{"id":12439,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12439"},"modified":"2024-04-08T01:13:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:10","slug":"eachtrtaigh-duinn-27-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtrtaigh-duinn-27-a\/","title":{"rendered":"Eachtrtaigh d\u00fainn 27 A"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil    14      <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go gcuirfeadh an saol a bh\u00ed againn i gCloughballymore House an v\u00e9arsa \u00fad, a chum an file anaithnid, fad\u00f3, i gcuimhne do dhuine&#8230;        <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Aoibhinn beatha an scol\u00e1ire<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Bh\u00edos ag d\u00e9anamh l\u00e9inn;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is follas daoibh a dhaoine,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Gur d\u00f3 is aoibhne in \u00c9irinn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh saol aoibhinn againn sa Chol\u00e1iste sin.  Chaitheamar \u00e1r laethe ag d\u00e9anamh staid\u00e9ir ar fheals\u00fanacht, agus ar oideachas, ar chr\u00e1ifeacht agus ar naofacht.  B\u00ed cinnte, go mb\u00edodh \u00e1r dtriobl\u00f3id\u00ed fh\u00e9in againn, i rith an achair a chaitheamar ansin, ach, ag breathn\u00fa siar anois ar na laethe a chaitheamar ann, Dheamhan dabht ar domhan, ach go raibh saol an mhadaidh bh\u00e1in againn, an tr\u00e1th \u00fad.  Rinne m\u00e9 tagairt don staid\u00e9ar a dheineamar ar fh\u00e9insmacht, agus ar an leabhar \u00fad leis an scr\u00edbhneoir spiorad\u00e1lta sin, <strong>Rodriguez,<\/strong> agus mar a chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orainn.  Is cuimhin liom an chaoi a mb\u00edodh na mic l\u00e9inn ag iarraidh smacht a fh\u00e1il ar ainmhianta na colainne, tr\u00ed throscadh, tr\u00ed phion\u00f3s, agus tr\u00ed st\u00edl bheatha shl\u00e1inti\u00fail a chleachtadh.  Is cuimhin liom n\u00f3ibh\u00edsigh a fheice\u00e1il amuigh ag si\u00fal, maidin seaca, agus iad ag coinne\u00e1il a l\u00e1mha as a bp\u00f3ca\u00ed, ar mhaithe le pion\u00f3s a ghearradh orthu fh\u00e9in, sea, agus d\u2019fheicfe\u00e1 iad b\u2019fh\u00e9idir, ar a ngl\u00fana ag Uaimh Mhaisithe na Maighdine, mar a gcaithfheadh siad seal ag gu\u00ed, agus iad pr\u00e9achta leis an bhfuacht.  D\u2019fheicfe\u00e1 fear acu freisin, agus \u00e9 ag f\u00e1g\u00e1il leath a dhinn\u00e9ir ina dhiaidh ar an bpl\u00e1ta, c\u00e9 go mbeadh s\u00e9 sti\u00factha leis an ocras, ag an am gc\u00e9anna sin!  Fear eile, a chuirfeadh litir a fuair s\u00e9 tr\u00edd an bpost, isteach ina ph\u00f3ca, le smacht a fh\u00e1il ar a fhiosracht fh\u00e9in.  Sea, agus choinneodh s\u00e9 an litir sin sa ph\u00f3ca, go ceann uair a\u2019 chloig, n\u00f3 n\u00edos faide, b\u2019fh\u00e9idir.  Bh\u00edodh a bhealach fh\u00e9in chun na cr\u00e1ifeachta le fionnadh ag chuile n\u00f3ibh\u00edseach as a stuaim fh\u00e9in, n\u00f3 b\u2019eisean amh\u00e1in a thuig c\u00e9rbh iad na mianta, ar gh\u00e1 iad a smacht\u00fa, b\u2019in iad na mianta a bh\u00ed \u00e1 sheoladh ar bhealach a aimhleasa.  Cheapf\u00e1 nach mbeadh fir \u00f3ga s\u00e1sta a leith\u00e9id de phion\u00f3s a ghearradh orthu fh\u00e9in, agus b\u2019fh\u00e9idir nach mbeadh, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach ag an am \u00e1irithe sin, tuigeadh d\u00fainne, go mba n\u00e1d\u00fartha go maith an gn\u00f3 a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn, agus muid ag f\u00e1il smachta ar mhianta agus ar ainmhianta \u00e1r gcolainne.  Tuigeadh do na N\u00f3ibh\u00edsigh, go raibh t\u00e1bhacht ag baint lena raibh \u00e1 dh\u00e9anamh acu agus iad i mbun an ghn\u00f3 sin, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3ibh, gurbh \u00e9 sin a neart\u00f3dh an cn\u00e1mh droma iontu, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas dul i ngleic leis na f\u00f3rsa\u00ed i thiocfadh ina gcoinne, i gcathanna agus i gcomhlainn iomad\u00fala an tsaoil a bh\u00ed rompu amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar dhein m\u00e9 tagairt ar bith f\u00f3s do Gheimhreadh crua g\u00e1ifeach na bliana 1947?  Bhuel, bh\u00edos fh\u00e9in sa N\u00f3ibh\u00edseacht i gCloughballymore an bhliain sin, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mba chrua an tr\u00e9imhse againne \u00e9, \u00f3 thaobh aimsire dhe.  Thosaigh an sneachta i Mi Eanair, agus d\u2019fhan ar an talamh go dt\u00ed an 19\u00fa de Mh\u00e1rta na bliana sin.  Is d\u00f3cha go gcaithfear a r\u00e1 go raibh teas l\u00e1rnach aibhl\u00e9ise againn, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, is cinnte nach raibh an c\u00f3ras c\u00e9anna sin thar mholadh beirte, agus is f\u00e9idir liom f\u00f3s fuacht na mbr\u00e1ill\u00edn\u00ed b\u00e1na, stalctha, o\u00edche sheaca, a thabhairt chun cuimhne, go gl\u00e9, glinn, soil\u00e9ir, f\u00f3s.  T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go mb\u00edodh thart ar ch\u00faig, n\u00f3 s\u00e9 cinn, de bhlainc\u00e9id os \u00e1r gcionn againn, na ho\u00edcheannta sin, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, bheadh ort tamall a chaitheamh f\u00fathu, i dtosach, sula bhf\u00e9adf\u00e1 aon teas ar f\u00f3namh a fh\u00e1il uathu.  N\u00ed bh\u00edodh aon r\u00f3-fhonn orainn ansin \u00e1r sp\u00e1ga a leagan ar an url\u00e1r, nuair a chloisimis an clog d\u00faisithe \u00e1 bhualadh ar a s\u00e9 a chlog ar maidin, agus muidinne ag iarraidh \u201cDeo Gratias\u201d a thabhairt mar fhreagra ar an mbeannacht sin, le moiche na maidine fuaire, feannta\u00ed.  N\u00e1r chrua an gn\u00f3 \u00e9 ansin, sinn fh\u00e9in a n\u00ed, agus a bhearradh, le huisce fuar.  Deirimse fuar, feanntach, leat!  Bhainfeadh s\u00e9 an craiceann anuas d\u00edot, bh\u00edodh s\u00e9 chomh fuar sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed bh\u00edodh ar \u00e1r gcumas cluich\u00ed a imirt, na laethe \u00fad, n\u00f3 bh\u00edodh P\u00e1irc an Bh\u00e1ire faoi bhrat sneachta, ach mar sin fh\u00e9in, bh\u00edodh fonn orainn bheith amuigh.  Chuireadh muid \u00e1r n-\u00e9ide peile orainn fh\u00e9in, agus th\u00e9adh muid amach ar fud na bhfud.  Chaithimis seal ag sleamhn\u00fa ar leac oighre , agus seal eile ag troid le liathr\u00f3id\u00ed sneachta.  Bh\u00edodh muid fuar feannta, i dtosach, ach ba ghearr an mhoill orainn sinn fh\u00e9in a th\u00e9amh, agus ag deireadh thiar thall, bh\u00edodh muid r\u00f3sta te, tar eis na hacla\u00edochta uilig, agus b\u2019in a choinnigh bre\u00e1 sl\u00e1inti\u00fail muid, le linn na seachtain\u00ed fada uilig, a raibh greim docht daingean,do-scaoilte, ag an sneachta, ar thalamh agus ar uisce.  Geallaimse dhuit \u00e9, gur chuireamar f\u00e1ilte agus fiche roimh an choscairt, nuair a th\u00e1inig s\u00ed, ar deireadh thiar, mar nach m\u00edn\u00e1d\u00fartha an saol \u00e9 nuair a bh\u00edonn clocha ceangailte agus madra\u00ed scaoilte!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed ar \u00e1r gcumas filleadh ar ghn\u00e1thshaol na N\u00f3ibh\u00edseachta ar\u00eds, agus dul go Cathair na dTreabh, chuig an Ollscoil ansin, uair sa tseachtain, le freastal ar l\u00e9achta\u00ed \u00f3n nDocht\u00fair F\u00e9lim \u00d3 Briain, O.F.M.  B\u2019iontach go deo an fh\u00e1ilte a bh\u00edodh againn roimh na cuairteanna sin a thugaimis ar an Ollscoil.  Thug s\u00e9 deis d\u00fainn, dul i dteangmh\u00e1il leis an saol m\u00f3r amuigh, ar feadh tamaill\u00edn, fi\u00fa.  Bh\u00edodh deis againn \u00e1r gcomhr\u00e1 a dh\u00e9anamh le gn\u00e1thdhaoine, leis an ollamh, agus len\u00e1r gcomhdhalta\u00ed, freisin.  Thugadh an Docht\u00fair \u00d3 Briain corrl\u00e9acht d\u00fainn tr\u00ed Ghaeilge, rud a chabhraigh linn sp\u00e9is sa teanga sin, a choth\u00fa agus a neart\u00fa.  Is cuimhin liom l\u00e9acht amh\u00e1in a thug an Docht\u00fair d\u00fainn faoi bhaill ghini\u00fana an daonna\u00ed, agus bh\u00ed s\u00e9 ag iarraidh chuile sh\u00f3rt a mh\u00edni\u00fa, tr\u00ed phicti\u00fair a tharraingt ar an gcl\u00e1r dubh d\u00fainn.  Ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, n\u00ed d\u00e9arfainn go raibh a chuid l\u00edn\u00edochta thar mholadh beirte, agus bh\u00ed muidinne ag iarraidh smacht eic\u00ednt a choinne\u00e1il ar an bhfonn diabhalta g\u00e1ire, a mh\u00fascail na picti\u00fair ar an gcl\u00e1r dubh ionainn.  Anois, tharla go raibh cupla Proinsiasc\u00e1nach \u00f3ga sa rang freisin, agus theip ar fhear acu sin srian a choinne\u00e1il ar an bhfonn g\u00e1ire a bh\u00ed \u00e1 ch\u00e9asadhsan, agus phl\u00e9asc an fear bocht amach ag g\u00e1ir\u00ed.  Bhuel!  Stop an tOllamh.  Bhreathnaigh thart.  Thug faoi deara gur dhuine d\u00e1 \u00e1l fh\u00e9in a bh\u00ed sna tr\u00edth\u00ed.  Leag s\u00e9 uaidh an chailc, agus tar \u00e9is na s\u00fal a chur tr\u00ed mo dhuine, thug s\u00e9 faoi, agus n\u00edor stop s\u00e9 go raibh an mac l\u00e9inn Proinsiasc\u00e1nach bocht sin feannta go cn\u00e1mh aige.  Ansin, th\u00f3g suas an chailc ar\u00eds, agus lean air, faoi mar n\u00e1r tharla a dhath le fearg a chur air.  B\u2019oscailt s\u00fal d\u00fainne \u00e9, n\u00f3 go dt\u00ed an pointe sin, cheapamar nach raibh an dara duine ar an saol chomh s\u00e9imh, l\u00e1ch, cine\u00e1lta, leis an nDocht\u00fair F\u00e9ilim \u00d3 Briain.  Bh\u00ed trua againn uilig don bProinsiasc\u00e1nach \u00f3g, n\u00f3 thuigeamar d\u00f3!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, \u00f3 tharla go raibh C\u00e9im On\u00f3racha idir cham\u00e1in agam fh\u00e9in, n\u00ed dhearna m\u00e9 aon scr\u00fad\u00fa i Meitheamh na bliana sin 1947, ach is amhlaidh a th\u00f3g m\u00e9 mo leabhair, is mo n\u00f3ta\u00ed, abhaile liom le staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh sa bhaile, i rith an tSamhraidh bhu\u00ed, \u00e1lainn, sin 1947.  D\u2019fhill m\u00e9 ar chathair na Gaillimhe ansin, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin, le scr\u00fad\u00fa na C\u00e9ime On\u00f3ra\u00ed sin a dh\u00e9anamh.  Bh\u00edomar ag cur f\u00fainn, m\u00e9 fh\u00e9in agus mo chomhleacaithe, a bh\u00ed ar th\u00f3ir On\u00f3racha freisin, i dteach aoichta i mB\u00f3thar na Tr\u00e1, agus muid ag dul isteach chun na hOllscoile, le haghaidh na scr\u00faduithe.  N\u00e1r bhre\u00e1 an saol a bh\u00ed againn.  Sea. Mh\u2019anam!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Aoibhinn beatha an scol\u00e1ire<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Bh\u00edos ag d\u00e9anamh l\u00e9inn;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Is follas daoibh a dhaoine,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Gur d\u00f3 is aoibhne in \u00c9irinn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, t\u00e1 s\u00fail agam, gur thug m\u00e9 picti\u00far eic\u00ednt daoibh, den chine\u00e1l saoil a bh\u00ed againne, agus muid ag freastal ar an N\u00f3ibh\u00edseacht \u00fad, i gCloughballymore House, tarraingt ar thr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach sa ch\u00e9ad chaibidil eile, bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar m\u2019eachtra\u00ed agus ar m\u2019imeachta\u00ed, in\u00e1r gCliarscoil fh\u00e9in, i nDroim an tS\u00edn, n\u00f3 i Dromantine, mar a thugta\u00ed uirthi i dteanga na Banr\u00edona, mar ar chaith m\u00e9 fh\u00e9in seal de bhlianta, idir 1947 agus 1950, nuair a thr\u00e9ig m\u00e9 fh\u00e9in an Chliarscoil, le dul le m\u00fainteoireacht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 14 . Is d\u00f3cha go gcuirfeadh an saol a bh\u00ed againn i gCloughballymore House an v\u00e9arsa \u00fad, a chum an file anaithnid, fad\u00f3, i gcuimhne do dhuine&#8230; . Aoibhinn beatha an scol\u00e1ire Bh\u00edos ag d\u00e9anamh l\u00e9inn; Is follas daoibh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12439","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12439","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12439"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12439\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12440,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12439\/revisions\/12440"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12439"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12439"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12439"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}