{"id":12369,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12369"},"modified":"2024-04-08T00:39:52","modified_gmt":"2024-04-08T00:39:52","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-34","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-34\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D u i n n 34."},"content":{"rendered":"<h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">i gc\u00fal mo ghlaice<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, in the back of my fist;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">N\u00ed raibh an dara su\u00ed sa bhuaile agam<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, I had no alternative;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">fol\u00fantas<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, vacancy;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">l\u00e1ithreach bonn<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, immediately;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">an fu\u00edollach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the remainder;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">clabhs\u00far a chur ar rud<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, to bring matters to a close.<\/span><\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\">********************************<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\">Eachtraigh D\u00fainn  34<\/h1><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/h1><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201cGod will provide\u201d<\/span><\/strong><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, bh\u00ed m\u00e9 ar ais ar\u00eds i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, Contae Mhaigh Eo, tar \u00e9is dom bliain mh\u00f3r, fhada, a chaitheamh amuigh ansin sa tsaol m\u00f3r, sea, agus bh\u00ed C\u00e1il\u00edocht M\u00fainteoireachta, \u00f3 Roinn an Oideachais, in Ollscoil na Gaillimhe,  i gc\u00fal mo ghlaice anois agam, agus m\u00e9 l\u00e1n-ullamh le dul i mbun an tsaoil, le greim mo bh\u00e9il a shaothr\u00fa dom fh\u00e9in, feasta.  N\u00ed haon ionadh, go raibh fait\u00edos orm dul i ngleic leis an saol m\u00f3r c\u00e9anna sin, n\u00f3 n\u00e1r cuireadh fainic na bhfainic orainne, sa Chliarscoil, faoin saol diabhalta, mioscaiseach, mealltach, damnaitheach, c\u00e9anna sin, ach, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh an dara su\u00ed sa bhuaile agamsa.  N\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ltais, n\u00f3 saibhreas, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, taobh thiar de Bhair\u00e9adaigh Iorrais, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bheadh ormsa d\u00e9anamh as dom fh\u00e9in, agus pingneacha a shaothr\u00fa, le teacht i dt\u00edr, i ndomhan nach raibh aon chleachtadh r\u00f3-mh\u00f3r agamsa air.  Ach, mar ba ghn\u00e1ch, thug an tOllamh, Peat Larkin, comhairle barainneach mo leasa dom, ar an \u00f3c\u00e1id.  \u201cDeus providebit\u201d ar seisean.  B\u00edodh muin\u00edn agat as Dia, agus n\u00ed bheidh cailleadh ar bith ort!  Ghlac m\u00e9 lena chomhairle, agus n\u00ed raibh a chath\u00fa sin orm riamh \u00f3 shoin.  Ach ba sc\u00e9al eile ar fad \u00e9 an Samhradh fada, f\u00e1nach sin, sa bhliain 1951.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Job hunting<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thosaigh m\u00e9 orm ag l\u00e9amh na bhf\u00f3gra\u00ed sna p\u00e1ip\u00e9ir nuachta, chuile l\u00e1.  Agus caithfear a r\u00e1, go mb\u00edodh roinnt mhaith fol\u00fantais do mhe\u00e1nmh\u00fainteoir\u00ed \u00e1 bhf\u00f3gairt, an tr\u00e1th \u00fad, ach n\u00edor phostanna domsa a bh\u00ed \u00e1 bhf\u00f3gairt, n\u00f3 n\u00ed oiri\u00fanfadh a mbun\u00fas m\u00f3r domsa, dubh, b\u00e1n, n\u00f3 riabhach.  Chuir m\u00e9 roinnt mhaith iarratais isteach chuig scoileanna \u00e1irithe, ach b\u2019in a bh\u00ed agam d\u00e1 bharr, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 ag fanacht le freagra \u00f3 na scoileanna c\u00e9anna sin, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go dtiocfadh l\u00e1 Philib a\u2019 Chleite fh\u00e9in, sul a bhfaighinn freagra \u00f3 na scoileanna c\u00e9anna sin!  D\u2019fh\u00f3gair scoil \u00e1irithe i gContae Mhaigh Eo fol\u00fantas do mh\u00fainteoir Gaeilge, agus tuigeadh dom, go mbeinn s\u00e1sta tabhairt faoina leith\u00e9id de phost, go h\u00e1irithe \u00f3 tharla, go raibh an fol\u00fantas c\u00e9anna sin chomh c\u00f3ngarach dom bhaile dh\u00fachais.  Fuair m\u00e9 freagra uathusan.  Glaodh chun agallaimh m\u00e9. Cuireadh agallamh orm, agus tugadh le fios dom, go raibh an post faighte agam, agus go nd\u00e9anfa\u00ed \u00e9 sin a dheimhni\u00fa, i litir tr\u00edd an bpost, i gcionn cupla l\u00e1.  Ach mo mhairg, ba \u00e9 an seansc\u00e9al c\u00e9anna ar\u00eds \u00e9.  N\u00edor chuala m\u00e9 tada uathusan f\u00f3s!  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">To no avail<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chl\u00e1raigh m\u00e9 le Comhlacht speisialta, a raibh s\u00e9 d\u2019aidhm acu, postanna a fh\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad a chl\u00e1r\u00f3dh leo.  Rinne siad a nd\u00edcheall, ach ar\u00eds ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9, agus n\u00ed raibh ar a gcumas post a chur ar f\u00e1il domsa.  Anois, ba ch\u00f3ir a lua anseo, n\u00e1r saor in aisce a dh\u00e9anaid\u00eds si\u00fad beart d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00f3 bh\u00ed de n\u00f3s oibre acu, 5% den tuarastal bliant\u00fail, a bhaint d\u00edot, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leo, post a fh\u00e1il duit!  Ar aon n\u00f3s, rinne m\u00e9 m\u00e9 fh\u00e9in a dh\u00ed-chl\u00e1r\u00fa, chomh luath is a tuigeadh dom, nach n-\u00e9ireodh leo faic oiri\u00fanach a fh\u00e1il dom, agus thug m\u00e9 fh\u00e9in faoi ngn\u00f3 sin ar\u00eds.  D\u00fairt duine eic\u00ednt liom, s\u00edlim gurbh \u00e9 mo sheanmh\u00e1istir, An M\u00e1istir \u00d3 Cr\u00f3in\u00edn, \u00e9, agus d\u00fairt seisean liom, gur ch\u00f3ir dom CV a sheoladh chuig Col\u00e1iste Mhuireadhaigh, i mB\u00e9al an \u00c1tha, n\u00f3 bheadh seans ann, go mbeadh fol\u00fantas acusan.  Rinne m\u00e9 rud air, ach ag an am gc\u00e9anna, lean m\u00e9 orm ag cur isteach ar phostanna, faoi mar a dheint\u00ed iad a fh\u00f3gairt sna p\u00e1ip\u00e9ir.  Chonaic m\u00e9 go rabhthas ag lorg m\u00fainteoir\u00ed thall i Sasain, agus chuir m\u00e9 isteach ar chupla post thall.  Bhuel! N\u00ed chreidfe\u00e1 \u00e9, ach d\u2019\u00e9irigh liom an d\u00e1 phost sin a fh\u00e1il.  Anois, b\u00edodh go raibh m\u00e9 trom tuirseach de bheith ag cur isteach ar phostanna, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed orm anois a shocr\u00fa ar phost a dhi\u00falt\u00fa!  Ar deireadh thiar, shocraigh m\u00e9 ar phost acusan a ghlacadh.  Scr\u00edobh m\u00e9 litir, ag glacadh leis an bpost sin, ach \u00f3 tharla go raibh s\u00e9 d\u00e9anach go maith sa tr\u00e1thn\u00f3na, ag an am, n\u00edor chuir m\u00e9 an litir sin sa phost, an l\u00e1 sin.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">A Letter from the \u201cDoc\u201d<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An mhaidin d\u00e1r gcionn, sula raibh deis agam mo litir a chur tr\u00edd an bpost, fuair m\u00e9 litir \u00f3 Bh\u00e9al an \u00c1tha, ag r\u00e1, go mbeadh fol\u00fantas acusan do mh\u00fainteoir Frainc\u00edse, don bhliain reatha sin, agus lena chois sin, d\u00faradh sa litir, gur mhaith le hUachtar\u00e1n an Chol\u00e1iste sin bualadh liom, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn.  Choinnigh m\u00e9 an litir, go bhfeicfinn c\u00e9ard a bheadh le r\u00e1 ag an \u201cDoc. Loftus\u201d, faoi mar a thugta\u00ed, coitianta, ar Uachtar\u00e1n Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ag an am, nuair a bhuailfeadh s\u00e9 liom, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed go maith, is n\u00ed raibh go holc, mar adeireadh lucht sc\u00e9ala\u00edochta fad\u00f3.  Th\u00e1inig an \u201cDoc\u201d agus casadh ar a ch\u00e9ile sinn.  Chuaigh an \u201cDoc\u201d c\u00e9anna sin i gcionn go m\u00f3r orm, n\u00f3 b\u2019fhear grinn, g\u00e9arch\u00faiseach, l\u00e9annta, ild\u00e1nach \u00e9, an Doc c\u00e9anna sin.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go mba shagart \u00e9 an Docht\u00fair \u00d3 Lachtn\u00e1in, a bhain C\u00e9im Docht\u00faireachta sa Dhiagacht amach d\u00f3 fh\u00e9in, amuigh sa R\u00f3imh, mar ar cuireadh l\u00e9ann an tsagairt air, roinnt blianta roimhe sin.  Caithfidh go raibh seisean s\u00e1sta liomsa freisin, n\u00f3 ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, gur thairg s\u00e9 post mar mh\u00fainteoir Gaeilge dom i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, l\u00e1ithreach bonn.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">I accept<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dom a r\u00e1 leat anois, go mbfhearr liomsa go m\u00f3r fada, post a ghlacadh i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, n\u00e1 mo dh\u00fathracht a chaitheamh i mbun mo cheirde, thall i gCr\u00edocha Gall.  N\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad ormsa mo fhreagra a thabhairt don Doc!  Chraitheamar l\u00e1mh air.  Bh\u00ed an margadh d\u00e9anta.  Shocra\u00edomar c\u00farsa\u00ed p\u00e1 ar ball, agus geallaimse dhuit \u00e9, a chara na gcarad, n\u00e1r r\u00f3-dheacair an gn\u00f3 \u00e9, an socr\u00fa c\u00e9anna sin a dh\u00e9anamh.  Ba \u00e9 an margadh a rinneamar n\u00f3 go nd\u00e9anfadh an Col\u00e1iste seomra a chur ar f\u00e1il dom, istigh sa Chol\u00e1iste fh\u00e9in, agus go mbeadh mo bh\u00e9il\u00ed uilig le f\u00e1il agam ansin, ag bord na sagart istigh, agus chomh maith le sin, thabharfa\u00ed \u00a3160 sa bhliain, mar thuarastal bliant\u00fail dom.  Daichead punt um Shamhain, daichead eile um Nollaig, an tr\u00ed\u00fa daichead um Ch\u00e1isc, agus an fu\u00edollach, faoi dheireadh na scoilbhliana.  N\u00ed call dom a r\u00e1, nach mb\u00edodh faic na ngr\u00e1sta le f\u00e1il againn \u00f3n St\u00e1t, don ch\u00e9ad bhliain sin, n\u00f3 ba bhliain phrofa \u00ed, chomh fada is a bhain s\u00e9 leosan \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 litir chuig an d\u00e1 Scoil \u00fad i Sasana, ag gabh\u00e1il bu\u00edochais leo as na postanna a thairiscint dom, ach, tharla go raibh m\u00e9 tar \u00e9is glacadh le post m\u00fainteoireachta anseo in \u00c9irinn, agus nach mbeadh ar mo chumas freastal orthusan faoi Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin.  Bhuel, tuigeadh dom go raibh sin ar a laghad tuillte acu.<\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Preparations to be made<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh f\u00e1gtha agam ach coic\u00edos roimh th\u00fas na scoilbhliana nua, agus bhain m\u00e9 leas as an am sin, le roinnt ullmh\u00fach\u00e1in a dh\u00e9anamh don ghn\u00f3 a bheadh le d\u00e9anamh agam feasta, n\u00f3 tuigeadh dom, d\u00e1 n-\u00e9ireodh liom an ch\u00e9ad bhliain sin a chur isteach, go s\u00e1s\u00fail, go leanfainn liom i mbun na Gaeilge feasta, n\u00f3 bh\u00ed mo chro\u00ed s\u00e1ite sa teanga ch\u00e9anna sin, \u00f3 laethe m\u2019\u00f3ige anall, agus seo anois an deis agam, mo chion fh\u00e9in a dh\u00e9anamh, ar son na c\u00faise, mar adeireadh daoine an t-am sin.  Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom clabhs\u00far a chur ar an ng\u00e1la seo.  Ach b\u00ed liom ar\u00eds, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar mo laethe, agus ar m\u2019imeachta\u00ed, i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ar bhruacha m\u00e9ithe na Muaidhe, I gContae mealltach Mhaigh Eo.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>i gc\u00fal mo ghlaice, in the back of my fist; N\u00ed raibh an dara su\u00ed sa bhuaile agam, I had no alternative; fol\u00fantas, vacancy; l\u00e1ithreach bonn, immediately; an fu\u00edollach, the remainder; clabhs\u00far a chur ar rud, to bring matters to a close. ******************************** . . Eachtraigh D\u00fainn 34 Peadar Bair\u00e9ad \u201cGod will provide\u201d Ar deireadh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12369","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12369","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12369"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12369\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12370,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12369\/revisions\/12370"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12369"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12369"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12369"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}