{"id":12645,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12645"},"modified":"2024-04-08T01:14:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:27","slug":"i-mbeal-an-phobail-black-abbey-and-friary","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-black-abbey-and-friary\/","title":{"rendered":"I  mBeal  an  Phobail Black abbey and Friary"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">dosheachanta<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, unavoidable<\/span><span style=\"font-size:12pt\">;  corruair<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, occasionally;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">saol \u00e1bhartha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, material world;   <\/span><span style=\"font-size:12pt\">n\u00ed beo d\u00f3<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, it\u2019s not alive;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">adhmad a bhaint as sc\u00e9al<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, to make sense of it;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">d\u2019fheac a ngl\u00fana<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, genuflected;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cianta<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, ages;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">f\u00edonghort<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, vineyard; <\/span><span style=\"font-size:12pt\">comhluadar<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, community;<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">A  Changing  World<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span>.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">B\u00edodh go bhfuil a fhios agam, go bhfuil athruithe \u00e1irithe dosheachanta, ag an am gc\u00e9anna, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00edm leo, corruair. Athra\u00edonn rialtais, p\u00e1irtithe polait\u00edochta, impireachta\u00ed, ceannair\u00ed, agus modhanna coga\u00edochta, ach t\u00e1\u2019s ag an saol, go mbaineann na hathruithe uilig sin leis an saol \u00e1bhartha, saol a bh\u00edonn ag s\u00edor-athr\u00fa, agus \u00e1it a gcialla\u00edonn athr\u00fa beatha, ach nach sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 leis an saol spioradalta? N\u00ed bh\u00edmid ag s\u00fail le hathruith<\/span><span style=\"font-size:12pt\">e sa saol sin, ach i nd\u00e1ir\u00edre, nach iad an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile iad? Agus sa r\u00e9imse sin freisin, nach ionann athruithe agus beatha, n\u00f3 an rud nach n-athra\u00edonn n\u00ed beo d\u00f3. B\u2019in cuid de na smaointe a rith liom, agus m\u00e9 ag iarraidh adhmad eic\u00ednt a bhaint as an sc\u00e9al a bh\u00ed sa  Kilkenny People , d\u00e1r d\u00e1ta, an 15\u00fa de Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana seo, 2005.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">What story?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">C\u00e9n sc\u00e9al \u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">An sc\u00e9al le Sean Keane faoi thodhcha\u00ed an Black Abbey, agus an Friary, anseo i gCathair Chill Chainnigh. T\u00e1thar den tuairim anois, go bhfuil baol ann, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin, fi\u00fa, go gcaithfidh na hOird sin c\u00fal\u00fa \u00f3n gcathair s\u2019againne, gan aon r\u00f3-achar, n\u00f3 n\u00edl d\u00f3thain baill acu leis na Manistreacha sin a choinne\u00e1il sa tsi\u00fal, go fadt\u00e9armach. Bh\u00ed s\u00e9 \u00e9asca go maith dul chun cainte liomsa, tar \u00e9is dom na sc\u00e9alta c\u00e9anna sin a l\u00e9amh, n\u00f3 chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, is chuid d\u00edlis de shaol <\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u00e1bhartha agus de shaol spiorad\u00e1lta na Cathrach \u00c1ille seo iad araon. Nach deacair an chathair seo a shamhl\u00fa gan na seoda luachmhara sin bheith ag spr\u00e9acharnach go gl\u00e9, geal, soilseach, ina cor\u00f3in? Agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar na gl\u00fanta ar fad Cainneach, a d\u2019fheac a ngl\u00fana, agus a d\u2019adhair a nDia, i S\u00e9ip\u00e9il na Mainistreacha c\u00e9anna sin, thar na cianta, tuigeann t\u00fa ansin, m\u00e9ad agus me\u00e1chan an chinnidh sin.  Sea, mh\u2019anam, n\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a th\u00e1inig na hOird sin chun na Cathrach \u00c1ille seo, le saothr\u00fa i bhF\u00edongho<\/span><span style=\"font-size:12pt\">rt an Tiarna anseo i bPr\u00edomhchathair Osra\u00ed. Ach caithimis s\u00fail siar i dtosach, sula nd\u00e9anfaimid iarracht ar bith ar an d\u00e1 sh\u00fail a chaitheamh romhainn. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">363 years<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Th\u00e1inig na Caipis\u00ednigh go Cill Chainnigh, a ch\u00e9aduair, sa bhliain 1642, sin tr\u00ed ch\u00e9ad seasca is tr\u00ed bliana \u00f3 shoin anois, sea, agus nach ioma\u00ed sin duine ar dhein siad freastal orthu i rith na tr\u00e9imhse fada sin?  Bh\u00ed meas ag daoine orthu \u00f3 th\u00fas, n\u00f3 d\u2019fhan na Caipis\u00ednigh c\u00f3ngarach don chosmhuintir, chuile l\u00e1 riamh, agus b\u00edodh go raibh an saol crua go maith acu ar theacht go Cill Chainnigh i dtosach d\u00f3ibh, n\u00edor chrua an saol sin n\u00e1 saol na cosmhuintire fh\u00e9in ar dhein siad freastal orthu. Faoi dheireadh an sea<\/span><span style=\"font-size:12pt\">cht\u00fa haois d\u00e9ag \u00e1fach, n\u00f3 go luath san ocht\u00fa haois d\u00e9ag, bh\u00ed ar a gcumas teacht chun c\u00f3naithe mar a bhfuil a Mainistir suite sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, \u00e1it a raibh deis acu an uair \u00fad  \u201cAlms House\u201d a reacht\u00e1il.  Ar ball, tharraing baill \u00e1irithe c\u00e1il ar Chomhluadar na gCaipis\u00edneach i gCill Chainnigh, n\u00f3 chaith an tAthair Maiti\u00fa fh\u00e9in, seal ag saothr\u00fa sa bhFriary. T\u00f3gadh an s\u00e9ip\u00e9al \u00e1lainn at\u00e1 acu sa bhFriary anois, sa bhliain 1848, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed call dom cur i gcuimhne don l\u00e9itheoir, gur chaith an tAthair Alb<\/span><span style=\"font-size:12pt\">ert Bibby seal anseo freisin, an fear \u00fad a bhain c\u00e1il amach d\u00f3 fh\u00e9in le linn \u00c9ir\u00ed Amach na C\u00e1sca 1916, agus fear a seoladh amach go Calif\u00f3irnia ar ball, \u00e1it ar cuireadh i gceannas ar  Mhisean Santa Ynez \u00e9, sa bhliain 1924, ach ar an drochuair, fuair an fear bocht b\u00e1s ansin, sa bliain 1925. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach t\u00e1 na laethe sin uilig thart anois, agus caithfidh Br\u00e1ithre an lae inniu socr\u00fa a dh\u00e9anamh, sna blianta at\u00e1 romhainn amach, c\u00e9 acu a fhanfaidh siad anseo i gCill Chainnigh, n\u00f3 an mbeidh orthu a seolta a ard\u00fa, agus bog<\/span><span style=\"font-size:12pt\">adh leo amach as d\u00faiche Osra\u00ed. N\u00edl dabht ar domhan, ach go moth\u00f3dh muid uainn iad, d\u00e1 n-imeodh siad. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">The Black Abbey<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach c\u00e9ard faoin Ord eile a luaitear san alt sp\u00e9isi\u00fail thuasluaite?  C\u00e9ard faoi chomhluadar Doiminiceach an Bhlack Abbey?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Is \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna acusan \u00e9, is d\u00f3cha, toisc go bhfuil titim mh\u00f3<\/span><span style=\"font-size:12pt\">r tagtha ar uimhir na mball den Ord i gcomhluadar na Mainistreach sin. Agus ar\u00eds nach \u00e9 an feall go deo \u00e9, go bhfuil an baol ann go nd\u00fanfa\u00ed an Mhainistir ch\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Agus an bhfuil an tOrd sin i bhfad ag freastal ar phobal Chill Chainnigh, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Abair \u00e9, a mhac! n\u00f3 ba e William Marshall the Younger fh\u00e9in, a bhunaigh an Mhainistir seo do na Doiminicigh, ar bhruach abhann na Br\u00e9aga\u00ed, sa bhliain 1225!  Smaoinigh air, go bhfuil na \u201cDominican Friars\u201d ina gc\u00f3na\u00ed i measc na gCainneach, le tarraingt ar ocht gc\u00e9ad bliain anois! Cuireadh an Mhainistir faoi chois, sa bhliain 1543. Baineadh \u00fas\u00e1id aisti mar Theach C\u00fairte ar feadh tr\u00e9imhse fada, agus ansin, teacht deireadh an ocht\u00fa haois d\u00e9ag, deineadh a s\u00e9ip\u00e9al a athch\u00f3iri\u00fa, ach n\u00edor baineadh \u00fas\u00e1id aisti mar t<\/span><span style=\"font-size:12pt\">heach pobail, go dt\u00ed l\u00e1r an nao\u00fa haois d\u00e9ag. Anois, n\u00ed d\u00f3igh go bhfuil baol ar bith ann go nd\u00fanfa\u00ed an s\u00e9ip\u00e9al gleoite sin, fi\u00fa d\u00e1 nd\u00fanfa\u00ed an mhainistir fh\u00e9in, agus cinnte, s\u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9, i gc\u00e1s S\u00e9ip\u00e9al an Friary. Ach nach deacair saol caitliceach na Cathrach \u00c1ille seo a shamhl\u00fa fi\u00fa, gan na hOird sin a bheith ag paidreoireacht anseo in \u00e1r measc. Deireadh R\u00e9 a bheadh ann d\u00fainne uilig, gan aon ag\u00f3.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Think of the future<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach, mura bhfuil an dara rogha ag na hOird sin, na Caipis\u00ednigh agus na Doiminicigh, ach c\u00fal\u00fa \u00f3 Chill Chainnigh, amach anseo, nach bhfuil s\u00e9 in am ag Cr\u00edostaithe na Deoise seo, i gcomhar le h\u00fadar\u00e1is na nOrd sin, smaoineamh ar thodhcha\u00ed na mainistreacha \u00fad, anseo cois Feoire, tar \u00e9is ar fulaing\u00edodh ina dt\u00f3g\u00e1il, ina reacht\u00e1il, agus ina n-athch\u00f3iri\u00fa, thar na cianta, n\u00e1r ch\u00f3ir go mbeadh lean\u00fanachas eic\u00ednt ina       n-ionad, agus ina gcusp\u00f3ir, i bhf\u00edonghort an Tiarna. Bhuel, sin mo chuidse den sc\u00e9al agaibh anois<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, agus n\u00edl le d\u00e9anamh agam anois ach rath D\u00e9 a ghu\u00ed ar na hOird ch\u00e9anna sin, anois, agus sa todhcha\u00ed, freisin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">PS.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Mar aguis\u00edn leis an sc\u00e9al seo, chuir m\u00e9 glaoch telef\u00f3in ar an d\u00e1 institi\u00fad thuasluaite, agus d\u2019fhiafraigh m\u00e9 an raibh beartaithe acu an chathair seo a thr\u00e9igint? D\u00faradh liom nach raibh siad fi\u00fa ag smaoineamh ar thada d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, ach b\u00edodh sin f\u00edor n\u00f3 n\u00e1 b\u00edodh, nach deacair a dh\u00e9anamh amach c\u00e9ard a tharl\u00f3idh sa todhcha\u00ed, agus fi\u00fa, nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, nach beag tionchar at\u00e1 againne ar na cinnidh a th\u00f3gfar sna blianta ata r\u00f3mhainn amach, ach nach bhfuil ar mbu\u00edochas uilig tuillte ag Sean Ke<\/span><span style=\"font-size:12pt\">ane as an \u00e1bhar seo a fhiosr\u00fa agus a chur i mb\u00e9al an phobail.  <\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>dosheachanta, unavoidable; corruair, occasionally; saol \u00e1bhartha, material world; n\u00ed beo d\u00f3, it\u2019s not alive; adhmad a bhaint as sc\u00e9al, to make sense of it; d\u2019fheac a ngl\u00fana, genuflected; cianta, ages; f\u00edonghort, vineyard; comhluadar, community; . A Changing World Peadar Bair\u00e9ad. B\u00edodh go bhfuil a fhios agam, go bhfuil athruithe \u00e1irithe dosheachanta, ag an am gc\u00e9anna, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12645","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12645","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12645"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12645\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12646,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12645\/revisions\/12646"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12645"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12645"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12645"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}