{"id":12381,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12381"},"modified":"2024-04-08T00:31:30","modified_gmt":"2024-04-08T00:31:30","slug":"eachtraigh-duinn-43","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-43\/","title":{"rendered":"Eachtraigh  Duinn       43"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">tagairt<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> <\/span><span style=\"font-size:12pt\">f\u00e1nach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, an odd reference;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">d\u00edolaim fil\u00edochta<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a collection of poems;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">fiontar<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, undertaking; <\/span><span style=\"font-size:12pt\">b\u00e9asa\u00edocht<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, mannerliness; <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ar na mallaibh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, lately; <\/span><span style=\"font-size:12pt\">for\u00e1<\/span><span style=\"font-size:12pt\">lacha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, conditions;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cotha\u00edonn taith\u00ed tarcaisne<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, familiarity breeds contempt;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">i nd\u00edsc<\/span><span style=\"font-size:12pt\">; dry.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">An  G\u00e1la  Deiridh     (43)<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to end the story<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Gheall m\u00e9 dhaoibh sa gh\u00e1la deiridh den tsraith seo, \u201cEachtraigh D\u00fainn\u201d, go bhfillfinn oraibh leis an tsraith seo aist\u00ed a chr\u00edochn\u00fa, gan aon r\u00f3-mhoill.  Bhuel, seo anois chugaibh m\u00e9 le cr\u00edoch a chur le sc\u00e9al seo mo bheatha. Ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist agam le sin, n\u00f3 go nd\u00e9anfainn tagairt eic\u00ednt dom\u2019 shaol, \u00f3 d\u2019\u00e9irigh m\u00e9 as an m\u00fainteoireacht i Meitheamh na bliana sin 1988, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. Bhuel, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach mbeidh sa mh\u00e9id seo ach tagairt f\u00e1nach, anseo is ansi\u00fad, dom imeachta\u00ed \u00f3n am sin i lei<\/span><span style=\"font-size:12pt\">th.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">I Samhradh na bliana sin 1988, bh\u00ed mo ch\u00e9ad dh\u00edolaim fil\u00edochta le seoladh, i dtosach th\u00edos ag \u00c9igse Riocard Bair\u00e9ad, i nGaoth S\u00e1ile, i gContae Mhaigh Eo, agus ar ball, anseo ag Daonscoil Osra\u00ed, sa Chathair \u00c1lainn s\u2019againne. D\u00e9irigh go seoigh leis an d\u00e1 fhiontar sin, agus i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed s\u00e9 cos\u00fail le tabhairt faoi ghairm nua, d\u00edreach nuair a bh\u00ed m\u00e9 ag dul ar scor \u00f3 ghairm eile. B\u2019fheili\u00fanach, agus ba thr\u00e1th\u00fail, an t-am \u00e9, lena leith\u00e9id a dh\u00e9anamh. Tuige ar fh\u00e1g m\u00e9 chomh d\u00e9anach sin \u00e9, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to gather<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Bhuel, mar adeireadh na seandaoine, is den bh\u00e9asa\u00edocht \u00e9, fanacht go n-iarrtar ort rud d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh.  Sea, bliain roimhe sin, d\u2019iarr Miche\u00e1l \u00d3 Seighin orm mo chuid d\u00e1nta a bhaili\u00fa, agus go nd\u00e9anfadh lucht \u00c9igse Riocard Bair\u00e9ad iad a chur i gcl\u00f3. Rinne m\u00e9 rud air, agus b\u2019\u00e9 an toradh a bh\u00ed air sin, n\u00f3 gur fiols\u00edodh, Duilleoga F\u00f3mhair, mo ch\u00e9ad d\u00edolaim i <\/span><span style=\"font-size:12pt\">gcl\u00f3. N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhain an Miche\u00e1l \u00d3 Seighin c\u00e9anna sin c\u00e1il N\u00e1isi\u00fanta amach d\u00f3 fh\u00e9in, ar na mallaibh, nuair a chuaigh s\u00e9 fh\u00e9in agus roinnt eile daoine \u00f3 dh\u00faiche Ghleann na Muaidhe, in Iorras, i ngleic le Comhlacht Shell, i dtaobh gh\u00e1s n\u00e1d\u00fartha a sheoladh tr\u00ed ph\u00edopa\u00ed cont\u00faireacha, d\u00e1r leo, thar phortaigh na d\u00faiche \u00e1ille sin. Tuigeadh d\u00f3ibhsean, go gcuirfeadh beart d\u00e1 leith\u00e9id an chosmhuintir i mbaol a mbeatha.  N\u00ed raibh siad toilteanach for\u00e1lacha na c\u00fairte a choimhl\u00edonadh, agus d\u00e1 bharr sin, shocr<\/span><span style=\"font-size:12pt\">aigh an Breitheamh, a leag na foralacha sin orthu, shocraigh seisean ar iad a chur i bprios\u00fan, go dt\u00ed go n-athr\u00f3dh siad a n-intinn, agus go nd\u00e9anfadh siad mar a d\u2019ordaigh seisean d\u00f3ibh a dh\u00e9anamh. Chaith siad seal fada i bprios\u00fan, agus sa tsl\u00ed sin, thuill siad c\u00e1il N\u00e1isi\u00fanta d\u00f3ibh fh\u00e9in, agus n\u00edl deireadh an sc\u00e9il sin cloiste againn f\u00f3s, de r\u00e9ir deallraimh. Chaitheamar seal th\u00edos in Iorras i ndiaidh sheoladh an leabhair sin, agus ar ball, chuamar ar ais abhaile go Cill Chainnigh. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to retire<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Anois, bh\u00ed a fhios agam, go mbeadh s\u00e9 deacair go maith dom, \u00e9ir\u00ed as an m\u00fainteoireacht, ceird a raibh mo shaol oibre ar fad, \u00f3 th\u00fas na gcaogaid\u00ed, caite agam ina bun, agus chuige sin, shocraigh m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean ar dhul ar chuairt chuig na St\u00e1it, thart ar an am a mbeinn ag dul ar ais ar scoil. Rinneamar sin, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur \u00e9irigh go seoigh leis an bplean c\u00e9anna sin, n\u00f3 nuair a th\u00e1inig an tr\u00e1th a mbeinn ag tabhairt na scoile orm fh\u00e9in, i dt\u00fas M\u00ed Me\u00e1n F\u00f3mhair, bh\u00edomar ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3 thall i gC<\/span><span style=\"font-size:12pt\">alaf\u00f3irnia, ag \u00f3l na gr\u00e9ine bu\u00ed, is ag breathn\u00fa ar iontais\u00ed stairi\u00fala na d\u00faiche sin. Sea, agus bhi mac liom ansin le sinn a thabhairt chuig na h\u00e1iteacha suimi\u00fala, stairi\u00fala fan ch\u00f3sta thiar na t\u00edre sin. Nuair a d\u2019fhilleamar ar \u00c9irinn ar\u00eds, ag deireadh na m\u00edosa sin, bh\u00ed dearmad glan d\u00e9anta agam fh\u00e9in ar sheomra\u00ed ranga, ar dhalta\u00ed fiosracha, ar mh\u00fainteoiri meas\u00fala, agus ar shaol \u00fadar\u00e1sach na scoile. N\u00edor mhothaigh m\u00e9 me\u00e1chan mo dhualgais\u00ed scoile uaim, agus ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, bh\u00ed m\u00e9 chomh<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> graitheach is a bh\u00ed, tr\u00e1th raibh m\u00e9 i mbun mo cheirde.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to change course<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">C\u00e9ard a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh agam, a choinnigh chomh graitheach sin m\u00e9, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Bhuel, chaithinn seal ag imirt agus seal ag obair, seal ag scr\u00edobh agus seal ag l\u00e9amh, sea, agus seal ag taisteal agus seal eile  im\u2019 shu\u00ed. Cuirfidh m\u00e9 geall, go raibh a fhios ag fiail\u00ed mo gh\u00e1ird\u00edn go raibh m\u00e9 sa timpeall, n\u00f3 ba bheag seans a bh\u00ed acusan f\u00e1s n\u00f3 forbairt a dh\u00e9anamh, fhad is a bh\u00ed mise sa timpeall le mo r\u00e1mhainn is le mo ghraf\u00e1n, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, D\u2019fh\u00e1iltigh na h\u00e9anacha romham, n\u00f3 n\u00e1rbh ioma\u00ed b\u00e9ile blasta a chuir mise ar f\u00e1il d\u00f3ibhsean, tr\u00ed mo chuid saothair, amuigh i gcr\u00e9 bhog, bhriosc, mo g<\/span><span style=\"font-size:12pt\">harra\u00ed. Bh\u00ed an t-am agam anois seal a chaitheamh ag comhr\u00e1, is ag seanchas, agus am agam dul ag imirt gailf, cluiche ar thug m\u00e9 gr\u00e1 di, agus a raibh gr\u00e1in agam uirthi, thar bhlianta fada, ach anois, bh\u00ed am agam leis na moth\u00fach\u00e1in ch\u00e9anna sin a dhoimhni\u00fa tuilleadh, n\u00f3 nach gcotha\u00edonn taith\u00ed tarcuisne?<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to write<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Lean m\u00e9 orm ag scr\u00edobh fil\u00edochta, agus sna blianta san idirlinn, d\u2019\u00e9irigh liom dh\u00e1 dh\u00edolaim eile fil\u00edochta a chur i gcl\u00f3. Is d\u00f3cha nach bhfuil an tobar f\u00f3s imithe i nd\u00edsc, agus ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 a fhios an mbeidh \u00e1bhar dh\u00edolaim eile sa chr\u00faisc\u00edn agam, le cur i gcl\u00f3, amach anseo. Chomh maith leis an bhfil\u00edocht, lean m\u00e9 orm ag scr\u00edobh altanna agus aisti don Kilkenny People, mar a mb\u00edonn alt uaim i gcl\u00f3 chuile sheachtain, geall leis, agus chomh maith le sin ar\u00eds, b\u00edm ag saothr\u00fa d\u2019Iris\u00ed \u00e1irithe Gaeilge freisin<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, agus b\u00edonn p\u00edosa\u00ed uaim le l\u00e9amh, ar Feasta, an tUltach, an Timire, agus ar an Sagart.  N\u00ed dheachaigh an tobar i nd\u00edsc f\u00f3s, b\u00edodh go mb\u00edonn fait\u00edos orm uaireannta, go bhfuil an t-uisce sa tobar c\u00e9anna sin ag \u00e9ir\u00ed gann go leor, in amannta.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to travel<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Rinne m\u00e9 roinnt mhaith taistil freisin, i rith na mblianta idirlinneacha. Thug m\u00e9 roinnt cuairteanna ar na hOile\u00e1in Chan\u00e1ireacha, s\u00e9 sin ar, Ghran Canaria, ar Lanzarote, agus ar Fuerte Ventura. Chaitheamar seal freisin ar Oile\u00e1n Ibiza, amach \u00f3 ch\u00f3sta na Sp\u00e1inne, ach n\u00edl dabht ar domhan, ach gur chaith muid an chuid ba mh\u00f3 d\u00e1r nd\u00fathracht taistil thall sna St\u00e1it <\/span><span style=\"font-size:12pt\">Aontaithe, n\u00f3 chaitheamhar ceithre sheal sa t\u00edr \u00e1lainn chorraitheach ch\u00e9anna sin. Anois, scr\u00edobh m\u00e9 an-chuid faoi na turasanna c\u00e9anna sin, agus t\u00e1id sin uilig le f\u00e1il sa Kilkenny People. Ba \u00e9 rud a dheineamhar sna St\u00e1it n\u00f3 shocra\u00edomar ar ghn\u00e9 \u00e1irithe den saol thall a roghn\u00fa, le d\u00edri\u00fa air, i rith na gcuairteanna \u00e9ags\u00fala. Chaitheamar saoire amh\u00e1in ag taisteal i gCr\u00edocha na nIndiach, dh\u00e1 shaoire ag  breathn\u00fa, agus ag cur aithne, ar na Misin \u00fad a th\u00f3g na Sp\u00e1innigh, fan ch\u00f3sta thoir Chalaf\u00f3irnia, agus saoire eil<\/span><span style=\"font-size:12pt\">e f\u00f3s, ag taistil fan an ch\u00f3sta thiar, \u00f3 San Diego go San Francisco, agus geallaimse dhuit anois \u00e9, go mbeadh s\u00e9 deacair, saoire n\u00edos taitneamha\u00ed, n\u00edos corraith\u00ed, n\u00f3 n\u00edos suimi\u00fala, a chaitheamh, \u00e1it ar bith eile ar dhroim tal\u00fan. Ach ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a thaitin liom fh\u00e9in faoi na ge\u00e1bhanna \u00fad thar chr\u00edocha eachtrannacha isteach, n\u00f3 gur thug siad deis dom cuntas a scr\u00edobh f\u00fathu sa nuacht\u00e1n \u00e1iti\u00fail seo, sa Kilkenny People fh\u00e9in.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to recall<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Rud eile a chuir m\u00e9 i gcr\u00edch, i rith an ama sin, n\u00f3 gur \u00e9irigh liom sraith altanna d\u00edrbheathaisn\u00e9iseacha a scr\u00edobh, agus a fhoilsi\u00fa sa ph\u00e1ip\u00e9ar seo freisin. Is d\u00f3cha gur \u00e9irigh liom thart ar ocht\u00f3 m\u00edle focal a chur i dtoll a ch\u00e9ile sa tsraith altanna c\u00e9anna sin. Thug sin deis dom dul siar ar bh\u00f3ithr\u00edn na smaointe, agus cuntas cruinn, ceart, a bhreacadh s\u00edos, ar eachtra\u00ed agus ar imeachta\u00ed mo shaoil, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 anseo, go bhfuil m\u00e9 an-sasta gur tugadh an deis dom an tioncadal sin a chur i gcr\u00edch, <\/span><span style=\"font-size:12pt\">n\u00f3 is cur s\u00edos r\u00e9as\u00fanta ioml\u00e1n \u00e9 ar ch\u00farsa\u00ed mo shaoil, \u00f3m\u2019 \u00f3ige i leith, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann. B\u2019fh\u00e9idir, amach anseo, go mbeadh deis agam eagarth\u00f3ir a fh\u00e1il a bheadh s\u00e1sta leas a bhaint as, mar \u00e1bhar leabhair, n\u00f3 n\u00ed chuile l\u00e1 a chasfa\u00ed sc\u00e9al d\u00e1 leith\u00e9id ar dhuine, agus d\u2019airigh m\u00e9 chuile l\u00e1 riamh go raibh an-chos\u00falachta idir an cine\u00e1l saoil as ar f\u00e1isceadh mise agus an saol as ar f\u00e1isceadh An tOile\u00e1nach agus Peig Sayers, gr\u00e1sta \u00f3 Dhia ar an mbeirt acu. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A time to mature<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach tr\u00edd na blianta deireannacha seo, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur tharla d\u00edreach faoi mar a mh\u00ednigh iardhalta dem chuid, iardhalta at\u00e1 anois ina shaineola\u00ed cro\u00ed thall i bhPhoenix, Arizona, nuair ad\u00fairt s\u00e9 liom, go n-\u00e9ir\u00edonn daoine do-fheicthe, de r\u00e9ir mar a aosa\u00edonn siad, n\u00f3 is d\u00f3cha go nd\u00edr\u00edtear aire daoine ar an \u00f3ige, agus is d\u00f3cha, gur rud n\u00e1d\u00fartha \u00e9 sin, ach n\u00ed mar sin a bh\u00edodh sna seanlaethe, n\u00f3 nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos, bh\u00edodh meas an domhain ar sheandaoine,  n\u00f3 b\u2019acusan a bh\u00ed idir eagna agus eolas, <\/span><span style=\"font-size:12pt\">n\u00f3 tuigeadh an tr\u00e1th \u00fad, go dtagadh ciall le haois. Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, geallaimse dhuit \u00e9, nach mbuailtear cas\u00e1n dearg chun mo dhorais-se ag daoine ar th\u00f3ir eolais no eagna, ach an rud nach bhfuil leigheas air, caithfear ceir\u00edn den dearmad a chimilt air.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">N\u00edl a fhios agam c\u00e9ard t\u00e1 romham amach f\u00f3s, ach d\u00e9anfaidh m\u00e9 chuile iarracht ar lean\u00faint liom ag scr\u00edobh, ag imirt, agus ag garra\u00edod\u00f3ireacht, agus ag caitheamh mo laethe fan bh\u00f3ithr\u00edn anacair mo leasa, fad is a chuireann an Fear Thuas ar mo chumas a leith<\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u00e9id a dh\u00e9anamh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Cr\u00edoch<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Agus sin a bhfuil, a l\u00e9itheoir dhil. Sin cr\u00edoch agus deireadh mo sc\u00e9il fh\u00e9in agat, \u00f3n l\u00e1 a rugadh m\u00e9, anuas go dt\u00ed an pointe ama seo, &#8211; agus nach bhfuil s\u00e9 beagnach dochreidte, go bhfuil tarraingt ar ch\u00e9ad m\u00edle focal scr\u00edofa agam anseo, sa tsraith dh\u00edrbheathaisn\u00e9iseach seo, \u201cEachtraigh D\u00fainn\u201d! \u2013 <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Is d\u00f3cha go bhfuil cr\u00edoch eile ag druidim linn freisin, agus sin cr\u00edoch an chol\u00fain fh\u00e9in, n\u00f3 b\u00edodh nach dem dheoin fh\u00e9in \u00e9, t\u00e1 chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al go bhfuil an l\u00e1 sin ag druidim linn, ar luas. Mar bhuille scoir, mar sin, ba mhaith liom a r\u00e1, go bhfuil m\u00e9 thar a bheith bu\u00edoch d\u00edotsa, a l\u00e9itheoir, as fanacht im chomhluadar agus an sc\u00e9al c\u00e9anna sin \u00e1 chur &#8211; I mB\u00e9al an Phobail &#8211; agam.  N\u00e1r laga an R\u00ed fh\u00e9in th\u00fa, agus gura seacht fearr a bheidh t\u00fa bliain \u00f3 anocht.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>tagairt f\u00e1nach, an odd reference; d\u00edolaim fil\u00edochta, a collection of poems; fiontar, undertaking; b\u00e9asa\u00edocht, mannerliness; ar na mallaibh, lately; for\u00e1lacha, conditions; cotha\u00edonn taith\u00ed tarcaisne, familiarity breeds contempt; i nd\u00edsc; dry. . An G\u00e1la Deiridh (43) Peadar Bair\u00e9ad A time to end the story Gheall m\u00e9 dhaoibh sa gh\u00e1la deiridh den tsraith seo, \u201cEachtraigh D\u00fainn\u201d, go [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12381","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12381","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12381"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12381\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12382,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12381\/revisions\/12382"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12381"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12381"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12381"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}