{"id":12665,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12665"},"modified":"2024-04-08T01:17:08","modified_gmt":"2024-04-08T01:17:08","slug":"i-mbeal-an-phobail-ford-county","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-ford-county\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Ford County"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:22pt\">Grisham chugainn ar\u00eds<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:18pt\">Ford County&#8230;&#8230;.c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;.2009<\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:18pt\">By<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:18pt\">John Grisham&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u00a312.99<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">D\u00edolaim gearrsc\u00e9alta at\u00e1 i leabhar seo an Ghrishamaigh, n\u00f3 go dt\u00ed seo,      b\u2019\u00farsc\u00e9alta, den chuid is m\u00f3, a leag s\u00e9 os \u00e1r gcomhair amach, \u00farsc\u00e9al is fiche acu, agus leabhar amh\u00e1in eile, bunaithe ar an bhf\u00edrinne, s\u00e9 sin \u201c The Innocent Man\u201d. N\u00edl a fhios agam, c\u00e9n f\u00e1th ar athraigh s\u00e9 c\u00farsa\u00ed anois, ach t\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go mb\u2019fh\u00e9idir go raibh s\u00e9 me\u00e1ite i dtosach ar \u00farsc\u00e9alta a dh\u00e9anamh d\u00edobh seo, ach ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, gur theip ar na sc\u00e9alta sin forbairt agus f\u00e1s a dh\u00e9anamh d\u00f3, faoi mar a tharla\u00edodh i gc\u00e1s na n-\u00farsc\u00e9alta eile a shil \u00f3na pheann, agus \u00f3 tharla go raibh siad r\u00f3-mhaith le caitheamh i dtraipis\u00ed, mar sin, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh aige ach iad a athscr\u00edobh mar ghearrsc\u00e9alta. Bhuel, b\u00edodh sin f\u00edor br\u00e9agach, n\u00edl dabht ar domhan ach gur \u00e9irigh leis an \u00fadar sraith gearrsc\u00e9alta den scoth a leagan os \u00e1r gcomhair amach. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach go r\u00f3-mhinic a l\u00e9im fh\u00e9in d\u00edolaim gearrsc\u00e9alta, ach shocraigh m\u00e9 ar an nd\u00edolaim seo a l\u00e9amh toisc gurbh \u00e9 John Grisham a chuir i dtoll a ch\u00e9ile iad, agus n\u00ed raibh a chath\u00fa orm, n\u00f3 is f\u00e9idir liom a r\u00e1 anois, gur bhain m\u00e9 taitneamh, s\u00e1samh, agus tairbhe n\u00e1r bheag, as l\u00e9amh na sc\u00e9alta c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">S\u00e9 cinn de ghearrsc\u00e9alta bre\u00e1tha<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach n\u00e1r ch\u00f3ir dom tagairt a dh\u00e9anamh do na gearrsc\u00e9alta fh\u00e9in?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Bhuel! Seacht gcinn de sc\u00e9alta dea-scr\u00edofa at\u00e1 idir chl\u00fadaigh an leabhair seo, agus geallaimse dhuit \u00e9, go bhfuil s\u00e9 deacair ceann ar bith acu a chur uait, go dt\u00ed go mb\u00edonn an deoir dheiridh den sc\u00e9al di\u00fagtha agat. Imr\u00edonn an t-\u00fadar an dra\u00edocht ch\u00e9anna ar a l\u00e9itheoir leis na gearrsc\u00e9alta seo is a imr\u00edonn s\u00e9 orthu lena \u00farsc\u00e9alta m\u00f3r-r\u00e1chairte.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">F\u00e9ach ar an gc\u00e9ad sc\u00e9al acu, <strong>\u201cBlood Drive\u201d<\/strong>. Gorta\u00edodh Bailey i gcathair Memphis, \u00e1it a raibh s\u00e9 ag obair ar an mbuild\u00e1il, agus scaipeadh an sc\u00e9al sa mbaile tuaite, Boxhill, mar a raibh c\u00f3na\u00ed ar a mh\u00e1thair, arbh othar \u00ed ag an am. Scaip an sc\u00e9al, agus munar cuireadh leis, b\u00ed cinnte n\u00e1r baineadh uaidh, go dt\u00ed, sa deireadh, go raibh sc\u00e9al chailleach an uaf\u00e1is d\u00e9anta acu de. Ar deireadh thiar, thug tr\u00fair acu aghaidh ar an ospid\u00e9al \u00fad i Memphis, go bhfeicfid\u00eds c\u00e9n bhail a bh\u00ed ar Bailey bocht, agus \u00e9 de chusp\u00f3ir acu a gcuid fola a chur ar f\u00e1il d\u00f3, d\u00e1 mbeadh s\u00e9 ina g\u00e1tar. Bhuel, is deacair a chreidi\u00faint go mbainfeadh an oiread sin eachtra\u00ed, timpist\u00ed, agus m\u00ed-fhort\u00fan, d\u00f3ibh, i rith an aistir sin, agus breathnaigh freisin, ar an toradh a bh\u00ed ar a gcuairt. Ach f\u00e1gfaidh m\u00e9 an pl\u00e9isi\u00far sin agat fh\u00e9in, agus gan le d\u00e9anamh agat, lena bhlaiseadh, ach an leabhar seo a fh\u00e1il agus a l\u00e9amh!!!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Ar  \u201cDeath  Row\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">\u201c<strong>Fetching Raymond<\/strong>\u201d a bhaist an t-\u00fadar ar an dara sc\u00e9al. Raymond Graney, at\u00e1 i gceist aige anseo. Duine ab ea Raymond ar chuma leis faoi dhlithe a th\u00edre, agus d\u00e1 bharr sin, ba mhinic \u00e9 ina aoi ag an St\u00e1t, \u00f3 laethe a \u00f3ige i leith, ach ar deireadh thiar, mharaigh s\u00e9 p\u00f3il\u00ed, agus d\u00e1 bharr sin, daoradh chun a bh\u00e1is \u00e9 i bpr\u00edos\u00fan Parchman. Cuireadh siar l\u00e1 an l\u00e9in, chomh fada agus d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed sin a dh\u00e9anamh, agus bh\u00ed Raymond ag cur in i\u00fal d\u00e1 mhuintir sa bhaile, i gClanton, i Ford County, go bhfaigheadh s\u00e9 an l\u00e1mh in uachtar ar an dl\u00ed f\u00f3s. Ach ar deireadh thiar, tuigeadh d\u00e1 muintir, d\u00e1 mh\u00e1thair agus d\u00e1 dhearth\u00e1ireacha Butch agus Leon, go raibh a chaisc\u00edn geall le bheith meilte, agus bhuaileadar b\u00f3thar go Priosun Parchman, le bheith i  l\u00e1thair, nuair a sheolfadh an St\u00e1t ar a bhealach chun na s\u00edora\u00edochta \u00e9<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Chaith Raymond seal fada ag insint d\u00e1 mhuintir, go raibh chuile sheans go n-\u00e9al\u00f3dh s\u00e9 \u00f3 chr\u00faba an St\u00e1it, n\u00f3 d\u00e1r leis, go raibh foireann dl\u00edod\u00f3ir\u00ed ag saothr\u00fa d\u00f3, agus bh\u00e9arfaid\u00eds si\u00fad bua, i ndeireadh na d\u00e1la. F\u00e9ach mar a labhair s\u00e9 lena mhuintir, nuair a shroich siad Parchman, agus nuair a ligeadh isteach iad i seomra na gcuairteoir\u00ed, sa Phr\u00edos\u00fan \u00fad&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u201cWe got these sumbitches on the run,\u201d he said, still smiling, the picture of confidence. \u201cMy lawyers are filin\u2019 a truckload of habeas corpus petitions as we speak, and they \u2019re quite certain the US Supreme Court will grant certiorari within the hour.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Cur i gC\u00e9ill<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed raibh, \u00e1fach, sa chaint sin uilig, ach cur i gc\u00e9ill, agus \u00e1ibh\u00e9il, agus ba ghearr ina dhiaidh sin, go raibh air a admh\u00e1il d\u00f3ibh, nach raibh aige ach dl\u00edod\u00f3ir bocht amh\u00e1in, agus dl\u00edod\u00f3ir, nach raibh \u00e1balta tada a dh\u00e9anamh le cumhacht an St\u00e1it a stopadh, agus thug Raymond bata agus b\u00f3thar don dl\u00edod\u00f3ir f\u00e1nach c\u00e9anna sin freisin. Bh\u00ed l\u00e1, agus uair, a bh\u00e1is, leagtha amach faoin am sin, agus in am tr\u00e1th,  bh\u00ed chuile sh\u00f3rt r\u00e9idh, le cr\u00edoch a chur lena r\u00e9. Th\u00e1inig Aturnae ar an bhf\u00f3d, agus l\u00e9igh s\u00e9 an f\u00f3gra oifigi\u00fail&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u201cPursuant to a verdict of guilty and a sentence of death returned against you in the Circuit Court of Ford County, you are hereby sentenced to death by lethal gas in the gas chamber of the Mississippi State Penitentiary at Parchman. May God have mercy on your soul\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">B\u2019in iad na focail a l\u00e9igh an tAturnae d\u00edreach sular sheol siad \u00e9 i dtreo Sheomra an Gh\u00e1is i bpr\u00edos\u00fan Parchman. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">F\u00e1gfaidh m\u00e9 an chuid eile den sc\u00e9al f\u00fat fh\u00e9in. Caithfidh t\u00fa an sc\u00e9al a l\u00e9amh, le f\u00e1il amach, ar cuireadh Breith na C\u00fairte i gcr\u00edch, agus c\u00e9n chr\u00edoch a chuir an t-\u00fadar leis an sc\u00e9al.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Tuilleadh f\u00f3s le l\u00e9amh<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil sc\u00e9alta eile sa leabhar seo, c\u00faig cinn acu, sc\u00e9alta den scoth, agus sc\u00e9alta a imreoidh a ndra\u00edocht fh\u00e9in ort, agus a chuirfidh faoi gheasa th\u00fa, lena leagan amach, lena gcur chuige, agus lena st\u00edl mhealltach, corraitheach. Sea, agus chuile sc\u00e9al acu n\u00edos fearr n\u00e1 a ch\u00e9ile.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bhain m\u00e9 an-taitneamh as an nd\u00edolaim gearrsc\u00e9alta seo.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Grisham chugainn ar\u00eds . Ford County&#8230;&#8230;.c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;.2009 By John Grisham&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u00a312.99 D\u00edolaim gearrsc\u00e9alta at\u00e1 i leabhar seo an Ghrishamaigh, n\u00f3 go dt\u00ed seo, b\u2019\u00farsc\u00e9alta, den chuid is m\u00f3, a leag s\u00e9 os \u00e1r gcomhair amach, \u00farsc\u00e9al is fiche acu, agus leabhar amh\u00e1in eile, bunaithe ar an bhf\u00edrinne, s\u00e9 sin \u201c The Innocent Man\u201d. N\u00edl a fhios agam, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12665","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12665","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12665"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12665\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12666,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12665\/revisions\/12666"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12665"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12665"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12665"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}