{"id":12717,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12717"},"modified":"2024-04-08T01:28:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:28:00","slug":"i-mbeal-an-phobail-smaointe-athbhliana","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-smaointe-athbhliana\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Smaointe athbhliana"},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:22pt\">Smaointe Athbhliana<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Im Naomh ar thalamh!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh anois, go bhfuil s\u00e9 thar am agamsa \u00e9ir\u00ed as na r\u00fain athbhliana, n\u00f3 le f\u00edrinne, d\u00e1 mbeadh maitheas ar bith iontu domsa, bheinn im naomh ar thalamh, faoin am seo! T\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir, mar sin, gur bheag tionchar a bh\u00ed ag na r\u00fain athbhliana ch\u00e9anna sin ormsa, i rith mo shaoil. Ach, b\u00edodh sin mar at\u00e1, n\u00edl dabht ar domhan, ach go mbuaileann fonn chuile dhuine, an tr\u00e1th seo bliana, seal a chaitheamh ag dul siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe. N\u2019fheadar c\u00e9n f\u00e1th? Ach is d\u00f3cha go bhfeictear d\u00fainn, go bhfuil muid ag t\u00fas bliana nua, agus nach bhfuil s\u00e9 n\u00e1d\u00fartha go maith, breathn\u00fa siar ar na blianta at\u00e1 caite againn cheana, f\u00e9achaint an bhfuil ceacht ar bith le foghlaim againn, \u00f3n chaoi ar \u00e9irigh linn, i rith na mblianta c\u00e9anna sin?<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Saol Athraithe<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ceann de na ruda\u00ed is m\u00f3 a chuireann ionadh orm fh\u00e9in, n\u00f3 na hathruithe ar fad at\u00e1 tagtha ar an saol, \u00f3n tr\u00e1th ar saola\u00edodh m\u00e9 fh\u00e9in. Athruithe, adeir t\u00fa! Nach bhfuil an saol ar fad iompaithe bun os cionn \u00f3n tr\u00e1th \u00fad. Breathnaigh ar chleachtadh an Chreidimh i measc an phobail. Nuair a bh\u00ed mise i mo ghas\u00far, th\u00e9adh chuile dhuine ar an mbaile ar Aifreann, chuile Dhomhnach, ach amh\u00e1in <\/span><span style=\"font-size:14pt\">an t\u00e9 a d\u2019fhanadh sa bhaile i mbun na ruda\u00ed beaga, n\u00f3 n\u00ed th\u00f3gta\u00ed an daoine beaga chun an ts\u00e9ip\u00e9il, an tr\u00e1th \u00fad, go dt\u00ed go mbeadh siad fadcheannach go leor le fanacht bre\u00e1 ci\u00fain, le linn an tsearmanais. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">S\u00edoch\u00e1in<\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019annamh freisin a tharla\u00edodh troid n\u00f3 scli\u00fachas i measc comharsan, an tr\u00e1th \u00fad. N\u00edl dabht ar bith ach go dtarla\u00edodh easaontas, corruair, n\u00f3 n\u00edor naoimh ar thalamh iad na daoine a mhair an t-am sin, ach fi\u00fa, nuair a tharla\u00edodh a leith\u00e9id, troid a bh\u00edodh i gceist acu de ghn\u00e1th, agus n\u00ed leadradh n\u00f3 mug\u00e1il, n\u00f3 ionsa\u00ed gan ch\u00fais, a bh\u00edodh i gceist acu, n\u00edorbh ea muis, drochfhuil, d\u00edoltas, n\u00f3 mioscais de chine\u00e1l eic\u00ednt a bh\u00edodh taobh thiar de na troideanna c\u00e9anna sin, bun\u00fas an ama. N\u00ed bh\u00edonn c\u00fais ar bith ag teas<\/span><span style=\"font-size:14pt\">t\u00e1il na laethe seo, le tabhairt faoi dhuine eile agus \u00e9 a leadradh agus a leonadh! Sea, agus b\u2019annamh a d\u2019fheicfe\u00e1 buille fill \u00e1 bhualadh ag duine, an t-am sin.<\/span> <\/h2><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Na Me\u00e1in Chumars\u00e1ide<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Rud eile at\u00e1 athraithe go m\u00f3r isea na nuacht\u00e1in a leagtar os comhair daoine, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann! Anois, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, ba bheag nuacht\u00e1n a bh\u00ed \u00e1 fhoilsi\u00fa sa t\u00edr s\u2019againne, an tr\u00e1th sin, agus b\u00edodh nach raibh orthu ach pingin, n\u00f3 leathphingin fi\u00fa, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00edodh ganntanas airgid ag cur as don chosmhuintir, ach go h\u00e1irithe, agus n\u00ed chaitheadh daoine pingneacha uathu go f\u00e1nach, an t-am sin. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9. Na nuacht\u00e1in a bh\u00edodh ar d\u00edol, ba bheag rud i bhfoirm scanaill a bh\u00edodh le l\u00e9amh iontu, agus c\u00farsa\u00ed picti\u00far, bhuel! n\u00ed raibh seans d\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> laghad go mbeadh stuaire ina peilt le feice\u00e1il agat ar leathanach a tr\u00ed! murab ionann is an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann! Diabhal picti\u00far d\u00e1 leith\u00e9id a d\u2019fheicfe\u00e1 ar nuacht\u00e1n an tr\u00e1th \u00fad, d\u00e1 dtitfeadh an d\u00e1 sh\u00fail as do cheann amach, mura bhfaighfe\u00e1 spl\u00e9achadh ar phicti\u00far d\u00e1 leith\u00e9id, \u00e1it a mbeid\u00eds ag f\u00f3gairt fo-\u00e9ada\u00ed ban! sin, n\u00f3 mura bhfaighfe\u00e1 ceann de nuacht\u00e1in bhu\u00ed Shasana ar iasacht \u00f3 dhuine eic\u00ednt a mhair sna bailte m\u00f3ra!  Annamh, amach is amuigh, a bh\u00edodh cur s\u00edos ar dh\u00fanmhar\u00fa n\u00f3 a leith\u00e9id, mar b\u2019annamh a thar<\/span><span style=\"font-size:14pt\">la\u00edodh a leith\u00e9id, na laethe sin.<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Immigration<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed call dom a r\u00e1, nach mb\u00edodh tr\u00e1cht ar bith ar eachtrannaigh ag teacht chun na t\u00edre seo, ar th\u00f3ir oibre n\u00f3 a leith\u00e9id. A mhalairt glan a bh\u00edodh ag tarl\u00fa anseo, an tr\u00e1th \u00fad. Daoine ina m\u00edlte, agus ina m\u00edlte, ag f\u00e1g\u00e1il na t\u00edre seo, chuile bhliain, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edodh saothr\u00fa ar bith le f\u00e1il acu anseo. D\u2019imigh sin is th\u00e1inig seo \u00e1fach, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is minic a bh\u00edonn tr\u00e1cht ar na m\u00edlte, agus na m\u00edlte, a th\u00e1inig thar theorainn isteach chugainn, ar th\u00f3ir oibre, n\u00f3 d\u00eddine, sea, agus tr\u00e1cht freisin ar na mi<\/span><span style=\"font-size:14pt\">lli\u00fain a chaithear, in aghaidh na bliana, ag freastal orthu. Agus nach maith an sc\u00e9al \u00e9 sin, ag t\u00edr a bh\u00ed chomh bocht is a bh\u00ed an t\u00edr s\u2019againne, sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin, n\u00f3 n\u00edos l\u00fa. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Seachain an Gabhar sin!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach \u00f3 tharla go bhfuil muid ag tr\u00e1cht ar smaointe athbhliana, an tseachtain seo, c\u00e9ard faoin ngabhar sa ph\u00e1rl\u00fas, ad\u00e9arf\u00e1, b\u2019fh\u00e9idir? <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">C\u00e9n gabhar, arsa tusa?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">An Lucht Taistil s\u2019againne! c\u00e9 eile a bheadh i gceist agam? Nach bhfuil a fhios ag chuile mhadra sa bhaile, go bhfuil na milli\u00fain \u00e1 gcaitheamh againn, ag cabhr\u00fa leo si\u00fad at\u00e1 ar an ngannchuid, cuma c\u00e9n c\u00fainne den chruinne ina gc\u00f3na\u00edonn siad, ach c\u00e9ard faoin Lucht Taistil s\u2019againne? Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine againn, go bhfuil \u00e1r gc\u00fanamh ag teast\u00e1il uathusan, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach go bhfuil an c\u00fanamh sin dlite d\u00f3ibh, n\u00f3 nach cuid den chine s\u2019againne iad? <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Anois an tAm!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, agus muid ag bualadh b\u00f3thar isteach i ngort na bliana \u00faire seo, nach bhfuil se thar am againn uilig, br\u00fa eic\u00ednt a chur ar an Rialtas s\u2019againne, an c\u00fanamh cu\u00ed a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, i rith na bliana reatha seo. Sea, agus in ionad na milli\u00fain a gealladh do chin\u00edocha i bhfad i gc\u00e9in, b\u00edodh gur maith an beart \u00e9 sin freisin, ach cuirimis m\u00e1m airgid ar f\u00e1il d\u00e1r Lucht Taistil fh\u00e9in, n\u00f3 is n\u00e1ire shaolta d\u00fainn uilig, sea, do chuile dhuine againn, go mbeadh ar bhaill d\u00e1r gcine fh\u00e9in, c\u00f3na\u00ed a dh\u00e9anamh amuigh ar<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> thaobh na mb\u00f3ithre nuair at\u00e1 ciste an St\u00e1it ag cur thar maoil le hairgead! Sea, agus chuile dhuine ag iarraidh iad a chur p\u00edosa eile \u00f3na ndoras fh\u00e9in. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach bhfuil s\u00e9 thar am againn, mar phobal, agus mar St\u00e1t, bliain faoi leith a chur in \u00e1irithe don Lucht Taistil. Sea, agus c\u00e9ard faoi sin a dh\u00e9anamh i mbliana?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sin cuid de na smaointe athbhliana at\u00e1 ag eitilt leo thart sa chro\u00ed istigh ionnam, \u00f3 thosaigh an bhliain \u00far seo, \u201908. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil na smaointe athbhliana c\u00e9anna do do chr\u00e1 fh\u00e9in, freisin? T\u00e1 s\u00fail agam go bhfuil !!! <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. Smaointe Athbhliana . Im Naomh ar thalamh! T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh anois, go bhfuil s\u00e9 thar am agamsa \u00e9ir\u00ed as na r\u00fain athbhliana, n\u00f3 le f\u00edrinne, d\u00e1 mbeadh maitheas ar bith iontu domsa, bheinn im naomh ar thalamh, faoin am seo! T\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir, mar sin, gur bheag tionchar a bh\u00ed ag na r\u00fain [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12717","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12717","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12717"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12717\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12718,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12717\/revisions\/12718"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12717"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12717"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12717"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}