{"id":12421,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12421"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-26","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-26\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 26"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h   D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   12<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 roinnt seachtain\u00ed caite, \u00f3 scr\u00edobh m\u00e9 an chaibidil deiridh, agus i rith an ama sin, bh\u00ed m\u00e9 ag iarraidh roinnt \u00e1irithe cuimhn\u00ed agus eachtra\u00ed a ard\u00fa \u00f3 ghrinneall loch na gcuimhn\u00ed, \u00e1it ar fhan siad go ci\u00fain, r\u00e9idh, socair, \u00f3 mhaireas iad, tarraingt ar thr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois.  Labhair m\u00e9 cheana, faoin rainse m\u00f3r tal\u00fan a bh\u00ed mar fheirm ag an gCol\u00e1iste \u00fad \u201cCloughballymore\u201d, taobh le hArd Rathain, i gContae na Gaillimhe.  N\u00edor den scoth \u00e9, mar rainse, mar a mh\u00ednigh m\u00e9 cheana dhaoibh, n\u00f3 ba thalamh, cos\u00fail le Boireann an Chl\u00e1ir \u00e9, den chuid is m\u00f3, ach anseo is ansi\u00fad, bh\u00ed p\u00e1irceanna bre\u00e1tha f\u00e9armhara, agus goirt torth\u00fala, mh\u00e9ithe,  tugtha chun m\u00ednt\u00edreachais ag lucht an Chol\u00e1iste, tr\u00ed spreacadh a gcn\u00e1mh agus tr\u00ed hallas a mala\u00ed.  Minic freisin, a mbaint\u00ed \u00fas\u00e1id as \u00e1r gc\u00fanamhna, ag cur scoilte\u00e1n, agus ag baint an fh\u00f3mhair sna p\u00e1iraceanna agus sna goirt ch\u00e9anna sin, sea, agus thugaimis c\u00fanamh freisin, nuair a thagadh tr\u00e1th buailte an arbhair ba thoradh ar na goirt ch\u00e9anna sin.  Ach, t\u00e1 na c\u00e9apair sin m\u00ednithe agam daoibh cheana, agus b\u00edodh n\u00e1r thaitin an cine\u00e1l sin oibre liom fh\u00e9in, olc, maith, n\u00f3 dona, tharla go raibh m\u00fachadh ag cur orm, an tr\u00e1th sin, n\u00edorbh ionann sin is a r\u00e1, nach raibh orm d\u00e9anamh mar ad\u00faradh liom, n\u00f3 m\u00e1 th\u00e9ann t\u00fa le saighdi\u00faireacht, caithfidh t\u00fa na br\u00f3ga a chaitheamh, agus an raidhfil a iompar.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, ba N\u00f3ibh\u00edseacht \u00e9 Col\u00e1iste Cloughballymore, agus bh\u00ed ar chuile dhuine againn dh\u00e1 bhliain, as a ch\u00e9ile, gan gn\u00e1thlaethe saoire, a chaitheamh ansin, le linn d\u00fainn bheith ag foghlaim cheird na sagartachta.  N\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach mb\u00edodh aon laethe saoire, in aon chor, againn, n\u00f3 bh\u00edodh, ach bh\u00edodh orainn na laethe saoire c\u00e9anna sin a chaitheamh sa Chol\u00e1iste!  Bh\u00edomar in\u00e1r bhfir \u00f3ga, ag an am, thart ar an sc\u00f3r bliana d\u2019aois, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mb\u00edodh cumha \u00e1r nd\u00f3thain orainn, um Nollaig, go h\u00e1irithe, agus cuimhnigh go mb\u00edodh orainn dh\u00e1 Nollaig a chaitheamh ar deora\u00edocht ansin i gCloughballymore na Gaillimhe.  Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag d\u00e9anamh mhaisi\u00fach\u00e1in Nollag do na Halla\u00ed M\u00f3ra loma, agus don Aireagal freisin.  Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shn\u00e1itheanna, len iad a chrochadh mar mhaisi\u00fach\u00e1in, thall is abhus.  Bh\u00edodh orainn dul amach ar an iarg\u00fal, leis na toir \u00e1irithe Nollaigi\u00fala sin, a fh\u00e1il, is a bhaint.  Fad is a bheadh sin ar si\u00fal ag bu\u00edon amh\u00e1in, bheadh dream eile ag d\u00e9anamh maisi\u00fach\u00e1n \u00e1ille as p\u00e1ip\u00e9ar daite.  Nuair a bh\u00edodh chuile sh\u00f3rt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit \u00e9, go mbeadh s\u00e9 deacair an \u00e1it s\u2019againne a sh\u00e1r\u00fa, chomh fada is a bhain s\u00e9 le maisi\u00fach\u00e1in, agus le horn\u00e1idachas.  Ba mh\u00f3r an chabhair an obair sin uilig d\u00fainne, le c\u00fal a chur ar an gcumha ollmh\u00f3r a bh\u00edodh orainn, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor tugadh m\u00f3r\u00e1n deise d\u00fainn teacht in inmhe, n\u00f3 aipi\u00fa, mar ad\u00e9arf\u00e1, riamh, n\u00f3 ba bheag cead a tugadh d\u00fainn \u00e1r mbreith fh\u00e9in a thabhairt ar \u00e1bhar ar bith faoin sp\u00e9ir, ach muid de sh\u00edor ag brath ar uachtar\u00e1in, leis an ngn\u00f3 sin a dheanamh d\u00fainn.  N\u00ed call a r\u00e1, ach oireadh, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmh\u00fa liot\u00fairge, agus ceoil, le F\u00e9ile na Nollag a cheili\u00faradh, mar ba cheart agus mar ba ch\u00f3ir.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh saoire againn freisin um Ch\u00e1isc, agus ar\u00eds, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmh\u00fa do na searmanais uilig, a ghabh le ceili\u00faradh na C\u00e1sca, faoi mar a dheint\u00ed \u00ed a cheili\u00faradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatac\u00e1ineach.  M\u00f3r go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar at\u00e1 againn, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Leor dom a r\u00e1, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thr\u00ed huaire a choig, maidin is tr\u00e1thn\u00f3na.  Th\u00f3gadh s\u00e9 an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmh\u00fa, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, n\u00f3 barr cleite isteach, nuair a thagadh an cr\u00fa ar an tairne.   Bh\u00edodh deiseanna againn le linn na laethe saoire \u00fad, ceol a chleachtadh, scileanna \u00fas\u00e1ideacha a fhoghlaim, agus cruinnithe a sheoladh freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus ar\u00eds, chuireadh s\u00e9 sinne ag smaoineamh ar \u00e1r muintir fh\u00e9in sa bhaile, ach faoin am sin, n\u00ed bh\u00edodh an cumha chomh dian sin ar fad, n\u00f3 bh\u00edodh muid bainte den ch\u00edoch, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, agus muid ag iarraidh \u00e1r sl\u00ed fh\u00e9in a dh\u00e9anamh sa saol corraitheach a bh\u00ed thart orainn.  I dt\u00fas an tSamhraidh, bh\u00edodh C\u00farsa Spiorad\u00e1lta le d\u00e9anamh againn, agus n\u00ed gn\u00e1th ch\u00farsa spiorad\u00e1lta at\u00e1 i gceist agam anseo, ach c\u00farsa spiorad\u00e1lta a mhair ar feadh <strong>triocha l\u00e1<\/strong>, ag d\u00e9anamh aithrise ar an tr\u00e1th a chaith \u00e1r Sl\u00e1naitheoir ag troscadh sa bhf\u00e1sach.  Cheapfadh duine go mbeadh c\u00farsa d\u00e1 leith\u00e9id an-dian ar fhear \u00f3g, ach, tar \u00e9is roinnt laethe, thiocf\u00e1 isteach air, agus bhainfe\u00e1 idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach.  Ba \u00e9 an pr\u00edomhrud a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn, le linn an ch\u00farsa ch\u00e9anna sin, n\u00f3 rogha a dh\u00e9anamh, idir an mhaith agus an t-olc.  T\u00e1 dh\u00e1 arm ansin, agus caithfidh t\u00fa dul le taobh amh\u00e1in, n\u00f3 leis an dtaobh eile, n\u00f3 \u201can t\u00e9 nach bhfuil Liom, t\u00e1 s\u00e9 im\u2019 choinne\u201d.  T\u00e1 dh\u00e1 mheirge amuigh ansin, agus caithfidh t\u00fa sl\u00f3gadh faoi mheirge amh\u00e1in, n\u00f3 faoi\u2019n meirge eile.  Sea, mh\u2019anam, caithfidh t\u00fa taobh\u00fa le Dia, n\u00f3 le diabhal.  Tar \u00e9is do dhuine, thart ar mh\u00ed a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na h\u00e1bhair dhoimhne, bhun\u00fasacha, sin, agus tar \u00e9is d\u00f3 an seal sin a chaitheamh ag gu\u00ed, ag paidreoireacht, agus ag d\u00e9anamh a anama, thiocfadh s\u00e9 amach, ag deireadh an ch\u00farsa spiorad\u00e1lta sin, agus a aigne socraithe, a rogha d\u00e9anta, agus \u00e9 me\u00e1ite ar bhealach a leasa a lean\u00faint feasta, go deireadh a r\u00e9.  Deireadh feasta, le Tadhg an d\u00e1 thaobhachas!  Chuirfeadh s\u00e9 i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirn\u00e9is, agus \u00e9 ag spr\u00e9acharnaigh le gile, ach n\u00ed bheife\u00e1 ag s\u00fail go bhfanfadh an snas sin air go deo, n\u00f3 b\u00edonn air dul i gcoimhlint leis an saol m\u00f3r amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann s\u00e9 a loinnir, agus tagann meirg air.  Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna againne \u00e9, n\u00f3 ar a laghad, ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna agamsa \u00e9.  Ach nach  \u2019in an saol agat, a mhiceo!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed an c\u00farsa spiorad\u00e1lta sin cr\u00edochnaithe, bh\u00ed seal  saoire againn, agus cead againn dul ag d\u00e9anamh sp\u00f3irt agus spraoi d\u00fainn fh\u00e9in.  Th\u00e9imis ag sn\u00e1mh go minic, n\u00f3 bh\u00ed an fharraige an-ch\u00f3ngarach d\u00fainn, agus bh\u00ed c\u00e9ibh bheag ansin, agus roinnt bheag b\u00e1d ceangailte lei, de ghn\u00e1th.  Ar \u00e1r mbealach abhaile, tr\u00e1thn\u00f3na amh\u00e1in, chualamar torann eitle\u00e1in chugainn isteach thar farraige, isteach thar Chuan na Gaillimhe.  Bh\u00ed s\u00ed ag eitilt an-\u00edseal, agus na rotha\u00ed th\u00edos aici.  Rinne s\u00ed orainn  ar l\u00e1n-luas, n\u00f3 b\u2019in mar a chonacthas d\u00fainne \u00e9, agus an ch\u00e9ad rud eile, bh\u00ed s\u00ed ag r\u00e9abadh a sl\u00ed tr\u00ed falla\u00ed cloiche agus p\u00e1irc\u00edn\u00ed, tr\u00ed ghoirt agus tr\u00ed mh\u00f3in\u00e9ir.  Ar deireadh thiar, stop s\u00ed, tar \u00e9is do na falla\u00ed cloiche sin na hinnill a str\u00f3iceadh aisti, agus tar \u00e9is d\u00f3ibh a bolg a r\u00e9abadh, faoi mar a theas\u00f3dh uathu na put\u00f3ga a ligint lei.  Chuamar de ruaig reatha chun an eitle\u00e1in sin, agus b\u2019uaf\u00e1sach an radharc a chonaiceamar,  Tri\u00far ar fad a bh\u00ed de chri\u00fa ar an eitle\u00e1n sin. Piol\u00f3ta, a ch\u00fant\u00f3ir, agus fear an raidi\u00f3.  Ceart go leor, n\u00ed raibh \u00e9inne acu marbh, ach mura raibh fh\u00e9in, b\u2019olc an crot a bh\u00ed ar chuile dhuine acu.  Bh\u00ed siad gortaithe go holc, agus iad cl\u00fadaithe le fuil, ach b\u00edodh go raibh siad lag, l\u00fabach, tar \u00e9is na tion\u00f3isce sin, rinneadar cinnte de, nach ligf\u00ed \u00e9inne d\u00ednne isteach i gc\u00e1b\u00e1n an phiol\u00f3ta, cib\u00e9 ciste a bh\u00ed \u00e1 iompar acu, sa ch\u00e1b\u00e1n c\u00e9anna sin.  D\u2019iarradar orainne cabhair a fh\u00e1il d\u00f3ibh, rud a rinneamar, chomh tapaidh agus a d\u2019fh\u00e9adfaimis.  Th\u00e1inig na garda\u00ed, gan m\u00f3r\u00e1n moille, agus rinneadarsan a raibh le d\u00e9anamh acu, agus thugamarna an Col\u00e1iste orainn fh\u00e9in, ach n\u00ed gan chuimhneach\u00e1n a d\u2019im\u00edomar.  Th\u00f3gamar lann li\u00e1in an eitlle\u00e1in abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d\u2019\u00e9irigh linn an lann ch\u00e9anna sin a shocr\u00fa i gcoincr\u00e9it, in aice an Chol\u00e1iste, mar chuimhneach\u00e1n ar an eitle\u00e1n \u00fad, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946.  Mh\u00ednigh na heitleoir\u00ed d\u00fainn, nach raibh siad ar mhisin troda, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, tharla go raibh an cogadh thart ag an am, ach gurbh amhlaidh a raibh an t-eitle\u00e1n a seoladh thar an Atlantach acu, mar chuid de shocr\u00fa idir na St\u00e1it agus Sasana.  Ar aon n\u00f3s, d\u2019\u00e9irigh leis na heitleoir\u00ed c\u00e9anna sin na cosa a thabhairt sl\u00e1n leo, an babhta sin, agus cuireadh thar teorainn \u00f3 thuaidh iad, \u00e1it a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na St\u00e1it Aontaithe ar\u00eds.  Bh\u00ed an t-\u00e1dh leo, n\u00f3 b\u2019olc an taobh t\u00edre a roghnaigh siad le tuirlingt \u00e9igeand\u00e1la a dh\u00e9anamh, ach thug an eachtra ch\u00e9anna sin \u00e1bhar cainte d\u00fainne, ar feadh an tSamhraidh sin uilig, agus nach ait mar a fhanann a chuimhne chomh glas sin liom, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh d\u2019eachtra amh\u00e1in eile, a tharla domsa, an Samhradh s\u00e1mh sin, nuair a bh\u00ed s\u00fa na h\u00f3ige ag \u00e9ir\u00ed f\u00f3s sna cn\u00e1mha istigh ionnam.  Mh\u00ednigh m\u00e9 dhaoibh cheana, go raibh de n\u00f3s againn an fharraige th\u00edos a thabhairt orainn fh\u00e9in, bun\u00fas chuile l\u00e1, i rith an tSamhraidh.  Bhuel, bh\u00ed duine de na sagairt, a bh\u00edodh in\u00e1r mbun, ag an am, a bh\u00ed an-tugtha don bhfarraige agus do bh\u00e1id, agus do sc\u00f3r ruda\u00ed eile, freisin.  Ba shagart bre\u00e1, gro\u00ed, Gaelach \u00e9, agus ba mhinic a chaitheadh s\u00e9 an filleadh beag, faoina sh\u00fat\u00e1n, ach b\u2019ar na b\u00e1id agus ar an bhfarraige, a tharraing m\u00e9 an sc\u00e9al anseo.  Bhuel, bh\u00edodh b\u00e1d aige th\u00edos ag an gc\u00e9ibh, in \u00e1it ar a dtugaid\u00eds \u201cTarrea\u201d, i mB\u00e9arla, agus ba mhinic a bh\u00edodh an seantsagart seo ag iarraidh n\u00f3sanna agus scileanna na farraige a mh\u00faineadh d\u00fainn.  Th\u00f3gadh s\u00e9 dream d\u00ednn amach sa bh\u00e1d leis, agus chuireadh s\u00e9 rialacha na b\u00e1d\u00f3ireaachta i bhfeidhm orainn.  \u2018N\u00e1 seas suas i mb\u00e1d riamh,\u2019 adeireadh s\u00e9 linn, agus am eile, chuireadh s\u00e9 iachall orainn na maid\u00ed r\u00e1mha a ligean le ceathr\u00fa, agus c\u00e9ad ord\u00fa eile, at\u00e1 dearmadta agamsa anois leis na blianta, ach ba throm na clocha  ar mo phaidr\u00edn iad, ag an am.   Bhuel, tharla l\u00e1 amh\u00e1in, nach raibh an tAthair Billy ar an bhf\u00f3d, agus nuair a chuaigh \u00e1r gcomr\u00e1daithe arais chun an Chol\u00e1iste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag sn\u00e1mh, d\u2019fhan m\u00e9 fh\u00e9in agus tri\u00far eile ina ndiaidh, ag an gc\u00e9ibh, n\u00f3 bh\u00ed f\u00fainn babhta b\u00e1d\u00f3ireachta a dh\u00e9anamh, linn fh\u00e9in, le cleachtadh a fh\u00e1il amuigh ar an ndomhain.  Bh\u00ed socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bh\u00e1, n\u00f3 bh\u00ed na ronnaigh chomh fl\u00fairseach, an t-am sin, gur bheag nach l\u00e9imfeadh siad isteach sa bh\u00e1d chugat.  Bh\u00ed ceata\u00ed bheag sa sc\u00e9al \u00e1fach, n\u00f3 n\u00ed raibh leapacha iomartha n\u00f3 cnoga\u00ed ar bith againn, leis na c\u00e9asla\u00ed a choinne\u00e1il socair, le linn d\u00fainn bheith ag iomramh.  Ach b\u2019fhear c\u00faramach, \u00fadar\u00e1sach, \u00e9ifeachtach \u00e9 an tAthair Billy, agus b\u00ed cinnte de, nach bhf\u00e1gfadh seisean na leapacha iomartha ina bh\u00e1d, ar eagla go nd\u00e9anfa\u00ed iarracht ar a bh\u00e1d a th\u00f3g\u00e1il gan chead.  C\u00e9ard a bh\u00ed le d\u00e9anamh againne \u00e1fach?  Theastaigh tr\u00e9imhse b\u00e1d\u00f3ireachta uainne, agus nach cuma n\u00f3 muc fear gan seift.  Bhuel, ba \u00e9 a shocraigh muid, n\u00f3 na maid\u00ed r\u00e1mha a cheangal le piosa de r\u00f3pa, ar \u00e1r mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh d\u00fainn, go dtabharfadh na hiascair\u00ed thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha d\u00fainn, don turas ar ais.  Bh\u00ed go maith.  Bh\u00ed an b\u00e1 chomh ci\u00fain le p\u00e1na gloine, agus chuamar trasna gan aon r\u00f3-dheacracht.  Ach, n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, i gc\u00f3na\u00ed, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna sin againne \u00e9, n\u00f3 nuair a chuamar i dt\u00edr thall, agus nuair a thosa\u00edomar ag cuardach leapacha iomartha, n\u00f3 cnoga\u00ed, ba sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, n\u00f3 th\u00edos n\u00f3 thuas, thall n\u00f3 abhus, n\u00ed raibh f\u00e1il ar leapacha iomartha n\u00f3 cnoga\u00ed.  N\u00ed raibh f\u00e1il orthu ar \u00f3r, n\u00f3 ar airgead.  Is d\u00f3cha n\u00e1r tugadh m\u00f3r\u00e1n airde orainne, mic l\u00e9inn, n\u00f3 ar \u00e1r sc\u00e9al.  Bh\u00ed an tr\u00e1thn\u00f3na ag dul i nd\u00e9ana\u00ed, agus tuigeadh d\u00fainn, gur ch\u00f3ir d\u00fainn aghaidh a thabhairt ar \u201cTarrea\u201d ar\u00eds, agus \u00e1r nd\u00edcheall a dh\u00e9anamh an tr\u00e1 thall sin a bhaint amach, ar ais n\u00f3 ar \u00e9igean.  Is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00fainn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn, ach tabhairt faoin turas c\u00e9anna sin.  Rinneamar amhlaidh, ach mo bhr\u00f3n is mo mhilleadh, mar adeireadh na sc\u00e9alaithe fad\u00f3, ba ghearr gur \u00e9irigh an ghaoth, agus gur t\u00f3igeadh an fharraige, d\u00e1 bharr.  Geallaimse dhuit \u00e9, go raibh s\u00e9 an-deacair coime\u00e1d ci\u00fain, agus lean\u00faint den r\u00e1mha\u00edocht, n\u00f3 bh\u00ed b\u00e1id\u00edn bocht Bhilly ag \u00e9ir\u00ed is ag titim ar ucht na dtonn.  Caitheadh na r\u00f3pa\u00ed, leis an s\u00edor-iomramh, agus b\u2019\u00e9igean d\u00fainn ansin, na maid\u00ed r\u00e1mha a \u00fas\u00e1id, mar a dh\u00e9anadh na hIndiaigh lena gcurracha si\u00fad a iomramh, m\u00e1 b\u2019fh\u00edor do na scann\u00e1in!  Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ch\u00e9 amach, agus muid scanraithe, s\u00e1raithe, suncaithe, go maith.  Rinneamar an b\u00e1d a fheisti\u00fa, mar ba ch\u00f3ir, agus thugamar an b\u00f3thar go dt\u00ed an Col\u00e1iste orainn fh\u00e9in.  Bh\u00edothas d\u00edreach r\u00e9idh ansin, le sc\u00e9ala a chur chuig na garda\u00ed, sul a raghaid\u00eds fh\u00e9in amach d\u00e1r gcuardach.  N\u00ed call dom a r\u00e1 gur tugadh \u00edde na muc is na madra\u00ed d\u00fainn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciollad\u00f3ireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, n\u00edor dh\u00fairt muid cat dubh, n\u00f3 cat b\u00e1n, leis na hurar\u00e1is, a thug an l\u00e9asadh teanga sin d\u00fainn.  Ar aon n\u00f3s, n\u00edor cuireadh an ruaig as an gCol\u00e1iste orainn, l\u00e1ithreach bonn, ach d\u00faradh linn, bualadh le hUachtar\u00e1n an Chol\u00e1iste, an tr\u00e1thn\u00f3na d\u00e1r gcionn, lena bhreith si\u00fad a chlos.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bheag l\u00e1 a bh\u00ed chomh fada leis an l\u00e1 ar na mh\u00e1rach sin, ach ar deireadh, th\u00e1inig an t-am sprioc\u00e1ilte, agus bh\u00edomarna ag creathadh linn ag doras an Uachtar\u00e1in.  Ligeadh isteach sinn, agus tar \u00e9is don Uachtar\u00e1n an sc\u00e9al ar fad, faoi chomh hamaid\u00ed, agus chomh cont\u00fairteach, is a bh\u00ed an beart a rinneamar, d\u00fairt s\u00e9 linn, gurbh \u00e9 a thuairim fh\u00e9in, go raibh \u00e1r s\u00e1ith fulaingthe againn cheana f\u00e9in, agus chomh maith le sin, tuigeadh d\u00f3, go raibh chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go raibh \u00e1r gceacht foghlamtha againn, agus nach nd\u00e9anfadh muid beart chomh hamad\u00e1nta sin go deo ar\u00eds, lig s\u00e9 \u00e1r gcosa linn, ar choinn\u00edoll go bhfanfadh muid glan amach \u00f3 na b\u00e1id, fad is a bh\u00edomar ag freastal ar Chol\u00e1iste Chloughballymore.  Gheallamar d\u00f3 go bhfanfadh, agus b\u2019in deireadh leis an eachtra mh\u00ed-\u00e1mharach sin.  Agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anseo anois, go raibh \u00e1r gceacht foghlamtha againn, n\u00f3 \u00f3n l\u00e1 sin go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00ed dhearna mise, n\u00f3 \u00e9inne eile den bhu\u00edon, chomh fada is is feasach m\u00e9, iarracht ar bith ar bh\u00e1d gan leapacha iomartha, n\u00f3 cnoga\u00ed, a th\u00f3g\u00e1il ar iasacht, le cuan n\u00f3 le b\u00e1 a thrasn\u00fa!! Agus t\u00e1 chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al anois, nach bhfuil baol ar bith ann, go nd\u00e9anfaidh m\u00e9 a leith\u00e9id, sna blianta at\u00e1 romhainn amach, ach oiread..<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 12 . T\u00e1 roinnt seachtain\u00ed caite, \u00f3 scr\u00edobh m\u00e9 an chaibidil deiridh, agus i rith an ama sin, bh\u00ed m\u00e9 ag iarraidh roinnt \u00e1irithe cuimhn\u00ed agus eachtra\u00ed a ard\u00fa \u00f3 ghrinneall loch na gcuimhn\u00ed, \u00e1it ar fhan siad go [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12421","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12421","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12421"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12421\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12422,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12421\/revisions\/12422"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12421"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12421"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12421"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}