{"id":12577,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12577"},"modified":"2024-04-08T00:31:05","modified_gmt":"2024-04-08T00:31:05","slug":"i-mbeal-an-phobai-camchuairt-7l","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobai-camchuairt-7l\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobai&#8230;Camchuairt (7)l"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Cuimhn\u00ed ar<\/span><span style=\"font-size:18pt\"><em> Chamchuairt ar Albain<\/em><\/span><\/strong><\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-weight:bold;font-size:18pt\">&#8211;<\/span><strong><span style=\"font-size:18pt\">An  Mh\u00edr  Dheireannach \u2013<\/span><\/strong><\/div><\/div><\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:18pt\">Seo an g\u00e1la deiridh de shraith Aist\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9 in eireaball na bliana 1992, seacht mbliana d\u00e9ag \u00f3 shoin anois, faoi Chuairt na bhFil\u00ed \u00c9ireannacha ar Albain, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin. Mhothaigh m\u00e9, n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, na hAist\u00ed sin a ath-fhoilsi\u00fa, \u00f3 tharla go bhfuil a thriochad\u00fa bliain \u00e1 chom\u00f3radh ag an gCol\u00fan seo, I mB\u00e9al an Phobail, i mbliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:18pt\">Mar sin, seo chugaibh \u00e9&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">D\u00e9 Sathairn, 19 Me\u00e1n F\u00f3mhair, 1992. C\u00e9 nach raibh aon r\u00f3-bhr\u00fa orainn bheith in\u00e1r su\u00ed le giolc an ghealhain, an mhaidin bheannaithe sin, ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed raibh aon r\u00f3-fhonn orainn codladh go headra, agus mar sin, bh\u00edomar ar \u00e1r gcois, tarraingt ar a hocht a chlog ar maidin. Bh\u00edomar pioctha, bearrtha, agus an bricfeasta ite againn, ag a naoi. Ag an bpointe sin, bh\u00ed fear an t\u00ed, Alec Welstead, r\u00e9idh lena mhadra\u00ed a acl\u00fa. Chuamar, m\u00e9 fh\u00e9in agus an Cornal Eoghan \u00d3 N\u00e9ill in \u00e9ineacht leis, Ba thaitneamhach an uair an chloig a chaitheamar ag si\u00fal linn tr\u00ed choill, in aice an bhaile, muid ag comhr\u00e1 agus ag seanchas, fad is a bh\u00ed na madra\u00ed ag rith is ag r\u00e1s leo, ar a s\u00e1stacht. Ba le h\u00d3st\u00e1n an Crieff Hydro an choill \u00fad, ach go raibh cead ag an bpobal \u00ed a \u00fas\u00e1id, am ar bith ar mhian leo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Thart ar a haondh\u00e9ag, th\u00f3g lan\u00fain an t\u00ed, Wendy agus Alec, ina gcarr muid, go dt\u00ed Teach Stil\u00e9ireachta Ghlenturret, n\u00f3 bh\u00ed socraithe ag Gaeil Chrieff, go mbeadh deis againn turas tionlactha na Drioglainne is sine in Albain, a thabhairt. Rinneadar sin, agus bhlaiseamarna toradh a saothair, ag deireadh an turais, agus geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1r den d\u00edogha \u00e9 an Glenturrwet Whisky c\u00e9anna sin! Bh\u00ed Ionad Oidhreachta ansin acu freisin, agus chr\u00edochanigh an turas tionlactha le scann\u00e1n \u2018The Water of Life,\u2019 a l\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn i bpicti\u00farlann bheag, ghleoite, na Drioglainne. Tarraingt ar mhe\u00e1n lae, th\u00e1inig an bhu\u00edon \u00c9ireannach, agus Morag MacLeod, \u00e1r dtreora\u00ed l\u00e1ch, oirirc, mar aon le Gaeil Chrieff, le ch\u00e9ile i mBialann na Drioglainne, le l\u00f3n a chaitheamh i bhfochair a ch\u00e9ile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">A leith\u00e9id de l\u00f3n n\u00edor bhlais m\u00e9 le fada an l\u00e1, nua gach bia agus sean gacha d\u00ed ar chl\u00e1r romhainn amach; comhluadar l\u00e1ch, gean\u00fail, Gaelach; agus comhr\u00e1 spreag\u00fail, tuisceanach, cairdi\u00fail.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Sl\u00e1n le Crieff!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Ar deireadh thiar, \u00e1fach, b\u2019\u00e9igean d\u00fainn sl\u00e1n a fh\u00e1g\u00e1il ag ar gcairde nua i gCrieff. D\u00e9anta na f\u00edrinne, bh\u00ed uaigneas orainn, agus muid ag buaileadh b\u00f3thair, ach bh\u00edomar ag ceapadh, go mbfh\u00e9idir go bhfillfeadh muid ar Chrieff, am \u00e9igin, amach anseo! Thugamar c\u00fal an ghluaiste\u00e1in ar Chrieff agus a aghaidh ar Ghlasch\u00fa aerach na nGael, agus n\u00ed haithristear \u00e1r n-imeachta\u00ed gur shroicheamar teach agus \u00e1ras \u00e1r l\u00f3ist\u00edn don o\u00edche sin, an Babbity Bowster, ag Uimhir  15 Sr\u00e1id Blackfriars. Tar \u00e9is d\u00fainn an tuirse b\u00f3thair a chur d\u00ednn, bh\u00edomar suite chun boird ar\u00eds, ag a leath i ndiaidh a s\u00e9, le b\u00e9ile eile a chaitheamh ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, i dTeach \u00d3sta an Babbity. N\u00ed g\u00e1 dhom an b\u00e9ile sin a mholadh, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 thar mholadh beirte, cheana f\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Sr\u00e1id Stairi\u00fail<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Ar ball, agus muid s\u00e1ch, suaimhneach, s\u00e1sta. Thugamar aghaidh an mhionbhus ar \u2018The Centre for Contemporary Arts\u2019, in Uimhir 350 Sauchiehall Street, n\u00f3 ba san ionad oirirc sin a bheadh se\u00f3 na ho\u00edche sin againn. Agus c\u00e9 go raibh treora\u00ed maith againn i Morag, n\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca \u00e1it ph\u00e1irce\u00e1la a fh\u00e1il d\u00e1r mionbhus gal\u00e1nta, i ngiorracht scread asail don ionad oirirc c\u00e9anna sin. Ar deireadh thiar, d\u2019\u00e9irigh le Morag \u00e1it\u00edn feili\u00fanach a fh\u00e1il i gc\u00falshr\u00e1id\u00edn ci\u00fain, c\u00fang, agus ba ghearr go rabhamar ag d\u00e9anamh \u00e1r sl\u00ed s\u00edos an tsr\u00e1id ch\u00e1ili\u00fail sin, Sauchiehall. N\u00ed raibh ar mo chumas fh\u00e9in srian a choinne\u00e1il ar mo chuimhn\u00ed corraithe, agus muid ag si\u00fal linn s\u00edos feadh na sr\u00e1ide fada sin. Siar liom b\u00f3ithr\u00edn casta na smaointe, go dt\u00ed garra\u00ed cluainteach na h\u00f3ige, agus na ho\u00edcheantaa fada geimhridh sin, nuair a chloisinn m\u2019athair agus a chomr\u00e1daithe ag cur s\u00edos ar \u2018Sockeyhall Street\u2019 mar a thugaid\u00eds uirthi.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Smaoinigh m\u00e9 ar na daoine sin, ina bhfir \u00f3ga, ag an am, agus iad ag si\u00fal leo go misni\u00fail, r\u00e1bach, cr\u00f3ga, ar an dtaobhchas\u00e1n c\u00e9anna sin, a raibh mise ag si\u00fal air, an o\u00edche bheannaithe sin. Nach ar m\u2019athair agus a chomr\u00e1daithe a bheadh an br\u00f3d agus an t-\u00e1thas, d\u00e1 bhfeicid\u00eds an tIorrasach seo ar a bhealach chuig Ionad gradamach cos\u00fail leis an Centre for Contremporary Arts, le m\u00e1m d\u00e1nta a aithris ansin, i dteanga \u00e1rsa na nGael? Ar bhealach \u00e9igin, is d\u00f3cha go raibh na hIorrasaigh chuideacht\u00fala sin mar lucht \u00e9isteachta agamsa, an o\u00edche iontach sin, i Sr\u00e1id \u00fad Sauchiehall Ghlasch\u00fa. Bh\u00ed slua an-mh\u00f3r romhainn istigh, iad suite ag boird\u00edn\u00ed, scaipthe ar fud an halla. D\u2019\u00e9irigh thar barr le se\u00f3 na ho\u00edche sin, agus ghlac fil\u00ed, ceolt\u00f3ir\u00ed, agus amhr\u00e1naithe Albanacha, p\u00e1irt san agallamh freisin. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur \u00e9irigh thar cionn le M\u00e1ire Holmes a d\u00e1nta a chur i l\u00e1thair, go spreag\u00fail, corraitheach, taitneamhach. D\u2019\u00e9irigh le Nollaig Mac Carthaigh ceol s\u00ed, dra\u00edochta, a mhealladh as na p\u00edoba\u00ed uileann, agus chuir Brian \u00d3 D\u00f3naill an lucht \u00e9isteachta faoi gheasa le binneas a ghutha, agus le dra\u00edocht a cheoil. Mo chuidse de, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go mbeadh na cairde \u00fad, \u00f3 laethanta m\u2019\u00f3ige, bre\u00e1 s\u00e1sta leis na d\u00e1nta a d\u2019aithris m\u00e9 fh\u00e9in d\u00f3ibh i Sockeyhall Street, an o\u00edche sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">F\u00e9ile na nGael<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">I ndiaidh an tse\u00f3, mar a tharla go minic i rith na seachtaine, fuaireamar cuireadh chun a t\u00ed \u00f3 Flora MacNeill, amhr\u00e1na\u00ed cl\u00faiteach, traidisi\u00fanta. Ghlacamar go fonnmhar leis an gcuireadh c\u00e9anna, agus geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1r f\u00e1gadh ocras, n\u00f3 tart, ar aon duine againn, i dteach \u00fad na f\u00e9ile, an o\u00edche sin. Chomh maith le sin, bh\u00ed ceol, amhr\u00e1in, agus seanchas den scoth, againn, go dt\u00ed a tr\u00ed a chlog ar maidin! Go fi\u00fa, n\u00e1r chan m\u00e9 fh\u00e9in amhr\u00e1n! tr\u00e1th \u00e9igin, i rith na ho\u00edche ! Deireanas na huaire, n\u00f3 br\u00ed an fhuisc\u00ed, ba ch\u00fais leis, n\u00ed fol\u00e1ir! Cib\u00e9 faoi sin, bh\u00edomar ar \u00e1r gcois go bre\u00e1 luath maidin D\u00e9 Domhnaigh, agus tar \u00e9is d\u00fainn bricfeasta Sasanach eile a chaitheamh, thugamar na sr\u00e1ideanna orainn f\u00e9in ar\u00eds, muid ag fana\u00edocht timpeall, ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara, tamall anseo, is tamall ansi\u00fad. Chonaiceamar an teach is sine n nGlasch\u00fa, teach a t\u00f3gadh sa bhlaiin 1471. thugamar cuairt freisin ar The Barras, na marga\u00ed ollmh\u00f3ra \u00fad, at\u00e1 amuigh faoin aer acu, sa chathair sin, marga\u00ed a raibh tarraingt na m\u00edlte orthu. Ag a haon a chlog, bh\u00edomar ar \u00e1r ngl\u00fana in Eaglais Naoimh Alphonsus, i Sr\u00e1id Londain, n\u00f3 theastaigh uainn Aifreann a \u00e9isteacht i nGlasch\u00fa, an mhaidin Domhniagh sin. Thaitin an ceili\u00faradh sin go bre\u00e1 linn. Labhair an ceili\u00fara\u00ed faoin Eaglais Chaitliceach, i gCathair Ghlasch\u00fa, tharla go bhfuiltear ag com\u00f3radh an c\u00faigi\u00fa c\u00e9ad bliain d\u2019\u00c1rdeaspag\u00f3ideacht na cathrach sin. Rud amh\u00e1in eile, a thug m\u00e9 fh\u00e9in faoi deara, in Eaglais Alphonsus, n\u00f3 gur choinnigh siadsan thall na dealbha uile, ar fud na heaglaise, nuair a chaith an chuid is m\u00f3 de sh\u00e9ip\u00e9il na t\u00edre seo i dtraipis\u00ed iad, blianta fada \u00f3 shoin. Taitn\u00edonn dealbha liomsa, agus n\u00ed d\u00f3igh liom, gur ch\u00f3ir iad a dh\u00edbirt as \u00e1r s\u00e9ip\u00e9il. Folamh s\u00e9ip\u00e9al gan dealbha.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Turas abhaile<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">Arais go dt\u00ed an Babbity linn i ndiaidh an Aifrinn, len\u00e1r gcip is \u00e1r meanaithe a bhaili\u00fa, n\u00f3 bh\u00edomar tagtha go deireadh na camchuairte ionta\u00ed seo in Albain, agus bh\u00ed orainn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Ghlasch\u00fa, agus an turas ar ais go h\u00c9irinn. N\u00ed dh\u00e9anfaidh muid dearmad go luath \u00e1fach, ar an tseachtain spreag\u00fail, s\u00e1s\u00fail, neamha\u00ed, a chaitheamar ag taisteal \u00f3 cheann ceann na hAlban, n\u00f3 ar na Gaeil chairdi\u00fala, l\u00e1cha, Albanacha, a casadh orainn, le linn na cuairte do-dhearmadtha sin, Cuairt na bhFil\u00ed \u00c9ireannacha ar Albain 1992, a bhu\u00edochas sin ar fad ag dul do Chomhdh\u00e1il N\u00e1isi\u00fanta na Gaeilge, ar an taobh seo, agus do Chomhairle Eala\u00edon na hAlban, ar an dtaobh eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\">N\u00e1r laga an R\u00ed iad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Cuimhn\u00ed ar Chamchuairt ar Albain &#8211;An Mh\u00edr Dheireannach \u2013 Seo an g\u00e1la deiridh de shraith Aist\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9 in eireaball na bliana 1992, seacht mbliana d\u00e9ag \u00f3 shoin anois, faoi Chuairt na bhFil\u00ed \u00c9ireannacha ar Albain, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin. Mhothaigh m\u00e9, n\u00e1rbh olc an smaoineamh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12577","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12577","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12577"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12577\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12578,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12577\/revisions\/12578"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12577"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12577"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12577"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}