{"id":12759,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12759"},"modified":"2024-04-08T01:14:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:19","slug":"i-mbeal-an-phobail-trend-setters","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-trend-setters\/","title":{"rendered":"I  mBeal  an  Phobail. Trend-setters"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Our  Latest  <em>Trend-setters<\/em><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNuair a labhra\u00edonn muid faoi na <strong><em>Trend-setters<\/em><\/strong> nua seo, smaoin\u00edonn muid l\u00e1ithreach ar na l\u00e1ithreoir\u00ed, agus ar na hiriseoir\u00ed Teil\u00edfise agus Raidi\u00f3 \u00fad, a dh\u00e9anann chuile iarracht ar a ndearcadh agus ar a dtuairim\u00ed fh\u00e9in a chur abhaile ar a lucht \u00e9isteachta.\u201d B\u2019in mar a chuir S\u00e9im\u00ed an Droichid t\u00fas lena chomhr\u00e1, th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in, an tr\u00e1thn\u00f3na faoi dheireadh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIn ainm an R\u00ed! c\u00e9ard t\u00e1 i gceist agat? a Sh\u00e9im\u00ed, a chara\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, \u00e1 fhreagairt, agus m\u00e9 ag iarraidh sc\u00e9al n\u00f3 duan eic\u00ednt a mhealladh uaidh, go deas r\u00e9idh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 m\u00e9 ag caint faoi na l\u00e1ithreoir\u00ed, agus na hiriseoir\u00ed \u00fad, a dh\u00e9anann chuile iarracht, ar a lucht \u00e9isteachta a mhealladh leo, s\u00edos go grinneall an locha, n\u00f3 t\u00e1 a fhios acu, go maith, gur th\u00edos ansin, i ndorchadas an doimhnis, a thiocfaidh siad ar na scanaill bhrocacha, agus ar an mbiad\u00e1n nimhneach, a gcuireann roinnt \u00e1irithe d\u00e1r bphobal suim agus dh\u00e1 shuim iontu.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAnois, a Sh\u00e9im\u00ed, na p\u00e1irte, b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh l\u00e1ithreoir\u00ed agus iriseoir\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id le f\u00e1il i dt\u00edortha thar lear, ach anseo in \u00c9irinn? Nach deacair a leith\u00e9id a chreidi\u00faint?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDon t\u00e9 nach mbacann leis na me\u00e1in s\u2019againne, bheadh s\u00e9 \u00e9asca go leor d\u00f3 a chreidi\u00faint, gur dearg \u00e1ibh\u00e9il at\u00e1 ar si\u00fal agam, ach don t\u00e9 a chaitheann roinnt \u00e1irithe ama ag breathn\u00fa ar na me\u00e1in s\u2019againne, thuigfeadh seisean l\u00e1ithreach, nach raibh ar si\u00fal agam ach lomchl\u00e1r na f\u00edrinne.\u201d<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Chapter and Verse!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch an bhf\u00e9adf\u00e1 v\u00e9arsa agus caibidil a lua d\u00fainn, sa ch\u00e1s seo, n\u00f3 an amhlaidh nach bhfuil i gceist agat, ach gurbh amhlaidh a fheictear dhuit, gur mar sin at\u00e1.?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCaibidil agus V\u00e9arsa! adeir t\u00fa. Caibidil agus v\u00e9arsa, an ea? Bhuel, d\u2019fh\u00e9adfainn sin a dh\u00e9anamh, go h\u00e9asca, ach nach cuimhin leat, gur scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa anseo, tamall \u00f3 shoin, faoin gCl\u00e1r \u00fad a shu\u00edtear i mBaile an Aoiligh? An bhf\u00e9adfadh \u00e9inne a r\u00e1, go mbeadh s\u00e9 ar a chompord, ag \u00e9isteacht leis an gCl\u00e1r c\u00e9anna sin i bhfochair a thuismitheoir\u00ed agus a chlann? Bhuel, b\u2019fh\u00e9idir gur comhartha aoise \u00e9, ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il nach mbeinnse. N\u00edor mhaith liom bheith ag breathn\u00fa air i gcomhluadar Naip\u00ed agus na ruda\u00ed beaga fi\u00fa. B\u00ed ag caint ar r\u00e1s go grinneall!  Agus leis an sc\u00e9al sin a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, t\u00e1 daoine meas\u00fala s\u00e1sta dul ar aon fh\u00f3d leis na harrachtaigh, n\u00f3 ar ch\u00f3ir dom, abhaic, a thabhairt orthu, agus iad bre\u00e1 s\u00e1sta p\u00e1irt a ghlacadh i gcomhr\u00e1 brocach leo! \u201c<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed! Nach dtuigeann t\u00fa nach bhfuil ansin ach p\u00edosa sp\u00f3irt, agus go mbaineann bun\u00fas na n-\u00e9isteoir\u00ed taitneamh agus spraoi as.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach \u00e9 sin go d\u00edreach at\u00e1 i gceist agam anseo, mar in \u00e1it daoine a mhealladh chun f\u00e9araigh, thar bh\u00f3thar a leasa, is amhlaidh a mhealltar tr\u00ed l\u00e1ib, is tr\u00ed chl\u00e1bar a n-aimhleasa iad, ag na <strong><em>trend-setters<\/em><\/strong> nua seo, a luaigh m\u00e9 thuas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c Mura bhfeiceann t\u00fa ach f\u00e1inleog amh\u00e1in, n\u00e1 tuig uaidh sin, go bhfuil an Samhradh S\u00e1mh linn go f\u00f3ill.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cF\u00e1inleog amh\u00e1in, an ea? f\u00e1inleog amh\u00e1in, adeir t\u00fa? N\u00ed f\u00e1inleog amh\u00e1in at\u00e1 i gceist anseo, ach scaoth f\u00e1inleog.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn bhf\u00e9adf\u00e1 cl\u00e1r eile a ainmni\u00fa, a thumann i dtreo an ghrinnill, ar th\u00f3ir brocamais.\u201d<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Candid Camera<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9ard faoin gcl\u00e1r \u00fad ina ghlacann fear an nuacht\u00e1in agus na feada\u00edle p\u00e1irt ann? Anois t\u00e1 bun\u00fas an chl\u00e1ir ch\u00e9anna sin greannmhar go maith, ach t\u00e1 m\u00edr amh\u00e1in de, a th\u00e9ann thar f\u00f3ir ar fad.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9n mh\u00edr \u00ed fh\u00e9in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cM\u00edr na caill\u00ed, gan amhras, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair an tseanchailleach \u00fad a sh\u00e1r\u00fa ar chaint bhrocach, ghn\u00e9asach, gh\u00e1irsi\u00fail, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, deirtear liom nach cailleach at\u00e1 inti in aon chor, ach seanlead!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u2019fh\u00e9idir go dt\u00e9ann s\u00ed, n\u00f3 s\u00e9, thar f\u00f3ir anseo is ansi\u00fad, ach t\u00e1id ann, a cheapann, gur m\u00f3r an sp\u00f3rt \u00ed, n\u00f3 \u00e9.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, nach beag an tuiscint ar sp\u00f3rt a bh\u00edonn ag daoine \u00e1irithe, m\u00e1 cheapann siad gur sp\u00f3rt \u00e9 sin. \u201c<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9ard faoin Raidi\u00f3? An mb\u00edonn aon rud scanallach ar si\u00fal ar an me\u00e1n sin, ar na mallaibh?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte go mb\u00edonn, agus roinnt mhaith freisin, ach caithfidh t\u00fa a bheith s\u00e1sta le sampla amh\u00e1in, an babhta seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cScaoil chugainn \u00e9, mar sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, is cuimhin liom bheith amuigh, ag tiom\u00e1int liom, ar bh\u00f3ithre b\u00e1na na Banban, maidin \u00e1lainn, roinnt m\u00edonna \u00f3 shoin anois, agus bh\u00ed m\u00e9 ag eisteacht le cl\u00e1r raidi\u00f3. Duine de mh\u00f3r-l\u00e1ithreoir\u00ed an raidi\u00f3 a bh\u00ed i mbun oibre, agus gas\u00far, thart ar dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag d\u2019aois, \u00e1 chur faoi agallamh aige. Tar \u00e9is d\u00f3ibh seal a chaitheamh i mbun an ghn\u00f3 sin, chuir an l\u00e1ithreoir ceist aisteach, amach is amuigh, ar an ngas\u00far bocht. \u2018Ar chuir t\u00fa do bhroim tr\u00ed thine riamh?\u2019 ar seisean. Baineadh stangadh as an ngas\u00far, agus ansin lean an l\u00e1ithreoir air gur inis sc\u00e9al faoin \u00e9acht neamhghn\u00e1ch sin, agus faoi chara leis, a raibh an \u00e9acht c\u00e9anna mar \u201cParty Piece\u201d aige. Mh\u00fach m\u00e9 an raidi\u00f3 ag an bpointe sin, n\u00f3 chuir an sc\u00e9al, agus an \u00f3c\u00e1id, masmas orm, geall leis. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">There\u2019s more, but&#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus d\u2019fh\u00e9adfainn ualach asail de sc\u00e9alta n\u00e1r ch\u00f3ir riamh iad a scaoileadh chugainn ar thonnta an raidi\u00f3, n\u00f3 ar an teilif\u00eds, ach oiread, ach, b\u00ed cinnte, go bhfillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar seo, amach anseo, ar\u00eds. Ach, t\u00e1 s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 mo shl\u00e1n abhaile, amach an doras ina dhiaidh, ach is d\u00f3cha n\u00e1r chuala s\u00e9 puinn de, n\u00f3 is d\u00f3cha go raibh a aigne r\u00f3-th\u00f3gtha suas leis an sc\u00e9al \u00fad, a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, an tr\u00e1thn\u00f3na \u00e1lainn \u00fad. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur chuir mo Sh\u00e9im\u00ed c\u00f3ir ag smaoineamh m\u00e9 ar an saol sona, neamhurch\u00f3ideadh, as ar f\u00e1isceadh roinnt mhaith againn. Sea, \u201cm\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu,\u201d arsa mise liom fh\u00e9in, agus an deoir deiridh a dhi\u00fagadh as mo ghloine agam. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Our Latest Trend-setters \u201cNuair a labhra\u00edonn muid faoi na Trend-setters nua seo, smaoin\u00edonn muid l\u00e1ithreach ar na l\u00e1ithreoir\u00ed, agus ar na hiriseoir\u00ed Teil\u00edfise agus Raidi\u00f3 \u00fad, a dh\u00e9anann chuile iarracht ar a ndearcadh agus ar a dtuairim\u00ed fh\u00e9in a chur abhaile ar a lucht \u00e9isteachta.\u201d B\u2019in mar a chuir [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12759","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12759","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12759"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12759\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12760,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12759\/revisions\/12760"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12759"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12759"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12759"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}