{"id":12731,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12731"},"modified":"2024-04-08T01:26:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:26","slug":"i-mbeal-an-phobail-the-gpo-renewal-plans","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-the-gpo-renewal-plans\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail The GPO Renewal Plans"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">The  GPO  Renewal  Plans<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuacht\u00e1in, ar na mallaibh, faoi na pleananna uilig, i dtaobh thodhcha\u00ed an GPO, at\u00e1 \u00e1 n-ullmh\u00fa i l\u00e1thair na huaire seo,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">ag an Rialtas s\u2019againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairi\u00fail sin a dh\u00fanadh mar ArdOifig an Phoist, agus ar chostas dh\u00e1 ch\u00e9ad go leith milli\u00fan Euro, \u00e9 a athnuachan, agus a athfhorbairt, mar ionad ollmh\u00f3r pobail. T\u00e1 socraithe acu d\u00edon gloine a chur os cionn an fhoirgnimh ar fad, sa chaoi go mbeadh ar chumas daoine, cruinni\u00fa istigh ansin, beag beann ar an aimsir. Agus \u00f3 tharla go bhfuil ArdOifig an Phoist t\u00f3gtha ar shu\u00edomh bre\u00e1, fairsing, mar a bhfuil foirgnimh agus cl\u00f3is leata amach \u00f3 Shr\u00e1id U\u00ed Chonaill siar go dt\u00ed an Stuara. Anois, \u00f3 tharla gur leagadh roinnt mhaith den bhfoirgneamh sin le pl\u00e9asc\u00e1in, agus le tine, le linn \u00c9ir\u00ed Amach na C\u00e1sca, t\u00e1thar den tuairim, n\u00e1r mh\u00f3r an chailli\u00faint \u00e9, a mbun\u00fas sin a leagan, le sp\u00e1s a chruth\u00fa don dtionscadal nua seo. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Commemoration Plans<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, a bhfuil an Rialtas s\u2019againne me\u00e1ite ar an oiread sin airgid a chaitheamh ar thionscnamh ollmh\u00f3r athnuachana mar seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00fais amh\u00e1in, adeirtear linn, agus s\u00e9 sin go bhfuiltear ag ullmh\u00fa do cheili\u00faradh c\u00e9ad an \u00c9ir\u00ed Amach, a tharla um Ch\u00e1isc, sa bhliain 1916. Sea, agus tugtar le tuiscint d\u00fainn, go bhfuil na pleananna athnuachana \u00e1 n-ullmh\u00fa cheana f\u00e9in, ag Oifig na nOibreacha Poibl\u00ed agus ag Comhlacht Sasanach Ailtir\u00ed, sa chaoi go gcreidtear, go bhfuiltear ar aon fhocal, ar bhundhr\u00e9acht don athnuachan. N\u2019fheadar c\u00e9ard ad\u00e9arfadh Francis Johnston, an t\u00e9 a dhear an GPO c\u00e9anna a ch\u00e9aduair, sa bhliain 1818, d\u00e1 bhfeicfeadh s\u00e9 na pleananna athnuachana at\u00e1 \u00e1 n-ullmh\u00fa i l\u00e1thair na huaire seo, lena fh\u00eds \u00e1lainn ailtireachta a mhilleadh? B\u2019fh\u00e9idir go mbeadh ceili\u00faradh eile eagraithe don bhliain 1818, leis an dara c\u00e9ad den bhfoirgneamh a cheili\u00faradh? Ach b\u2019fh\u00e9idir ar\u00eds nach mbeadh!<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Drop-in  Shop<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach c\u00e9ard a bheadh ar f\u00e1il sa bhfoirgneamh athnuaithe?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Deirtear linn, go mbeadh cead ag an bpobal si\u00fal isteach ann \u00f3 chuile shr\u00e1id sa timpeall, agus go mbeadh ar f\u00e1il istigh ansin, iarsmalanna. tithe bia, siopa\u00ed, \u00e1il\u00e9ir, agus a leith\u00e9id. Is d\u00f3cha gurb \u00e9 at\u00e1 uathu n\u00f3 tuilleadh daoine a mhealladh go dt\u00ed an taobh \u00f3 thuaidh den Ardchathair, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in i l\u00e1r an lae ghil, ach go d\u00e9anach san o\u00edche freisin. T\u00e1 m\u00e9 cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin ad\u00e9arfadh, go bhfuil s\u00e9 deacair go leor smacht de chine\u00e1l eic\u00ednt a choinne\u00e1il ar an m\u00e9id daoine a bh\u00edonn le f\u00e1il istigh sa limist\u00e9ar sin, i l\u00e1thair na huaire seo, gan na c\u00e9adta, agus na ceadta eile, a mhealladh isteach ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus rud eile, c\u00e9 d\u00fairt gurb \u00e9 sin a theasta\u00edonn \u00f3 mhuintir na h\u00c9ireann? Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, n\u00e1rbh \u00e9 sin a theastaigh \u00f3 bhun\u00fas na ndaoine a casadh ormsa, le seachtain anuas. A mhalairt ar fad a bh\u00ed uathu. D\u00e1r leosan, foirgneamh speisialta isea an GPO, foirgneamh a fheidhm\u00edonn mar Shanct\u00f3ir N\u00e1isi\u00fanta. Foirgneamh ar ch\u00f3ir d\u00fainn \u00e9 a choinne\u00e1il, agus a chosaint, tr\u00ed ord\u00fa caomhnaithe, in ionad ollmhargadh a chead\u00fa do shu\u00edomh chomh choisricthe, chomh t\u00e1bhachtach, chomh gar sin do chro\u00ed agus do bhreith an N\u00e1isi\u00fain s\u2019againne. Is \u00e9 mo thuairim freisin, gur ch\u00f3ir an GPO a choinne\u00e1il mar ArdOifig Poist na t\u00edre seo, in ionad oifig\u00edn poist a dh\u00e9anamh aisti. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">An Interpretative Centre ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, an bhfuil fi\u00fantas ar bith sna pleananna freacnairce seo, at\u00e1 a dhr\u00e9achtadh ag Oifig na nOibreacha Poibli, i l\u00e1thair na huaire seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cinnte, t\u00e1, agus an-fhi\u00fantas, ach is \u00e9 mo thuairim, gur f\u00e9idir linn an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal ar an \u00f3c\u00e1id seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard t\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1, seo. An GPO a choinne\u00e1il mar at\u00e1 faoi l\u00e1thair, ar an ionad stairi\u00fail ceanna, mar a raibh s\u00e9, nuair a mh\u00e1irse\u00e1il na h\u00d3glaigh isteach inti, um Ch\u00e1isc, 1916. Cinnte, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u00e9 a athch\u00f3iri\u00fa, a athnuachan, agus a thabhairt suas chun d\u00e1ta.  Agus nuair a bheadh sin d\u00e9anta, ansin d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed an chuid eile den su\u00edomh a fhorbairt tr\u00ed \u201cIonad M\u00ednithe\u201d taibhseach, \u00e1lainn, spreag\u00fail, a th\u00f3g\u00e1il ar an su\u00edomh, maraon le Proinntithe, agus siopa\u00ed d\u00edolta chuimhneach\u00e1n. N\u00e1 bac leis an d\u00edon gloine, n\u00f3 ba ch\u00f3ir go mbeadh gn\u00f3 an phoist scartha \u00f3n \u201cIonad M\u00ednithe\u201d agus na gn\u00f3tha\u00ed eile. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Cherish all citizens equally<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">M\u00e1s uainn an \u00c9ir\u00ed Amach a cheili\u00faradh, faoi mar ba ch\u00f3ir, cuirimis St\u00e1t ar bun anseo ina nd\u00e9anfar chuile shaor\u00e1nach a chumhdach, a chaomhn\u00fa, agus a chosaint, faoi mar a ghealltar i bhFor\u00f3gra na Poblachta, a l\u00e9adh os comhair an GPO, um Ch\u00e1isc, 1916. S\u00edlim n\u00e1r ch\u00f3ir dom a thuilleadh a r\u00e1 faoin \u00e1bhar seo, ach c\u00e9ard f\u00fatsa? An gcora\u00edonn na pleananna seo th\u00fa?<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad The GPO Renewal Plans Is d\u00f3cha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuacht\u00e1in, ar na mallaibh, faoi na pleananna uilig, i dtaobh thodhcha\u00ed an GPO, at\u00e1 \u00e1 n-ullmh\u00fa i l\u00e1thair na huaire seo, ag an Rialtas s\u2019againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairi\u00fail sin a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12731","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12731","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12731"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12731\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12732,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12731\/revisions\/12732"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12731"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12731"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12731"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}