{"id":12425,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12425"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-29-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtraigh-duinn-29-a\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 29 A"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n  <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil    17   <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is dom mo sheal a chaitheamh in Ospid\u00e9al an Mhater, i mB\u00e9al Feirste, tugadh cead mo chos dom ar\u00eds.  Ar ball, d\u2019fhill m\u00e9 ar an gCol\u00e1iste, agus is cuimhin liom f\u00f3s, n\u00e1r thug \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste cabhair ar bith dom mo bhealach a dh\u00e9anamh abhaile \u00f3 chathair Bh\u00e9al Feirste go Col\u00e1iste Dhroim an tS\u00edn, i gContae an D\u00fain, agus t\u00e1\u2019s ag an l\u00e1 anois, n\u00e1r r\u00f3-shl\u00e1inti\u00fail an \u00e1it \u00ed, Tuaisceart \u00c9ireann, an tr\u00e1th \u00fad, d\u2019\u00e1bhar sagairt ar bith bheith ag guairdeall timpeall, gan fios a bhealaigh, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id ar eolas go maith aige, n\u00f3 bh\u00ed na \u201cB  Specials\u201d ar an bhf\u00f3d f\u00f3s, ag an am, agus is cuimhin liom, go raibh an dorchadas tite, nuair a thuirling m\u00e9 den bhus, p\u00edosa den bh\u00f3thar \u00f3n gCol\u00e1iste, bh\u00ed seanrothar f\u00e1gtha ansin, ag stad an bhus, faoi mo choinne.  Chuir m\u00e9 mo mh\u00e1la beag taistil ar iompar\u00e1n an rothair sin, agus bhuail m\u00e9 b\u00f3thar.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ghearr gur thug m\u00e9 faoi deara, go raibh beirt fhear, ar rothair, do mo lean\u00faint.  Agus b\u00edodh go raibh m\u00e9 d\u00edreach tar \u00e9is an ospid\u00e9al a fh\u00e1gaint  an tr\u00e1thn\u00f3na c\u00e9anna sin, n\u00edor chuir sin moill ar bith orm, n\u00f3 thuig m\u00e9, go raibh g\u00e1 le luas, agus, faoi mar a d\u2019inis m\u00e9 dhuit cheana, nuair is crua don chailleach fh\u00e9in, caithfidh s\u00ed rith.  Ach, bh\u00ed m\u00e9 bre\u00e1 \u00f3g ag an am, agus is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, n\u00e1r th\u00e1inig an bheirt ph\u00f3il\u00edn speisialta sin suas liom, agus m\u00e9 ag rotha\u00edocht liom, n\u00f3s an diabhail, uathu, i dtreo an Chol\u00e1iste.  Ar deireadh thiar, d\u2019\u00e9irigh liom dul tr\u00ed gheatai na Cliarscoile isteach.  Bh\u00ed m\u00e9 traochta, tuirseach, s\u00e1raithe.  Ach, thar aon rud eile, bh\u00ed m\u00e9 sl\u00e1n s\u00e1bh\u00e1ilte. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> N\u00edl fhios agam f\u00f3s, c\u00e9ard a tharl\u00f3dh d\u00e1 n-\u00e9ireodh leis na p\u00f3il\u00edn\u00ed speisialta, c\u00e9anna sin, teacht suas liom an o\u00edche sin, ach t\u00e1 m\u00e9 cinnte, n\u00e1rbh \u00e9 a bh\u00ed uathu, f\u00e1ilte abhaile a chur romhamsa ar  ais go Dromantine!  Th\u00e1inig m\u00e9 chugam fh\u00e9in, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, ach ag an am gc\u00e9anna, is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, nach ndeachaigh \u00fadar\u00e1is na Scoile sin thar f\u00f3ir, lena gcine\u00e1ltas, n\u00f3 lena gc\u00faram!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus b\u00edodh gur thaitin chuile ch\u00farsa a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn sa Chol\u00e1iste liom, ag an am gc\u00e9anna, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, bh\u00ed strus agus teannas an tsaoil a bh\u00ed \u00e1 chaitheamh againn, ag f\u00e1il an l\u00e1imh in uachtar orm, maraon le c\u00farsa\u00ed pearsanta eile, agus mhothaigh m\u00e9, nach raibh m\u00e9 fh\u00e9in chomh sona s\u00e1sta is a bh\u00ednn, i rith na mblianta roimhe sin, agus m\u00e9 ag ullmh\u00fa don tsagartacht.  Bh\u00ed s\u00edolta an amhrais ag cur fr\u00e9amhacha uathu, os \u00edseal, \u00e1it eic\u00ednt sa chro\u00ed istigh ionnam.  Lean m\u00e9 orm ag staid\u00e9ar, agus ag d\u00e9anamh chuile sh\u00f3rt a iarradh orm, ach ar bhealach eic\u00ednt, bh\u00ed an d\u00e9 ag dul i l\u00e9ig im\u2019  ghairmse chun na beatha cr\u00e1bhaidh.  Bronnadh na Mionoird orm, agus bh\u00ed m\u00e9 ag ullmh\u00fa le hOrd an Fhodheag\u00e1naigh a ghlacadh, agus gan romham ansin ach bliain amh\u00e1in eile go nd\u00e9anfa\u00ed m\u00e9 a oirni\u00fa im shagart.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach mar ad\u00fairt m\u00e9, bh\u00ed na s\u00edolta \u00fad a luaigh m\u00e9, anois beag, ag tos\u00fa ag f\u00e1s is ag dul i m\u00e9ad, agus nuair a chuir m\u00e9 leosan, amhrais eile a bh\u00edodh am chr\u00e1, cupla bliain roimhe sin, tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach an sc\u00e9al a phl\u00e9 lem anamchara.  Rinneamar chuile sh\u00f3rt a scr\u00fad\u00fa, is a chur tr\u00ed ch\u00e9ile, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, n\u00f3 gur tuigeadh dom, go raibh an t-am tagtha le sl\u00e1n a fh\u00e1g\u00e1il ag na comhleacaithe, ar dhein m\u00e9 saighdi\u00faireacht leo, thar na blianta fada, agus sleamhn\u00fa liom, go deas, bog, r\u00e9idh, thar nais, le bheith im ghn\u00e1th-thuata ar\u00eds.   B\u2019in mar a rinne m\u00e9.  Caithfear a r\u00e1, nach raibh s\u00e9 \u00e9asca, n\u00f3 bog, an ch\u00e9im sin a th\u00f3g\u00e1il, n\u00f3 ba chos\u00fail le teip n\u00e1ireach \u00e9, an tr\u00e1th \u00fad, \u00e9ir\u00ed as na sagairt, le bheith id shagart millte, faoi mar adeirt\u00ed ag an am, ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anseo gurbh \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chabhraigh liomsa an ch\u00e9im sin a th\u00f3g\u00e1il, n\u00f3 chomh cabhraitheach, c\u00fantach, tuisceanach, is a bh\u00ed mo mhuintir fh\u00e9in sa bhaile, sea, agus ba ch\u00f3ir dom muintir mo bhaile uilig, a chur isteach in \u00e9indigh leosan, sa mh\u00e9id sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, sin uilig r\u00e1ite agam, n\u00ed raibh \u00e9al\u00f3 ar bith \u00f3 mh\u00e9ad na c\u00e9ime sin, a bh\u00ed t\u00f3gtha agam.  Bh\u00ed orm tos\u00fa ar\u00eds, \u00f3 bhonn.  Bh\u00ed orm dul i mbun an tsaoil neamheaglaisigh ar\u00eds, saol nach raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa air.  N\u00ed raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa ar shaol an tuata, ar dhamhsa\u00ed, ar ch\u00fairt\u00e9ireacht, n\u00f3 ar ch\u00e9ad rud eile nach iad, ach n\u00ed raibh an dara rogha agam, ach mo dh\u00edcheall a dh\u00e9anamh, agus saol nua a chruth\u00fa dom fh\u00e9in, agus ar\u00eds, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, go mbeadh sin do-dh\u00e9anta, geall leis, mura mbeadh an chabhair agus an c\u00fanamh a fuair m\u00e9 \u00f3 mo mhuintir fh\u00e9in, agus \u00f3 na comharsana uilig, a bh\u00ed thart orm, ag an am, ach beidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoin saol nua sin, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach sul m\u00e1 fh\u00e1gaim mo chur s\u00edos ar mo laethe i nDroim an tS\u00edn, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir tagairt a dh\u00e9anamh do n\u00f3s ait a bh\u00ed againn sa Chliarsoil ch\u00e9anna sin.  Luaigh m\u00e9 cheana, an tsuim uilig sin a chuireadh muid sa Ghaeilge f\u00e9in, bhuel, n\u00edor l\u00fa n\u00e1 sin an tsuim a chuirimis i ngn\u00e9ithe eile den chult\u00far Gaelach.  D\u2019imr\u00edmis na cluich\u00ed Gaelacha, le fonn, agus chuirimis suim freisin, sa cheol, agus sna damhsa\u00ed Gaelacha.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a l\u00e9irigh muid an tsuim sin, an ea?    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sa Chol\u00e1iste Diagachta sin, go h\u00e1irithe i gcro\u00ed an Gheimhridh, nuair a bh\u00edodh an aimsir d\u00e1r bpr\u00e9achadh leis an bhfuacht, agus t\u00e1\u2019s ag an R\u00ed fh\u00e9in go mb\u00edodh s\u00e9 feanntach fuar sa d\u00faiche sin, faoi sc\u00e1th Shl\u00e9ibhte Mhughdhorna.   Bhuel, in \u00e1it baili\u00fa timpeall tine, fi\u00fa d\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id de bheith\u00edoch ar f\u00e1il, is amhlaidh a bhail\u00edodh muid sa Halla S\u00fagartha, agus chuirt\u00ed c\u00e9il\u00ed ar si\u00fal  d\u00fainn, agus n\u00edl dabht ar domhan, ach go mba bhre\u00e1 an tsl\u00ed \u00ed sin, le c\u00fal a chur ar an bhfuacht, n\u00f3 ba ghearr ag gabh\u00e1il do na rinc\u00ed Gaelacha muid, go mb\u00edmis bre\u00e1, te, ar\u00eds, agus bh\u00edomar ag foghlaim na ndamhsa\u00ed Gaelacha, ag an am gc\u00e9anna.  N\u00e1r chliste an cleas \u00e9, ar bhealach, leis an scil sin a mh\u00faineadh do dhream nach bhfaigheadh aon tsl\u00ed eile, leis an scil ch\u00e9anna sin a fhoghlaim.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n \u00fas\u00e1id a bhaineadh siad as an scil sin, ar ball? Ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, nach minic ar na misin a mh\u00faineadh sagairt na damhsa\u00ed c\u00e9anna sin do na leana\u00ed gorma \u00fad, a raibh an oiread sin sp\u00e9ise iontu anseo in \u00c9irinn ag an am, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00e1r bhre\u00e1, sl\u00e1inti\u00fail, na damhsa\u00ed iad, do chine a bh\u00ed chomh tugtha sin do rince, agus do rithim, do cheol agus do chuideachta.  D\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed h\u00e9 mo thuairim, go ligf\u00ed d\u2019\u00e1bhair sagairt an lae inniu, c\u00e9ilithe d\u00e1 leith\u00e9id a chleachtadh anois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige? An ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, is d\u00f3cha go nd\u00e9arfa\u00ed, nach raibh c\u00e9apair d\u00e1 leith\u00e9id oiri\u00fanach d\u2019\u00e1bhair sagairt, agus go mbeadh baol ann, go nd\u00faiseodh rinc\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id smaoine gn\u00e9asacha iontu,      agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00e1rbh fhearr i bhfad d\u00f3ibh, bheith ag gabh\u00e1il d\u00e1 staid\u00e9ir, n\u00f3 d\u00e1 bpaidreacha, n\u00e1 bheith ag v\u00e1ls\u00e1il timpeall d\u00f3ibh fh\u00e9in.  Sea, agus b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh sciorta den cheart acu freisin!  Ach, ag an am gc\u00e9anna, ba bheag smaointe d\u00e1 leith\u00e9id a bh\u00edodh ag cur as d\u00fainne, na ho\u00edcheanta fuara, feanntacha, sin, i gCliarscoil Dhroim an tS\u00edn, agus muidinne ag rince linn ar sain \u00e1r nd\u00edchill, ag iarraidh c\u00fal a chur ar fhuacht agus ar fheanntacht an Gheimhridh Ultaigh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ag caint ar na leana\u00ed gorma \u00fad, faoi mar a dhein m\u00e9, anois beag, n\u00e1r mh\u00f3r go deo an sp\u00e9is a bh\u00ed ag \u00e1r muintir sna leana\u00ed c\u00e9anna sin, i ndachaid\u00ed, agus i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite.  Bh\u00edodh tic\u00e9id \u00e1 nd\u00edol, agus damhsa\u00ed \u00e1 n-eagr\u00fa, chuile bhabhta, le cabhair a chur ar f\u00e1il do na leana\u00ed gorma c\u00e9anna sin, agus bh\u00edodh baili\u00fach\u00e1in ar si\u00fal, go rialta, ag dalta\u00ed scoile na t\u00edre seo, le pingneacha a bhaili\u00fa do na leana\u00ed gorma c\u00e9anna sin.  Sea, mh\u2019anam, thugamar gr\u00e1 \u00e1r gcro\u00ed do na cr\u00e9at\u00fair ch\u00e9anna sin, ach breathnaigh faoi mar at\u00e1 an sc\u00e9al anois.  Bhuel, d\u2019fh\u00e1s na leana\u00ed gorma sin suas, agus anois, t\u00e1 a gclann si\u00fad, ag iarraidh teacht isteach chugainn anseo in \u00c9irinn na bhf\u00e1ilt\u00ed, le c\u00fanamh agus coimirce a lorg orainn, agus t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, nach bhfuil an gr\u00e1 c\u00e9anna againn d\u00f3ibhsean anois, is a bh\u00ed ag an ngl\u00fan a bh\u00ed suas ansin, d\u00e1 dtuismitheoir\u00ed.  Ach, nach \u2018in an saol agat?  T\u00e1 s\u00e9 \u00e9asca go maith, meas a bheith agat ar an nduine at\u00e1 i bhfad uait, ach nuair a th\u00e9ann a bh\u00f3 isteach i do gharra\u00ed, bhuel, sin sc\u00e9al eile ar fad.  Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1g m\u00e9 Droim an tS\u00edn, agus thug m\u00e9 m\u2019aghaidh ar an saol m\u00f3r, mallaithe, a bh\u00ed taobh amuigh de na falla\u00ed cr\u00e1ifeacha \u00fad, a chosain m\u00e9 \u00f3 chuile olc spiorad\u00e1lta, suas go dt\u00ed an pointe sin, agus m\u00e9, ag an am sin, im fhear \u00f3g, thart ar ch\u00faig bliana fichead d\u2019aois.  B\u00ed liom sa ch\u00e9ad chaibidil eile, nuair a dh\u00e9anfaidh m\u00e9 iarracht, ar chur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar an chaoi ar athraigh an saol ar fad dom, agus m\u00e9 ag iarraidh dul i ngleic leis an saol nua, a bh\u00ed le caitheamh agam, uaidh sin amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 17 . . Tar \u00e9is dom mo sheal a chaitheamh in Ospid\u00e9al an Mhater, i mB\u00e9al Feirste, tugadh cead mo chos dom ar\u00eds. Ar ball, d\u2019fhill m\u00e9 ar an gCol\u00e1iste, agus is cuimhin liom f\u00f3s, n\u00e1r thug \u00fadar\u00e1is [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12425","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12425","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12425"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12425\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12426,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12425\/revisions\/12426"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12425"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12425"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12425"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}