{"id":12699,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12699"},"modified":"2024-04-08T01:25:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:43","slug":"i-mbeal-an-phobail-ruin-athbhliana","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-ruin-athbhliana\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Ruin athbhliana"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">R\u00fain athbhliana<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">T\u00e1 an tr\u00e1th sin bliana tagtha ar\u00eds! Na Gearr\u00f3ga dubha curtha d\u00ednn againn, agus muid ag druidim linn go c\u00faramach i dtreo na F\u00e9ile Br\u00edde. Seo an      t-am le r\u00fain athbhliana a dh\u00e9anamh. Seo an t-am le seolta a ard\u00fa ar\u00eds, le d\u00fashl\u00e1n na mara m\u00f3ire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tr\u00e1th den bhliain le soithigh \u00e1r mbeatha a n\u00ed is a sc\u00f3ladh, le bainne \u00far milis na beatha a scaoileadh isteach iontu, ar eagla a mhillte. Sea, gan dabht ar domhan, seo an tr\u00e1th le cla\u00edocha bearnaithe na beatha a dheisi\u00fa, agus le gortghlanadh \u00e9ifeachtach a dh\u00e9anamh ar fhiaile shantach, bharrphl\u00fachtach \u00e1r laethe. Seo an tr\u00e1th den bhliain, nuair a dh\u00edr\u00edm fh\u00e9in ar alt a scr\u00edobh faoin \u00e1bhar thuasluaite.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">A Thriochad\u00fa breithl\u00e1<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bliain faoi leith domsa isea bliain seo \u00e1r dTiarna, 2009, n\u00f3 triocha bliain \u00f3 shoin go d\u00edreach, sea a thosaigh m\u00e9 ar an gc\u00e9ad alt den Chol\u00fan seo, <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\"> a scr\u00edobh. Is maith is cuimhin liom an \u00f3c\u00e1id, n\u00f3 b\u2019in \u00ed bliain an Ph\u00e1pa, an bliain 1979, nuair a cuireadh t\u00fas leis an gCol\u00fan seo. Tharla cupla uair, san idirlinn, gur cheap m\u00e9 fh\u00e9in go gcuirf\u00ed deireadh leis an gCol\u00fan c\u00e9anna sin, ach, ar ch\u00fais amh\u00e1in, n\u00f3 ar ch\u00fais eile, th\u00e1inig s\u00e9 sl\u00e1n, agus beidh s\u00e9 ag ceili\u00faradh a triochad\u00fa breithl\u00e1, am eic\u00ednt, amach anseo, ag deireadh na bliana seo. B\u00ed cinnte <\/span><span style=\"font-size:14pt\">go gcuirfidh m\u00e9 an \u00f3c\u00e1id sin i gcuimhne dhaoibh, ag an am ceart, ach ar eagla na heagla, b\u00edg\u00ed ag<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> faire amach don \u00f3c\u00e1id, sibh fh\u00e9in.  Is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir dom tagairt a dh\u00e9anamh do rud amh\u00e1in eile anseo freisin, agus sin, go dtarla\u00edonn s\u00e9 corruair, nach mb\u00edonn f\u00e1il ar an gcol\u00fan seo, in eagr\u00e1n, n\u00f3 dh\u00f3, den Kilkenny People, agus ar \u00f3c\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id, b\u2019fh\u00e9idir go gceapfadh duine go raibh deireadh leis an gcol\u00fan feasta! Bhuel, <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">beag an baol<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">! N\u00ed bh\u00edonn i gceist ach nach mb\u00edonn sp\u00e1s le f\u00e1il don chol\u00fan, san eagr\u00e1n, n\u00f3 sna heagr\u00e1in, \u00e1irithe sin. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach le filleadh ar na r\u00fain athbhliana sin\u2026\u2026\u2026..<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Deireadh leis an Mustar!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Tugann an bhliain \u00e1irithe seo deis faoi leith d\u00fainn breathn\u00fa athuair ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil s\u2019againne. Is d\u00f3cha go dtuigtear do chuile mhac a\u2019 pheata againn anois, go bhfuil deireadh leis an mustar! n\u00f3 bhailigh an T\u00edogar Ceilteach a chip is a mheanaithe leis anuraidh, agus thug Cr\u00edocha Coimhth\u00edocha Grianmhara Dofh\u00e1la air fh\u00e9in, agus caithfidh muidinne tuiscint athuair, nach bhfuil Cathair bhuan ar bith againn ar an saol seo, agus nach bhfuil buaine ar bith ag baint le saol, le saibhreas, n\u00f3 le gradam. Bliain<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> \u00f3 shoin, bh\u00edomar uilig ar dhroim na muice, agus f\u00e9ach orainn anois! N\u00e1r thapaidh a leagadh sa mhoirt sinn? T\u00e1 laethe anr\u00f3iteacha romhainn amach, laethe an anr\u00f3, agus an chruatain, nuair a bheidh d\u00edfhosta\u00edocht forleathan go maith, in\u00e1r measc ar\u00eds, agus nuair a bheidh ganntanas airgid ag cur as do roinnt mhaith daoine. Ach, faoi mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, \u201can rud is measa le duine na a bh\u00e1s, b\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 l\u00e1r a leasa <\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e9,\u201d agus b\u2019fh\u00e9idir gurbh acusan a bh\u00ed an chiall, n\u00f3 n\u00ed tagann olc i dt\u00edr nach fear<\/span><span style=\"font-size:14pt\">rde duine eic\u00ednt \u00e9! agus mar sin, is \u00e9 is l\u00fa is gann d\u00fainn a dh\u00e9anamh, n\u00f3 leas a bhaint as an anachain.  Sea, ach conas is f\u00e9idir le duine a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh? Bhail! caithfidh s\u00e9 dul ar a mharana agus leas a bhaint as na coinn\u00edollacha nua beatha a scaoiltear chuige. caithfidh muid breathn\u00fa ar na bot\u00fain a rinneamar, agus at\u00e1 \u00e1 nd\u00e9anamh f\u00f3s againn, agus f\u00e1il r\u00e9idh leo feasta. N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh airgead agus am \u00e1 gcaitheamh go diomailteach againn, in \u00e1it iad a dh\u00edri\u00fa ar an ngad ba ghiorra don<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> scornach. Bhail! feasta, is f\u00e9idir linn ceachtanna a fhoghlaim \u00f3 na dearmaid a rinneamar le linn laethe na fl\u00fairse, nuair a bh\u00ed saol na bhfu\u00edoll \u00e1 chaitheamh, ag \u00edseal is ag uasal. Caithfidh muid c\u00fabadh chugainn feasta, agus deireadh a chur le diomailt, le f\u00e1bhra\u00edocht, agus leis an teanga liom leat. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Athbhreithni\u00fa<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Tabharfaidh na laethe seo deis d\u00fainn freisin, f\u00e9achaint ar na beala\u00ed \u00e9ags\u00fala a \u00fas\u00e1idtear in\u00e1r measc, le p\u00e1, teacht isteach, agus tuarastal, a mheas, agus a shocr\u00fa, sea, agus n\u00e1r ch\u00f3ir breathn\u00fa freisin ar na li\u00fantais \u00e9ags\u00fala, a \u00edoctar le hoibrithe \u00e1irithe, n\u00f3 nach li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in a leitheid, gur fi\u00fa m\u00f3r\u00e1n d\u2019oibr\u00ed ar bith iad, b\u00edodh s\u00e9 ina dhocht\u00fair, ina theachta d\u00e1la, n\u00f3 ina iascaire. N\u00e1r ch\u00f3ir, ag an am \u00e1irithe seo freisin, breathn\u00fa ar\u00eds ar na pinsin a \u00edoctar do dhreamanna \u00e1irithe sa St\u00e1t s\u2019againne, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan, ach go n-\u00e9ir\u00edonn le dreamanna \u00e1irithe an c\u00f3ras \u00fad a chr\u00fa, ar mhaithe leo fh\u00e9in. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo dh\u00f3thain r\u00e1ite agam, don bhabhta seo, agus gur leor \u00e9, le daoine a chur ag cur is c\u00faiteamh faoi na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin. M\u00e1 d\u2019\u00e9irigh liom sin a dh\u00e9anamh, beidh m\u00e9 bre\u00e1 s\u00e1sta liom fh\u00e9in. Agus fillfidh m\u00e9, amach anseo, ar ch\u00farsa\u00ed coirpeachta, agus ar na beala\u00ed is fearr le deighle\u00e1il leo.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad R\u00fain athbhliana T\u00e1 an tr\u00e1th sin bliana tagtha ar\u00eds! Na Gearr\u00f3ga dubha curtha d\u00ednn againn, agus muid ag druidim linn go c\u00faramach i dtreo na F\u00e9ile Br\u00edde. Seo an t-am le r\u00fain athbhliana a dh\u00e9anamh. Seo an t-am le seolta a ard\u00fa ar\u00eds, le d\u00fashl\u00e1n na mara m\u00f3ire moingscaoilte [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12699","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12699","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12699"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12699\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12700,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12699\/revisions\/12700"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12699"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12699"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12699"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}