{"id":12407,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12407"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-19","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-19\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 19"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">E a c h t r a i g h    D \u00fa i n n <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Caibidil  5<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is beag nach bhfuil m\u00e9 cr\u00edochnaithe anois le mo chuimhn\u00ed ar Chol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, B\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i gContae Mhaigh Eo.  Ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, a l\u00e9itheoir, go bhfuil leisce \u00e1irithe orm f\u00f3s, an tsean\u00e1it sin a fh\u00e1g\u00e1il taobh thiar d\u00edom, n\u00f3 ba ansin a chaith m\u00e9 dh\u00e1 bhliain \u00f3rga de laethe geala m\u2019\u00f3ige, agus b\u00edodh go raibh m\u00e9 scartha \u00f3 mo chine, agus \u00f3 mo mhuintir, agus b\u00edodh nach raibh  aon ar\u00e1n saor le f\u00e1il agam san \u00e1it ch\u00e9anna sin, mar sin fh\u00e9in, is geal lem chro\u00ed na cuimhn\u00ed a ritheann chugam f\u00f3s, aniar as an tr\u00e9imhse sin de laethe m\u2019\u00f3ige.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa chaibidil seo, is amhlaidh a phiocfaidh m\u00e9 amach eachtra\u00ed, n\u00f3 cuimhn\u00ed, \u00e1irithe, a tharla le linn dom bheith im mhac l\u00e9inn sa Chol\u00e1iste bre\u00e1 sin.  Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a chuaigh i gcionn ormsa, n\u00f3 an scoil fh\u00e9in.  B\u2019fhathach de theach, amach is amuigh, \u00e9, agus \u00e9 gal\u00e1nta, dea-dheartha, dea-dh\u00e9anta, \u00f3 bhun go barr.  N\u00ed raibh tada d\u00e1 leith\u00e9id feicthe agamsa, ar mo sh\u00faile cinn, le mo bheo roimhe sin.  Is amhlaidh a d\u2019fh\u00e1s an      t-\u00e1ras taibhseach sin suas as an mb\u00e1n glanbhearrtha, a bh\u00ed leagtha amach os a chomhair amach, agus faiche a bh\u00ed bearrtha go bun na d\u00faide, thart air.  B\u2019in mar a bhi s\u00e9 an ch\u00e9ad l\u00e1 ar leag mise s\u00fail air, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana, 1940. Ach n\u00edor she\u00f3 go dt\u00ed \u00e9 san Earrach, nuair a bh\u00edodh an fhaiche sin ar fad ina brat \u00f3rga ag lusa luascacha an chromchinn, agus iad leagtha amach ina mbu\u00edonta, agus ina gcip\u00ed, faoi mar a bh\u00ed na saighdi\u00fair\u00ed socruithe, ullmhaithe. do chath Waterloo.  Is d\u00f3cha go nd\u00e9arfadh duine gur bheag a bh\u00ed le d\u00e9anamh ag daoine sna laethe \u00fad fad\u00f3, faoi r\u00e1 is go gcaithfid\u00eds a nd\u00fathracht ag pland\u00e1il na lusa cromchinn ar an d\u00f3igh neamhghn\u00e1ch sin, ach beatha dhuine a thoil, mar adeireadh an seandream fad\u00f3, agus nach acu a bh\u00ed an ceart.  Agus lena chois sin, n\u00e1r bhoc m\u00f3r, amach is amuigh, \u00e9 an t-\u00fanaeir,  an Cunta Llewellyn De Bl\u00e1ca fh\u00e9in, oidhre na mBl\u00e1cach i Cloghballymore House, i gContae na Gaillimhe, a bhronn a thithe agus a thailte ar na Misin Choigr\u00edocha.  Rinne m\u00e9 cur s\u00edos cheana daoibh ar an leagan amach a bh\u00ed ar an gCol\u00e1iste, ar an dtaobh istigh, ar na seomra\u00ed, an Bhialann, an Suanlios, an t-Aireagal, agus an Halla M\u00f3r Staid\u00e9ir, agus n\u00edl f\u00fam a thuilleadh a r\u00e1 anseo f\u00fathu sin, ach b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh aon dochar \u00e9, tagairt a dh\u00e9anamh, go sciobtha, anseo, do na faich\u00ed imeartha a bh\u00ed againn, i ngar don scoil.   Chomh fada is a th\u00e9ann mo chuimhne anois, bh\u00ed p\u00e9ire p\u00e1irceanna againn, mar ph\u00e1irceanna imeartha, agus b\u2019ansin a d\u2019fhoghlaim m\u00e9 fh\u00e9in, agus gas\u00fair eile chomh maith liom, scileanna na gcluich\u00ed n\u00e1isi\u00fanta, mar c\u00e9 go rabhthas d\u00e1r dtraen\u00e1il do na misin choigr\u00edocha, bh\u00ed an n\u00e1isi\u00fanachas de dhl\u00fath agus d\u2019inneach i gc\u00f3ras oideachais na t\u00edre seo, ag an am sin.  Agus, b\u00edodh go raibh breac-eolas ag cuid againn ar na rialacha a bhain leis na cluich\u00ed sin,  mar sin fh\u00e9in, bh\u00ed oili\u00faint agus traen\u00e1il sna scileanna cu\u00ed, ag teast\u00e1il go g\u00e9ar uainn.  N\u00edor imir m\u00e9 fh\u00e9in m\u00f3r\u00e1n cluich\u00ed roimhe sin riamh, ach amh\u00e1in na cluich\u00ed a d\u2019imr\u00edomar cosnochtaithe, i gcoinne foirne Bh\u00e9al an Mhuirthead, nuair a bhain na  \u201ctownies\u201d  na r\u00fait\u00edn\u00ed agus na loirgne d\u00ednn, lena mbr\u00f3ga siopa, ach ba ghearr gur th\u00e1inig muid isteach ar na cluich\u00ed c\u00e9anna sin, agus go raibh ar \u00e1r gcumas iad a imirt go seoigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba sa scoil sin an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, a chuir m\u00e9 aithne den ch\u00e9ad uair, freisin, ar na l\u00e1mhainn\u00ed dorn\u00e1la.  Mar seo a tharla.  Bh\u00ed sagart \u00f3g in\u00e1r mbun, ag an am, agus is d\u00f3cha go raibh suim faoi leith aige fh\u00e9in sa dorn\u00e1la\u00edocht.  Bhuel, n\u00ed sh\u00e1s\u00f3dh tada an fear c\u00e9anna, go raibh cr\u00f3 dorn\u00e1la\u00edochta leagtha amach aige d\u00fainn, agus ansin, rinne s\u00e9 chuile iarracht ar scileanna na ceirde sin a mh\u00faineadh d\u00fainn.  Is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00f3, go mbeadh g\u00e1 ag sagairt leis an scil ch\u00e9anna sin, sa todhcha\u00ed!  Ar aon chuma, ba bheag mo sp\u00e9is fh\u00e9in sa chluiche ch\u00e9anna sin, ach corruair, n\u00ed raibh aon dul as agam.  Caithfidh go raibh m\u00e9 contr\u00e1ilte go maith, na laeathe \u00fad, murab ionann is anois!  go h\u00e1irithe, nuair a bh\u00ednn  ag imirt cluich\u00ed, n\u00f3 a leith\u00e9id.  Bhuel, nuair a d\u2019\u00e9ir\u00edodh idir aon bheirt againn, agus nuair a thagadh an sagart \u00f3g sinn orainn, i mbun troda, &#8211; agus thagadh, &#8211; meas t\u00fa c\u00e9ard a dh\u00e9anadh s\u00e9, le deireadh a chur leis an arg\u00f3int?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 an ceart agat.  Shocra\u00edodh s\u00e9 am faoi leith, agus bh\u00edodh ar an mbeirt trodair\u00ed bheith i l\u00e1thair sa chr\u00f3 dorn\u00e1la\u00edochta, ag an am sprioc\u00e1ilte, agus iad ullamh ina l\u00e1mhainn\u00ed dorn\u00e1la, le troid a dh\u00e9anamh os comhair na scoile ar fad, agus an sagart \u00f3g \u00fad ina r\u00e9iteoir ar an mbabhta dorn\u00e1la\u00edochta sin.  Fanann cuimhne na laethe \u00fad liom go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus is f\u00e9idir liom boladh leathar na l\u00e1mhainn\u00ed a fh\u00e1il f\u00f3s im pholl\u00e1ir\u00ed, agus \u00e9 chomh br\u00e9an inniu is a bh\u00ed s\u00e9 breis is tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois.  B\u2019fhuath liom fh\u00e9in na troideanna c\u00e9anna sin, n\u00f3 ba rud amh\u00e1in \u00e9, troid a thos\u00fa nuair a bheadh rabharta feirge ar dhuine, ach n\u00edorbh ionann sin in aon chor agus troid a dh\u00e9anamh le gas\u00far eile, agus gan fearg, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id ort leis, agus an scoil ar fad ag breathn\u00fa orainn, agus d\u00e1r ngr\u00edosadh chun troda, ach mhaolaigh s\u00e9 go m\u00f3r ar aon fhonn troda a bh\u00ed beirthe sa chn\u00e1mh ionnamsa, geallaimse dhuit \u00e9.  Ba chos\u00fail \u00e9 sin, d\u00e1r liomsa, agus an chaoi a gcuireadh muidinne gas\u00fair na madra\u00ed ag troid fado.  Ba rud fuarch\u00faiseach, amach is amuigh \u00e9, ach ag an am gc\u00e9anna, is d\u00f3cha gur chabhraigh s\u00e9 linn srian eic\u00ednt a chur ar \u00e1r bhfearg, sa chaoi gur mh\u00fain s\u00e9 d\u00fainn, conas smacht agus guaim a choinne\u00e1il orainn fh\u00e9in, earra\u00ed a bh\u00ed chun \u00e1r leasa, sna blianta a bh\u00ed romhainn amach.  Mar sin, maithim don sagart \u00f3g sin a dh\u00fail mhallaithe sa dorn\u00e1la\u00edocht, agus sa bhfuil, d\u00e1r linne, le linn m\u2019\u00f3ige-se.  Chuireadh an sagart \u00f3g sin l\u00e1 sp\u00f3irt sa tsi\u00fal d\u00fainn, anois is ar\u00eds, nuair a th\u00f3gadh s\u00e9 dorn\u00e1laithe \u00f3 Chlub dorn\u00e1la\u00edochta i gCaisle\u00e1n an Bharraigh isteach go Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, le com\u00f3rtas dorn\u00e1la\u00edochta a eagr\u00fa eatarthusan agus gas\u00fair an Chol\u00e1iste.  B\u2019in an \u00e1it a mb\u00edodh an fhuil, geallaimse dhuit \u00e9, ach i ndeireadh na d\u00e1la, n\u00ed d\u00f3igh liom go raibh gas\u00far ar bith in\u00e1r measc-na a chlo\u00edgh leis an dorn\u00e1la\u00edocht, mar sp\u00f3rt, n\u00f3 mar chaitheamh aimsire, fi\u00fa, ina dhiaidh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, geallaimse dhuit \u00e9, go raibh beala\u00ed acu sa Chol\u00e1iste sin, le smacht a chur i bhfeidhm ar ghas\u00fair cos\u00fail linne.  Is cuimhin liom, go mb\u00edodh s\u00e9 de n\u00f3s againn, freastal ar na boird, le linn na mb\u00e9il\u00ed, ar \u00e1r seal.  Bh\u00ed bunt\u00e1ist\u00ed ag gabh\u00e1il leis na ngn\u00f3 sin, n\u00f3 nuair a bh\u00edodh a mb\u00e9ile cr\u00edochnaithe ag na dalta\u00ed eile, agus ag na sagairt freisin, d\u2019im\u00edodh siadsan chun an Aireagail, le cupla paidir a r\u00e1, agus d\u2019fhanadh na giolla\u00ed boird sa mbialann, lena mb\u00e9ile fh\u00e9in a chaitheamh, ar a s\u00e1stacht.  Anois, thugadh sin deis d\u00f3ibh im, earra a bh\u00ed gann go maith ag an am, agus s\u00f3laist\u00ed eile freisin, a th\u00f3g\u00e1il \u00f3 bhord na sagart, agus ba gheall le h\u00f3r bu\u00ed an t-im c\u00e9anna sin i measc na ndalta\u00ed, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edodh le f\u00e1il acusan ach an margair\u00edn, earra n\u00e1r thaitin leis na dalta\u00ed a raibh aon bheada\u00edocht in aon chor ag baint leo.  Bhuel, tharla l\u00e1 amh\u00e1in, gur rugadh ar roinnt \u00e1irithe againn i mbun na hoibre sin, agus geallaimse dhuit \u00e9 n\u00e1r ligeadh saor gan pion\u00f3s sinn.  Ba \u00e9 a dheineadar linn, n\u00f3 gan aon bhricfeasta a thabhairt d\u00fainn ar feadh seachtaine, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, chuireadar iachall orainn, an t-am sin a chaitheamh, ag g\u00edot\u00e1il, os comhair na Bialainne amach, sa chaoi go raibh radharc ioml\u00e1n ag chuile dhuine sa scoil orainn, agus tuiscint mhaith acu freisin, ar an f\u00e1th a bh\u00ed leis an bpion\u00f3s sin a gearradh orainn.  Is d\u00f3cha gur m\u00faineadh ceacht eic\u00ednt d\u00fainn an tr\u00e1th sin freisin, ach n\u00edl m\u00e9 cinnte amach is amuigh c\u00e9n ceacht \u00e9.  D\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, gur m\u00faineadh d\u00fainn n\u00e1r ch\u00f3ir baint le cuid na gcomharsan, agus d\u00e9arfadh daoine eile, b\u2019fh\u00e9idir, gurbh \u00e9 an ceacht a m\u00faineadh d\u00fainn n\u00f3 a bheith n\u00edos c\u00farama\u00ed, an ch\u00e9ad bhabhta eile!  B\u00edodh do rogha agatsa, ach mo chuidse de, n\u00ed d\u00f3igh liom gur mh\u00fain s\u00e9 tada dhom ach fuath don chur chuige sin mar mhodh m\u00fainte, b\u2019fh\u00e9idir, n\u00f3 n\u00edor thaitin s\u00e9 riamh liom, \u00f3 shoin anuas, duine ar bith a fheice\u00e1il \u00e1 n\u00e1iri\u00fa go poibl\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir gur mhaith le duine eic\u00ednt ceist a chur orm faoi ch\u00farsa\u00ed gn\u00e9is, agus a leith\u00e9id, \u00e1it a raibh thart ar thr\u00ed sc\u00f3r \u00f3g\u00e1nach teanntaithe istigh le ch\u00e9ile, agus gan comhluadar ban ar an \u201cmenu\u201d, mar ad\u00e9arf\u00e1, olc maith n\u00f3 dona, agus sin ag tarl\u00fa tr\u00e1th a raibh a gcuid horm\u00f3n ag tabhairt tr\u00ed l\u00e9im t\u00e1illi\u00fara as a gcorp agus as a gcabhail sa chro\u00ed istigh iontu?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ba ghn\u00e1th-\u00f3g\u00e1naigh iad i ngach uile shl\u00ed, agus b\u00edodh go raibh siad teanntaithe istigh sa Chol\u00e1iste ar feadh bhun\u00fas na bliana, bh\u00edd\u00eds ar saoire sa bhaile ar feadh thart ar cheithre mh\u00ed, i rith na bliana, agus i rith an ama sin, bh\u00edodh f\u00e1il acu ar chomhluadar agus ar chomhairle ban.  Chomh maith le sin, bh\u00edodh roinnt cail\u00edn\u00ed \u00f3ga ag obair sa Cholaiste, rud a thugadh deis d\u00f3ibh a ngairm chun na sagartachta a th\u00e1st\u00e1il, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, bh\u00ed na ceathanna fuara ansin i gc\u00f3na\u00ed, leis an teaspach a bhaint as duine ar bith a bheadh  ina gh\u00e1tar sin!   Ba dh\u00e9ag\u00f3ir\u00ed iad na h\u00e1bhair \u00f3ga sagairt sin, a raibh m\u00faineadh an tsagairt a chur orthu, gn\u00f3 nach raibh, agus nach bhfuil, \u00e9asca, am ar bith, ach nuair a chuireann t\u00fa le sin \u00f3ige na ngas\u00far, tuigfidh t\u00fa go raibh fonn n\u00edos m\u00f3 orthusan, an tr\u00e1th \u00fad, \u00e9isteacht le dea-chomhairle \u00f3 dhaoine f\u00e1sta, agus seans n\u00edos fearr ann, go nd\u00e9anfaid\u00eds d\u00e1 r\u00e9ir.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, sna c\u00farsa\u00ed seo, nach dtabharfa\u00ed an dara seans do dhuine ar bith a gheofa\u00ed ciontach i mbreathn\u00fa thar chla\u00ed na haontumhachta amach!  Sea, ach tharla\u00edodh a leitheid corruair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuimhne eile a fhanann glas liom, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus d\u00e9arfainn go gcuirfe\u00e1 fh\u00e9in suim ann freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n chuimhne at\u00e1 i gceist agam anois, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An modh taistil a bh\u00ed againne, dalta\u00ed, agus muid ag dul i mbun na Me\u00e1nteistim\u00e9ireachta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9n modh taistil \u00e9 fh\u00e9in?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cJaunt\u201d, mar a thugadh muintir \u00c1rann air, blianta fada \u00f3 shoin, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an focal c\u00e9anna sin in \u00fas\u00e1id ar Inis M\u00f3r, \u00c1rann, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Sea, Carr Cliath\u00e1nach, b\u2019in an modh taistil a bh\u00ed againn, le sinn a iompar \u00f3 Chol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa go Caisle\u00e1n an Bharraigh, turas de dheich m\u00edle, b\u2019fh\u00e9idir, \u00f3 tharla nach raibh ionad scr\u00faduithe d\u00e1r gcuid fh\u00e9in againne, an tr\u00e1th \u00fad, agus bh\u00ed sp\u00e1s d\u00fainn i St. Geralds College, i gCaisle\u00e1n an Bharraigh.  Is cuimhin liom f\u00f3s, boladh an chapaill, agus torann an \u00faim agus na gcr\u00fab, agus muid ag bogadh linn, ar sodar, fan an bh\u00f3thair fhada sin.  Thug an turas sin deis d\u00fainn, ceisteanna a phl\u00e9 agus a chur tr\u00ed ch\u00e9ile, agus muid ag gluaiseacht ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3 chun an bhaile mh\u00f3ir.  Sea, b\u2019in iad laethe geala na h\u00f3ige, nuair a bh\u00ed ceol agus rithim aerach i ngach rud faoin speir, sea, agus taitneamh agus tairbhe le baint as gach aon cheo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in iad na laethe, nuair a th\u00e9adh muid ag si\u00fal\u00f3id, chuile mhaidin, s\u00edos b\u00f3thar an Chol\u00e1iste, go dt\u00ed dealbh Ph\u00e1draig, ag bun an bh\u00f3thair sin, agus nuair a bh\u00edodh an uain go bre\u00e1, bh\u00edodh radharc iontach, \u00e1lainn, spreag\u00fail, le f\u00e1il againn, ar Chruach fh\u00edor-\u00e1lainn Ph\u00e1draig.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach anois, f\u00e1gfaidh m\u00e9 an tr\u00e9imhse spreag\u00fail, uaigneach, corraitheach sin, dem\u2019 shaol taobh thiar d\u00edom, agus leanfaidh m\u00e9 sruth na beatha, faoi mar a shil s\u00e9 leis, \u00f3 laethe Chol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa \u00fad, ar aghaidh, agus d\u00e9anfaidh m\u00e9 iarracht, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, cur s\u00edos ar Chol\u00e1iste Sheosaimh Naofa, i Wilton, a bh\u00ed suite ar imeall Chathair Chorca\u00ed an t-am sin, mar a raibh m\u00e9  fh\u00e9in im\u2019 mhac l\u00e9inn sagartachta, ar feadh tr\u00ed bliana corraitheacha eile.  <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 5 . Is beag nach bhfuil m\u00e9 cr\u00edochnaithe anois le mo chuimhn\u00ed ar Chol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, B\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, a l\u00e9itheoir, go bhfuil leisce \u00e1irithe orm f\u00f3s, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12407","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12407","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12407"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12407\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12408,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12407\/revisions\/12408"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12407"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12407"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12407"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}