{"id":12569,"date":"2017-04-09T20:58:36","date_gmt":"2017-04-09T20:58:36","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12569"},"modified":"2017-04-09T23:02:16","modified_gmt":"2017-04-09T23:02:16","slug":"i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtf-the-family-on-paradise-pier","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtf-the-family-on-paradise-pier\/","title":{"rendered":"I  m B \u00e9 a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><em>T a i p \u00e9 i s   l e a t h a n   n a   S t a i r e<\/em><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:16pt\">The  Family  on  Paradise  Pier         <\/span><\/h1><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><span style=\"font-size:12pt\">by          <\/span> <\/h1><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Dermot  Bolger<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">\u00darsc\u00e9ala\u00ed  Ild\u00e1nach<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed h\u00e9 seo an ch\u00e9ad \u00farsc\u00e9al \u00f3 pheann ild\u00e1nach an \u00fadair chumasaigh seo, agus n\u00ed h\u00e9 seo an ch\u00e9ad uair agamsa scr\u00edobh faoi leabhair leis, ach, d\u00e9arfainn gurb \u00e9 an ceann seo mo rogha astu uilig. Is d\u00f3cha gur cuimhin libh, The Valparaiso Voyage, agus The Journey Home, gan ach tagairt a dh\u00e9anamh do ph\u00e9ire acu. Is \u00fadar \u00e9 Dermot Bolger a leagann rian a l\u00e1imhe ar shaothar ar bith a shileann \u00f3na pheann, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach b\u00edonn rian an taighde, agus blas na scol\u00e1ireachta, ar a shaothar freisin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed f\u00e1s aon o\u00edche at\u00e1 sa leabhar seo, n\u00f3 d\u2019iompair an t-\u00fadar cn\u00e1mha an sc\u00e9il seo leis, i mbroinn a chuimhne, ar feadh na mblianta, sular sh\u00e9id s\u00e9 an\u00e1il na beatha iontu, le h\u00farsc\u00e9al d\u00e9anta, inchreidte, a chur ina sheasamh ina steilibheatha os \u00e1r gcomhair amach. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Casadh Sheila Fitzgerald air, a ch\u00e9aduair, sa bhliain 1977 agus caithfidh go ndeachaigh a sc\u00e9al i bhfeidhm go m\u00f3r air, ach roinnt blianta ina dhiaidh sin, sa bhliain 1992, casadh ar a ch\u00e9ile ar\u00eds iad, agus an babhta seo, d\u2019\u00e9irigh leis an \u00fadar roinnt d\u00e1 comhr\u00e1ite a thaifeadadh, agus b\u00edodh go raibh S\u00edle ag tarraingt ar n\u00f3cha bliain d\u2019aois, ag an am, bh\u00ed cumas sc\u00e9ala\u00edochta f\u00f3s inti. Phl\u00e9igh siad an sc\u00e9al agus rinne siad a oiri\u00fanacht mar \u00e1bhar leabhair a mhe\u00e1, ach ba \u00ed tuairim Sh\u00edle n\u00f3 gurbh fhearr a sh\u00e1s\u00f3dh s\u00e9 sise, d\u00e1 bhf\u00e9adfa\u00ed eachtra\u00ed \u00e9ags\u00fala an sc\u00e9il a shn\u00edomh ina mbrat \u00far ina mbeadh ainmneacha agus f\u00edric\u00ed folaithe faoi gh\u00fana na cumad\u00f3ireachta.  D\u2019\u00e9irigh leis an \u00fadar mian Sh\u00edle a chur i gcr\u00edch, agus cuireadh cl\u00f3 ar thoradh a shaothair sa bhliain 2005.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh an l\u00e9itheoir s\u00fail gh\u00e9ar a choinne\u00e1il ar na d\u00e1ta\u00ed, faoi mar a liost\u00e1lann an t-\u00fadar iad tr\u00edd an leabhair, agus coinneoidh sin ar chas\u00e1n casta an sc\u00e9il \u00e9, agus chomh maith le sin, cuirfidh s\u00e9 ar a chumas, eachtra\u00ed na gcaractar a lean\u00faint, de r\u00e9ir mar a th\u00e9ann siad \u201c\u00f3 fh\u00e1s go haois\u201d, agus \u201c\u00f3 aois go b\u00e1s\u201d ar a n-oilithreacht dian, i nGleann seo na nDeor. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Muintir  Goold  Verschoyles<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is iad muintir Goold Verschoyle na pr\u00edomhcharactair sa sc\u00e9al neamhghn\u00e1ch seo, an t-athair, an mh\u00e1thair, agus a gc\u00faram, beirt in\u00edon, Maud agus Eva, agus tri\u00far mac, Art, Thomas, agus Brendan. Bh\u00ed c\u00f3na\u00ed ar an gclann seo i nD\u00fan na nGall, i dteach r\u00e9as\u00fanta m\u00f3r, i Manor House, n\u00f3 ba bhaill dEaglais na h\u00c9ireann iad, a raibh baint n\u00edos m\u00f3 acu leis an uasaicme na leis an gcosmhuintir. Bh\u00ed clann eile ina gc\u00f3na\u00ed sa limist\u00e9ar c\u00e9anna sin, na Frinnsigh, le \u201cF\u201d m\u00f3r agus \u201cf\u201d beag&#8230;.na \u201cFfrenches\u201d, mar a thugaid\u00eds orthu fh\u00e9in. F\u00edonn an t-\u00fadar a sc\u00e9al thart ar an d\u00e1 chlann sin, agus an chaoi ar \u00e9irigh leo teacht i dt\u00edr, tr\u00ed thr\u00e9imhse chinni\u00fanach na t\u00edre seo, \u00f3 1915, tr\u00ed chogadh na Saoirse, go dt\u00ed deireadh an Dara Chogadh Domhanda.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00ed Eva a bhaist \u201cParadise Pier\u201d ar an gC\u00e9 \u00e1iti\u00fail, n\u00f3 tuigeadh di, go mba oiri\u00fanach an t-ainm \u00e9 d\u2019\u00e1it chomh neamha\u00ed \u00e1lainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I mBrollach an Leabhair scr\u00edobhann an t-\u00fadar faoi ch\u00farsa\u00ed na bhliana 1941. F\u00e9ach mar a thosa\u00edonn s\u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cA parched twilight began to close in around the unlit prisoner train. For over a week the <strong><em>zeks<\/em><\/strong><em> <\/em>in Brendan Goold Verschoyle\u2019s wagon had jolted across a landscape they raredly glimpsed, crushed together in putrid darkness. Only those crammed against the wooden slats ever saw the small worms of daylight flicker in through the slight cracks&#8230;.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an Cumannachas i bhfeidhm sa R\u00fais ag an am, agus Seosamh Stalin fh\u00e9in i mbun c\u00farsa\u00ed, sa t\u00edr ollmh\u00f3r sin. Bh\u00edothas ag iarraidh naimhde an St\u00e1it a dh\u00edbirt agus a chriogadh, agus in \u00e9ineacht leo sin, measadh gur ch\u00f3ir freisin, an \u00edde ch\u00e9anna a thabhairt do dhaoine a raibh baint acu, fi\u00fa, le naimhde an St\u00e1it. Pr\u00edos\u00fanaigh d\u00e1 leith\u00e9id a bh\u00ed ar bord na traenach seo agus iad ar a mbealach chuig Gulag eic\u00ednt, agus <strong><em>zeks<\/em><\/strong> a baisteadh ar phr\u00edos\u00fanaigh d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201cBh\u00ed <\/span><span style=\"font-size:16pt\"><em>Uncle Joe<\/em><\/span><span style=\"font-size:16pt\"> gan locht!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cUncle Joe\u201d, b\u2019in an t-ainm ceana a bh\u00edodh ag Cumannaigh ar Stalin, an tr\u00e1th \u00fad fad\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Luaigh m\u00e9 na Ffrenches cheana, bhuel, chuaigh fear an t\u00ed sin chun na R\u00faise, go bhfeicfeadh s\u00e9 conas a bh\u00ed ag \u00e9ir\u00ed leis an t\u00edr sin c\u00f3ras cumannach a bhun\u00fa ansin. Chuaigh a bhfaca s\u00e9 thall i bhfeidhm go m\u00f3r air, agus th\u00e1inig s\u00e9 ar ais anseo, agus \u00e9 s\u00e1sta a laethe a chaitheamh ag iarraidh teachtaireacht, n\u00f3 soisc\u00e9al an Chumannachas a leathadh san Iarthar. Bhuel, chuaigh a dhearcadh i bhfeidhm go m\u00f3r ar Art Goold Verschoyle, agus ar a dhearth\u00e1ir Brendan, freisin. Chuaigh Art chun na R\u00faise, agus b\u00edodh n\u00e1r caitheadh go r\u00f3-mhaith leis ansin, n\u00ed fhaca s\u00e9 locht ar bith ar Stalin fh\u00e9in, n\u00f3 ar an gC\u00f3ras nua. Chuaigh a dhearth\u00e1ir \u00f3,g Brendan, chun na R\u00faise freisin, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, n\u00f3 go ndeachaigh an c\u00f3ras sin i bhfeidhm airsean freisin, agus tar \u00e9is d\u00f3 seal a chaitheamh ag troid ar son na gCumannach, i gCogadh Cathartha na Sp\u00e1inne, cib\u00e9 rud a rinne s\u00e9 ansin, gabhadh \u00e9, agus seoladh ar ais chun na R\u00faise \u00e9 ina phr\u00edos\u00fanach, n\u00f3 ina <strong><em>Zek,<\/em><\/strong> faoi mar a thugta\u00ed sa R\u00fais ar phr\u00edos\u00fanaidh d\u00e1 leith\u00e9id. D\u2019ionsaigh eitle\u00e1n Gearm\u00e1ineach an Traein \u00fad a luaigh m\u00e9 thuas, agus ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, n\u00edor chualathas tada faoi Bhrendan ina dhiaidh sin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Deireadh R\u00e9<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaith Art a shaolsan ag iarraidh soisc\u00e9al an Chumannachais a leathadh freisin, agus ba \u00e9 cr\u00edoch an sc\u00e9il sin, n\u00f3 gur gabhadh anseo \u00e9, agus gur cuireadh isteach i gCampa G\u00e9ibhinn an Churraigh \u00e9, agus \u00e9 gar do bheith imithe le buile. Ph\u00f3s Eva Protast\u00fanach as Contae Mhaigh Eo, Freddie Fitzgerald, agus chuaigh siad chun c\u00f3naithe i nGlanmire House, sa Chontae sin. N\u00edor \u00e9irigh go ro-gheal leis an bp\u00f3sadh sin, b\u00edodh go raibh beirt clainne orthu, Hazel agus Francis. Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, go ndeachaigh an sc\u00e9al seo i bhfeidhm go m\u00f3r orm, n\u00f3 deintear iarracht sa leabhar seo, sc\u00e9al na Goold <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Verschoyle agus sc\u00e9al na bhFrinseach a r\u00edomh tr\u00ed thr\u00e9imhse chinni\u00fanach i stair na t\u00edre seo, \u00f3 laethe an \u00c9iri Amach, go dt\u00ed deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Deineann an t-\u00fadar spl\u00e9achadh a thabhairt d\u00fainn ar an gcaoi ar \u00e9irigh leis na Protast\u00fanaigh, agus lucht Eaglais na h\u00c9ireann, teacht i dt\u00edr san \u00c9irinn nua, a th\u00e1inig ar an saol sa tr\u00e9imhse r\u00e9abhl\u00f3ideach sin. N\u2019fheadar an bhfaca siadsan \u201cterrible beauty\u201d an Yeatsaigh, sa phobal ais\u00e9irithe? Is sp\u00e9isi\u00fail mar a choinn\u00edonn an t-\u00fadar s\u00fail ar an saol comhaimseartha agus sc\u00e9al na bpr\u00edomhcharachtar \u00e1 r\u00edomh aige. Sea, agus fanann s\u00e9 c\u00f3ngarach go maith do stair na r\u00e9 sin, agus an sc\u00e9al \u00e1 chur i dtoll a ch\u00e9ile aige. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-leabhar, an-l\u00e9amh, a choinn\u00edonn an l\u00e9itheoir faoi gheasa go ndi\u00fagann s\u00e9 an deoir dheiridh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T a i p \u00e9 i s l e a t h a n n a S t a i r e The Family on Paradise Pier by Dermot Bolger . . \u00darsc\u00e9ala\u00ed Ild\u00e1nach N\u00ed h\u00e9 seo an ch\u00e9ad \u00farsc\u00e9al \u00f3 pheann ild\u00e1nach an \u00fadair chumasaigh seo, agus n\u00ed h\u00e9 seo an ch\u00e9ad uair agamsa [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12569","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12569","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12569"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12569\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12570,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12569\/revisions\/12570"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12569"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12569"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12569"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}