{"id":12441,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12441"},"modified":"2024-04-08T01:13:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:10","slug":"eachtrtaigh-duinn-27","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/eachtrtaigh-duinn-27\/","title":{"rendered":"Eachtrtaigh d\u00fainn 27"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   13       <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa chaibidil deiridh bh\u00ed m\u00e9 ag cur s\u00edos ar na laethe, n\u00f3 na blianta, a chaith m\u00e9 im\u2019 n\u00f3ibh\u00edseach i gCloughballymore House, Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe, ach sul m\u00e1 fh\u00e1gaim Cloughballymore House taobh thiar d\u00edom, ba mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh do chupla rud eile, le picti\u00far n\u00edos ioml\u00e1ine den \u00e1it sin a thabhairt don l\u00e9itheoir.  B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an rud \u00e9, tuairim eic\u00ednt a thabhairt, faoin gcine\u00e1l beatha a chleachta\u00edmis, agus muid in\u00e1r n\u00f3ibh\u00edsigh ansin, d\u00edreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda.  Ba \u00e9 a bh\u00edodh againn don bhricfeasta, ar maidin, n\u00f3 brach\u00e1n i dtosach, agus ansin, cup\u00e1n tae agus ar\u00e1n, n\u00ed call dom a r\u00e1, nach mb\u00edodh im againn le cur ar an ar\u00e1n sin, n\u00ed bh\u00edodh againne ach margair\u00edn, d\u00e1r nd\u00f3igh choinn\u00edt\u00ed an t-im do na sagairt a bh\u00ed in\u00e1r mbun.  Diabhal locht ar bith ar an gcine\u00e1l sin beatha, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, agus bheadh an ceart aige, ach amh\u00e1in in\u00e1r gc\u00e1sna, bh\u00ed ceata\u00ed sa sc\u00e9al, n\u00f3 i gc\u00e1s an ar\u00e1in sin de, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, nach raibh s\u00e9 inite in aon chor.  Ba \u00e9 an rud a tharla, n\u00f3 gur dhein \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste a gcuid cruithneachta fh\u00e9in a mheilt ina pl\u00far, agus b\u2019as an pl\u00far sin a dh\u00e9anaid\u00eds \u00e1r n-ar\u00e1n laeth\u00fail a fhuint.  Anois, bh\u00ed an iomarca taise sa chruithneacht sin tar \u00e9is drochfh\u00f3mhar na bliana \u00fad 1947 , agus d\u00e1 bharr sin, n\u00ed bh\u00edodh inite de na buil\u00edn\u00ed a dh\u00e9anaid\u00eds aisti, ach an screamh, agus b\u2019in d\u00edreach an m\u00e9id de a d\u2019ithimis, n\u00f3 bh\u00ed an chuid eile ina thaos, gan chuma an ar\u00e1in chor ar bith air.  Bh\u00ed go maith.  Leanamar linn ag iarraidh maireacht\u00e1il ar an bpraiseach sin, ar feadh tamaill, ach ansin chuireamar stailc suas, agus chuireamar in i\u00fal do na h\u00fadar\u00e1is, nach gcuirfeadh muid suas lena leith\u00e9id de bhia, a thuilleadh.  Bhuel, a st\u00f3r mo chro\u00ed th\u00fa!  ba bheag nach ndeachaigh siad le b\u00e1in\u00ed ar chlos an m\u00e9id sin d\u00f3ibh.  Ba bheag nach gceapf\u00e1 gur orainne a bh\u00ed an locht ar fad, n\u00f3 d\u00e1r leosan, ba cheart, agus ba ch\u00f3ir, do n\u00f3ibh\u00edsigh, bheith s\u00e1sta cur suas lena leith\u00e9id, agus gan sc\u00e9al mhadra na n-ocht gcos a dh\u00e9anamh de!  Chaitheadar seal ar a marana.  Bh\u00edomarna ag ceapadh go dtabharfa\u00ed bata agus b\u00f3thar do chuid againn, ach ar deireadh thiar, tuigeadh d\u00f3ibh, nach raibh dh\u00e1 cheann ar dhuine ar bith againn, agus nach raibh \u00e1 dh\u00e9anamh againn, ach an rud a dh\u00e9anfadh siad fh\u00e9in, d\u00e1 mbeadh siadsan in\u00e1r gc\u00e1sna, rud nach raibh, n\u00f3 fuaireadarsan a gcuid ar\u00e1in fh\u00e9in \u00f3 bh\u00e1c\u00fas i gCathair mh\u00f3r na Gaillimhe.  Bhuel, ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 gur stop siad d\u00e1 gcruithneacht fh\u00e9in a mheilt, agus gur thosaigh siad ag ceannacht ar\u00e1in isteach \u00f3n mb\u00e1c\u00fas sin i gCathair na Gaillimhe.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go mba mh\u00f3r an faoiseamh d\u00fainne, an socr\u00fa sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh an dinn\u00e9ar againn, thart ar mhe\u00e1nlae, agus ba \u00e9 a bh\u00edodh againn don bh\u00e9ile sin n\u00f3 anraith, de chineal eic\u00ednt, i dtosach, agus ansin, bh\u00edodh feoil, fata\u00ed, agus glasra eic\u00ednt \u00e1 dtionlacan, agus b\u00edodh nach mb\u00edodh ceann ar bith acu thar mholadh beirte, de r\u00e9ir chaighde\u00e1n an lae inniu, ag an am gc\u00e9anna, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go gcuirfeadh siad c\u00fal ar an ocras, agus go s\u00e1s\u00f3dh siad sinn, go ceann scathaimh, ach go h\u00e1irithe.  Anois, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go raibh cupla glasra n\u00e1r thaitin in aon chor liom fh\u00e9in, agus b\u2019iad sin, cainneann, agus biatas dearg.  Bh\u00edodh milseog de chineal eic\u00ednt againn freisin, le cr\u00edoch a chur le chuile dhinn\u00e9ar acu.  L\u00e1 amh\u00e1in bheadh r\u00eds ar bhainne againn, l\u00e1 eile, bheadh \u00falla bruite agus custard, agus l\u00e1 eile f\u00f3s, bheadh mar\u00f3g ar\u00e1in mar mhilseog againn.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go dtaitna\u00edodh an milseoga c\u00e9anna liomsa, ach go h\u00e1irithe.  D\u00e1r nd\u00f3igh, i gc\u00e1s cuid de na buachaill\u00ed, a bh\u00ed n\u00edos beada\u00ed n\u00e1 mise, n\u00ed bh\u00edodh meas an mhadra acu ar na milseoga c\u00e9anna sin, agus b\u2019in an f\u00e1th go mb\u00edodh thar mo dh\u00f3thain le n-ithe agamsa, chuile l\u00e1, geall leis!  N\u00edor luaigh m\u00e9 nach mb\u00edodh cead cainte againn le linn \u00e1r ndinn\u00e9ir!  Bhuel, n\u00ed bh\u00edodh, n\u00f3 is amhlaidh a bh\u00edodh leabhar eic\u00ednt \u00e1 l\u00e9amh, i rith an bh\u00e9ile, leabhar a mb\u00edodh blas spiorad\u00e1lta air, de ghn\u00e1th.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Don tae, ansin, bh\u00edodh, b\u2019fh\u00e9idir, br\u00fait\u00edn, maraon le har\u00e1n agus margair\u00edn, agus cup\u00e1n tae, n\u00f3 caif\u00e9, mar bh\u00ed tae gann go leor, an tam sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a chuimhn\u00edonn t\u00fa air, is d\u00f3cha go mbeadh ort a r\u00e1, nach raibh basctha de mar bheatha, ach d\u2019\u00f3g\u00e1naigh, a raibh goile na seacht bhfathach acu, ag an am sin, b\u2019\u00e9 a locht a laghad, chuile bhabhta.  Ag breathn\u00fa siar air anois, is iad na smaointe a thagann thar nais chugamsa faoi na b\u00e9il\u00ed sin, n\u00f3 an chaoi ar leagadh os \u00e1r gcomhair iad, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed iad a chur i l\u00e1thair ar bhealach i bhfad n\u00edos taitneamha\u00ed, agus n\u00edos meallta\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir, ach taobh amuigh den ar\u00e1n \u00fad, bh\u00edodh a mbun\u00fas inite, agus chomh maith le sin, is d\u00f3cha go raibh s\u00e9 an-deacair srian a chur ar an gcaiteachas ar bhianna d\u00fainne, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, d\u2019iosfadh muid an diabhal fh\u00e9in, gan salann, gan anlann, d\u00e1 bhfaigheadh muid bruite \u00e9, ag an am sin.  Is d\u00f3cha gur leor sin mar chuntas ar an gcine\u00e1l beatha a thugta\u00ed d\u00fainne, n\u00f3ibh\u00edsigh, i gCloughballymore House, idir Mhe\u00e1n F\u00f3mhair 1945, agus Meitheamh 1947.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u00fallord ollmh\u00f3r ag an gCol\u00e1iste, agus b\u2019orainne a thit s\u00e9, aire a thabhairt don \u00fallord c\u00e9anna sin.  Bh\u00edodh orainn \u00e9 a choinne\u00e1il deas, n\u00e9ata, i rith na bliana, agus sa bhF\u00f3mhar ach go h\u00e1irithe, bh\u00edodh orainne na tortha\u00ed a d\u2019fh\u00e1s san \u00fallord c\u00e9anna sin a bhaint, a chnuasach, agus a chur ar st\u00f3r, ionnas go mbeadh raidhse \u00falla agus tortha\u00ed eile againn, a choinneodh tortha\u00ed linn, go dt\u00ed an tr\u00e1th sin bliana ar\u00eds.  N\u00e1r bhre\u00e1 go deo an obair d\u00fainne sa bhF\u00f3mhar \u00e9, bheith amuigh san \u00fallord sin ag baint \u00fall.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mb\u00edodh l\u00e1n-chead againn \u00e1r nd\u00f3thain \u00fall a ithe, le linn na hoibre sin.  B\u2019fh\u00e9idir nach bhfuil s\u00e9 sin f\u00edor, amach is amuigh, ach cuirfidh m\u00e9 mar seo \u00e9, d\u2019ithimis \u00e1r nd\u00f3thain \u00fall agus sinn ag cnuasach na n-\u00fall sin!  N\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach th\u00f3gaimis roinnt \u00fall linn, i ngan fhios, agus choinn\u00edmis sa Suanlios iad, le c\u00fal a chur ar an ocras, d\u00e1 mbeadh g\u00e1 lena leith\u00e9id, n\u00f3 bhainimis \u00fas\u00e1id astu freisin, nuair a thagadh fonn beada\u00edochta orainn, i rith an lae, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfaimis dul isteach sa Suanlios, i ngan fhios, agus \u00fall bre\u00e1, aibidh, dearg, a thabhairt linn, le bheith ag baint sclaimheanna as, nuair nach mbeadh duine ar bith de na sagairt sa timpeall!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh gn\u00f3 eile le d\u00e9anamh againn san \u00fallord c\u00e9anna sin freisin, n\u00f3 istigh ansin, bh\u00edodh bl\u00e1thcheapacha ina sc\u00f3rtha againn, le bl\u00e1thanna a choinne\u00e1il leis an alt\u00f3ir, \u00f3 cheann ceann na bliana.  Chuir m\u00e9 fh\u00e9in s\u00e1r-aithne ar na bl\u00e1thcheapacha sin, n\u00f3 chaith m\u00e9 seal im shacraisteoir, agus d\u00e1 bharr sin, b\u2019ormsa a thit s\u00e9, bl\u00e1thanna deasa \u00fara a choinne\u00e1il ar na halt\u00f3ir\u00ed, chuile l\u00e1, agus \u00f3 cheann ceann na bliana sin.  Thaitin an post sin go m\u00f3r liom, n\u00f3 ba san ionad sin a chaithinnse m\u2019am, nuair a bh\u00edodh na n\u00f3ibh\u00edsigh eile amuigh ag obair go dian ar na b\u00f3ithr\u00edn\u00ed, n\u00f3 ag scuabadh, ag glanadh, ag snasadh,  is ag d\u00e9anamh cib\u00e9 cine\u00e1l oibre, a bheadh leagtha amach d\u00f3ibh le linn \u00e1r sealanna oibre, \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1.  Bh\u00edodh de dhualgas ormsa, an tAireagal a choinne\u00e1il  glan, n\u00e9ata, snasta.  Sea, agus bh\u00edodh orm freisin, aire a thabhairt do na soithigh coisricthe, agus \u00e9ide an Aifrinn a leagan amach do na sagairt, chuile thr\u00e1thn\u00f3na, sa chaoi go mbeadh siad ullamh ansin d\u00f3ibh ar maidin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor luaigh m\u00e9, go nuige seo, gur chaith m\u00e9 bliain im chinnire ar n\u00f3ibh\u00edsigh an Chol\u00e1iste.  Ba bhre\u00e1 taitneamhach an gn\u00f3 \u00e9 sin, agus i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed s\u00e9 easca go maith dualgais\u00ed an phoist sin a choimhl\u00edonadh.  Ba \u00e9 an gn\u00f3 ba mh\u00f3 a bh\u00ed le d\u00e9anamh ag an gcinnire, n\u00f3 fan\u00faint i dteangmh\u00e1il leis na n\u00f3ibh\u00edsigh, sa chaoi go dtuigfeadh s\u00e9 d\u00edreach c\u00e9ard a bheadh ag d\u00f3 na geirbe acu, \u00f3 am go ch\u00e9ile.  Ansin, bheadh ar a chumas, leagan \u00e1irithe de sin a chur in i\u00fail do na h\u00fadar\u00e1is, agus ar an dtaobh eile den sc\u00e9al sin, bheadh an cinnire i dteangmh\u00e1il leis na h\u00fadar\u00e1is, agus thuigfeadh s\u00e9 c\u00e9ard a bheadh ag d\u00f3 na geirbe acusan freisin, agus ansin, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 leagan \u00e1irithe de sin a chur in i\u00fal do na n\u00f3ibh\u00edsigh.  N\u00edl dabht ar domhan, n\u00f3 gur bhraith toradh a chinnireachta ar chomh maith is a d\u2019\u00e9irigh leis an d\u00e1 thr\u00e1 sin a fhreastal.  Bh\u00ed graith\u00ed beaga eile le d\u00e9anamh ag an gcinnire freisin.  B\u2019eisean a bheadh i gceannas nuair a bh\u00edodh na mic l\u00e9inn ag d\u00e9anamh a gcuid staid\u00e9ir sa Halla M\u00f3r, chuile thr\u00e1thn\u00f3na, agus i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed seisean i bhfeighil c\u00farsa\u00ed, am ar bith nach mbeadh sagart ansin le s\u00fail a choinne\u00e1il ar ch\u00farsa\u00ed.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur thaitin an post sin go m\u00f3r liom, agus ag breathn\u00fa siar anois ar ch\u00farsa\u00ed na bliana sin, d\u00e9arfainn, n\u00e1r \u00e9irigh go r\u00f3-dhona liom dualgais\u00ed na hoifige sin a chur i gcr\u00edch, le linn dom bheith in \u00faim don ghn\u00f3 sin.  Thug an post sin deis dom freisin, teacht i gcabhair ar n\u00f3ibh\u00edseach ar bith a bheadh i dtriobl\u00f3id, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile.  Ar bhealach, bh\u00ed gn\u00f3 an chinnire an-chos\u00fail le gn\u00f3 an ph\u00f3il\u00edn.  Bh\u00ed s\u00e9 ansin le rialacha an Chol\u00e1iste a chur i bhfeidhm, agus d\u00e1 dteipfeadh air sin a dh\u00e9anamh i gc\u00e1s mhic l\u00e9inn ar bith, ansin bheadh de dhualgas air, sin a chur in i\u00fal do na h\u00fadar\u00e1is, agus cead acusan ansin cib\u00e9 rud ba mhaith leo a dh\u00e9anamh, le c\u00farsa\u00ed a chur ina gceart ar\u00eds.  Ach, chomh fada is is cuimhin liom anois, n\u00ed bh\u00edodh orm dul chuig na h\u00fadar\u00e1is ach go f\u00edor-annamh, n\u00f3 bh\u00edodh na mic l\u00e9inn fh\u00e9in bre\u00e1, toilteanach, do chomhairle a ghlacadh, agus rud a dh\u00e9anamh ort, agus b\u2019in an bealach ab\u2019 fhearr le dualgais\u00ed an phoist sin a chur i gcr\u00edch. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 13 . Sa chaibidil deiridh bh\u00ed m\u00e9 ag cur s\u00edos ar na laethe, n\u00f3 na blianta, a chaith m\u00e9 im\u2019 n\u00f3ibh\u00edseach i gCloughballymore House, Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe, ach sul m\u00e1 fh\u00e1gaim Cloughballymore House taobh thiar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12441","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12441","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12441"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12441\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12442,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12441\/revisions\/12442"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12441"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12441"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12441"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}