{"id":12745,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12745"},"modified":"2024-04-08T01:12:18","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:18","slug":"i-mbeal-an-phobail-treadlitir-an-phapa-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-treadlitir-an-phapa-2\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Treadlitir an Phapa 2"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Comhairle don Aos \u00d3g<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Chuir s\u00e9 roimhe freisin, aos \u00f3g na t\u00edre seo a mhisni\u00fa, agus iarann s\u00e9 orthu caradas a shnadhmadh le h\u00cd<\/span><span style=\"font-size:14pt\">osa, agus gan ligint do pheaca\u00ed na dtreoraithe eaglasta \u00fad, iad a chur am\u00fa. D\u2019fh\u00e9adfadh siad a bheith cinnte nach dtr\u00e9igfeadh \u00cdosa go br\u00e1ch na breithe iad. Mar sin, coinnig\u00ed s\u00fail airsean, agus d\u00e9anaig\u00ed bladhaire an chreidimh a chaomhn\u00fa in bhur gcro\u00ed, adeir se leo. Beidh m\u00e9 ag s\u00fail go gcabhr\u00f3idh bhur nd\u00edograis le hat\u00f3g\u00e1il na hEaglaise Caitlic\u00ed in bhur dt\u00edr dh\u00fachais, amach anseo.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Iompa\u00edonn s\u00e9 a aire freisin, ar shagairt agus ar dhaoine eaglasta na t\u00edre seo, a d\u2019fhan d\u00edlis d\u00e1 ngairm, agus b\u00edodh gur n\u00e1irigh pea<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ca\u00ed chuid d\u00e1 gcomhshagairt iad, agus b\u00edodh freisin, go leagann daoine \u00e1irithe an mille\u00e1n orthusan i bpeaca\u00ed a mbr\u00e1ithre, n\u00edor ch\u00f3ir go gcaillfeadh siad a misneach, n\u00f3 go gceapfadh siad, go bhfuil siad tr\u00e9igthe, ach ba mhaith leis fh\u00e9in a chur in i\u00fal d\u00f3ibh, go bhfuil meas aigeasan ar a n-iarrachta\u00ed, agus molann s\u00e9 d\u00f3ibh r\u00f3d na cr\u00e1ifeachta, agus an chreidimh, a lean\u00faint, agus a nd\u00edlseacht don M\u00e1istir, agus d\u00e1 n-eaglais a l\u00e9iri\u00fa do ch\u00e1ch, rud a chruth\u00f3idh a nd\u00f3chas i ngeall\u00faint\u00ed an tSoisc\u00e9il.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Comhairle do na hEaspaig<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u00edr\u00edonn an P\u00e1pa an t\u00f3irse ansin, ar a chomhEaspaig, a bhr\u00e1ithre sa Chreideamh, agus b\u00edodh go bhfeictear d\u00f3, gur theip ar roinnt \u00e1irithe d\u00edobh i ndualgais\u00ed a n-oifige, agus n\u00e1r lean siad dl\u00ed na hEaglaise fh\u00e9in agus iad ag d\u00e9ile\u00e1il le l\u00edomhaint\u00ed i gc\u00e1s na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide a tugadh ar dhaoine \u00f3ga, ag an am gc\u00e9anna, tuigeann s\u00e9 <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chomh casta, crosta, is at\u00e1 c\u00faiseanna d\u00e1 leith\u00e9id, ach sin r\u00e1ite, tuigtear d\u00f3, gur deineadh dearmaid, ar ch\u00fais iad don \u00edsli\u00fa c\u00e9ime a d\u2019fhulaing an Eaglais i measc daoine, i dt\u00edr na h\u00c9ireann, agus d\u00e1 bharr sin, tuigtear d\u00f3, go gcaithfear f\u00e9achaint chuige go leagfar amach rialacha ciallmhara, c\u00f3ra, \u00e9ifeachtacha, le d\u00e9ile\u00e1il le m\u00ed-\u00fas\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id sa todhcha\u00ed. Ba ch\u00f3ir do na heaspaig deashampla a thabhairt d\u00e1 sagairt, \u00e9isteacht leo, agus iad a mhisni\u00fa agus a spreagadh, i r\u00e9 dhorcha seo a n-\u00e9ad\u00f3chais, agus ba <\/span><span style=\"font-size:14pt\">ch\u00f3ir freisin, tine an chreidimh a adhaint athuair ina gcro\u00ed.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ina chomhairle do Phobal D\u00e9 in \u00c9irinn, molann s\u00e9 d\u00f3ibh aird faoi leith a thabhairt do mh\u00faineadh an aosa \u00f3ig, tr\u00ed deis a thabhairt d\u00f3ibh tarraingt as tobar an chreidimh. agus as foins\u00ed eile a n-oidhreachta. Cinnte, caithfear d\u00e9ile\u00e1il le coireanna a lae inn\u00e9, agus ceart agus c\u00f3ir a chur i r\u00e9im ar\u00eds sna c\u00farsa\u00ed sin, ach n\u00ed leor sin, d\u00e1r leis, n\u00f3 caithfear f\u00eds nua, bunaithe ar cheachtanna agus ar phrionsabail an tSoisc\u00e9il, a fhionnadh, agus a leagaint<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> os comhair phobal D\u00e9, f\u00eds a fheidhmeoidh mar th\u00f3irse, le sinn, agus leis na gl\u00fanta a thiocfaidh in\u00e1r ndiaidh, a mhealladh fan r\u00f3d na f\u00edrinne, r\u00f3d a threoroidh sinn go D\u00fan daingean an Tiarna, ag deireadh \u00e1r  n-oilithreachta.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Dl\u00fathph\u00e1irt\u00edocht<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ins\u00edonn s\u00e9 d\u00fainn ansin, go dtuigtear d\u00f3, chomh dian is at\u00e1 na c\u00farsa\u00ed seo uilig ar Phobal D\u00e9 na t\u00edre seo, agus d\u00e1 bharr sin, teasta\u00edonn uaidh, a dhl\u00fathph\u00e1irt\u00edocht linn a chur in i\u00fal d\u00fainn, agus is d\u00e1 bharr sin a sheol s\u00e9 an Tr\u00e9adlitir seo <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chugainn, le sinn a mhisni\u00fa, agus a spreagadh, agus le moladh d\u00fainn inspioraid a tharraingt as tobar \u00e1r n-oidhreachta, sa chaoi go leanfaimis b\u00f3thar na d\u00edlseachta, agus na cr\u00e1ifeachta, sna laethe at\u00e1 romhainn amach. Agus le sin a chinnti\u00fa, ba mhaith leis roinnt \u00e1irithe cleachta\u00ed a mholadh d\u00fainn, leis an gcreideamh a neart\u00fa feasta in\u00e1r gcro\u00ed.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Iarann s\u00e9 ar fh\u00edr\u00e9in na t\u00edre seo, cib\u00e9 aithr\u00ed a dh\u00e9anann siad chuile Aoine, \u00f3 Ch\u00e1isc na bliana seo, go C\u00e1isc na bliana seo chugainn, a thiomn\u00fa do Dhia, ag s\u00fail go mbr<\/span><span style=\"font-size:14pt\">onnfadh s\u00e9 a thr\u00f3caire agus gr\u00e1sta an Spioraid Naoimh anuas go fial ar an Eaglais Chaitliceach sa t\u00edr seo. Iarann s\u00e9 orainn freisin, paidreacha, trosadh, l\u00e9amh na Scriopt\u00fair, agus dea-oibreacha na tr\u00f3caire, a dh\u00e9anamh, agus a ofr\u00e1il do Dhia, le gr\u00e1sta an tsl\u00e1naithe agus athnuachan na hEaglaise Caitlic\u00ed abhus, a iarraidh air. Molann s\u00e9 do na f\u00edr\u00e9in freisin, aird faoi leith a dh\u00edri\u00fa feasta ar Shacraimint na hAithr\u00ed agus d\u2019adhradh na Naomhshacraiminte, agus go nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id i ngach Deoise, i ngach Mainis<\/span><span style=\"font-size:14pt\">tir, agus i ngach Cliarscoil, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cuairteanna Aspalda<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Lena chois sin uilig, t\u00e1 socruithe d\u00e9anta aige, Cuairt Aspaldha a thabhairt ar dheois\u00ed \u00e1irithe, ar mhainistreacha, ar Chomhthion\u00f3il Eaglasta, agus ar Chliarscoileanna. D\u00e9anfar na socruithe chuige sin, ar ball, agus agus f\u00f3gr\u00f3far na socruithe sin, amach anseo. Molann s\u00e9 freisin, go n-eagr\u00f3fa\u00ed Misean, d\u2019easpaig, do shagairt, agus d\u2019oird rialta, agus go roghn\u00f3fa\u00ed seanm\u00f3ruithe oilte agus lucht <\/span><span style=\"font-size:14pt\">sti\u00fartha ch\u00farsai spiorad\u00e1lta, le dul i mbun na hoibre sin, agus go nd\u00e9anfaid\u00eds dualgais\u00ed a ngairme agus a n-oifige a scr\u00fadu, sa tsl\u00ed go dtiocfaid\u00eds ar\u00eds ar fr\u00e9amhacha a gcreidimh in \u00cdosa Cr\u00edost, agus go n-\u00f3lfaid\u00eds a s\u00e1ith as f\u00edorthobar an uisce spiorad\u00e1lta a chuireann a nEaglais ar f\u00e1il d\u00f3ibh<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">D\u00edoltas n\u00f3 Maithi\u00fanas?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cuireann s\u00e9 cr\u00edoch lena Thr\u00e9adlitir le paidir speisialta, a chum s\u00e9 fh\u00e9in don Eaglais in \u00c9irinn, agus chuir s\u00e9 an t\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">r, agus an Eaglais, faoi choimirce na Maighdine Muire, agus mar chomhartha d\u00e1 ch\u00faram athartha, d\u00e1 chomhchr\u00edostaithe abhus, bronnann s\u00e9 a Bheannacht Aspaldha orainn uilig, mar chomhartha nirt agus s\u00edoch\u00e1na sa Tiarna.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Leis an bp\u00edosa seo a thabhairt chun cr\u00edche, ba ch\u00f3ir a lua ar\u00eds, go bhfuil dualgas orainn uilig, mar eaglais, f\u00e9achaint chuige, go nd\u00e9anfar leorghn\u00edomh leo si\u00fad a gorta\u00edodh i r\u00e9 \u00fad na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide, agus go bhf\u00e9achfar chuige, nach dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id ar\u00eds in\u00e1r measc, ach caithfear a thuiscint, nach<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> mbeidh deireadh go deo leis an r\u00e9 uaf\u00e1sach, c\u00e9asta, achrannadch seo, go dt\u00ed go gceangl\u00f3far s\u00edoch\u00e1in idir bhaill \u00e9ags\u00fala na hEaglaise Caitlic\u00ed in \u00c9irinn, eatarthu si\u00fad a gorta\u00edodh agus an chuid eile de Phobal D\u00e9, sa chaoi go dtuigf\u00ed, i ndeireadh na d\u00e1la, nach  d\u00edoltas at\u00e1 ag teast\u00e1il ach maithi\u00fanas, agus n\u00ed chneas\u00f3idh \u00e1r gcr\u00e9achta go dt\u00ed go dtarl\u00f3idh sin.  N\u00e1ra fada uainn an l\u00e1 sin.     <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Comhairle don Aos \u00d3g Chuir s\u00e9 roimhe freisin, aos \u00f3g na t\u00edre seo a mhisni\u00fa, agus iarann s\u00e9 orthu caradas a shnadhmadh le h\u00cdosa, agus gan ligint do pheaca\u00ed na dtreoraithe eaglasta \u00fad, iad a chur am\u00fa. D\u2019fh\u00e9adfadh siad a bheith cinnte nach dtr\u00e9igfeadh \u00cdosa go br\u00e1ch na breithe iad. Mar sin, coinnig\u00ed s\u00fail airsean, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12745","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12745","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12745"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12745\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12746,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12745\/revisions\/12746"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12745"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12745"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12745"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}