{"id":12367,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12367"},"modified":"2024-04-08T00:39:52","modified_gmt":"2024-04-08T00:39:52","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-33","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-33\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D u i n n 33."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Eachtraigh  Duinn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Caibidil   22.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e9arfainn go raibh bun\u00fas mo ranga ansin san Ollscoil in \u00e9ad liom, ag an am, n\u00f3 bh\u00ed deis agamsa pingneacha a shaothr\u00fa, tr\u00e1th raibh m\u00e9 ag cleachtadh mo cheirde, amuigh ansin sa Chloch\u00e1n.  Ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, n\u00ed raibh dabht ar bith ormsa, ach gur oibrigh m\u00e9 fh\u00e9in go dian, d\u00edcheallach, leis na pingneacha c\u00e9anna sin a shaothr\u00fa, n\u00f3 bh\u00ed orm ullmh\u00fach\u00e1n a dh\u00e9anamh chuile o\u00edche, don obair a bheadh idir cham\u00e1in agam sna ranganna an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, chomh maith le sin, bh\u00edodh ualach asail de chleachta\u00ed le ceart\u00fa agam freisin, chuile o\u00edche, agus nuair a chuireann t\u00fa le sin, go raibh orm bun\u00fas an ama a chaitheamh ag caint, n\u00f3 ag scr\u00edobh ar an gcl\u00e1r dubh, leis an gcailc deannach\u00fail, diabhalta sin, a bh\u00edodh mar mhaide croise ag m\u00fainteoir\u00ed an tr\u00e1th \u00fad, geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh s\u00e9 \u00e9asca go maith dul chun cainte liomsa am codlata!  M\u00f3r idir inn\u00e9 is inniu, n\u00f3 an tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed bh\u00edodh d\u2019\u00e1iseanna ag m\u00fainteoir\u00ed, ar an m\u00f3rg\u00f3ir, ach an chaint is an chailc, n\u00f3 mar adeirid\u00eds i mB\u00e9arla\u2026.The challk and talk method of teaching\u2026.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach c\u00e9 go mb\u00ednn tuirseach go maith tar \u00e9is na hoibre, ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed bh\u00ednn go huile is go hioml\u00e1n, gan chaitheamh aimsire.  Minic a th\u00e9inn fh\u00e9in is beirt n\u00f3 tri\u00far eile amach i measc na gcnoc, ag si\u00fal\u00f3id, ag deireadh na seachtaine. Sea, agus deireadh seachtaine eile, th\u00e9inn amach, ag fiach an mhada rua, le muintir a bhaile, n\u00f3 bh\u00edd\u00eds an-tugtha don sp\u00f3rt sin sa Chloch\u00e1n, ag an am.  N\u00e1 ceap anois, go mb\u00ednn im dhuine uasail\u00edn, agus m\u00e9 ag marca\u00edocht liom thar chla\u00edocha, thar dh\u00edoga, agus thar bhalla\u00ed, \u00f3 cheann ceann na d\u00faiche, agus chuile \u201cTally Ho!\u201d asam.  Lean ort ag briongl\u00f3idigh, a mhac!  N\u00ed raibh capall, n\u00f3 fi\u00fa asal fh\u00e9in, faoi dhuine ar bith den lucht seilge s\u2019againne.  N\u00ed bh\u00edodh mh\u2019anam! Cosmhuintir a bh\u00ed ionainne, agus chuile dhuine againn ag fiach de shi\u00fal cos.  Minic a cheap m\u00e9, go mb\u00edodh n\u00edos m\u00f3 sp\u00f3irt ag an mada rua fh\u00e9in, n\u00e1 mar a bh\u00edodh againne, n\u00f3 mhealladh s\u00e9 sinn, tr\u00edd an gcuid ba ghairbhe, agus ab achranna\u00ed den d\u00fathaigh, agus ar deireadh thiar, i gc\u00f3na\u00ed gc\u00f3na\u00ed, d\u2019\u00e9ir\u00edodh leis dul i bpoll, nuair a bh\u00edodh a dh\u00f3thain spraoi bainte aige asainne.  B\u00edodh sin mar at\u00e1, \u00e1fach, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, go mbainimis-ne sp\u00f3rt agus spraoi, sea agus cuideachta freisin, as na c\u00e9apair ch\u00e9anna sin,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba amuigh sa Chloch\u00e1n freisin, a thosaigh m\u00e9 ag dul chuig damhsa\u00ed, a ch\u00e9aduair.  Cuimhnigh anois, go raibh m\u00e9 ag tarraingt ar ch\u00faig bliana fichead, ag an am, agus tuigeadh dom, go raibh a l\u00e1n le foghlaim agam, faoi ch\u00farsa\u00ed an tsaoil, f\u00f3s, ach m\u00e1 sea, tuigeadh dom freisin, go raibh s\u00e9 chomh maith agam t\u00fas a chur leis an bhfoghlaim ch\u00e9anna sin l\u00e1ithreach, n\u00f3 n\u00ed in \u00f3ige a bheinn ag dul, feasta!  Thosaigh m\u00e9 ag cur sp\u00e9ise sa ghn\u00e9as eile, n\u00f3 sa chine\u00e1l eile, mar adeireadh M\u00e1rtan a\u2019 Tairbh, fad\u00f3, sea, agus ba ghearr go raibh m\u00e9 ag iarraidh chur i gc\u00e9ill, go raibh blianta fada caite ar an mb\u00f3thar sin agam!  Tuigeadh dom i dtosach, nach dtiocfainn isteach go deo ar an eala\u00edon ch\u00e9anna sin, ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh i gceist ach bheith deas, s\u00e9imh, n\u00e1d\u00fartha, le daoine, agus ba ghearr go raibh ar mo chumas dul chuig damhsa\u00ed, chomh maith leis an bhfear eile, sea, agus meascadh le cail\u00edn\u00ed, chomh maith le duine.  Is maith is cuimhin liom f\u00f3s, o\u00edche a chaitheamar, m\u00e9 fh\u00e9in is mo chara, ag damhsa, amuigh i mbaile beag tuaithe, cois Caolaire, i l\u00e1r Chonamara, agus ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn ormsa an o\u00edche ch\u00e9anna sin n\u00f3 go raibh sagart an phobail ar an bhf\u00f3d, agus chuile uair a d\u2019fheiceadh s\u00e9 daimhseoir\u00ed ag dul r\u00f3-ch\u00f3ngarach d\u00e1 ch\u00e9ile, th\u00e9adh s\u00e9 ar a dt\u00f3ir, agus chuireadh d\u2019iachall orthu druidim siar \u00f3na ch\u00e9ile!  Sea, agus n\u00edos ionta\u00ed f\u00f3s, dh\u00e9anta\u00ed rud air, freisin!  Sea, mh\u2019anam, m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed bheadh g\u00e1 agamsa feasta leis na ceachtanna modh\u00falachta sin, ar chaith m\u00e9 thart ar naoi mbliana \u00e1 bhfoghlaim.  \u201cCoinnigh do l\u00e1mha agat fh\u00e9in!\u201d  \u201cN\u00e1 breathnaigh san aghaidh ar chail\u00edn ar bith!\u201d  \u201cN\u00e1 b\u00ed riamh id aonair i gcomhluadar mn\u00e1!\u201d  \u201cCoinnigh smacht dian ar na s\u00faile!\u201d  Sea, a st\u00f3r! agus na sc\u00f3rtha fainic\u00ed eile, sea agus fainic\u00ed na bhfainic\u00ed sin uilig freisin, a cuireadh orainne, \u00e1bhair sagairt, ar eagla go meallfadh bean eic\u00ednt, \u00f3 chas\u00e1n c\u00e9asta, casta, na f\u00edr\u00e9antachta sinn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, b\u00edodh go raibh m\u00e9 chomh graitheach le beach, amuigh ansin sa Chloch\u00e1n, ag an am gc\u00e9anna, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, gur fhoghlaim m\u00e9 a l\u00e1n, agus m\u00e9 ag saothr\u00fa liom go dian, amuigh sa d\u00faiche \u00e1lainn, scoite, fhi\u00e1in do-bhuailte sin.  Nuair a d\u2019fhill m\u00e9 ar an Ollscoil, ar ball, mhothaigh m\u00e9 go raibh s\u00e9 i bhfad \u00c9ireann n\u00edos \u00e9asca lu\u00ed isteach ar shaol na hOllscoile, agus ar shaol s\u00f3isialta an mhic l\u00e9inn, freisin.  Fanann cuimhn\u00ed an Chloch\u00e1in go glas, gl\u00e9, glinn, liom, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, b\u00edodh go bhfuil breis is leathch\u00e9ad bliain imithe isteach tr\u00ed sh\u00fail dhroichead an ama, san idirlinn.  B\u00edm ag r\u00e1 liom fh\u00e9in, go gcaithfidh m\u00e9 athchuairt a thabhairt ar an mbaile \u00e1lainn sin, bliain de na blianta seo, ach go dt\u00ed seo, n\u00edor chuir m\u00e9 le mo mhian.  An bhliain seo, b\u2019fh\u00e9idir! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ais ar\u00eds san Ollscoil, bh\u00ed an t-am ag sleamhn\u00fa leis le luas lasrach, agus carn oibre ar mo phl\u00e1ta agamsa.  Luigh m\u00e9 isteach ar a raibh le d\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00ed chuireadh staid\u00e9ar aon r\u00f3-str\u00f3 ormsa riamh, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, nuair a th\u00e1inig deireadh na bliana, agus na scr\u00faduithe, n\u00e1r bhain siad stangadh ar bith asamsa, agus d\u2019\u00e9irigh liom On\u00f3racha a shaothr\u00fa \u00f3m Ollamh fial, flaithi\u00fail, \u00f3 Pheat l\u00e1ch Larkin.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed m\u00e9 s\u00e1sta go maith liom fh\u00e9in, n\u00f3 taobh istigh d\u2019achar r\u00e9as\u00fanta gearr, bh\u00ed m\u00e9 tar \u00e9is saol na Cliarscoile a thr\u00e9igint, agus lu\u00ed isteach ar shaol an tuataigh a chleachtadh, fad is a bh\u00ed m\u00e9 dom ullmh\u00fa fh\u00e9in le bheith im mh\u00fainteoir.  Bh\u00ed sin curtha i gcr\u00edch agam faoi Shamhradh na bliana 1951. Sea, agus nach raibh m\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed cleachtach freisin ar an saol m\u00f3r amuigh, an saol mallaithe sin, ar dhein mise mo dh\u00edcheall ar feadh naoi mbliana, n\u00f3 mar sin, \u00e9al\u00f3 go br\u00e1ch uaidh! Sea, mh\u2019anam! n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, ach mar a chinnt\u00edtear!  Bh\u00ed mo ch\u00e1il\u00edocht mar mhe\u00e1nmh\u00fainteoir bainte amach agam, agus n\u00ed raibh le d\u00e9anamh ansin, ach post oiri\u00fanach a fh\u00e1il dom fh\u00e9in, le dul i gcionn an tsaoil mhoir.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus b\u00edodh n\u00e1r \u00e9irigh liom cur le mo mhian agus mo shaol a chaitheamh mar mhisin\u00e9ir chun na hAifrice, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed m\u00e9 r\u00e9idh, ullamh, anois, le hiomaire eile a r\u00f3mhar dom fh\u00e9in. Agus c\u00e9 aige a bhfuil a fhios, n\u00e1rbh \u00e9 sin d\u00e1n a bh\u00ed leagtha amach ag Dia fh\u00e9in dhom, \u00f3 th\u00fas?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar aon chuma, d\u00e9arfainn go mbeadh s\u00e9 deacair, \u00e1it n\u00edos feili\u00fana\u00ed a fh\u00e1il, le l\u00edne a tharraingt sa ghaineamh, agus a r\u00e1, go raibh cr\u00edoch curtha agam le r\u00e9 amh\u00e1in dem shaol, agus go raibh m\u00e9 ullamh agus c\u00e1ilithe le tabhairt faoi r\u00e9 nua, agus aghaidh \u00e1 thabhairt agam ar an r\u00f3d a sh\u00edn romham amach, isteach i r\u00edocht na bhf\u00e9idireachta\u00ed.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Eachtraigh Duinn Caibidil 22. D\u00e9arfainn go raibh bun\u00fas mo ranga ansin san Ollscoil in \u00e9ad liom, ag an am, n\u00f3 bh\u00ed deis agamsa pingneacha a shaothr\u00fa, tr\u00e1th raibh m\u00e9 ag cleachtadh mo cheirde, amuigh ansin sa Chloch\u00e1n. Ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, n\u00ed raibh dabht ar bith ormsa, ach gur oibrigh m\u00e9 fh\u00e9in go dian, d\u00edcheallach, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12367","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12367","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12367"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12367\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12368,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12367\/revisions\/12368"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12367"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12367"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12367"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}