9anadh m\u00e9 fh\u00e9in is mo chomr\u00e1da\u00ed, Jimmy Albanach, freastal orthu, i Seapoint agus sa tsean<strong>Hangar<\/strong> freisin, corruair.  Anois, s\u00edlim nach raibh m\u00f3r\u00e1n taith\u00ed ar an saol m\u00f3r, millteach,  faighte ag Jimmy s\u2019againne, ach an oiread liom fh\u00e9in, agus do bhar\u00fail, nach dt\u00e9adh muid beirt chuig scoil rince, cupla uair sa tseachtain, n\u00f3 cuimhnigh, nach raibh taith\u00ed d\u00e1 laghad, ag ceachtar againn, ar dhamhsa\u00ed, n\u00f3 rinc\u00ed, agus b\u00edodh n\u00e1r theastaigh uainn an sc\u00e9al sin a chraobhscaoileadh i measc \u00e1r naimhde, n\u00f3 fi\u00fa imeasc \u00e1r gcairde fhein, ag an am gc\u00e9anna, nuair is crua don chailleach caithfidh s\u00ed rith! Agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna againne \u00e9, n\u00f3 theastaigh uainn beirt, tos\u00fa ar ghn\u00e1thshaol a chaitheamh feasta, agus ar an \u00e1bhar sin, n\u00ed raibh an dara rogha againn, d\u00e1r linne, ach rince a fhoghlaim, agus sin ar an d\u00e1 luathas, n\u00f3 bheadh sin i bhfad n\u00edos fearr n\u00e1 bheith i muin\u00edn rince na bpr\u00e9ach\u00e1n, faoi mar a bh\u00edomar beirt, ag an am.  D\u2019\u00e9irigh linn go r\u00e9as\u00fanta maith, sa bhfiontar sin, agus ba ghearr go mb\u00edodh muid amuigh ar an url\u00e1r, agus  muid ag rince linn, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 linn.  Bh\u00ed an ceart ag \u00e1r seanchara, M\u00e1rtan an Tairbh, nuair a d\u00fairt s\u00e9 linn dul amach ar an url\u00e1r, faoi mar ba linne an t-url\u00e1r c\u00e9anna sin!   Sea, mh\u2019anam, ba ghearr go raibh toit \u00e1 baint as url\u00e1r \u201cSeapoint\u201d againn beirt, m\u00e9 fh\u00e9in is mo sheanchara, Jimmy, n\u00ed lena ch\u00e9ile, d\u00e1r nd\u00f3igh, ach le cail\u00edn\u00ed \u00e1ille na d\u00faiche.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mh\u00f3r go deo an difir idir shaol an mhac l\u00e9inn Ollscoile an tr\u00e1th \u00fad, i l\u00e1r na haoise seo caite, agus saol an mhac l\u00e9inn Ollscoile, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  \u00d3 tharla go mba \u00ed sin an Bhliain Bheannaithe, cuireadh misean ar si\u00fal do mhic l\u00e9inn Chol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh, agus m\u2019fhocal is mo l\u00e1mh dhuit, go mb\u00edodh an s\u00e9ip\u00e9al ag cur thar maoil do chuile l\u00e9acht, agus don Aifreann freisin, chuile mhaidin.  S\u00edlim gur mhair an misean c\u00e9anna sin ar feadh seachtaine.  Ach fan ort neomat ansin, nach bhfuilim, anois d\u00edreach, tar \u00e9is teacht ar phicti\u00far beag, a bronnadh orm ag an misean c\u00e9anna sin, agus do bhar\u00fail? nach bhfuil s\u00e9 agam f\u00f3s, n\u00f3 choinnigh m\u00e9 im Bh\u00edobla \u00e9, rud a choinnigh deas, glan, n\u00e9ata, \u00e9, thar bhreis is leathch\u00e9ad bliain.  B\u2019fh\u00e9idir gur mhaith leat a fh\u00e1il amach, c\u00e9ard t\u00e1 scr\u00edofa ar an bpicti\u00far beag beannaithe c\u00e9anna sin?  Bhuel, seo chugat \u00e9&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>Souvenir of My Retreat at University College, Galway<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>Holy Year<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>22 \u2013 29 October 1950<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>in honour of The Solemn Proclamation<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>by His Holiness Pope Pius XII<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>of the Dogma of the Glorious Assumption<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>of The Blessed Virgin Mary.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Sea, breathnaigh ar sin anois, agus ba \u00e9 <strong>an tAthair Paul Waldron, Maynooth Mission to China<\/strong> a bh\u00ed i mbun an Ch\u00farsa Spiorad\u00e1lta ch\u00e9anna sin.  N\u2019fheadar an mbeadh a leith\u00e9id ar si\u00fal in \u00e1r nOllscoileanna, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann?  Sea, m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu!   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Agus \u00f3 tharla gur ag tagairt do ch\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta at\u00e1 m\u00e9, bh\u00edodh rud eile ar si\u00fal againne mic l\u00e9inn freisin, rud nach dtarl\u00f3dh sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 m\u00e9 c\u00f3ir a bheith cinnte!  Tharla go ndeachaigh s\u00e9 amach ormsa, gur cuireadh l\u00e9ann an tsagairt orm, agus tuigeadh d\u00e1 bharr sin, go mbeadh ar mo chumas ceisteanna mor\u00e1lta a scaoileadh dom\u2019  chomhleacaithe.  D\u00e1 bharr sin, thagadh mic l\u00e9inn chugamsa, go rialta, ag iarraidh orm treoir eic\u00ednt a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh.  Ba iad na fadhbanna ba mhinic\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 mear\u00fa n\u00f3 fadhbanna gn\u00e9is.  Deirid\u00eds gur dheineadar seo, n\u00f3 si\u00fad, agus iad amuigh ag suir\u00ed, n\u00f3 ag pleic\u00edocht d\u00f3ibh, agus theast\u00f3dh uathu a fh\u00e1il amach, ar pheaca marfach \u00e9 a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, agus ar ch\u00f3ir d\u00f3ibh \u00e9 a lua ina bhfaoistin?  Bh\u00ed c\u00edocras an domhain orthu eolas d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1il, agus ag breathn\u00fa siar ar na c\u00farsa\u00ed sin anois, is d\u00f3cha gurbh \u00e9 ba ch\u00fais leis uilig, n\u00f3 n\u00e1r mh\u00ednigh \u00e9inne sc\u00e9al na mbeach is na n-\u00e9an riamh d\u00f3ibh, agus b\u2019in iad ansin, iad f\u00e1sta suas, iad ag dul amach le cail\u00edn\u00ed, agus gan rialacha an bh\u00f3thair foghlamhta f\u00f3s acu, mar ad\u00e9arf\u00e1.  Rinne m\u00e9 mo dh\u00edcheall iad a chur ar an eolas, chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfainn, n\u00f3 tuigeadh dom, nach raghaid\u00eds chuig anamchara n\u00f3 comhairleoir ar bith eile, mura n-\u00e9ireodh liomsa a dtart a mh\u00fachadh!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Tr\u00edd an obair sin go l\u00e9ir, bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ag foghlaim uathusan freisin, agus diaidh ar ndiaidh, bh\u00ed m\u00e9 ag cur eolas ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil daonna seo, agus d\u00e1 bharr sin, ba ghearr gur thosaigh m\u00e9 fh\u00e9in ag tionlacan cail\u00edn\u00ed abhaile \u00f3 na damhsa\u00ed.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bheag dochar a bh\u00ed sa tionlacan c\u00e9anna sin.  Is d\u00f3cha nach raibh ann ach bheith i gcomhluadar ban, bheith ag comhr\u00e1 leo, ag iarraidh iad a thuiscint, ag baint taitnimh as a n-\u00e1illeacht, agus ansin, p\u00f3ig\u00edn neamhurch\u00f3ideach ag geata theach an chail\u00edn, mar luach saothair, n\u00f3 mar mhisni\u00fa, corruair, b\u2019fh\u00e9idir.   Sea, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois gur bhain m\u00e9 fh\u00e9in agus Jimmy taitneamh n\u00e1r bheag as \u00e1r n-eachtra\u00ed sna Halla\u00ed Damhsa, i rith na bliana Ollscoile c\u00e9anna sin, 1950 \u2013 \u201951.  Agus chomh maith le sin, d\u2019\u00e9irigh liom fh\u00e9in breacaithne \u00e9adomhain a chur ar an gcorrdheoch freisin.  Ba chuid dem\u2019  oili\u00faint ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir \u00e9, agus geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1r fh\u00e1s aon r\u00f3-charadas idir m\u00e9 fh\u00e9in agus na deochanna meisci\u00fala c\u00e9anna sin, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 riamh \u00f3 shoin, n\u00f3 tharla nach raibh m\u00e9 tugtha d\u00f3ibh, n\u00f3 aon r\u00f3-fhonn orm \u00e9ir\u00ed m\u00f3r leo! Sea, n\u00e1r inis m\u00e9 dhaoibh faoin mbuid\u00e9al f\u00edona \u00fad a d\u2019\u00f3lamar ar \u00e1r mbealach go C\u00f3bh Chorca\u00ed fad\u00f3, agus faoin gceacht a d\u2019fhoghlaim\u00edomar an l\u00e1 sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">N\u00e1 ceap anois gur chaith m\u00e9 an t-am uilig ag dul chuig na damhsa\u00ed agus ag \u00f3l, n\u00f3 n\u00ed mar sin a bh\u00ed.  Bh\u00ed m\u00e9 ansin le \u201cH. Dip in Ed.\u201d a bhaint amach, ag deireadh na bliana sin, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur luigh m\u00e9 isteach ar an ngn\u00f3 sin, le fonn, agus le flosc, agus nuair a th\u00e1inig deireadh na bliana sin, bh\u00ed m\u00e9 bre\u00e1 ullamh chuige. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Eachtraigh D\u00fainn Caibidil 20 . Gheall m\u00e9 dhaoibh go bhfillfinn ar an tsraith seo aist\u00ed ar\u00eds, gan aon r\u00f3-mhoill. Ach, mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, an rud a th\u00e9ann i bhfad, t\u00e9ann s\u00e9 i bhfuaire, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agamsa \u00e9. Thosaigh m\u00e9 \u00e1 chur ar an m\u00e9ar fhada, \u00f3 sheachtain go seachtain. [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12363","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12363","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12363"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12363\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12364,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12363\/revisions\/12364"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12363"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12363"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12363"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}