{"id":12587,"date":"2017-04-09T20:58:47","date_gmt":"2017-04-09T20:58:47","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12587"},"modified":"2017-04-09T23:02:06","modified_gmt":"2017-04-09T23:02:06","slug":"i-mbeal-an-phobail-imlitir-an-phapa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-imlitir-an-phapa\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail   Imlitir an Phapa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Tr\u00e9adlitir an Ph\u00e1pa <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus mise ag f\u00e1s suas, in Iorras na nIontas, in \u00f3<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ige na haoise seo caite, bh\u00ed saoirse bainte amach ag \u00c9ireannaigh \u00f3 dheas, agus ag an am gc\u00e9anna, chreideadh go forleathan, go mba chine tofa iad Gaeil \u00c9ireann, cine a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 gcine, d\u00e1 gcreideamh, agus d\u00e1 nDia, tr\u00ed bhlianta fada a n-anfhorlainn, anfhorlann a mhair thar ocht gc\u00e9ad bliain. Ba bheag t\u00edr ar domhan a ghlac lena Creideamh, chomh d\u00edograiseach, d\u00e1ir\u00edreach, leis an gcine s\u2019againne, agus d\u00e1 bharr sin, th\u00e1inig f\u00e1s as cuimse ar uimhir ar ndaoine a chuaigh le sagart\u00f3ireacht agus le hOird Eaglast<\/span><span style=\"font-size:14pt\">a, n\u00f3 ba bheag t\u00edr ar domhan a sheol an oiread sin misin\u00e9ir\u00ed thar lear, leis an Deasc\u00e9al a scaoileadh go himeallchr\u00edocha an domhain.  Chomh maith le sin, deineadh dia beag de chuile dhuine de na pearsain eaglasta sin. Tugadh \u00e1it na hon\u00f3ra sa socha\u00ed d\u00f3ibh, \u00e1it a tugadh, agus n\u00e1r tuilleadh, b\u2019in an dearmad a bh\u00ed taobh thiar de roinnt mhaith den mh\u00ed-\u00fas\u00e1id a tugadh ar dhaoine goilli\u00fanacha, ar ball, n\u00f3 n\u00edor creideadh go bhf\u00e9adfadh na pearsain ch\u00e9anna sin m\u00ed-\u00fas\u00e1id a thabhairt d\u2019\u00e9inne beo. Ach n\u00edorbh aon aingil ar<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> thalamh iad ach daoine daonna, cos\u00fail leis an gcuid eile dinn.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach n\u00ed g\u00e1 anois liosta den m\u00ed-\u00fas\u00e1id sin a thabhairt anseo, n\u00f3 ba liosta le h\u00e1ireamh \u00e9 d\u00e1 nd\u00e9anfainn a leith\u00e9id, agus chomh maith le sin, scr\u00edobh m\u00e9 roinnt p\u00edosa\u00ed cheana faoi\u2019n bhfadhb ch\u00e9anna sin, agus ar aon n\u00f3s, leath an sc\u00e9al sin \u00f3 <\/span><span style=\"font-size:14pt\">cheann ceann na cruinne, agus d\u00e1 bharr sin, glaodh ar Easpaig Chaitliceacha na h\u00c9ireann chun na R\u00f3imhe fh\u00e9in, leis an sc\u00e9al uilig sin a mh\u00edni\u00fa d\u00e1 Naofacht, an P\u00e1pa Beinidict XVI. Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin, n\u00f3 gur shocraigh an P\u00e1pa ar Imlitir chuig Caitlicigh R\u00f3mh\u00e1nacha na t\u00edre seo, a scr\u00edobh, agus a sheoladh chugainn roimh Chaisc na bliana seo 2010.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhuel, tar \u00e9is an ioml\u00e1in, shroich an Imlitir sin t\u00edr na h\u00c9ireann, i ndeireadh an Charghais, i mbliain seo an Tiarna 2010. Deir an P\u00e1pa linn, go bhfuil an Imli<\/span><span style=\"font-size:14pt\">tir seo \u00e1 scriobh aige, mar Aoire an hEaglaise Uil\u00ed, chuig Pobal D\u00e9 in \u00c9irinn, faoin m\u00ed-\u00fas\u00e1id a thug sagairt, agus bu\u00edonta eile den chl\u00e9ir, ar ph\u00e1ist\u00ed, agus ar dhaoine goilli\u00fanacha eile, a f\u00e1gadh faoina gc\u00faram. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ar seisean, gur chuir gn\u00edomhartha d\u00e1 leith\u00e9id, agus an chaoi ar dhein \u00fadar\u00e1is na hEaglaise Caitlic\u00ed in \u00c9irinn deighle\u00e1il leo, d\u00edom\u00e1 agus d\u00e9istean air.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">I gCaibidil a D\u00f3 den Imlitir, cuireann s\u00e9 in i\u00fal d\u00fainn, go dtuigtear d\u00f3, nach bhfuil an dara rogha aige ach litir d\u00e1 leith\u00e9id a scr\u00edobh, n<\/span><span style=\"font-size:14pt\">uair a chuireann s\u00e9 san \u00e1ireamh, an freagra lag, easnamhach, a thug \u00fadar\u00e1is na hEaglaise anseo ar na coireanna c\u00e9anna sin. Sa tsl\u00ed sin, teasta\u00edaonn uaidh a mheas orainn a chur in i\u00fal, agus chomh maith le sin, teasta\u00edonn uaidh beala\u00ed \u00e1irithe len\u00e1r sl\u00e1n\u00fa, len\u00e1r athnuachan, agus len\u00e1r leorghn\u00edomh a chur in i\u00fal. Agus  b\u00edodh go mb\u00edonn cin\u00edocha eile ciontach i gcoireanna d\u00e1 leith\u00e9id seo, ag an am gc\u00e9anna, is trom an choir \u00ed, agus caithfear \u00ed a admh\u00e1il os ard, agus caithfear leorghn\u00edomh a dh\u00e9anamh inti, agus f\u00e9ach<\/span><span style=\"font-size:14pt\">aint chuige nach dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id in\u00e1r measc ar\u00eds.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ba ch\u00f3ir d\u00fainn, ag an n\u00f3im\u00e9ad seo, smaoineamh ar na gl\u00fanta a d\u2019imigh romhainn, agus ar an saothar a rinneadar i bhf\u00edonghort an Tiarna. Leath siad an Creideamh ar fud na hEorpa sna me\u00e1naoiseanna, agus tharraing na manaigh \u00c9ireannacha \u00fad a neart, \u00f3 thobar an Chreidimh, ina dt\u00edr dh\u00fachais. Thug Lif\u00e9ar Pluinc\u00e9ad deashampla d\u00fainn ar dh\u00edlsecht don Chreideamh c\u00e9anna sin in\u00e1r measc, i laethe dorcha na bp\u00e9indl\u00edthe, agus n\u00edorbh \u00e9 an t-aon duine a d\u2019fhulaing ar son<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> na f\u00edrinne ach oiread \u00e9. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa stair freisin, tr\u00ed r\u00e9 na misin\u00e9ireachta, thug na h\u00c9ireannaigh sampla don uile n\u00e1isi\u00fan, faoin chaoi ar ch\u00f3ir an deasc\u00e9al a leathadh, \u00f3 cheann ceann na cruinne, sa chaoi, gur bheag clann n\u00e1r thug gaol eic\u00ednt don ghluaiseacht misin\u00e9ireachta sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Le linn na saolta seo, \u00e1fach, b\u2019\u00e9igean do mhuintir na t\u00edre seo dul i ngleic le d\u00fashl\u00e1in tromch\u00faiseacha an lae inniu, nuair a b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh cur suas le d\u00ed-eaglaisi\u00fa forleathan, agus na hathruithe uilig a th\u00e1inig anuas sa mhullac<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h, de phlimp orainn, athruithe a mheall daoine \u00f3 mh\u00faineadh agus \u00f3 luacha na hEaglaise Caitlic\u00ed a bhfus. Mar thoradh ar na hathruithe sin uilig, ba mhinic a laghda\u00edodh ar dh\u00edograis an phobail, i gcleachtadh deabh\u00f3ide, agus cr\u00e1ifeachta, ina saol laeth\u00fail. Minic freisin a d\u2019iompaigh siad \u00f3 phaidreacha laeth\u00fala, \u00f3 fhreastal minic ar fhaoistin, agus ar ch\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta. N\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in gur dhein Pobal D\u00e9 faill\u00ed sna c\u00farsa\u00ed sin, ach leath an galar c\u00e9anna i measc an chl\u00e9ir freisin, sa chaoi gur deineadh dearmad ar <\/span><span style=\"font-size:14pt\">mholta\u00ed Dara Chomhairle na Vatac\u00e1ine. Sa chomhth\u00e9acs ginear\u00e1lta seo, is c\u00f3ir d\u00fainn fadhb na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide gn\u00e9asa\u00ed ar dhaoine \u00f3ga, ag baill \u00e1irithe den chl\u00e9ir, n\u00f3 ba sa bhealach sin a chaill an Eaglais <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Chaitliceach an meas agus an urraim a bhi tuillte aice agus a tugadh go fial di, thar na blianta fada. Luann an P\u00e1pa c\u00faiseanna eile freisin, leis an gc\u00fal\u00fa c\u00e9anna sin mh\u00edni\u00fa. D\u00e1r leis, n\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh ar na beala\u00ed a \u00fas\u00e1idtear le sagairt a roghn\u00fa, a thraen\u00e1il, agus a mh\u00fanl\u00fa, agus chomh maith le sin, n\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">or ch\u00f3ir dul thar f\u00f3ir leis an \u00f3m\u00f3s a thugtar don chl\u00e9ir, agus do dhaoine \u00fadar\u00e1sacha eile, n\u00f3 n\u00edor ch\u00f3ir aird r\u00f3-mh\u00f3r a dh\u00edri\u00fa ar ait na hEaglaise i measc an phobail, n\u00f3 ar bhaol scannail a thabhairt do na f\u00edr\u00e9in.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Casadh roinnt de na daoine ar tugadh m\u00ed-\u00fas\u00e1id d\u00f3ibh, agus bheadh s\u00e9 toilteanach a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh ar\u00eds. D\u2019\u00e9ist s\u00e9 lena sc\u00e9alta, thuig s\u00e9 ar fhulaing siad, agus ghuigh s\u00e9 leo, agus ar a son. Sa bhliain 2006, mhol s\u00e9 d\u2019Easpaig na h\u00c9ireann sc\u00e9al na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide seo a fhiosr\u00fa, f\u00e9achaint c\u00e9ard ba ch\u00fai<\/span><span style=\"font-size:14pt\">s leis, agus beala\u00ed le cr\u00edoch a chur leis, a aimsi\u00fa, agus a mholadh, sa chaoi nach dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id ar\u00eds, agus mhol s\u00e9 freisin, go roinnf\u00ed ceart agus cothrom leo si\u00fad ar deineadh \u00e9ag\u00f3ir d\u00e1 leith\u00e9id orthu.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ina dhiaidh sin, labhrann s\u00e9 leo si\u00fad ar deineadh m\u00ed-\u00fas\u00e1id orthu, le sagairt agus pearsain eaglasta a rinne an mh\u00ed-\u00fas\u00e1id ch\u00e9anna sin, le tuismitheoir\u00ed, le daoine \u00f3ga na t\u00edre, le sagairt, agus le pearsain eaglasta eile, le hEaspaig agus le Pobal D\u00e9 na t\u00edre seo. An ch\u00e9ad bhabhta eile, beidh m\u00e9 ag pl\u00e9 leis<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> na ranna sin de Thr\u00e9adlitir seo an Ph\u00e1pa.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Go dt\u00ed sin&#8230; Sl\u00e1n&#8230;.          <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Tr\u00e9adlitir an Ph\u00e1pa Agus mise ag f\u00e1s suas, in Iorras na nIontas, in \u00f3ige na haoise seo caite, bh\u00ed saoirse bainte amach ag \u00c9ireannaigh \u00f3 dheas, agus ag an am gc\u00e9anna, chreideadh go forleathan, go mba chine tofa iad Gaeil \u00c9ireann, cine a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 gcine, d\u00e1 gcreideamh, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12587","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12587","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12587"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12587\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12588,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12587\/revisions\/12588"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12587"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12587"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12587"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}