{"id":12423,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12423"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-28","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-28\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 28"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   15         <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1947, chaith m\u00e9 deich l\u00e1, n\u00f3 mar sin, i gCathair na Gaillimhe, ag d\u00e9anamh na Scr\u00faduithe C\u00e9ime.  Bh\u00ed an aimsir go h\u00e1lainn, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, n\u00ed raibh aon r\u00f3-dheacracht ag baint leis na scr\u00faduithe c\u00e9anna sin.  Bh\u00ed an t-ullmh\u00fach\u00e1n uilig d\u00e9anta agam i rith an tSamhraidh bhre\u00e1, bhrothallaigh sin, thiar in Iorras na nIontas, agus n\u00edor bhain aon cheann de na P\u00e1ip\u00e9ir On\u00f3racha, sa scr\u00fad\u00fa sin, aon stangadh asamsa.  Bh\u00ed a shliocht orm, n\u00f3 nuair a th\u00e1inig na tortha\u00ed chugam ar ball, fuair m\u00e9 amach, gur \u00e9irigh liom go seoigh, sa Scr\u00fad\u00fa C\u00e9ime sin, agus bronnadh an Ch\u00e9im sin orm, ar ball, an ch\u00e9ad duine de Bhair\u00e9adaigh Iorrais a bhain c\u00e9im amach in Ollscoil N\u00e1isi\u00fanta na h\u00c9ireann riamh.  Ach, b\u00edodh a fhios agat anois, n\u00e1r tuigeadh domsa, n\u00f3 dom mhuintir thiar, go raibh aon \u00e9acht speisialta d\u00e9anta agamsa, n\u00f3 n\u00ed raibh ann i nd\u00e1ir\u00edre, ach an rud a mbeife\u00e1 ag s\u00fail leis \u00f3 dhuine a chaith a shaol uilig, suas go dt\u00ed an pointe sin, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, ag gabh\u00e1il do na leabhair.  D\u00e1 dteipfeadh orm, bhuel, ansin, chuirf\u00ed nath ann, gan aon ag\u00f3.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh scr\u00faduithe na C\u00e9ime a chr\u00edochn\u00fa, thugamar, m\u00e9 fh\u00e9in agus mo chomhleacaithe, a bh\u00ed ag d\u00e9anamh a Scr\u00faduithe C\u00e9ime, i nGaillimh, in \u00e9ineacht liom, thugamar aghaidh ar Dhromantine, an Chliarscoil s\u2019againne, a bh\u00ed suite taobh amuigh de bhaile an I\u00fair, n\u00f3 bh\u00ed na mic l\u00e9inn eile \u00f3n\u00e1r rangna, nach raibh ag gabh\u00e1il don Ch\u00e9im On\u00f3rach, bh\u00ed siadsan imithe thar nais go dt\u00ed Droim an tS\u00edn, cheana f\u00e9in..  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an dara cogadh domhanda thart faoin am sin, agus n\u00ed raibh c\u00farsa\u00ed taistil chomh holc sin ar fad.   Ar an traein is ea chuamar \u00f3 Ghaillimh go Baile \u00c1tha Cliath, agus bhaineamar sult is taitneamh as an turas sin.  Chaitheamar seal maith ag imirt carta\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir nach \u00e9 sin an eala\u00edn a mbeife\u00e1 ag s\u00fail lei \u00f3 \u00e1bhair shagairt, an t-am sin, ach, ag an am gc\u00e9anna, bhaineamarna toit agus spraoi as, agus n\u00e1r bhre\u00e1 an t-athr\u00fa \u00e9, \u00f3 bheith ag gabh\u00e1il don staid\u00e9ar agus do na scr\u00faduithe.  Shroicheamar an Ardchathair, ar deireadh thiar, agus b\u00edodh go raibh bailte m\u00f3ra agus cathracha eile feicthe agam fh\u00e9in, roimhe sin, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur bhain \u00c1th Cliath radharc na s\u00fal d\u00edom.  N\u00ed raibh tada cos\u00fail le Sr\u00e1id U\u00ed Chonaill feicthe agamsa riamh roimhe sin.  N\u00e1r dheacair domsa sr\u00e1id chomh fada lei, fi\u00fa a shamhl\u00fa, ach nuair a chuir t\u00fa le sin, leitheid na sr\u00e1ide, airde na bhfoirgneamh bre\u00e1, a bh\u00ed suite ar chaon taobh den tsr\u00e1id ch\u00e9anna sin, agus fur\u00fa agus fuirseadh na ndaoine, n\u00ed hamh\u00e1in ar na taobhchas\u00e1in ach iad ag rith is ag sodar leo trasna na sr\u00e1ide sin, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo, agus iad beag beann ar mh\u00e9ad, n\u00f3 ar luas, an tr\u00e1chta, a bh\u00ed ag greadadh leis, s\u00edos suas na sr\u00e1ide c\u00e9anna sin, n\u00e1r leor an radharc c\u00e9anna sin, le duine mar mise a mhear\u00fa scun scan, sea, agus an t-anam a scanr\u00fa ann, go ceann roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin freisin.  Is f\u00e9idir liom an radharc sin a fheice\u00e1il tr\u00ed sh\u00faile na cuimhne anois fh\u00e9in, agus m\u00e9 suite ag mo r\u00edomhaire anseo, ag iarraidh athchuairt a thabhairt ar na laethe gl\u00f3rmhara \u00fad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an t-\u00e1dh orainn, ar bhealach, n\u00f3 bh\u00ed cupla gas\u00far as an Ardchathair in\u00e1r measc, agus rinne siadsan a nd\u00edcheall beala\u00ed na cathrach a mh\u00faineadh d\u00fainn, ach t\u00e1 fait\u00edos orm, go raibh s\u00e9 f\u00e1nach acu bheith ag iarraidh a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh domsa ach go h\u00e1irithe, n\u00f3 bh\u00ed beala\u00ed na tuaithe r\u00f3-fhr\u00e9amhaithe sa chro\u00ed istigh ionnamsa, faoin am sin.  Ach chuamar isteach leo go Caffola\u2019s agus chaitheamar uachtar reoite a raibh ainm gl\u00f3rmhar samhla\u00edoch air, ainm cos\u00fail le, Knickerbocker Glory, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id, agus blas chomh h\u00e1lainn, is a bhlais m\u00e9 riamh, air.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, thugamar uilig aghaidh ar St\u00e1isi\u00fan na Traenach ag Sr\u00e1id Amiens, agus \u00e1r m\u00e1la\u00ed taistil \u00e1 n-iompar againn, agus chuamar ar bord traenach ansin, tar \u00e9is d\u00fainn na tic\u00e9id chu\u00ed a cheannacht.  Ar ball, ghluais an traein sin amach as an st\u00e1isi\u00fan, agus thug a haghaidh \u00f3 thuaidh.  Bhuel, ar bhealach eic\u00ednt n\u00e1r thuigeas-sa fh\u00e9in in aon chor, ba ghearr gur thugas faoi deara, go raibh atmosf\u00e9ar na traenach athraithe, go huile is go hioml\u00e1n, agus b\u00edodh go rabhamar f\u00f3s ag taisteal i dt\u00edr na h\u00c9ireann, agus sa St\u00e1t s\u2019againne, thugamar faoi deara, nach raibh sin le tabhairt faoi deara sa traein sin istigh.  Bh\u00ed athr\u00fa tagtha ar chuile sh\u00f3rt.  N\u00ed raibh fonn grinn n\u00f3 sp\u00f3irt orainn, a thuilleadh.  N\u00edor ardaigh daoine a nguth agus iad i mbun cainte n\u00f3 comhr\u00e1, agus ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, bheadh tuairim ag duine, go mbfh\u00e9idir go mba dh\u00fa-or\u00e1isteach, an fear, n\u00f3 an bhean, a bh\u00ed suite os do chomhair amach ansin.  N\u00edor bhain m\u00e9 fh\u00e9in aon toit n\u00f3 spraoi as an turas sin \u00f3 thuaidh.  Thugamar suntas don Bh\u00f3inn agus muid ar \u00e1r mbealach thairsti, agus dh\u00faisigh s\u00ed smaointe ionainn, ar chathanna a troideadh, agus a briseadh orainn, siar tr\u00edd an stair, rud n\u00e1r chuir len\u00e1r ngi\u00famar, ar \u00e1r mbealach go Droim an tS\u00edn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag st\u00e1isi\u00fan an I\u00fair, thuirling\u00edomar, agus nach orainn a bh\u00ed an t-\u00e1thas, go rabhthas romhainn ansin le gluaiste\u00e1in, le sinn fh\u00e9in agus \u00e1r m\u00e1la\u00ed taistil, a tharl\u00fa leo abhaile go Cliarscoil Dhroim an tS\u00edn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad orainn, an turas a dh\u00e9anamh, \u00f3n st\u00e1isi\u00fan traenach go dt\u00ed an Col\u00e1iste Sagartachta sin, a bh\u00ed suite i l\u00e1r dh\u00faiche na bhfear bu\u00ed, faoi mar a tuigeadh d\u00fainne, ach go h\u00e1irithe.  Nuair a shroicheamar an Col\u00e1iste, bh\u00ed roinnt mhaith d\u00e1r gcairde ansin, le f\u00e1ilte a chur romhainn, n\u00f3 bh\u00ed ansin na fir a raibh aithne againn orthu on\u00e1r mblianta ag staid\u00e9ar leo, i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, B\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i gCol\u00e1iste Sheosaimh, Corcaigh, agus i gCloughballymore House, i gContae na Gaillimhe.  Bh\u00ed sagairt ansin freisin, le chuile eolas a chur ar f\u00e1il d\u00fainn, agus len\u00e1r gceisteanna a fhreagairt.  N\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad orthu uilig \u00e1r seomra\u00ed a theasp\u00e1int d\u00fainn, agus b\u2019in difir mh\u00f3r idir an Chol\u00e1iste seo Dhrom an tS\u00edn agus na Col\u00e1ist\u00ed ar dhein muid freastal orthu roimhe sin, n\u00f3 bh\u00ed seomra d\u00e1 chuid fh\u00e9in ag chuile dhuine againn anois, agus ba mh\u00f3r go deo an ch\u00e9im chun tosaigh \u00e9 sin ar an gcine\u00e1l saoil a chaitheamar, mar mhic l\u00e9inn, go nuige sin.  Nuair a bh\u00ed na socruithe sin uilig d\u00e9anta againn, t\u00f3gadh ar chuairt sinn, thart ar an bhfoirgneamh ar fad.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur chuireamar sp\u00e9is faoi leith sa Phroinnteach, n\u00f3 bheadh t\u00e1bhacht thar na bearta ag an teach c\u00e9anna sin, i gc\u00farsa\u00ed \u00e1r saoil, chuile l\u00e1, uaidh sin amach, ar feadh na gceithre bliana a bh\u00ed os \u00e1r gcomhair amach, mar mhic l\u00e9inn Diagachta, i gCol\u00e1iste Dhrom an tS\u00edn, ansin i gContae an D\u00fain.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed b\u00e9ile bre\u00e1 leagtha amach d\u00fainn ansin sa Phroinnteach c\u00e9anna sin, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, gur bhaineamar toit agus cnagarnach as, n\u00f3 bh\u00edomar sti\u00factha leis an ocras, faoin am sin.   Nuair a bh\u00ed an b\u00e9ile sin ite againn, t\u00f3gadh ar chuairt chun an Aireagail sinn.  \u00d3, a Thiarna, n\u00e1r mh\u00f3r idir an Aireagal seo agus na hAireagail a bh\u00ed againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile.  Bh\u00ed an tAireagal seo leagtha amach go h\u00e1lainn, eala\u00edonta, scilii\u00fail, agus \u00e9 maisithe orn\u00e1idithe, snasta, \u00f3 bhun go barr.  B\u2019Aireagal faoi leith \u00e9 seo, n\u00f3 b\u2019Aireagal do Chliarscoil Sinsearach \u00e9, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go raibh Pr\u00edomhalt\u00f3ir \u00e1lainn, snoite, neamha\u00ed ann, ach bh\u00ed thart ar sc\u00f3r alt\u00f3ir eile, thart le falla, san Aireagal c\u00e9anna sin, n\u00f3 caithfear cuimhneamh, go mb\u00edodh foireann mh\u00f3r sagart ag cur f\u00fathu ansin, agus go mb\u00edodh n\u00f3s an Aifrinn aonair faoi l\u00e1n-tseol, an tam sin, murab ionann is anois, nuair a deintear Aifreann a chomhcheili\u00faradh, i gc\u00fains\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.  Chuaigh an tAireagal c\u00e9anna sin i bhfeidhm go m\u00f3r orainn uilig, agus b\u00edodh go bhfuil m\u00e1m maith blianta imithe isteach i muileann an ama, san idirlinn, tagann cuimhne an Aireagail \u00e1lainn sin ar ais go seoigh chugam, anois fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag iarraidh picti\u00far na laethe sin a athdhath\u00fa, i ndathanna beoga, br\u00edomhara, glinne, dhachaid\u00ed d\u00e9anacha na haoise seo caite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom an chuid eile den ghn\u00f3 seo a fh\u00e1g\u00e1il don ch\u00e9ad chaibidil eile<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n     28  A.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ghearr gur th\u00e1inig muid isteach ar chl\u00e1r \u00e1r laethe sa Chol\u00e1iste Sagartachta sin, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed seanchleachtadh faighte againne, cheana f\u00e9in, ar an gcine\u00e1l sin saoil.  N\u00ed seomra\u00ed ranga a bh\u00ed againn anois \u00e1fach, ach halla\u00ed l\u00e9achta, agus in \u00e1it ranganna, is amhlaidh a thugta\u00ed l\u00e9achta\u00ed d\u00fainn.  Bh\u00edomar ag staid\u00e9ar anois ar an tr\u00ed\u00fa leibh\u00e9al, c\u00e9 go raibh c\u00e9im bainte amach ag \u00e1r mbun\u00fas, cheana f\u00e9in, agus diaidh ar ndiaidh th\u00e1ngamar isteach ar bheala\u00ed na hInstiti\u00faide sin.  Nuair a bh\u00ed chuile rud feicthe, scr\u00fadaithe, againn, bh\u00ed s\u00e9 in am soip, agus tar eis d\u00fainn paidreacha na ho\u00edche a r\u00e1, thugamar \u00e1r seomra\u00ed orainn fh\u00e9in.  Saol eile ar fad a bh\u00ed againn anois, i gcompar\u00e1id leis an saol a bh\u00ed againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile, agus b\u2019iontach go deo an bhunt\u00e1iste \u00e9, do sheomra fh\u00e9in a bheith agat.  D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 seal a chaitheamh ag l\u00e9amh, n\u00f3 ag staid\u00e9ar, n\u00f3 ag gabh\u00e1il do cheird ar bith a bheadh idir l\u00e1mha agat, ag an am.  Chomh fada anois agus is cuimhin liom, n\u00ed bh\u00edodh aon chl\u00fadach ar bith ar na hurl\u00e1ir againn, sna seomra\u00ed ch\u00e9ad bhliana sin, ach bh\u00ed c\u00f3fra \u00e9adaigh, leabhrag\u00e1n, b\u00e1is\u00edn l\u00e1mh, leaba, agus bord, n\u00f3 crinl\u00edn, le do chuid staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bh\u00ed scuab url\u00e1ir agus m\u00e9is\u00edn deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag s\u00fail go gcoinneof\u00e1 an  \u00e1it deas, glan, n\u00e9ata.  Bh\u00edomarna thuas ag barr an t\u00ed, ar an dtr\u00ed\u00fa, n\u00f3 ar an gceathr\u00fa hurl\u00e1r, s\u00edlim anois, ach n\u00e1r chuma faoi sin, n\u00f3 thart orainn, bh\u00ed na dalta\u00ed a rinne a gcuid saighdi\u00faireachta linn, le m\u00e1m blianta roimhe sin, cuid acu mar chomr\u00e1daithe againn, \u00f3 laethe Bh\u00e9al an \u00c1tha Fhada, anuas. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed an \u00e1it an-mh\u00f3r go deo, n\u00f3 c\u00e9 gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar l\u00e1r na bhfichid\u00ed, n\u00edor oscla\u00edodh \u00e9 mar Chol\u00e1iste Diagachta an SMA, go dt\u00ed an bhliain 1926.  Ba \u00e9 an tAthair Slattery, a bh\u00ed taobh thiar den tionscnamh sin uilig.  Anois, ba \u00e9 an sc\u00e9al a chuala mise n\u00f3, gur cuireadh an Teach agus an fheirm mh\u00f3r a bh\u00ed ag gabh\u00e1il leis, ar an margadh, agus c\u00e9 gur chuir lucht an SMA suim agus dh\u00e1 shuim sa seal\u00fachas c\u00e9anna sin, n\u00f3 d\u2019oirfeadh siad go seoigh d\u00e1 riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gc\u00e9anna, tuigeadh d\u00f3ibh nach mbeadh seans ar domhan go nd\u00edolfa\u00ed d\u2019eagra\u00edocht Chaitliceach, cos\u00fail leis an SMA, iad, agus ba \u00e9 dhein siad, n\u00f3 \u00e9 a cheannacht tr\u00ed dhl\u00edod\u00f3ir.  N\u00ed raibh na d\u00fachasaigh r\u00f3-sh\u00e1sta, nuair a chuala siad faoi na h\u00fan\u00e9ir\u00ed nua, agus ar\u00eds, bh\u00ed s\u00e9 ina sc\u00e9al sc\u00e9il in\u00e1r measc, gur deineadh cupla iarracht nimh a chur ina sol\u00e1thar uisce, ach, n\u00ed raibh aon chruth\u00fa riamh againne, gur mar sin a tharla.  Faoi mar ad\u00fairt m\u00e9, n\u00ed raibh ann ach, \u201cd\u00fairt bean liom, go nd\u00fairt bean lei, gur chuala sise bean eile \u00e1 r\u00e1\u201d.  N\u00f3 ar ch\u00f3ir dom an focal, \u201cbean\u201d, a fh\u00e1g\u00e1il ar l\u00e1r ansin, agus focal ar n\u00f3s, \u201cduine,\u201d a chur isteach ina \u00e1it?  N\u00ed d\u00f3igh liom go mbeadh an d\u00fachas c\u00e9anna sa leagan athraithe!!     Ag an am gc\u00e9anna, n\u00edor mhothaigh m\u00e9 fh\u00e9in riamh, go raibh na comharsana, a bh\u00ed againn i nDroim an tS\u00edn, r\u00f3-chairdi\u00fail linn, agus tharla\u00edodh corr rud, anois is ar\u00eds, a chuireadh sin ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mo chuidse de, tharla am eic\u00ednt, le linn mo laethe sa Chol\u00e1iste Diagachta sin Dhroim an tS\u00edn, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospid\u00e9al an Mhater, i mB\u00e9al Feirste.  Bh\u00ed cupla gear\u00e1n ag cur as dom, ag an am, agus b\u2019\u00e9igean dom seal a chaitheamh istigh.  Tr\u00e1th raibh m\u00e9 istigh ansin, chuir m\u00e9 aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go raibh a mbun\u00fas cairdi\u00fail, carthannach, l\u00e1ch, ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed mo sheal san ospid\u00e9al sin caite, bh\u00ed orm, mar a d\u2019inis m\u00e9 dhuit cheana, mo bhealach a dh\u00e9anamh ar ais go dt\u00ed an Col\u00e1iste, ach nuair a thuirling m\u00e9 den bhus, ag an mbus-stad ba ch\u00f3ngara\u00ed do Dhrom an tS\u00edn, bh\u00ed rothar f\u00e1gtha ansin dom, le mo bhealach a dh\u00e9anamh abhaile dom fh\u00e9in.  Bhuel, n\u00edor luaithe suite ar mo rothar m\u00e9, agus m\u00e9 ag tos\u00fa ar mo thuras abhaile, n\u00f3 chonaic m\u00e9 beirt fhear ag l\u00e9imt ar rothair, taobh thiar d\u00edom, agus thuig m\u00e9 l\u00e1ithreaach, go raibh siad sa t\u00f3ir orm.  Agus b\u00edodh go raibh m\u00e9 fh\u00e9in lagaithe go maith, tar \u00e9is mo sheal san ospid\u00e9al, ag an am gc\u00e9anna, thuig m\u00e9 go br\u00ed an tseanfhocail go r\u00ed-maith \u201cnuair is crua don chailleach caithfidh s\u00ed rith\u201d, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mbeadh s\u00e9 deaair go maith teacht suas liom, ar an r\u00e1s sin go dt\u00ed geata m\u00f3r an Chol\u00e1iste.  Ar aon chuma, d\u2019\u00e9irigh liom geata an Chol\u00e1iste a bhaint amach rompu, agus n\u00edor lean an bheirt ghaisc\u00edoch isteach thar an ngeata c\u00e9anna sin m\u00e9.  D\u00faradh liom, ar ball, go mba bhaill de na \u201cB Specials\u201d a bh\u00ed iontu, agus chuile sheans, d\u00e1 mb\u00e9arfaid\u00eds orm, go dt\u00f3gfa\u00ed chun na beairice m\u00e9, le mo cheisti\u00fa, cib\u00e9 c\u00e9n saghas ceisteanna a bheadh i gceist acu?  Ar aon n\u00f3s, tuigeadh domsa, nach gcuirf\u00ed aon r\u00f3-fh\u00e1ilte romham sa mbeairic ch\u00e9anna sin, n\u00f3 tuigeadh dom, nach maith an n\u00f3s \u00e9 bheith ag br\u00fa ar an ndoicheall, agus b\u00ed cinnte dhe, go moth\u00f3f\u00e1 an doicheall amh, oscailte, c\u00e9anna sin, romhat, sa d\u00faiche ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Comhartha eile nach raibh aon r\u00f3-fh\u00e1ilte romhainne, sna bailte in aice l\u00e1imhe linn, n\u00f3,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">teacht an tSamhraidh, go hiond\u00fail, nuair a thosa\u00edodh na fir bhu\u00ed ag cleachtadh drumad\u00f3ireachta, don \u201cTwalfth\u201d, n\u00edor neamhchoitianta in aon chor an rud \u00e9, go dtiocfadh d\u00edograiseoir or\u00e1isteach eic\u00ednt suas go geata tosaigh an Chol\u00e1iste s\u2019againne, agus \u00e9 ag leadradh a Dhruma M\u00f3r, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leis, n\u00f3 b\u2019fh\u00e1idir gur \u00f3n dtaobh eile a fuair s\u00e9 a inspreagadh!  Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphl\u00e9ascach, aduain  sin, an cro\u00ed trasna ionat, nuair a chloisfe\u00e1 \u00e9 i l\u00e1r na ho\u00edche ci\u00faine, agus gan a fhios agat, i nd\u00e1ir\u00edre, c\u00e9n fuadar a bh\u00ed faoi na fir bhu\u00ed a bh\u00ed timpeall ort, ag an am.  Ar aon n\u00f3s, thangamar sl\u00e1n \u00f3 na hionsaithe sin uilig, ach m\u00e1 th\u00e1inig fh\u00e9in, fanann cuimhne na n-o\u00edcheannta sin, go glas f\u00f3s i gcro\u00ed mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hord\u00f3ga orm, n\u00f3 tuigeadh domsa, ach go h\u00e1irithe, gur le drochr\u00fan agus le drochchro\u00ed, a buaileadh chuile buille d\u00e1r chualamar uathusan.  Bh\u00edodh fait\u00edos orm fh\u00e9in i gc\u00f3na\u00ed, go gcuirfid\u00eds an \u00e1it tr\u00ed thine, ach bh\u00edodh an t-\u00e1dh orainn go mb\u00edodh an Col\u00e1iste d\u00fanta thart faoin \u201cTwalfth\u201d, agus bh\u00ednn fh\u00e9in ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, thiar in Iorras na nIontas,  agus gan sp\u00e9is d\u00e1 laghad agam sna fir bhu\u00ed, n\u00f3 ina gcuid m\u00e1irse\u00e1la.  Ach \u00f3 tharla gur luaigh m\u00e9 Dromantine House, sa chomhr\u00e1 sin, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir dom a lua, gur thr\u00e9igh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staid\u00e9ar Diagachta a dh\u00e9anamh feasta, i M\u00e1 Nuat.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheadh s\u00e9 deacair teach n\u00edos \u00e1ille, n\u00edos dea-dheartha, n\u00edos dea-th\u00f3gtha, n\u00e1 Teach Dhroim an tS\u00edn a fh\u00e1il i do shi\u00fal lae.  Is d\u00f3cha go nd\u00e9arfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus \u00e9 m\u00f3r, maisi\u00fail, t\u00e9agartha, agus cuma air, go mba chuid den d\u00faiche timpeall \u00e9, ach n\u00ed call dom a r\u00e1, gur deineadh an t-uaf\u00e1s t\u00f3g\u00e1la timpeall ar an dteach bunaidh, ach fi\u00fa sa ch\u00e1s sin fh\u00e9in, n\u00edor chaill an seanteach a dh\u00ednit, n\u00f3 a uaisleacht, n\u00f3 a shnas, riamh.   \u00d3! sea, agus b\u00ed ag caint ar gharraithe!  Bh\u00ed siad sin ann, n\u00f3 timpeall an T\u00ed Mh\u00f3ir ar fad, bh\u00ed garraithe de chuile sh\u00f3rt.  Bh\u00ed toir agus bl\u00e1thanna den scoth, ina m\u00edlte sa timpeall, agus chuile cheann acu n\u00edos \u00e1ille agus n\u00edos maisi\u00fala n\u00e1 an ceann eile.  Bh\u00ed ansin freisin, crainn ina gc\u00e9adta, agus iad ag baint barr \u00e1ille d\u00e1 ch\u00e9ile tr\u00ed \u00e9ags\u00falacht a ndatha, agus a gcuma.  Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go heala\u00edonta, cliste, scili\u00fail, sa tsl\u00ed go dt\u00f3gfadh siad cro\u00ed an t\u00e9 a chaithfeadh seal ina measc. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed ann freisin, fuar\u00e1in, agus linnte uisce thart orthu, agus i gcl\u00faideanna c\u00falr\u00e1ideacha, i measc na gcrann is na dtor, bh\u00ed tig\u00edn\u00ed cluthara agus su\u00edoch\u00e1in fhosc\u00fala, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3 ansin, agus \u00e9 i dteangmh\u00e1il leis an d\u00falra.  Sea, b\u2019\u00e1lainn an Teach a bh\u00ed acu ansin, agus b\u2019\u00e1lainn na garraithe a bh\u00ed timpeall ar an dTeach M\u00f3r c\u00e9anna sin, agus timpeall ar an \u00e1itreabh sin ar fad, bh\u00ed, d\u00e1r nd\u00f3igh, feirm an-mh\u00f3r, agus n\u00ed athra\u00edonn c\u00farsa\u00ed chomh m\u00f3r sin riamh, n\u00f3 tomhas, c\u00e9ard a tharla\u00edodh nuair a bh\u00edodh cru\u00f3g ar lucht na feirme, tr\u00e1th mb\u00edd\u00eds ag cur na bhfata\u00ed san Earrach, n\u00f3 \u00e1 bpiocadh sa bhF\u00f3mhar, n\u00f3 ag  bualadh an arbhair b\u2019fh\u00e9idir?  Sea, t\u00e1 an ceart agat, chuireadh siad fios ar na spailp\u00edn\u00ed f\u00e1nacha leis an scl\u00e1bha\u00edocht a dh\u00e9anamh.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mba fhuath liom fh\u00e9in an cine\u00e1l sin oibre, chuile l\u00e1 riamh, ach amh\u00e1in ar \u00e1r bhfeirm\u00edn fh\u00e9in sa bhaile fad\u00f3, ach sin sc\u00e9al eile ar fad.  Ba \u00ed c\u00fais n\u00e1r thaitin an cine\u00e1l sin oibre sin liom, ag an am, n\u00f3 go mb\u00edodh an t-asma ag cur as dom, i gc\u00fains\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.   Ach, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom an sc\u00e9al a fh\u00e1g\u00e1il mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar sin, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed againn, agus muid ag treabhadh linn tr\u00ed na C\u00farsa\u00ed Diagachta agus Feals\u00fanachta, thuas ansin, i nDroim an tS\u00edn, i gContae \u00e1lainn daingean an D\u00fain, faoi sc\u00e1th Shl\u00e9ibhte Mughdhorna.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dti an chead ghala eile&#8230;&#8230;.Slan&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 15 . I Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1947, chaith m\u00e9 deich l\u00e1, n\u00f3 mar sin, i gCathair na Gaillimhe, ag d\u00e9anamh na Scr\u00faduithe C\u00e9ime. Bh\u00ed an aimsir go h\u00e1lainn, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, n\u00ed raibh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12423","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12423","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12423"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12423\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12424,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12423\/revisions\/12424"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12423"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12423"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12423"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}