{"id":12581,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12581"},"modified":"2024-04-08T01:25:51","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:51","slug":"i-mbeal-an-phobail-icons","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-icons\/","title":{"rendered":"I  mBeal  an  Phobail         Icons&#8230;&#8230;"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">Icon  a  th\u00e1inig  go  h\u00c9irinn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Dealbha<\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Thug m\u00e9 cuairt ar Mh\u00e1 Nuat ar na mallaibh, agus \u00f3<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> tharla go raibh cuireadh faighte agam \u00f3 mhuintir \u201cCEIST\u201d <\/span><span style=\"font-size:14pt\"><em>(Catholic Education   an Irish Schools Trust)<\/em><\/span><span style=\"font-size:14pt\"> glaoch isteach chucu, am ar bith a tharl\u00f3dh sa chomharsanacht sin m\u00e9, le go bhfeicfinn an \u2018Dealbh\u2019, n\u00f3 an Icon speisialta, at\u00e1 acu ina n-oifig\u00ed ansin, faoi l\u00e1thair. Bhuel, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, gur mh\u00fascail a gcuireadh fiosracht an chait ionnam fh\u00e9in, agus shocraigh m\u00e9 l\u00e1ithreach ar bhualadh isteach chucu, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar an nDealbh speisialta sin. Anois, is d\u00f3cha gur cheart dom a mh\u00edni\u00fa i dtos<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ach nach gn\u00e1th-dhealbh at\u00e1 i gceist anseo, n\u00ed hea muis! Is \u00e9 at\u00e1 idir cham\u00e1in agam anseo n\u00f3 \u201cIcon\u201d. \u201cIcon\u201d den chine\u00e1l a bh\u00ed, agus at\u00e1 f\u00f3s, coitianta i measc na nEaglais\u00ed Ceartchreidmheacha, ach go h\u00e1irithe.<\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">\u201cIcons\u201d<\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus ag caint ar na dealbha oirthearacha seo, nach fada \u00f3na leith\u00e9id a rugadh agus a t\u00f3gadh mise? D\u2019fh\u00e9adfainn a r\u00e1, n\u00e1r chuala m\u00e9 tr\u00e1cht orthu, n\u00f3 teacht tharstu, agus m\u00e9 ag f\u00e1s an\u00edos in Iorras na nIontas fad\u00f3. Cinnte, bh\u00ed dealbha fl\u00fairseach go maith sa S\u00e9ip\u00e9al s\u2019againne ar an nGeata M\u00f3r, ach gn\u00e1thdhealbha ba ea iad, sa mh\u00e9id go mba dhealbha tr\u00edthoiseacha a bh\u00ed  iontu, dealbha a sheas os \u00e1r gcomhair amach ansin faoi mar ba dhaoine daonna iad. Ar ball \u00e1fach, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">nuair a tharla go raibh l\u00e9ann an tsagairt \u00e1 chur ormsa sa Chliarscoil, chuala m\u00e9 tagairt \u00e1 dh\u00e9anamh ansin do na dealbha speisialta seo, a raibh Eaglais\u00ed an Oirthir an-chean\u00fail orthu, agus tuigeadh domsa, go mba dhealbha d\u00e9thoiseacha a bh\u00ed iontusan, agus go rabhthas tugtha d\u00e1 leith\u00e9id de dhealbha, toisc gur tuigeadh d\u00f3ibh, go raibh  dealbha tr\u00edthoiseacha crosta orthu ag an mbac a cuireadh ar \u00edomh\u00e1nna greanta sa Dara hAithne sa mB\u00edobla fh\u00e9in.<\/span><\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">           N\u00e1 d\u00e9anaig\u00ed sibhse \u00edomh\u00e1nna greanta&#8230;. <\/span><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"font-size:14pt\">\u201cThou shall not make unto thee any graven image&#8230;.. \u201d <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">T\u00e1 chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al gur chlo\u00edgh na Gi\u00fadaigh leis an Aithne sin, agus glacadh go forleathan leis freisin, i measc na gCeartchreidmheach, mar i gc\u00e1s na gCeartchreidmheach, dhealr\u00f3dh s\u00e9 go raibh siadsan s\u00e1sta nach raibh an \u201cIcon\u201d i gcoinne fhor\u00e1lacha na hAithne sin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\"> Is amhlaidh a scr\u00edobhadh na hIcoin <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach caithfear a chur san \u00e1ireamh anois, go raibh rialacha daingne, dochta, ag gabh\u00e1il le d\u00e9anamh na ndealbh c\u00e9anna sin, sa chaoi nach raibh cl\u00fa, n\u00f3 c\u00e1il faoi leith, le gn\u00f3th\u00fa ag an t\u00e9 a dh\u00e9anfadh \u201cIcon\u201d d\u00e1 leith\u00e9id a \u201cscr\u00edobh\u201d, mar b\u2019in an t\u00e9arma a d\u2019\u00fas\u00e1id siad, i gc\u00e1s a ndearadh n\u00f3 a gcumadh. Sea, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, go ndeachaigh an \u201cIcon\u201d seo lucht \u2018Ceiste\u2019 i bhfeidhm orm fh\u00e9in ar bhealach nach nd\u00e9anfadh dealbh tr\u00edthoiseach, bfh\u00e9idir. Mar, \u00f3 tharla gurbh a scr\u00edobh a rinne an t\u00e9 a chum, tuigeadh domsa go raibh de dhualgas ormsa, mar sin, an \u201cIcon\u201d sin a \u201cl\u00e9amh\u201d, agus ar an mbealach sin, bh\u00ed orm staid\u00e9ar grinn a dh\u00e9anamh air, \u00f3 thaobh dathanna, cuma, dearadh, teachtaireacht agus m\u00faineadh. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u00d3<\/span><span style=\"font-size:18pt\"> na Flaithis anuas<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Anois, tuigeadh \u00f3 thus, go raibh gn\u00e9 eic\u00ednt osn\u00e1d\u00fartha ag baint leis an \u201cIcon\u201d sa mh\u00e9id gur tuigeadh, n\u00e1r l\u00e1mh daonna amh\u00e1in a dhear, a ch\u00e9aduair, ach gur th\u00e1inig roinnt \u00e1irithe d\u00edobh chugainn, faoi mar a th\u00e1inig \u00edomh\u00e1 aghaidh \u00cdosa chugainn, ar an dtu\u00e1ille a thug Veronica d\u00f3, agus \u00e9 ar a shl\u00ed chun a ch\u00e9asta, agus n\u00e1r dhein d\u00e9ant\u00f3ir\u00ed na \u201cnIcon\u201d ach na saothair \u00fad a ch\u00f3ipe\u00e1il, n\u00f3 a athscr\u00edobh, faoi mar adeirid\u00eds fh\u00e9in faoina saothar, cos\u00fail, ar bhealach, leis an gcaoi a scr\u00edobh scr\u00edbhneoir\u00ed na Scriopt\u00far a saothar fh\u00e9in, agus iad faoi an\u00e1il an Fhir Thuas. An Dealbh, a thuilleann an ch\u00e1il, in \u00e1it an t\u00e9 a dhear, n\u00f3 a dhein. Feictear domsa freisin, go nd\u00e9anann na dealbha d\u00e9thoiseacha seo an cro\u00ed agus an t-anam a bhogadh i dtreo an spioraid agus an chreidimh, \u00e1it a dt\u00e9ann na dealbha tr\u00edthoiseacha i bhfeidhm n\u00edos m\u00f3 ar na c\u00e9adfa\u00ed. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Cairde ar an bhf\u00f3d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach, le hiomp\u00f3 ar an \u201cIcon\u201d iontach sin a leagadh os mo chomhair in Oifig\u00ed \u201cCheist\u201d, i bPairc Thioncail Mh\u00e1 Nuat an l\u00e1 sin, ba cheart dom i dtosach, na daoine a bh\u00ed ar an bhf\u00f3d, in \u00e9ineacht liom, a chur in aithne dhaoibh. Bh\u00ed Anne Kelleher, Ned Prendergast, Lloyd Bracken, agus m\u2019in\u00edon fh\u00e9in, Carol Ann ansin, agus b\u2019in iad na daoine a chuir ar an eolas m\u00e9 i dtaobh an Icon speisialta seo. <\/p><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Tar \u00e9is d\u00fainn \u00e1r gcaint agus \u00e1r gcomhr\u00e1 a dh\u00e9anamh, t\u00f3gadh an \u201cIcon\u201d isteach, agus leagadh os mo chomhair amach \u00e9, le deis a thabhairt dom spl\u00e9achadh maith a fh\u00e1il air. Rinne m\u00e9 sin, agus mar ad\u00fairt m\u00e9 thuas, chuaigh an \u201cIcon\u201d seo i bhfeidhm go m\u00f3r orm. M\u00edn\u00edodh dom, gurbh \u00ed Rosaleen Hogan, ball de Shi\u00faracha na Tr\u00f3caire, a scr\u00edobh agus a dhear an \u201cIcon\u201d seo&#8230;\u201cThe Pantocrator\u201d a thugtar ar a leith\u00e9id seo \u201cd\u2019Icon\u201d, ainm a chiallai\u00edonn..An Tiarna Uilechomhachtach, n\u00f3 is picti\u00far d\u00e1r Sl\u00e1naitheoir, \u00cdosa Cr\u00edost a<\/span><span style=\"font-size:14pt\">t\u00e1 le feice\u00e1il againn san Icon seo. Chaith an scr\u00edbhneoir bun\u00fas bliana i mbun an ghn\u00f3 dhiaganta seo.                            <\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, mar a mh\u00ednigh m\u00e9 thuas, n\u00ed raibh an oiread sin scile agamsa sna c\u00farsa\u00ed seo, ach ag an am gc\u00e9anna, tuigeadh dom gur chorraigh an \u201cIcon\u201d m\u00e9 ar bhealach a mh\u00fascail m\u2019anam agus mo spiorad ar dh\u00f3igh a sh\u00e1saigh easpa, n\u00f3 fol\u00fas eic\u00ednt, a bh\u00ed sa chro\u00ed istigh ionnam. M\u00edn\u00edodh dom, go raibh ruda\u00ed \u00e9ags\u00fala le l\u00e9amh san \u201cIcon\u201d. Na dathanna, mar shampla. D\u00faradh liom, go raibh an dath dear<\/span><span style=\"font-size:14pt\">g le craiceann an tSl\u00e1naitheora, rud a chiallaigh a Dhiagacht, agus ansin, taobh amuigh de sin, bh\u00ed cl\u00f3ca uaithne, agus d\u00faradh liom, go dt\u00e1ngthas ar an ndath sin, tr\u00ed  \u00e1bhair\u00edn den bhu\u00ed a mheascadh ar an ngorm. Is don saol seo a dh\u00e9anann an measc\u00e1n sin tagairt.<\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">L\u00e9igh na m\u00e9ireanna<\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Breathnaigh ansin ar na l\u00e1mha. T\u00e1 an l\u00e1mh dheas ardaithe ar mhodh \u00f3r\u00e1ideach, agus tuigtear go nd\u00e9anann na m\u00e9aranna r\u00e1iteas adeir go bhfuil an Sl\u00e1naitheoir <\/span><span style=\"font-size:14pt\">fh\u00e9in d\u00e1r m\u00faineadh, n\u00f3 deir na saoithe linn, go bhfuil na litreacha IC XC le l\u00e9amh as leagan amach, agus cuma, na m\u00e9ireanna sin. T\u00e1 leabhar an Bhriathair i ngreim na l\u00e1imhe cl\u00e9 aige. An Briathar fh\u00e9in ag craoibhscaoileadh an Bhriathair don Saol M\u00f3r, d\u00e1r dteagasc agus d\u00e1r m\u00faineadh at\u00e1 s\u00e9. <\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">I gc\u00e1s na s\u00fal, tuigtear go bhfuil ceann acu ag f\u00e9achaint d\u00edreach amach orainn agus an ceann eile ag breathn\u00fa tharainn amach ar an saol fr\u00ed ch\u00e9ile. T\u00e1 na cluasa d\u00edrithe orainn freisin, n\u00f3 cluasa le h\u00e9isteacht is ea iad. T\u00e1 <\/span><span style=\"font-size:14pt\">an muin\u00e9al n\u00edos t\u00e9agartha n\u00e1 mar a cheapf\u00e1, agus s\u00e9ard at\u00e1 le l\u00e9amh againn as sin n\u00f3, go bhfuil s\u00e9 amhlaidh, sa chaoi go mbeadh ar a chumas an Briathar a fh\u00f3gairt go l\u00edofa, agus a chraoibhscaoileadh, \u00f3 cheann ceann na cruinne.<\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1 f\u00e1inne na naofachta thart ar a cheann, agus iml\u00edne na croise, le tabhairt faoi deara, taobh istigh den bhf\u00e1inne c\u00e9anna sin. T\u00e1 na litreacha, IC  XC, le tabhairt faoi deara ag barr an \u201cIcon\u201d, litreacha a chialla\u00edonn \u201c\u00cdosa Cr\u00edost\u201d. Cialla\u00edonn na litreacha at\u00e1 ar an gcrois fh\u00e9in \u201can t<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00c9 at\u00e1\u201d, agus sin Dia fh\u00e9in, d\u00e1r nd\u00f3igh, rud a chuireann Diagacht Chr\u00edost i dtuiscint d\u00fainn.<\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Fuinneoga na bhFlaitheas<\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Sea, agus n\u00e1r dh\u00fairt duine eic\u00ednt go raibh na dealbha d\u00e9thoiseacha seo cos\u00fail le fuinneoga na bhFlaitheas, agus nuair a dh\u00edrionn an Cr\u00edosta\u00ed a aire ar \u201cIcon\u201d, n\u00ed leis an bpicti\u00far a adhradh at\u00e1 s\u00e9, ach le dul i dteangmh\u00e1il leis an t\u00e9 a l\u00e9ir\u00edtear san \u201cIcon\u201d, agus \u00e9 anois p\u00e1irteach i nGl\u00f3ir na bhFlaitheas.   <\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">S\u00edlim gur chuala m\u00e9 duine eic\u00ednt ag r\u00e1, go rabhthas ag smaoineamh ar an \u201cIcon\u201d seo a thabhairt ar chuairt chuig ionaid \u00e1irithe ar fud na t\u00edre. Nach corraitheach an smaoineamh \u00e9, agus is cinnte nach dtiocfadh as cuairt d\u00e1 leith\u00e9id ach maitheas agus tairbhe&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;. <\/span><\/h2>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Icon a th\u00e1inig go h\u00c9irinn Peadar Bair\u00e9ad Dealbha Thug m\u00e9 cuairt ar Mh\u00e1 Nuat ar na mallaibh, agus \u00f3 tharla go raibh cuireadh faighte agam \u00f3 mhuintir \u201cCEIST\u201d (Catholic Education an Irish Schools Trust) glaoch isteach chucu, am ar bith a tharl\u00f3dh sa chomharsanacht sin m\u00e9, le go bhfeicfinn an \u2018Dealbh\u2019, n\u00f3 an Icon speisialta, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12581","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12581","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12581"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12581\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12582,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12581\/revisions\/12582"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12581"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12581"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12581"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}