{"id":12413,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12413"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-22","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-22\/","title":{"rendered":"Eachtraigh duinn 22"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   8<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa chaibidil deiridh, labhair m\u00e9 faoi na laethe a chaith m\u00e9 i gCol\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton Chorca\u00ed, agus m\u00e9 ag ullmh\u00fa don Ard Teistim\u00e9ireacht, i ndaichid\u00ed na haoise seo caite, agus faoi na heachtra\u00ed a bhain dom, le linn na mblianta sin \u00f3 Mhe\u00e1n F\u00f3mhair 1942 go Meitheamh na bliana 1944.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 n\u00e1r chaith muid ag ullmh\u00fa don Scr\u00fad\u00fa c\u00e9anna sin ach dh\u00e1 bhliain, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, go raibh an-chuid oibre le d\u00e9anamh againn, agus sinn ag f\u00e1il r\u00e9idh don scr\u00fad\u00fa poibl\u00ed sin, go h\u00e1iraithe, nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh, n\u00e1r chaitheamar ach dh\u00e1 bhliain freisin, ag ullmh\u00fa don Mhe\u00e1n Teistim\u00e9ireacht, agus cuir le sin, go raibh muid ag ullmh\u00fa don Mh\u00e1ithre\u00e1nach freisin sa tr\u00e9imhse ch\u00e9anna sin idir 1942 agus 1944, agus tuigfidh t\u00fa ansin c\u00e9 chomh gn\u00f3thach is a bh\u00edomar, le linn na mblianta sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id,  n\u00f3 nuair a bh\u00ed an d\u00e1 bhlain sin caithe againn sa Mhe\u00e1nscoil, agus an Ardteistim\u00e9ireacht, agus an M\u00e1ithre\u00e1nach, gn\u00f3ite againn, n\u00e1r mh\u00f3r ansin an ch\u00e9im suas sa tsaol \u00e9 d\u00fainne an Mhe\u00e1nscola\u00edocht a fh\u00e1g\u00e1il in\u00e1r ndiaidh, agus aghaidh \u00e1 thabhairt againn ar an Ollscoil, mar, ar bhealach, d\u00e1r linne, ba chos\u00fail le pr\u00edos\u00fan \u00ed an Mhe\u00e1nscoil.  Bh\u00edomar gafa istigh ansin agus gan chead againn an \u00e1it a fh\u00e1g\u00e1il, Domhnach n\u00f3 D\u00e1lach, n\u00f3 tada a dh\u00e9anamh nach dtoileodh na m\u00e1istr\u00ed a bh\u00ed orainn chuige.  Sea, agus an chathair mh\u00f3r, \u00e1lainn, ansin in\u00e1r n-aice, agus gan chead againne blaiseadh de, olc, maith n\u00f3 dona!  Ach, ag freastal ar an Ollscoil!  Bhuel, b\u2019in sc\u00e9al eile ar fad  Bh\u00ed saoirse ag na mic l\u00e9inn Ollscoile.  D\u2019fh\u00e9adfadh siadsan Col\u00e1iste Sheosaimh a fh\u00e1gail ar maidin, agus bun\u00fas an lae a chaitheamh istigh san Ollscoil, sea, agus chomh maith le sin, bheadh cead acu si\u00fal amach tr\u00ed shr\u00e1ideanna na Cathrach, n\u00f3 dul ar bhus, \u00f3 gheata an Chol\u00e1iste i Wilton, agus a mbealach a dh\u00e9anamh s\u00edos chomh fada leis an gCol\u00e1iste Ollscoile.  N\u00e1r mh\u00e9anar go deo d\u00fainn, d\u00e1r linne!  N\u00f3 anois, bh\u00ed an \u00dat\u00f3ipe sin sroichte againne, agus bh\u00edomar cinnte, go mbainfeadh muid toit agus sp\u00f3rt as.  B\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir a lua go raibh c\u00f3na\u00ed orainn i gCol\u00e1iste Sheosaimh, i rith na bliana Ollscoile sin, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, bh\u00edomar saor \u00f3 smacht na scoile, bun\u00fas an ama, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1r mh\u00f3r an sp\u00f3rt \u00e9 bheith ag roghn\u00fa \u00e1bhar don bhliain a bh\u00ed le caitheamh againn i gCol\u00e1iste na hOllcoile, Corcaigh?   Roghnaigh m\u00e9 fh\u00e9in Loighic, Gaeilge, B\u00e9arla, Laidin, agus T\u00edreola\u00edocht, don ch\u00e9ad bhliain Ollscoile sin.  Cl\u00e1ra\u00edodh sinn mar mhic l\u00e9inn, agus bheadh orainn cine\u00e1l \u00e9ide faoi leith, \u00e9ide an mhic l\u00e9inn, a chaitheamh, chuile bhabhta a bheadh muid ag freastal ar l\u00e9acht, san Ollscoil sin.  N\u00e1r mh\u00f3r idir sin agus n\u00f3smhaireacht na me\u00e1nscoile?  Sea, mh\u2019anam, bh\u00ed an bhuaic sroichte againn, i ndeireadh na d\u00e1la!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thaitin an staid\u00e9ar agus na l\u00e9achta\u00ed go m\u00f3r liom.  N\u00e1r mh\u00f3r an pl\u00e9isi\u00far \u00e9 bheith ag gabh\u00e1il don l\u00e9ann?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u201cAoibhinn beatha an scol\u00e1ire<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">A bh\u00edos ag d\u00e9anamh l\u00e9inn,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is follas daoibh a dhaoine<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Gur d\u00f3 is aoibhne in \u00c9irinn.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1r bhre\u00e1 go deo an \u00e1it \u00ed an Ollscoil?  Ba bheag n\u00e1r bhain m\u00e9ad agus uimhir na Halla\u00ed, agus na seomrai a bh\u00ed sa timpeall, radharc na s\u00fal d\u00edom.  \u00d3, sea, agus an oiread sin mic l\u00e9inn ag brost\u00fa leo thall agus abhus.  N\u00e1r bhre\u00e1 an radharc iad an hOll\u00fana gona r\u00f3ba\u00ed bre\u00e1tha, fairsinge, gradamacha, a fheice\u00e1il ag seoladh leo chuig a seomra\u00ed.  Sea, bh\u00ed an oiread sin l\u00e9inn sa timpeall, go mbeadh s\u00e9 \u00e9asca ag duine ar bith a dh\u00f3thain den earra c\u00e9anna sin a phiocadh suas, ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, cheapf\u00e1!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 sp\u00e9is ar leith sna hOll\u00fana agus na l\u00e9acht\u00f3ir\u00ed a bh\u00ed agam fh\u00e9in.  C\u00e9 d\u2019fh\u00e9adfadh dearmadh a dh\u00e9anamh ar an <strong>Ollamh Daniel Corkery<\/strong>, scol\u00e1ire agus scr\u00edbhneoir.  B\u00edodh go raibh bunaois mhaith aige faoin am sin, mar sin fh\u00e9in, n\u00ed raibh cuma na haoise air, ach \u00e9 \u00e9irimi\u00fail, spleodrach, \u00f3igeanta.  B\u2019annamh a shu\u00edodh s\u00e9 s\u00edos, ach \u00e9 ag bacada\u00edl thart, an t-am ar fad, n\u00f3 bh\u00ed coisc\u00e9im bhaca\u00ed ann, an fear bocht.  Fear tana\u00ed, \u00edseal, liath, beosh\u00faileach, a bh\u00ed ann, agus feicim anois fh\u00e9in \u00e9, tr\u00ed sh\u00faile na cuimhne, agus \u00e9 ag aisteoireacht leis, tr\u00ed ghn\u00edomh corraitheach eic\u00ednt de Mhacbeth, n\u00f3 de dhr\u00e1ma eile le Shakespeare. N\u00e1r mhinic a th\u00f3g s\u00e9 mo chro\u00ed, lena scileanna, lena gh\u00e1ire aingl\u00ed, lena Ghaelachas, agus an chaoi ansin a chuirfeadh s\u00e9 in i\u00fal d\u00fainn gur bhain Shakespeare \u00fas\u00e1id as focal \u00e1irithe, abair \u201cRome\u201d an oiread sin uaireannta, sa ghn\u00edomh \u00e1irithe sin, a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn an l\u00e1 airithe sin.  L\u00e1 eile, th\u00e9adh s\u00e9 ar th\u00f3ir fhocail \u00e1irithe, focal Eisl\u00edseach, b\u2019fh\u00e9idir, f\u00e9achaint an raibh an focal sin beo f\u00f3s, in\u00e1r nd\u00fathaigh fh\u00e9in, sa mbaile.  Is cuimhin liom gur chaitheamar tamall ag tagairt don bhfocal B\u00e9arla sin, <strong>\u201cmearing\u201d<\/strong>, n\u00f3 fainic nach <strong>meering<\/strong> a bh\u00ed aige, an focal a d\u2019\u00fas\u00e1idt\u00ed thiar, fad\u00f3, ar theorainn, go h\u00e1irithe an teorainn idir dh\u00e1 fheirm, agus ansin s\u00edlim gur cheangail s\u00e9 an focal sin leis an bhfocal \u201cM\u00edr\u201d sa Ghaeilge.  \u00d3 ba scol\u00e1ire ild\u00e1nach \u00e9 Dan s\u2019againne, gan aon ag\u00f3.   Bh\u00ed meas agus cion againn uilig air, agus len\u00e1r n-\u00f3m\u00f3s d\u00f3 a l\u00e9iri\u00fa, ba bheag duine againn nach raibh leabhair Dan l\u00e9ite aige, leabhair ar n\u00f3s <strong>The Hidden Ireland<\/strong>, <strong>The Hounds of Banba,<\/strong> <strong>The Threshold of Quiet<\/strong>, agus tuilleadh.  N\u00edl dabht ar bith ach go raibh Daniel Corkery ar dhuine d\u2019\u00fadair mh\u00f3ra a linne.  Rud eile a chuireadh ionadh orainne, n\u00f3 chomh c\u00faramach agus a mharc\u00e1ileadh s\u00e9 \u00e1r n-aist\u00ed, n\u00f3 cib\u00e9 cleachtadh eile a leagfadh muid os a chomhair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s na Gaeilge, ba \u00e9 an l\u00e9acht\u00f3ir a bh\u00ed againn n\u00f3 Eamonn \u00d3 Donnch\u00fa, dearth\u00e1ir do Thadhg \u00d3 Donnch\u00fa (T\u00f3rna) file, agus ar\u00eds, ba dhuine \u00e9 a mh\u00fascl\u00f3dh gr\u00e1 don Ghaeilge i mac l\u00e9inn ar bith, a shu\u00edodh tamall ag a ghl\u00fain.  Cormac \u00d3 Cadhlaigh a bh\u00ed ina Ollamh le Gaeilge, i gCorcaigh ag an am.  Duine de scol\u00e1ir\u00ed m\u00f3ra Gaeilge a linne, ba ea \u00e9, \u00e9 ard scaf\u00e1nta, l\u00e1n d\u00ednit, ach b\u2019fhearr linne Eamonn.  Ba n\u00e1isi\u00fana\u00ed \u00e9 Eamonn, agus b\u2019fhurasta sin a thabhairt faoi deara ina chuid l\u00e9achta\u00ed.  N\u00e1rbh \u00e9 a chuireadh d\u00e1nta a dhearth\u00e1r, Tadhg, ina seasamh, ina steille bheatha, os \u00e1r gcomhair amach.   Mar chuid den obair a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn, i rith an bhliain Ollscoile sin, bh\u00ed orainn freastal ar oiread \u00e1irithe seisi\u00fain le P\u00e1draic \u00d3 Nuat\u00e1in, a d\u2019fheidhmigh mar sheancha\u00ed do Roinn na Gaeilge san Ollscoil N\u00e1isi\u00fanta sin. N\u00e1r chiallmhar, fadcheannach, an n\u00f3s ag Ollscoil ar bith \u00e9, a leith\u00e9id de leagan amach a bheith acu an tr\u00e1th \u00fad? Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur bhain m\u00e9 fh\u00e9in an-taitneamh go deo as sc\u00e9alta Ph\u00e1draic, n\u00f3 ba dhuine \u00e9, a raibh seanchas agus stair a dh\u00fathaigh fh\u00e9in de dhl\u00fath agus d\u2019inneach ann.  N\u00e1rbh \u00e9 a d\u2019fh\u00e9adfadh sc\u00e9al an Athar Peadar a r\u00edomh go binn agus go blasta? Agus n\u00e1rbh aige a bh\u00ed an Ghaeilge l\u00edofa, chruinn, bhlasta?  Nach aige a bh\u00ed stair agus seanchas na gC\u00e1rrthach go cruinn, ceart, \u00f3 th\u00fas deireadh?  B\u2019ioma\u00ed uair a chloig a chaith m\u00e9 i seomra na ndalta\u00ed, ag \u00e9isteacht le P\u00e1draic ag eachtra\u00edocht d\u00fainn ar a mh\u00edle dh\u00edcheall, agus b\u00edodh go mb\u00edodh s\u00e9 ag dul siar ar stair na muintire, go cruinn, c\u00faramach, thuigfe\u00e1, ag an am gc\u00e9anna, go raibh s\u00fail eile aige i gc\u00f3na\u00ed ar st\u00edl agus ar chruinneas a chuid cainte.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed Ollamh iontach againn don Loighic, an Docht\u00fair S\u00e9amas, n\u00f3 \u201cDr. James,\u201d mar a thugta\u00ed de ghn\u00e1th air, agus tuigeadh d\u00fainne, nach raibh d\u00e9chosach beo ar thalamh na cruinne, a bh\u00ed inchurtha leis.  Ba \u00e9 a mh\u00fain d\u00fainn castacht agus cinnteacht an r\u00e9as\u00fain daonna.  Ba \u00e9 a leag s\u00edos d\u00fainn na beala\u00ed le sioll\u00f3g a th\u00f3g\u00e1il, n\u00f3 n\u00e1rbh \u2018in an bealach ba chinnte le cur len\u00e1r st\u00f3r eolais. Agus l\u00e9irigh s\u00e9 d\u00fainn an chaoi ar luigh s\u00e9 le r\u00e9as\u00fan, dul \u00f3n dteoiric ghinear\u00e1lta go dt\u00ed an  arg\u00f3int aonair, mar shampla, lu\u00edonn s\u00e9 le r\u00e9as\u00fan a dhearbh\u00fa go bhfaighidh Se\u00e1n b\u00e1s, m\u00e1 dhearbha\u00edm, i dtosach, go bhfaighidh chuile dhuine b\u00e1s, agus gur duine \u00e9 Se\u00e1n.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, n\u00e1r chaill m\u00e9 mo shuim riamh sa Loighic ch\u00e9anna sin, agus a bhu\u00edochas sin don Sagart oilte, eolgaiseach, ild\u00e1nach sin, an Docht\u00fair James.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fear eile a chuaigh i gcionn go m\u00f3r orm, le linn na bliana sin a chaith m\u00e9 in Ollscoil Chorca\u00ed, ba ea Dan Treston, an tOllamh le Laidin a bh\u00ed in\u00e1r mbun, an bhliain sin.  Claisic\u00edoch, agus scol\u00e1ire den scoth ba ea \u00e9, agus \u00e9 foighdeach, cine\u00e1lta, leis.  Cuma c\u00e9 chomh holc is a bheadh do ph\u00edosa Laidine, ba \u00e9 adeireadh an tOllamh ild\u00e1nach sin n\u00f3 nach mbainfeadh Cicero \u00fas\u00e1id as t\u00f3g\u00e1il d\u00e1 leith\u00e9id, ach go raibh chuile sheans ann, go nd\u00e9arfa\u00ed a leith\u00e9id de dhrochLaidin \u00e1it eic\u00ednt san Impireacht R\u00f3mh\u00e1nach, fad\u00f3!  N\u00e1r charthannach, fial, an dearcadh \u00e9 sin?   Ach, ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e9adfadh duine eile a r\u00e1, go mba gh\u00e9ar, binbeach, an teanga a bh\u00ed ag an bhfear c\u00e9anna sin, n\u00f3 go raibh an chloch sa mhainchille aige, agus \u00e9 ag cur do chuid Laidine-se i gcompar\u00e1id leis an Laidin ba thuata\u00ed a labhradh riamh.  Sea mh\u2019anam, b\u00edonn an d\u00e1 thaobh ar chuile sc\u00e9al, nach mb\u00edonn?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus anois, c\u00e9 a bh\u00ed againn mar Ollamh T\u00edreolaiochta?  S\u00edlim gur O\u2019Connell a bh\u00ed air, agus ar\u00eds, ba dhuine \u00e9, a chuaigh i gcionn go m\u00f3r orainn uilig.  Rinne s\u00e9 \u00e1bhar sp\u00e9isi\u00fail, spreag\u00fail, den t\u00edreola\u00edocht.  Suas go dt\u00ed an pointe sin, b\u2019\u00e1bhar tur, tuirsi\u00fail, tirim, \u00e9 an t\u00edreola\u00edocht ch\u00e9anna sin, ach d\u2019oscail an tOllamh \u00d3 Conaill fuinneoga fairsinge ar iontais\u00ed an \u00e1bhair sin d\u00fainn.  Bh\u00edodh grianghrafanna, scann\u00e1in, agus t\u00e9ipeanna, aige \u00e1 l\u00e9iri\u00fa d\u00fainn, ina halla, agus ba mh\u00f3r a chuaigh siad sin i gcionn ar chuile dhuine againn, agus in \u00e9ineacht le sin, th\u00f3g an tOllamh O Connell amach faoin dtuaith sinn, le hiontais\u00ed na t\u00edre seo a l\u00e9iri\u00fa d\u00fainn, chomh fada is a bhain siad lena \u00e1bhar fh\u00e9in.  Thug s\u00e9 sinn amach le bruacha abhann na Laoi a ini\u00fachadh.  L\u00e1 eile, bh\u00edodh \u00e1r gcuairt ar Ghleann na Laoi, agus mar sin d\u00f3, go dt\u00ed go raibh tuiscint mhaith againn ar na c\u00farsa\u00ed \u00e9ags\u00fala a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, ina l\u00e9achta\u00ed.  Mh\u00fascail an tOllamh c\u00e9anna sin \u00e1r sp\u00e9is sa mheit\u00e9areola\u00edocht, agus sna prionsabail at\u00e1 taobh thiar de ch\u00farsa\u00ed aimsire, freisin.  D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur \u00e9irigh leis an bhfear c\u00e9anna sin muid a chur faoi gheasa lena scileanna, lena chur chuige, agus lena l\u00e9ann.  Sea, agus chomh maith le sin,  b\u2019fhear deas, cine\u00e1lta, l\u00e1ch, carthannach \u00e9, agus fear a chuaigh i gcionn go m\u00f3r ar a mhic l\u00e9inn.  Ba dhuine uasail den scoth \u00e9 d\u00e1r linne, mic l\u00e9inn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is dom an oiread sin dem chuimhn\u00ed ar Chol\u00e1iste na hOllscoile, Corcaigh, a thabhairt chun cruinnis anois, feictear dom, go ndeachaigh an bhliain sin i gcionn go m\u00f3r orm, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 \u00e1balta ainmneacha na nOllamh, agus na l\u00e9acht\u00f3ir\u00ed, a bh\u00ed in\u00e1r mbun, a thabhairt chun cuimhne, agus chomh maith le sin, bh\u00ed ar mo chumas, dul ar ais ar chuairt chuig na halla\u00ed inar oileadh sinn, agus ar chuid \u00e1irithe de na ruda\u00ed breise a cuireadh ar si\u00fal, ar mhaithe linne, mic l\u00e9inn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rud eile inar chuir m\u00e9 fh\u00e9in an-sp\u00e9is ar fad, ba ea na l\u00e9achta\u00ed speisialta a chuirt\u00ed ar si\u00fal d\u00fainn, taobh amuigh ar fad den obair acad\u00fail a bh\u00edodh idir l\u00e1mha againn ag an am.  Is cuimhin liom Liam \u00d3 Briain, \u00f3 Chol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh, ag teacht ar chuairt chugainn, le l\u00e9acht a thabhairt, ar an bp\u00e1irt a ghlac s\u00e9 fh\u00e9in i mbun\u00fa an St\u00e1it s\u2019againne.  Chuaigh a Ghaeilge agus a smaointe i gcionn go m\u00f3r ormsa.  Ba chos\u00fail le g\u00e1la aniar \u00e9, ag glanadh smionagar agus truif\u00e9is na me\u00e1n as b\u00e9al an phobail.  Sea, ba dhuine ar leith \u00e9 Liam \u00d3 Briain. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Fear eile a chuaigh i gcionn go m\u00f3r orm ba Alfred O\u2019Rahilly, Uachtar\u00e1n Chol\u00e1iste na hOllscoile, Corcaigh, ag an am.  Thugadh an tOllamh \u00d3 Rathaille sraith l\u00e9achta\u00ed uaidh, sa Charghas, chuile bhliain, faoi ch\u00e9asadh \u00e1r Sl\u00e1naitheora ar an gCrois, agus an chaoi nach bhf\u00e9adfadh na tairn\u00ed a bheith d\u00edreach mar a bh\u00edonn siad de ghn\u00e1th sa chrois ch\u00e9asta.  N\u00edor chuir s\u00e9 ionadh ar bith orainne, nuair a chuaigh Alfie sna sagairt, i ndeireadh na d\u00e1la, agus gur chr\u00edochnaigh s\u00e9 a shaol, agus a r\u00e9, mar shagart.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl m\u00f3r\u00e1n eile le r\u00e1 agam, an babhta seo, faoin mbliain \u00fad a chaith m\u00e9 san Ollscoil, i gCorcaigh, ach amh\u00e1in a r\u00e1, gur mh\u00f3r go deo an difear a bh\u00ed idir na ranganna a bh\u00edodh againn sa Mhe\u00e1nscoil agus na l\u00e9achta\u00ed ar ar fhreastail muid, san Ollscoil, agus ceann de na difr\u00edochta\u00ed ba mh\u00f3 a bh\u00ed eatarthu, n\u00f3 go raibh cail\u00edn\u00ed, agus mn\u00e1 \u00f3ga, ar an bhf\u00f3d, ag na l\u00e9achta\u00ed Ollscoile, sa bhliain acad\u00fail sin 1944-\u201945.  B\u2019in an ch\u00e9ad uair againne bheith i l\u00e1thair ban \u00f3g, agus sinn i mbun staid\u00e9ir agus oibre, agus ba mh\u00f3r ar fad a thiochar sin orainn.  Cuimhnigh freisin go raibh an chuid ba mh\u00f3 againn ag tarraingt ar naoi mbliana d\u00e9ag, ag an am, ach gan chleachtadh d\u00e1 laghad againn ar an saol m\u00f3r a bh\u00ed thart orainn.  N\u00ed raibh gliceas sr\u00e1ide, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id foghlamtha f\u00f3s againn, agus n\u00ed haon ionadh mar sin, is d\u00f3cha, go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur thit roinnt mhaith againn i ngr\u00e1 leis na mn\u00e1 \u00f3ga, \u00e1ille, c\u00e9anna sin, b\u00edodh nach raibh sa titim ch\u00e9anna sin ach cur i gc\u00e9ill, \u00f3 tharla go raibh muid ag treabhadh linn i dtreo na haontumhachta, ag an am gc\u00e9anna sin, ach cib\u00e9 ar thit, n\u00f3 n\u00e1r thit, n\u00edor tharla tada d\u00e1 bharr, n\u00f3 b\u2019\u00falla na haithne d\u00fainne iad na cail\u00edn\u00ed \u00f3ga, \u00e1ille, c\u00e9anna sin, \u00falla nach raibh cead againne dul ina ngar, n\u00f3 blaiseadh d\u00edobh, olc maith n\u00f3 dona.  Bhuel, nach raibh na cithfholctha\u00ed fuara againne le teocht na horm\u00f3n buile \u00fad a  \u00edsli\u00fa d\u00fainn, sa tr\u00e1thn\u00f3na thiar, d\u00e1 mbeadh aon gh\u00e1 lena leith\u00e9id!  Mo chuidse de, maireann cuimhne na laethe \u00fad glas liom go f\u00f3ill, sea, agus maireann cuimhne na mban \u00f3g, \u00e1lainn, \u00fad, liom freisin, agus ar \u00f3c\u00e1id\u00ed \u00e1irithe, is beag nach bhf\u00e9adfainn a n-aghaidheanna dath\u00fala a fheice\u00e1il ar sc\u00e1ile\u00e1n na gcuimhn\u00ed, fi\u00fa!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fad is a bh\u00ed m\u00e9 ag freastal ar an Ollscoil sin Chorca\u00ed, bh\u00ed deis agam, aithne a chur ar chluich\u00ed \u00e1irithe freisin, cluich\u00ed nach bhfaca m\u00e9 fh\u00e9in \u00e1 n-imirt riamh roimhe sin, cluich\u00ed ar n\u00f3s rugba\u00ed, agus haca, maraon le cam\u00f3ga\u00edocht, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhain m\u00e9 taitneamh agus spraoi as bheith ag f\u00e9achaint ar na cluich\u00ed c\u00e9anna sin \u00e1         n-imirt, ar fhaich\u00ed na hOllscoile.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, d\u2019fhoscail Col\u00e1iste na hOllscoile, Corcaigh, na s\u00faile dom, agus thug dom freisin mo ch\u00e9ad radharc ar an saol comhaimseartha, n\u00f3 n\u00ed raibh aon chleachtadh agamsa ar an gcine\u00e1l sin saoil, roimhe sin.  T\u00f3gadh mise mar bhall de shocha\u00ed mhe\u00e1naoiseach, agus fuair m\u00e9 mo chuid me\u00e1nscola\u00edochta i gcliarscoileanna, a raibh beatha na mainistreacha me\u00e1naoiseacha \u00e1 gcleachtadh iontu.  N\u00e1r mh\u00f3r an oscailt s\u00fal \u00e9, mar sin, don ghas\u00far Iorrasach, seal a chaitheamh, ag an aois sin, i bhflaitheas l\u00e9inn d\u00e1 leith\u00e9id?  Bh\u00ed a rian orm, n\u00f3 \u00f3n am sin i leith, samhla\u00edodh domsa, go mba shaor\u00e1nach den chathair cheannairceach sin m\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thug  m\u00e9 cuairt ar Chorcaigh, blianta fada ina dhiaidh sin, agus bhain an chuairt sin d\u00e1n beag i mB\u00e9arla asam.  B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed, cupla v\u00e9arsa as a shn\u00edomh isteach anseo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/em><strong><em>Lusty   Lee.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Lusty Lee of yester-year,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">I pace your banks once more,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">To see if you can thrill me still,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">With curve and nook and shore.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">You toss up with abandon,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Memories long long dead,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Like tresses of a past year,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Around my aching head.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">My God, you never lost it,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">My heart still jumps for joy,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">To see your plunging smoothness,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Through the clear eyes of a boy.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">The thoughts you rouse are painful,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">The heart you stir, now sad,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Be gentle Lee, be kindly,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">For I loved you as a lad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh tuilleadh le r\u00e1 agam sa ch\u00e9ad chaibidil eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar na blianta a chaith m\u00e9 im n\u00f3ibh\u00edseach, i \u201cCloughballymore\u201d,  Cill Cholg\u00e1in, i gContae na Gaillimhe, mar ar chaith m\u00e9 dh\u00e1 bhliain im\u2019 n\u00f3ibh\u00edseach ag foghlaim ceird na cr\u00e1ifeachta agus na naofachta!<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 8 . Sa chaibidil deiridh, labhair m\u00e9 faoi na laethe a chaith m\u00e9 i gCol\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton Chorca\u00ed, agus m\u00e9 ag ullmh\u00fa don Ard Teistim\u00e9ireacht, i ndaichid\u00ed na haoise seo caite, agus faoi na heachtra\u00ed a bhain dom, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12413","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12413","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12413"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12413\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12414,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12413\/revisions\/12414"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12413"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12413"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12413"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}