{"id":12399,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12399"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-38","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-38\/","title":{"rendered":"Eachtraigh D\u00fainn   38"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">coscrach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, shattering;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">scaoth dabhtanna<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a flock of doubts;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cuimil ceir\u00edn den d\u00edchuimhne leis<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, forget about it;<\/span><span style=\"font-size:12pt\">  sna b\u00f3la\u00ed sin<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, thereabouts;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">sl\u00e1im\u00edn den Ghaeilge<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a <\/span><span style=\"font-size:12pt\">handful of Irish;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">blianta an ghanntain<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the years of want;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ba mh\u00f3r an gar \u00e9<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, it was a great help.<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Blianta  an  Ghanntanais ?<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Changing House and Job<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is coscrach go deo an rud \u00e9 aistri\u00fa \u00f3 theach amh\u00e1in go teach eile, agus \u00f3 phost amh\u00e1in go post eile, n\u00f3 don mbeart sin, b\u00edonn tr\u00e9imhse fhada plean\u00e1la, agus tr\u00e9imhse fhada ullmh\u00fach\u00e1in i gceist, sul m\u00e1 chora\u00edonn t\u00fa fi\u00fa cos thar tairseach, agus i rith an ama sin uilig, b\u00edonn scaoth dabhtanna do do ch\u00e9asadh, agus do do chr\u00e1, agus iad ag iarraidh cur ina lu\u00ed ort go raibh bot\u00fan do-leigheasta \u00e1 dh\u00e9anamh agat, agus nach n-\u00e9ireodh leat sa phost nua, n\u00f3 sa timpeallacht nua a bh\u00ed roghnaithe agat.  Bhuel, chuamarna tr\u00edd an gcr\u00e1 agus tr\u00edd an gc\u00e9asach sin uilig, agus ba \u00e9 an l\u00e1 ba mheasa ar fad n\u00f3 an l\u00e1 ar chasamar an eochair sa seanteach den uair dheiridh, agus go ndeachamar ar bord na traenach go Baile \u00c1tha Cliath, le r\u00e9 nua d\u00e1r saol a thosn\u00fa ansin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Roof over our Heads<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed an t-\u00e1dh orainn go raibh muintir mo ch\u00e9ile s\u00e1sta d\u00edon a chur os \u00e1r gcionn, fhad is a bh\u00edomarna ag iarraidh teach d\u00e1r gcuid fh\u00e9in a roghn\u00fa agus a cheannacht.  \u00d3! a Thiarcais! d\u00e1 gceapfainn go mbeadh an obair seo go l\u00e9ir le d\u00e9anamh againn san Ardchathair, chuile sheans go bhfanfainn mar a rabhamar th\u00edos ansin cois na Muaidhe, i mB\u00e9al an \u00c1tha, ach bh\u00ed s\u00e9 r\u00f3-dh\u00e9anach ansin, mar bh\u00ed an crann curtha, agus n\u00ed raibh le d\u00e9anamh againn feasta, ach ceir\u00edn den d\u00edchuimhne a chuimilt leis an eachtra ar fad, agus an b\u00f3thar r\u00f3mhainn a bhualadh, go dian, d\u00e1sachtach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh aon tuairim againn roimh r\u00e9, c\u00e9 chomh daor is a bh\u00ed tithe san Ardchathair, agus c\u00e9 chomh deacair is a bh\u00ed s\u00e9 teach a fh\u00e1il in aon \u00e1it c\u00f3ngarach don Scoil s\u2019againne, i nDroichead na Dothra, n\u00f3 t\u00e1\u2019s ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go gcosna\u00edonn teach sna b\u00f3la\u00ed sin pingin mhaith, ach t\u00e1 fait\u00edos orm go rabhamarna dall ar fad ar na c\u00farsa\u00ed sin, ag an am.  Ar deireadh thiar thall \u00e1fach, nuair a bh\u00ed an chathair uilig si\u00falta againn ar th\u00f3ir t\u00ed, d\u2019\u00e9irigh linn ceann a fh\u00e1il amuigh i gCluain Tairbh, ar imeall na farraige. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Transport was of the Essence<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud eile i gceist freisin i roghn\u00fa t\u00ed d\u00fainn, agus sin go gcaithfeadh s\u00e9 a bheith gar go maith do stad bus, n\u00f3 n\u00ed raibh gluaiste\u00e1n, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, le cur faoi mo th\u00f3in agam f\u00f3s.  Cheanna\u00edomar an teach sin, agus shocra\u00edomar \u00e1r dtrosc\u00e1n ann, b\u00edodh go raibh sin \u00e9asca go leor, n\u00f3 ba bheag den earra ch\u00e9anna sin a bh\u00ed againn, ag an am, ach cib\u00e9 sc\u00e9al \u00e9, bh\u00ed \u00e1r n-\u00e1it fh\u00e9in againn anois, \u00e1r seoladh fh\u00e9in, agus uimhir ghuth\u00e1in mar sm\u00e9ar mhullaigh ar an ioml\u00e1n, agus tuigeadh d\u00fainn go raibh muid ar mhuin na muice, agus saol an mhada bh\u00e1in os \u00e1r gcomhair amach sna laethe a bh\u00ed r\u00f3mhainn amach. Tuigeadh d\u00fainn freisin, go raibh teach againn anois don chuid eile d\u00e1r saoil. Ach sin sc\u00e9al eile ar fad, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, ach mar a chinnt\u00edtear, ach fillfimid ar an sc\u00e9al c\u00e9anna sin ar\u00eds, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Teacht t\u00fas Mhe\u00e1n F\u00f3mhair, bh\u00ed chuile sh\u00f3rt in ord is in eagar, agus b\u00edodh go raibh amhras eic\u00ednt orainn f\u00f3s faoin gc\u00e9im ollmh\u00f3r a bh\u00ed t\u00f3gtha againn fan oilithreacht na beatha, ag an am gc\u00e9anna bh\u00edomar s\u00e1sta glacadh leis an gcinneadh a bh\u00ed d\u00e9anta againn, agus tabhairt faoin saol m\u00f3r, nua, corraitheach, a bh\u00ed thart orainn. Nuair a oscla\u00edodh Col\u00e1iste Mhuire Cois Abhann, mar a baisteadh ar Marian College, i nDroichead na Dothra, bh\u00ed orm aghaidh a thabhairt ar an Scoil sin go bre\u00e1 luath ar maidin. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">That First Morning<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fuair m\u00e9 an bus th\u00edos ag bun Ascaill Bhearnon, ar bhruach na mara. Isteach liom ansin go dt\u00ed St\u00e1isi\u00fan na Traenach ag Sr\u00e1id Amiens, agus uaidh sin ar an traein to dt\u00ed St\u00e1isi\u00fan Dhroichead na Dothra, agus bh\u00ed an St\u00e1isi\u00fan sin i ngiorracht urchar m\u00e9ar\u00f3ige don Chol\u00e1iste. N\u00ed raibh ach ceata\u00ed amh\u00e1in sa sc\u00e9al, agus b\u2019in go mbeadh orm bheith amuigh le giolc an ghealbhain, chuile mhaidin, n\u00f3 n\u00edor theastaigh uaim bheith d\u00e9anach, mar cuireadh i dtuiscint dom go raibh Cluain Tarbh p\u00edosa fada \u00f3n gCol\u00e1iste, agus gurbh fhearr le h\u00fadar\u00e1is na Scoile sin, d\u00e1 n-\u00e9ireodh liom teach a fh\u00e1il n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed don Chol\u00e1iste, sea, agus bh\u00ed sin go maith, ach n\u00ed raibh an oireadh sin airgead agamsa le go bhf\u00e9adfainn teach d\u00e1 leith\u00e9id a cheannach, ach is d\u00f3cha go raibh s\u00e9 deacair sin a chur abhaile ar Ord Rialta, nach raibh aon tuiscint r\u00f3-chruinn acu ar chumas ceannaithe t\u00ed an t\u00e9 at\u00e1 ar bheag\u00e1n fh\u00e1ltais, agus geallaimse dhuit \u00e9, nach raibh siadsan ag baint na s\u00e1l d\u00e1 ch\u00e9ile, ag iarraidh teacht i gcabhair orm, bealach ar bith. Ach n\u00ed haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain d\u00e9anta. Bh\u00ed orm cur suas leis an gcrann a thit orm. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh deacrachta\u00ed taistil le s\u00e1r\u00fa agam le freastal ceart a dh\u00e9anamh ar an bpost nua a bh\u00ed t\u00f3gtha agam, san Ardchathair. Sea, agus n\u00ed raibh ansin ach a leath, n\u00f3 bh\u00ed orm anois dul i dtaith\u00ed ar ghas\u00fair na cathrach m\u00f3ire, gas\u00fair nach raibh an dearcadh c\u00e9anna acu ar an saol is a bh\u00ed agamsa, n\u00f3 ag na dalta\u00ed a raibh cleachtadh agamsa orthu, \u00f3 chuaigh m\u00e9 i gcionn cheird na m\u00fainteoireachta, a ch\u00e9aduair. Ach, tr\u00edd is tr\u00edd, d\u2019\u00e9irigh liom na deacrachta\u00ed sin uilig a sh\u00e1r\u00fa, agus s\u00edlim gur \u00e9irigh liom sl\u00e1im\u00edn den Ghaeilge a mh\u00faineadh do dhuine anseo is ansi\u00fad, agus chomh maith le sin, d\u2019\u00e9irigh liom gr\u00e1 eic\u00ednt don Ghaelachas a thabhairt don chorrdhuine eile. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Seven Years&#8230;. of Want, or of Plenty<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fhan m\u00e9 i mbun mo dhualgais ansin i nDroichead na Dothra ar feadh seacht mbliana, n\u00f3 mar sin, n\u2019fheadar m\u00e9 anois, ar bhlianta an ghanntain n\u00f3 ar bhlianta na fl\u00fairse a bh\u00ed sna seacht mbliana c\u00e9anna sin, ach n\u00ed d\u00f3igh liom gur chruinnigh m\u00e9 aon st\u00f3r le linn an ama ch\u00e9anna sin, agus b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin mar fhreagra ar mo cheist! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is dom cupla bliain a chaitheamh ag taisteal chun oibre le C\u00f3ras Iompair \u00c9ireann,  agus m\u00e9 tuirseach traochta ar shroichint m\u2019ionad oibre dom, chuile mhaidin, shocra\u00edomar go raibh an t-am tagtha le gluaistean, de chine\u00e1l eic\u00ednt, a chur faoi mo th\u00f3in ghaelach, agus tar \u00e9is roinnt mhaith cuardaigh, d\u2019\u00e9irigh linn seanghluaiste\u00e1n Ford a cheannach, \u00f3 Oifigeach Airm, a raibh an t\u00edr uilig taistealta sa seanghluaiste\u00e1n c\u00e9anna sin aige, sa chaoi gur bheag cro\u00ed n\u00f3 misneach a bh\u00ed fanta sa seanchr\u00e9at\u00far c\u00e9anna sin, ach, arsa mise liom fh\u00e9in, faoi mar ad\u00fairt Sean Ph\u00e1draic \u00d3 Conaire tr\u00e1th, d\u00e9anfaidh s\u00e9 c\u00fais, iompr\u00f3idh s\u00e9 m\u00e9 fh\u00e9in, is mo ch\u00f3ta m\u00f3r, is chuile sh\u00f3rt a bh\u00edonn le hiompar ag m\u00fainteoir ar a thuras chun na scoile. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Wheels, at last!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh leis an ngluaiste\u00e1n, ar ball, c\u00fais a dh\u00e9anamh domsa, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, gur \u00e9irigh leis saol sona, s\u00e1sta, a chur ar f\u00e1il dom, ar deireadh thiar, n\u00f3 n\u00edor dhein, ach is amhlaidh a d\u2019\u00e9irigh leis liosta c\u00farama\u00ed nua a thabhairt dom, in \u00e1it na seanch\u00farama\u00ed a bh\u00ed dom chra, is dom ch\u00e9asadh, roimhe sin. Ach nach \u2018in an saol agat a mhac!  B\u00edonn a ualach c\u00farama\u00ed le hiompar ag chuile dhuine beo, agus cuma c\u00e9n iarracht a dh\u00e9anann s\u00e9 f\u00e1il r\u00e9idh leo, beag an baol go n-\u00e9ireoidh leis!  Ag an am gc\u00e9anna, is d\u00f3cha gur \u00e9irigh leis an ngluaiste\u00e1n c\u00e9anna sin saol n\u00edos comp\u00f3rda\u00ed a chur ar f\u00e1il, n\u00ed hamh\u00e1in dom fh\u00e9in, ach don chlann ar fad, agus faoin am sin, bh\u00ed c\u00faigear ar fad againn ann, m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean, maraon le beirt mhac agus in\u00edon amh\u00e1in, n\u00f3 bh\u00ed ar \u00e1r gcumas anois, dul ar sheilg, am ar bith a thogr\u00f3imis, go h\u00e1irithe, i rith na laethe saoire, agus ba mh\u00f3r an chabhair \u00e9 freisin, le dul isteach sa chathair, n\u00f3 le dul ag siopad\u00f3ireacht, n\u00f3 chuig an Aifreann fi\u00fa. Sea, nuair a d\u2019\u00e9irigh m\u00e9 cleachtach air, ba mh\u00f3r an gar \u00e9 do dhuine ar bith, agus \u00e9 ag cur faoi i gcathair. I nd\u00e1ir\u00edre, t\u00e1 s\u00e9 thar a bheith deacair teacht i dt\u00edr i gcathair d\u00e1 cheal, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, c\u00e9 go raibh s\u00e9 ind\u00e9anta, nuair a thugamarna an chathair orainn fh\u00e9in, i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">A Time to Change                                                                     <\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, i ndeireadh na d\u00e1la, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00edomar le saol na cathrach, n\u00f3 d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, lem phost i nDroichead na Dothra, agus tar \u00e9is d\u00fainn thart ar sheacht mbliana a chaitheamh ansin, agus gan c\u00farsa\u00ed taistil agus oibre mar a d\u2019iarrfadh mo bh\u00e9al fh\u00e9in iad a bheith, thosaigh m\u00e9 ag breathn\u00fa thar chla\u00ed amach, f\u00e9achaint an mbeadh fosa\u00edocht n\u00edos fearr le f\u00e1il, in ionad eic\u00ednt eile. Bh\u00ed an t-\u00e1dh orm, n\u00f3 thart ar an am sin, chonaic m\u00e9 go raibh fol\u00fantas do mh\u00fainteoir Gaeilge i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in, i gCill Chainnigh. Bhuel! le sc\u00e9al gairid a dh\u00e9anamh de, chuir m\u00e9 isteach ar an bpost sin, agus tar \u00e9is chuile sh\u00f3rt a choimhl\u00edonadh, faoi mar a iarradh orm, d\u2019\u00e9irigh liom an post a fh\u00e1il, agus socra\u00edodh go raghainn i mbun mo chuid oibre sa Chol\u00e1iste c\u00e1ili\u00fail, cumasach, sin, i Samhain na bliana 1966.  Bh\u00ed go maith is ni raibh go holc. Rinne m\u00e9 a raibh le d\u00e9anamh, agus ar an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, chuaigh m\u00e9 i mbun oibre, i Halla\u00ed \u00e1rsa na scoile sin, ach, fan ort n\u00f3im\u00e9ad, n\u00f3 t\u00e1 ruda\u00ed eile le r\u00e1 agam, faoin tr\u00e9imhse a chaith m\u00e9 i gCol\u00e1iste Marian, i nDroichead na Dothra, agus fillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar sin, an tseachtain seo chugainn.  B\u00ed liom ansin, agus cuirfidh m\u00e9 s\u00edos dhuit, ar chuid de na heachtra\u00ed a bhain dom, fhad is a bh\u00ed m\u00e9 i mbun oibre san ionad c\u00e1ili\u00fail sin.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>coscrach, shattering; scaoth dabhtanna, a flock of doubts; cuimil ceir\u00edn den d\u00edchuimhne leis, forget about it; sna b\u00f3la\u00ed sin, thereabouts; sl\u00e1im\u00edn den Ghaeilge, a handful of Irish; blianta an ghanntain, the years of want; ba mh\u00f3r an gar \u00e9, it was a great help. . Blianta an Ghanntanais ? . Peadar Bair\u00e9ad. . Changing House [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12399","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12399","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12399"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12399\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12400,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12399\/revisions\/12400"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12399"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12399"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12399"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}