{"id":12627,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12627"},"modified":"2024-04-08T01:08:11","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:11","slug":"i-mbeal-an-phobail-olltoghchan-chugainn","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-olltoghchan-chugainn\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail &#8230;Olltoghch\u00e1n chugainn"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">Olltoghch\u00e1in na dTriochaid\u00ed !<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cleasa Polait\u00edochta<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Thug \u00e1r bpobal v\u00f3t\u00e1la aghaidh ar na bothanna v\u00f3t\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">la ar na mallaibh, le Teachta\u00ed D\u00e1la a thoghadh don Aon\u00fa D\u00e1il triochad, n\u00f3 scoradh an triochad\u00fa D\u00e1il ar L\u00e1 \u2018le Br\u00edde na bliana seo, 2011, agus socra\u00edodh L\u00e1 an Olltoghch\u00e1in don ch\u00faigi\u00fa l\u00e1 fichead de Mh\u00ed seo na bhFaoilleach, agus cuireadh in i\u00fal freisin, go dtion\u00f3lfa\u00ed an tAon\u00fa D\u00e1il Triochad, ar an nao\u00fa l\u00e1 de Mh\u00e1rta na bliana seo. D\u2019fh\u00e1g sin go mbeadh thart ar thr\u00ed sheachtain ag an lucht polait\u00edochta, le feachtais toghch\u00e1na\u00edochta a eagr\u00fa. N\u00ed call dom a r\u00e1, n\u00e1r leo ab fhaill\u00ed \u00e9, n\u00f3 taobh istigh d\u2019achar an-ghearr<\/span><span style=\"font-size:14pt\">, bh\u00ed postaeir \u00e1 gcrochadh, \u00f3r\u00e1id\u00ed \u00e1 nd\u00e9anamh, leana\u00ed \u00e1 bp\u00f3gadh, agus polasaithe \u00e1 nochtadh, sea, agus chuile chleas polait\u00edochta eile \u00e1 chleachtadh, ag polaiteoir\u00ed glice, st\u00f3insithe, le dallamull\u00f3g a chur ar v\u00f3t\u00f3ir\u00ed maola na t\u00edre seo, lena v\u00f3ta\u00ed a mhealladh uathu, ar mhaithe leis na polaiteoir\u00ed glice, st\u00f3insithe, fh\u00e9in, ach nach \u00e9 sin an cluiche at\u00e1 \u00e1 imirt ag an dream c\u00e9anna sin, le sinsearacht?<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Toghch\u00e1in sna Triochaid\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, is fada m\u00e9 fh\u00e9in ag breathn\u00fa ar chleasa na bpolaiteoir\u00ed le linn fheachtas toghch\u00e1na\u00edochta, \u00f3 thoghch\u00e1in na dtriochaid\u00ed i leith. T\u00e1 cuimhne agam f\u00f3s ar thoghch\u00e1n \u201932,  b\u00edodh nach bhfuil an chuimhne ch\u00e9anna sin r\u00f3-ghl\u00e9, n\u00f3 r\u00f3-ghlinn, faoin am seo, ach is cuimhin liom go mb\u00edodh na polaiteoir\u00ed ag tabhairt \u00f3raid\u00ed uathu taobh amuigh de Theach an Phobail ar an nGeata Mh\u00f3r, tar \u00e9is an Aifrinn, maidneacha Domhnaigh. D\u2019fhanadh an pobal ar fad, geall leis, idir \u00f3g agus aosta, ag \u00e9isteacht leis na h\u00f3r\u00e1id\u00ed. Anoi<\/span><span style=\"font-size:14pt\">s, ag an am sin, n\u00ed c\u00farsa\u00ed n\u00e1isi\u00fanta, n\u00f3 idirn\u00e1isi\u00fanta, is m\u00f3 a bh\u00edodh ag teacht idir phobal na Cille M\u00f3ire Iorrais agus codladh na ho\u00edche, n\u00edorbh ea muis! c\u00farsa\u00ed \u00e1iti\u00fala ba mh\u00f3 a bh\u00edodh ag d\u00e9anamh tinnis d\u00f3ibh, an tr\u00e1th \u00fad. Ghealladh an fear seo go nd\u00e9anfa\u00ed an Draein Mh\u00f3r a shioscadh, agus a ghlanadh, d\u00e1 dtoghfa\u00ed eisean, agus ghealladh an boc eile, go gcuirf\u00ed teara ar an mb\u00f3thar m\u00f3r idir Bh\u00e9al an Mhuirthead agus an F\u00f3d Dubh, d\u00e1 seolfa\u00ed eisean chun na D\u00e1la, agus mar sin d\u00f3ibh ina           n-\u00f3r\u00e1id\u00ed, agus ag<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> cuimhneamh siar ar na h\u00f3r\u00e1id\u00ed c\u00e9anna sin anois, n\u00ed d\u00e9arfainn go raibh siad thar mholadh beirte ach oiread, ach c\u00e9n chaoi a mbeadh, nuair nach raibh cleachtadh ar bith ag na cr\u00e9at\u00fair \u00fad ar \u00f3r\u00e1id\u00edocht, an tr\u00e1th \u00fad, agus fi\u00fa, d\u00e1 dtoghfa\u00ed iad, n\u00e1r bheag an seans go ligf\u00ed d\u00f3ibh a scileanna a chleachtadh os comhair na D\u00e1la, n\u00f3 a n-easpa scile a l\u00e9iri\u00fa os comhair an n\u00e1isi\u00fain. Agus, n\u00e1r bheag an seans go l\u00e9ifeadh an pobal c\u00e9anna sin a n-\u00f3r\u00e1id\u00ed, fi\u00fa d\u00e1 ligf\u00ed srian leo sa D\u00e1il, n\u00f3 n\u00e1r bheag duine sa phar\u00f3iste a l\u00e9if<\/span><span style=\"font-size:14pt\">eadh p\u00e1ip\u00e9ar nuachta ar bith, ag an am, taobh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">amuigh den Weekly Independent, b\u2019fh\u00e9idir. Ach sin uilig r\u00e1ite, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh gur bheag tionchar a bh\u00ed ag na h\u00f3r\u00e1id\u00ed sin go l\u00e9ir ar an bpobal s\u2019againne, n\u00f3 bh\u00ed a fhios go maith ag chuile dhuine den lucht \u00e9isteachta sin, c\u00e9 gheobhadh an \u201cstr\u00f3c\u201d uaidh, sa Bhoth V\u00f3t\u00e1la, L\u00e1 an Toghch\u00e1in. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Ba sciob sceab d\u00fainne \u00e9<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is cuimhin liom freisin, go dtagadh an corrghluaiste\u00e1n chugainn, aimsir toghch\u00e1na\u00edochta, agus bratacha agus bal\u00fain ag sileadh leo, agus anseo agus ansi\u00fad, chaitheadh fear an ghluaiste\u00e1in dorn\u00e1n billeoig\u00edn\u00ed ildaite amach tr\u00ed fhuinneog an ghluaiste\u00e1in. (N\u00ed raibh aon chaint an tr\u00e1th \u00fad ar chosair, n\u00f3 truflais, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id.) Chomh luath is a chaitheadh, thagadh p\u00e1ist\u00ed an bhaile anuas orthu, faoi mar ba sciob sceab \u00e9, agus bhail\u00edodh chuile dhuine againn, an oiread agus ab fh\u00e9idir, de na billeoig\u00edn\u00ed ilda<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ite c\u00e9anna sin, agus ritheadh muid abhaile leo, faoi mar ba bh\u00f3 a bhronn fear an ghluaiste\u00e1in orainn. Ba \u00e9 a bh\u00edodh scr\u00edofa ar an billeoig\u00edn\u00ed sin n\u00f3 gur ch\u00f3ir v\u00f3ta\u00ed a thabhairt don Ph\u00e1irt\u00ed ainmnithe. Ba nuacht againne f\u00f3gra\u00edocht d\u00e1 leith\u00e9id, agus bhail\u00edodh muid go d\u00edograiseach iad.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed thosa\u00edodh an sp\u00f3rt uilig go dt\u00ed go mb\u00edodh comhaireamh na v\u00f3ta\u00ed d\u00e9anta. Ansin a thosa\u00edodh an r\u00ed-ra, an raic, agus an ruaille buaille, n\u00f3 tharla ag an am, go mb\u00edodh bailte \u00e1irithe ag taobh\u00fa le P\u00e1irt\u00ed amh\u00e1in, agus bailte eile a<\/span><span style=\"font-size:14pt\">g taobh\u00fa leis an bP\u00e1irt\u00ed eile, agus \u00f3 tharla go mb\u00edodh P\u00e1irt\u00ed amh\u00e1in in uachtar, thagadh muintir na mbailte a thaobhaigh leis an bP\u00e1irt\u00ed sin amach ag m\u00e1irse\u00e1il, le ceol, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus le druma\u00ed, agus le tr\u00ed gh\u00e1ir mholta ar chnoc,  tr\u00ed na bailte a chaill sa choimheascair. Bh\u00ed an baol ann i gc\u00f3na\u00ed, go dtarl\u00f3dh scli\u00fachas ar \u00f3c\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id, ach b\u2019annamh a tharla\u00edodh. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">L\u00e1 faoin dtor againne!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed bh\u00edodh an oiread sin cainte i measc daoine faoi na c\u00farsa\u00ed sin uilig, ag an am, n\u00f3 is d\u00f3<\/span><span style=\"font-size:14pt\">cha go raibh chuile dhuine cinnte, roimh r\u00e9, faoi c\u00e9 gheobhad an \u201cstr\u00f3c\u201d, n\u00f3 an Uimhir a hAon uaidh. Ach, ba chuma faoi sin uilig, n\u00f3 ba l\u00e1 faoin dtor againne, scolair\u00ed, \u00e9 L\u00e1 an Toghch\u00e1in, n\u00f3 nach i dTeach na Scoile a bh\u00edodh na Bothanna V\u00f3t\u00e1la socraithe, an t-am sin, d\u00edreach faoi mar a tharlaionn go minic in a l\u00e1n \u00e1iteacha f\u00f3s. Bhuel! sin agaibh cuid de na cuimhn\u00ed ar Olltoghch\u00e1in na dTriochaid\u00ed, cuimhn\u00ed a thagann ar ais chugam anois agus m\u00e9 ag smaoineamh ar Olltoghch\u00e1n 2011, agus muid bodhraithe f\u00f3s ag luch<\/span><span style=\"font-size:14pt\">t na me\u00e1n, agus iad ar a marana faoi pholasa\u00ed an Ph\u00e1irt\u00ed seo, n\u00f3 faoi bhearta\u00edocht an Ph\u00e1irt\u00ed \u00fad eile.  An tr\u00e1th \u00fad \u00e1fach sna triochaid\u00ed, in Iorras, n\u00ed bh\u00edodh d\u00e1r mbodhradh ach na postaeir, agus na billeoig\u00edn\u00ed \u00fad, ar dhein m\u00e9 tagairt d\u00f3ibh thuas&#8230;N\u00e1r mh\u00e9anar d\u00fainn bheith beo na laethe \u00fad! <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Cur le ch\u00e9ile!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, focal amh\u00e1in eile uaim&#8230;N\u00edl ach leigheas amh\u00e1in ar \u00e1r gcruach\u00e1s anois, agus sin, \u00e9ir\u00ed as an sciollad\u00f3ireacht feasta, agus cur le ch\u00e9ile.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Olltoghch\u00e1in na dTriochaid\u00ed ! . Peadar Bair\u00e9ad . Cleasa Polait\u00edochta Thug \u00e1r bpobal v\u00f3t\u00e1la aghaidh ar na bothanna v\u00f3t\u00e1la ar na mallaibh, le Teachta\u00ed D\u00e1la a thoghadh don Aon\u00fa D\u00e1il triochad, n\u00f3 scoradh an triochad\u00fa D\u00e1il ar L\u00e1 \u2018le Br\u00edde na bliana seo, 2011, agus socra\u00edodh L\u00e1 an Olltoghch\u00e1in don ch\u00faigi\u00fa l\u00e1 fichead de Mh\u00ed [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12627","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12627","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12627"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12627\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12628,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12627\/revisions\/12628"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12627"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12627"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12627"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}