{"id":12583,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12583"},"modified":"2024-04-08T01:25:51","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:51","slug":"i-mbeal-an-phobail-industrial-schools","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-industrial-schools\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail     Industrial Schools"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Maith dh\u00fainn \u00e1r gCionta&#8230;..<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nuair a chuir m\u00e9 romham an col\u00fan seo a scr\u00edobh, a ch\u00e9aduair, i mbliain an Ph\u00e1pa, tarraingt ar thriocha bliain \u00f3 shoin anois, ba \u00e9 an ch\u00e9ad cheist a bh\u00ed le scaoileadh agam n\u00f3, c\u00e9n t-ainm a bhaistfinn air, agus tar \u00e9is dom dul ar mo mharana, ar feadh scathaimh, ba \u00e9 an cinneadh a dhein m\u00e9 n\u00f3 \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d a thabhairt air. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois nach raibh a chath\u00fa sin orm riamh \u00f3 shoin, n\u00f3 tuigeadh dom, go mba fheili\u00fanach an teideal \u00e9 do chol\u00fan a dh\u00e9anfhad iarracht ar thagairt a dh\u00e9anamh d\u2019\u00e1bhair a bheadh i mb\u00e9al an phobail, sea, agus a dh\u00e9anfadh iarracht freisin, ar \u00e1bhair \u00e1irithe a chur i mb\u00e9al an phobail ch\u00e9anna sin, \u00f3 am go ch\u00e9ile. Bhuel, m\u00e1 theasta\u00edonn uaim clo\u00ed leis an gcur chuige sin, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, nach bhfuil an dara su\u00ed sa bhuaile agam ach tagairt a dh\u00e9anamh don \u00e1bhar at\u00e1 i mb\u00e9al gach \u00e9inne, na laethe seo, s\u00e9 sin, ceist na Scoileanna Saothair agus na Scoileanna Ceart\u00fach\u00e1in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed d\u00f3igh liom, go bhfuil g\u00e1 leis an t\u00e9arma\u00ed sin a mh\u00edni\u00fa dom l\u00e9itheoir\u00ed, n\u00f3 is beag \u00e1bhar at\u00e1 le l\u00e9amh chomh minic sin ar \u00e1r nuacht\u00e1in, n\u00f3 le clos ar na m<\/span><span style=\"font-size:14pt\">e\u00e1in chumars\u00e1ide, na laethe seo, le Ceist na Scoileanna c\u00e9anna sin. Ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist, n\u00f3 Scoileanna a buna\u00edodh a ch\u00e9aduair, le freastal ar bhuachaill\u00ed, agus ar chail\u00edn\u00ed \u00f3ga, ar tuigeadh do na h\u00dadar\u00e1is, agus do na C\u00fairteanna, ag an am, go raibh g\u00e1 le Scoileanna d\u00e1 leith\u00e9id, le freastal ar a riachtanais\u00ed. Socra\u00edodh go <\/span><span style=\"font-size:14pt\">gcuirf\u00ed Oird \u00e1irithe, agus Cumainn Chr\u00e1bhaidh faoi leith, i mbun na Scoileanna sin, agus go n-\u00edocfadh an St\u00e1t iad as an saothar sin a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh. Go teoirici\u00fail, ba leis an St\u00e1t na Scoile<\/span><span style=\"font-size:14pt\">anna sin, agus na hOird, agus na Cumainn Chr\u00e1bhaidh sin fostaithe len iad a bhainisti\u00fa agus a sheoladh. Sea, agus thuigfe\u00e1 uaidh sin, go mbeadh dualgas ar an St\u00e1t cigireacht a dh\u00e9anamh orthu. Is d\u00f3cha gur tuigeadh, ag an am, go mba fheili\u00fanach an leagan amach \u00e9 sin. Ach caithfear a chur san \u00e1ireamh anois, nach raibh i gcuid de na dalta\u00ed a cuireadh chuig na Scoileanna sin ach gas\u00fair \u00f3ga, agus ina measc, bh\u00ed an corr-na\u00edon\u00e1n fi\u00fa.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, c\u00e9 go mb\u00edodh an smacht dian go leor i ngn\u00e1thscoileanna ag an am, tharla gu<\/span><span style=\"font-size:14pt\">r \u00e9irigh an smacht sna Scoileanna Speisialta seo, n\u00edos g\u00e9ire, nios cru\u00e1la\u00ed, agus nios deine ar fad, n\u00e1 mar a bheadh inghlactha. Sea, agus anuas ar na diansmacht cru\u00e1lach sin, d\u2019\u00e9irigh cleachtadh na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide gn\u00e9asa\u00ed coitianta go maith ina measc freisin. Caithfear a thuiscint anois, go mba iad lucht sti\u00fartha na Scoileanna sin, a bh\u00ed ciontach sa mh\u00ed-\u00fas\u00e1id ghn\u00e9asach sin. N\u00ed g\u00e1 dhomsa anois cur s\u00edos go mion ar na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3 t\u00e1 an sc\u00e9al c\u00e9anna sin le l\u00e9amh, agus le clos, ar na me\u00e1in uilig, na laethe s<\/span><span style=\"font-size:14pt\">eo, ach ba ch\u00f3ir a lua, gur bhain Tuairisc an Bhreithimh U\u00ed Riain stangadh asainn-ne, gn\u00e1thphobal na t\u00edre seo, nuair a foils\u00edodh \u00ed ar na mallaibh. Glactar leis go raibh a fhios ag roinnt \u00e1irithe daoine, agus na dalta\u00ed \u00fad ar deineadh an leatrom sin uilig orthu, ina measc, go raibh a leith\u00e9id ag tarl\u00fa sna Scoileanna c\u00e9anna sin, ach b\u00edodh gur tuigeadh don phobal, fr\u00ed ch\u00e9ile, gur caitheadh go holc leis na dalta\u00ed \u00fad, n\u00edor tuigeadh d\u00e1 mbun\u00fas go raibh an droch-\u00fas\u00e1id ch\u00e9anna sin, chomh holc, chomh diabhalta, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chomh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">huaf\u00e1sach, n\u00f3 chomh forleathan, is a l\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn \u00ed a bheith, sa Tuairisc sin an Bhreithimh U\u00ed Riain.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh anois, le c\u00faiteamh de shaghas eic\u00ednt a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad a d\u2019fhulaing an leatrom sin uilig, thar bhlianta fada. Deineadh an ch\u00e9ad gh\u00e1la den ch\u00faiteamh sin a chur ar f\u00e1il, s\u00e9 n\u00f3 seacht de bhlianta \u00f3 shoin, ach n\u00ed leor in aon chor ar deineadh an tr\u00e1th sin. Caithfear anois, m\u00f3r-iarracht amh\u00e1in eile a dh\u00e9anamh, lena bhfuil \u00f3 na dalta\u00ed sin, a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, agus si<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n go luath, neamhchoinn\u00edollach, flaithi\u00fail. Caithfidh an St\u00e1t Iontaobhas Speisialta, Neamhsple\u00e1ch, a bhun\u00fa le c\u00faram a dh\u00e9anamh den ghn\u00f3 n\u00e1isi\u00fanta seo, agus caithfidh na hOird agus na Cumainn Chr\u00e1bhaidh an tIontaobhas sin a mhaoini\u00fa, cuma faoi thada eile.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus an m\u00e9id sin uilig r\u00e1ite, agus glactha leis, n\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn dearmad a dh\u00e9anamh ar phrionsabail \u00e1irithe, ach oiread, prionsabail cos\u00fail le  \u201cdue process\u201d agus \u201cCothrom na F\u00e9inne\u201d, n\u00f3 caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, go raibh cuid de na r\u00e1itis a chuala m\u00e9 \u00f3 dhaoine \u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">irithe ar na me\u00e1in dulta thar f\u00f3ir ar fad. Gan dabht ar domhan, ba ch\u00f3ir an dl\u00ed a chur i bhfeidhm, ach ag an am gc\u00e9anna, ba ch\u00f3ir cearta an tsaor\u00e1naigh a chosaint, n\u00f3 mura nd\u00e9ana muid sin, c\u00e9ard a bheidh f\u00e1gtha againn den \u00c1illeacht Uafar \u00fad a saola\u00edodh in\u00e1r measc, tarraingt ar ch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin anois?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">F\u00fatsa at\u00e1 s\u00e9, a l\u00e9itheoir&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Maith dh\u00fainn \u00e1r gCionta&#8230;.. Nuair a chuir m\u00e9 romham an col\u00fan seo a scr\u00edobh, a ch\u00e9aduair, i mbliain an Ph\u00e1pa, tarraingt ar thriocha bliain \u00f3 shoin anois, ba \u00e9 an ch\u00e9ad cheist a bh\u00ed le scaoileadh agam n\u00f3, c\u00e9n t-ainm a bhaistfinn air, agus tar \u00e9is dom dul ar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12583","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12583","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12583"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12583\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12584,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12583\/revisions\/12584"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12583"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12583"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12583"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}