{"id":12563,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12563"},"modified":"2024-04-08T00:41:03","modified_gmt":"2024-04-08T00:41:03","slug":"i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtfon-the-fence","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtfon-the-fence\/","title":{"rendered":"I    m B \u00e9 a l    a n    P h o b a i l.rtfOn the Fence!"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">\u201cAn tIom\u00e1na\u00ed ar an gCla\u00ed\u201d<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach minic a chuala muid uilig an tsean-r\u00e1 faoi\u2019n iom\u00e1na\u00ed ar an gcla\u00ed, agus an chaoi go bhf\u00e9adfadh seisean chuile bhot\u00fan a dh\u00e9anann na himreoir\u00ed a sheachaint. Sea, agus d\u2019fh\u00e9adfadh seisean chuile chluiche a bhuachaint, chuile ch\u00fal a chosaint, agus chuile ionsa\u00ed a shaghd\u00fa, ag brath ar an dtaobh a dtaobhaionn s\u00e9 lei, agus \u00f3 tharla go bhfuil s\u00e9as\u00far na gcluich\u00ed m\u00f3ra an doras isteach chugainn anois, t\u00e1 m\u00e9 ag iarraidh \u00e1it deas comp\u00f3rdach a fh\u00e1il dom fh\u00e9in, in airde ar an gcla\u00ed is airde, in aice le P\u00e1irc an Bh\u00e1ire. Sea, mh\u2019anam, agus nach bhfuil cupla babhta caite agam ar an gcla\u00ed c\u00e9anna, cheana f\u00e9in, agus neart le r\u00e1 agam faoina bhfaca m\u00e9 agus m\u00e9 socraithe go p\u00e9acach ansin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, sul m\u00e1 thosa\u00edm ag cur s\u00edos ar an imirt, ba mhaith liom i dtosach, tagairt a dh\u00e9anamh do dhuine eile, a mb\u00edonn tionchar m\u00f3r aige ar thoradh na gcluich\u00ed, taobh amuigh ar fad de na hiom\u00e1naithe ar an gcla\u00ed!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 t\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An Molt\u00f3ir, c\u00e9 eile a bheadh i gceist agam ach fear na fead\u00f3ige fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, tuige a ndeirim go mb\u00edonn tionchar aigesean ar thoradh na gcluich\u00ed? Nach iad na himreoir\u00ed fh\u00e9in a bhuann, n\u00f3 a chailleann, na cluich\u00ed?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan ach go bhfuil cuid mhaith den bhf\u00edrinne agat sa mh\u00e9id sin, ach, n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, i gc\u00f3na\u00ed! Ach fillfidh m\u00e9 ar na himreoir\u00ed, ar ball beag. i dtosach \u00e1fach, nach mb\u00edonn cluich\u00ed ann a mhilleann an molt\u00f3ir?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige a ndeirim go milleann an molt\u00f3ir bocht cluiche ar bith, nach \u00e9 a dhualgas-san Cothrom na F\u00e9inne a chur ar f\u00e1il do chuile imreoir? Conas mar sin a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 cluiche a mhilleadh?<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">That Whistle<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, nach cuimhin le chuile dhuine againn, tr\u00e1th amh\u00e1in, ar a laghad, nuair a mhill fead\u00f3g an mholt\u00f3ra cluiche, agus nuair a chuir s\u00e9 ar chumas foireann \u00e1irithe sc\u00f3r a fh\u00e1il, nuair nach raibh a leith\u00e9id tuillte acu, n\u00f3 dlite d\u00f3ibh?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edlim ag ma\u00edomh anois gur d\u2019aon ghn\u00f3 a rinne an molt\u00f3ir a leith\u00e9id, ach \u00f3 tharla gur daonna\u00ed \u00e9, t\u00e1 ar a chumas dearmad a dh\u00e9anamh, sea, agus bot\u00fan fh\u00e9in a dh\u00e9anamh corruair, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9. Nach minic, nuair a bh\u00edonn foireann ag imirt ar a m\u00edle dh\u00edcheall, agus de r\u00e9ir na rialacha freisin, ach tr\u00ed thimpiste, tuigtear don molt\u00f3ir, go nd\u00e9anann fear acu feall. S\u00e9idtear an fhead\u00f3g. T\u00f3gann an taobh eile an chic phion\u00f3is, no an poc saor, agus i bpreab na s\u00fal, t\u00e1 an chaid, n\u00f3 an sliotar, imithe le luas lasrach idir na cuaill\u00ed agus isteach sa l\u00edon. B\u00e9iceann fear na teilef\u00edse&#8230;C \u00da L&#8230;L\u00e9imeann agus screadann an lucht f\u00e9achana, agus bristear ar mhisneach na foirne eile, agus tr\u00ed dhearmad sin an mholt\u00f3ra, \u00e9ir\u00edonn leis an bhfoireann contr\u00e1ilte bua a fh\u00e1il sa chluiche sin. Sea, chuir an molt\u00f3ir cor i gcinni\u00faint an chluiche sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach minic a tharla\u00edonn a leith\u00e9id, agus nuair a tharla\u00edonn fi\u00fa, caithfear a admh\u00e1il nach d\u2019aon turas \u00e9, ach, nach bre\u00e1 an leithse\u00e9al \u00e9 d\u2019fhear caillte na himeartha? Caithfidh m\u00e9 admh\u00e1il anseo, go dtarla\u00edonn s\u00e9 go minic, nach mbronnaimse mo dh\u00edlseacht ar lucht buaite an chluiche. A mhalairt ar fad a bh\u00edonn f\u00edor, bun\u00fas an ama. Taobha\u00edonn mise, beagnach i gc\u00f3na\u00ed, le lucht caillte an chluiche,      agus d\u00e1 bharr sin, nach \u00e1isi\u00fail an rud \u00e9, go bhfuil ar mo chumas an mille\u00e1n ar fad, n\u00f3 roinnt mhaith de, ar a laghad, a leagan ar ghuaille an mholt\u00f3ra bhoicht!<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">My Team !<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le blianta fada anois, thug m\u00e9 mo thaca\u00edocht d\u2019fhoireann peile Mhaigh Eo, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gurb annamh a leagaim an mille\u00e1n ar imreoir\u00ed an Contae sin, tr\u00e1th chailleann siad cluiche. \u00d3m ionad folaigh, ar bharr an chla\u00ed sin, feictear domsa, nach bhfuil radharc an mholt\u00f3ra thar mholadh beirte, agus tuigtear dom freisin go bhfuil cloch sa mhainchille aige d\u2019fhoireann mo chontae bhoicht fh\u00e9in!! Agus chomh maith le mille\u00e1n a leagan ar ghuaille an mholt\u00f3ra, \u00e9irionn liom sciar maith den mhille\u00e1n a leagan ar ghuaille, agus ar uilleacha freisin, na foirne eile, n\u00f3 chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, n\u00ed fir sp\u00f3irt a bh\u00edonn i gcuid acu ach gaig\u00edn\u00ed sr\u00e1ide, ag fanacht ar uair na faille, n\u00f3 ar uair na feille fh\u00e9in. Tugann dearcadh d\u00e1 leith\u00e9id leithsc\u00e9al dom, i gc\u00f3na\u00ed, beagnach, nuair a theipeann ar m\u2019fhoireann tofa bua a fh\u00e1il i gcluiche. \u00d3! tuigtear dom go maith gur dearcadh leataobhach \u00e9 sin, ach, ag an am gc\u00e9anna, cuireann s\u00e9 ar mo chumas deoch na d\u00edomua a dhi\u00fagadh, b\u00edodh go bhfuil iarraicht\u00edn den dallamull\u00f3g i gceist ann freisin.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">How about your team?<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach anois, breathnaigh ar do dhearcadh fh\u00e9in ar na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin. An mb\u00edonn t\u00fa fh\u00e9in s\u00e1sta leis an molt\u00f3ireacht, chuile bhabhta? N\u00f3 an mb\u00edonn t\u00fa s\u00e1sta le hiompar imreoir\u00ed \u00e1irithe, ar Ph\u00e1irc an Bh\u00e1ire? Chonaic chuile dhuine againn iompar n\u00e1ireach do-chosanta, ar Ph\u00e1irc an Bh\u00e1ire, corruair, agus chuala chuile dhuine againn, faoi dhaoine ag moladh d\u2019imreoir \u00e1irithe cupla palt\u00f3g a bhualadh ar a ch\u00e9ile imeartha, am ar bith a gheobhadh s\u00e9 an deis chuige, len \u00e9 a \u201cbhogadh\u201d, n\u00f3 a smacht\u00fa, mar adeir siad. Nach bhfuil s\u00e9 thar am ag \u00fadar\u00e1is Chumann L\u00fathchleas Gael, deireadh a chur le hiompar m\u00edsp\u00f3irti\u00fail d\u00e1 leith\u00e9id, agus chomh maith le sin, nach bhfuil s\u00e9 thar am acu freisin, c\u00f3d, agus iompar, na molt\u00f3ir\u00ed a chaighde\u00e1n\u00fa, sa chaoi nach bhf\u00e1gfa\u00ed leithsc\u00e9al ar bith ag mo leith\u00e9idse feasta, agus sa tsl\u00ed sin go gcaithfimid glacadh le d\u00edmua, agus glacadh leis freisin, n\u00e1r deineadh \u00e9ag\u00f3ir ar bith ar ar bhfoireann s\u2019againne, agus gurbh \u00e9 f\u00e1th ar chaill siad an b\u00e1ire, n\u00f3 go raibh an fhoireann eile r\u00f3-mhaith d\u00f3ibh, ar an l\u00e1!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Finally, I got it right!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, c\u00e9n fhoireann ar thaobhaigh m\u00e9 lei, ar an gC\u00e9ad Domhnach de Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana seo, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur thaitin an toradh go m\u00f3r liom, sea, agus scil, spiorad, agus misneach, na n-imreoir\u00ed, ar an d\u00e1 fhoireann. N\u00e1r laga an R\u00ed iad, agus gura seacht fearr a bheas Foireann Chill Chainnigh, agus a lucht bainist\u00edochta, bliain \u00f3 inniu!<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u201cAn tIom\u00e1na\u00ed ar an gCla\u00ed\u201d Peadar Bair\u00e9ad . Nach minic a chuala muid uilig an tsean-r\u00e1 faoi\u2019n iom\u00e1na\u00ed ar an gcla\u00ed, agus an chaoi go bhf\u00e9adfadh seisean chuile bhot\u00fan a dh\u00e9anann na himreoir\u00ed a sheachaint. Sea, agus d\u2019fh\u00e9adfadh seisean chuile chluiche a bhuachaint, chuile ch\u00fal a chosaint, agus chuile ionsa\u00ed a shaghd\u00fa, ag brath ar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12563","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12563","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12563"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12563\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12564,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12563\/revisions\/12564"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12563"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12563"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12563"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}