{"id":12761,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12761"},"modified":"2024-04-08T01:25:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:43","slug":"i-mbeal-an-phobail-binn-beal-copy","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-binn-beal-copy\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail..  Binn B\u00e9al. &#8211; Copy"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Binn B\u00e9al&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 dhom an seanfhocal sin a chr\u00edochn\u00fa, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 de n\u00f3s ag Gaeil, chuile l\u00e1 riamh, gan ach t\u00fa<\/span><span style=\"font-size:14pt\">s seanfhocail a lua, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3ibh, go mbainfeadh an lucht \u00e9isteachta, n\u00f3 an lucht l\u00e9ite, scil agus ciall as an m\u00e9id a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, n\u00ed bheadh m\u00f3r\u00e1n measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh s\u00e1sta chuile sh\u00f3rt, gan chur leis, n\u00f3 baint uaidh, a chur i mb\u00e9al an phobail, b\u00edodh s\u00e9 olc, maith, n\u00f3 dona. Chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa \u00e1fach, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go dtuigtear dom, go mb\u00edonn \u00f3c\u00e1id\u00ed ann, nuair is fearr go m\u00f3r fada an tost n\u00e1 an bh\u00e9alscaoilteacht. Ach, fil<\/span><span style=\"font-size:14pt\">lfidh m\u00e9 ar an ndearcadh sin ar\u00eds, ar baill\u00edn beag. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u201cAgin the Govermint!\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhuel! Nuair a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in im mhac l\u00e9inn, blianta fada \u00f3 shoin! bh\u00ed m\u00fainteoir againn, arbh \u00e9 an leasainm a bh\u00ed againn air n\u00f3 \u201can T\u00edogar\u201d, agus d\u2019ins\u00edodh seisean sc\u00e9il\u00edn d\u00fainn go rialta, sc\u00e9il\u00edn a cheap seisean a bheith greannmhar, sc\u00e9il\u00edn faoin \u00c9ireannach a shn\u00e1mh i dt\u00edr, tar \u00e9is d\u00e1 long a dhul go t\u00f3in poill. Caitheadh isteach ar an tr\u00e1 iasachta \u00e9, \u00e1it a dtangthas air, ar ball, agus \u00e9 gan aithne gan urlabhra. Rinne na d\u00fachasaigh iarracht ar \u00e9 a chur ar a chosa ar\u00eds. <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Th\u00e1inig s\u00e9 chuige fh\u00e9in, tar \u00e9is tamaill, agus tar \u00e9is d\u00f3 breathn\u00fa timpeall ar an slua a bh\u00ed bailithe thart air, chuir s\u00e9 ceist orthu.. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAn bhfuil \u2018Govermint\u2019 agaibh anseo,\u201d ar seisean.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Chuir na d\u00fachasaigh i dtuiscint d\u00f3, go raibh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> Bhuel! Ar seisean, \u201cm\u00e1 t\u00e1, t\u00e1imse \u2018agin it\u2019.\u201d <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sea, l\u00e9irigh a raibh le r\u00e1 ag mo dhuine, l\u00e9irigh s\u00e9 dearcadh a bh\u00ed coitianta go maith in\u00e1r measc, blianta \u00f3 shoin. M\u00e1 t\u00e1 \u2018Govermint\u2019 anseo, t\u00e1imse \u2018agin it\u2019.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Cuid d\u2019ar nOidhreacht?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u2019fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta in\u00e1r measc sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1id ann ad\u00e9arfadh nach bhfuil, n\u00f3 d\u00e9arfaid\u00eds go bhfuil an dearcadh sin f\u00e1gtha in\u00e1r ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i nd\u00e1ir\u00edre, dh\u00e9anfaid\u00eds iarracht ar \u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> a chur ar do sh\u00faile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe \u00e1r ndaoirse, nuair a tuigeadh don \u00c9ireannach, go raibh dualgas air a dh\u00edcheall a dh\u00e9anamh f\u00e1il r\u00e9idh leis an \u2018nGovermint\u2019 eachtrannach, a choinnigh \u00e1r ndaoine faoi smacht, thar ocht gc\u00e9ad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, t\u00e1 daoine ann ad\u00e9arfadh, go bhfuil an dearcadh frith\u2019ghovermint\u2019 sin neadaithe i smior na gcn\u00e1mh ionainn f\u00f3s, agus go bhfuil s\u00e9 \u00e9asca go maith \u00e9 sin a fheice\u00e1il i ndearcadh an phobail s\u2019againne, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed spei<\/span><span style=\"font-size:14pt\">sialta.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cl\u00e1racha don Ghear\u00e1na\u00ed !<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">An bhf\u00e9adf\u00e1 cupla ceann de na h\u00f3c\u00e1id\u00ed sin a liost\u00e1il d\u00fainn anseo?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cinnte, d\u2019fh\u00e9adfainn. I nd\u00e1ir\u00edre, d\u00e9arfainn nach bhfuil le d\u00e9anamh ag duine ar bith ach \u00e9isteacht le cupla cl\u00e1r raidio, n\u00f3 teilif\u00edse, cl\u00e1racha at\u00e1 oscailte  don phobal, at\u00e1 i gceist agam anseo, cl\u00e1racha ar n\u00f3s Liveline, no Cl\u00e1r an Mhe\u00e1nlae.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 a mha\u00edomh, go bhfuil Joe Duffy \u2018agin the Govermint.\u2019<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cinnte, n\u00ed fh\u00e9adfainn, agus n\u00edl fonn ar bith orm a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh. Ach c\u00e9ard faoi na h\u00e9isteoir\u00ed a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairim\u00ed a nocht\u00fa?  \u2018Agin the Govermint\u2019, adeir t\u00fa! \u2018Agin the Govermint\u2019! an ea? D\u2019fheicfheadh an t\u00e9 is d\u00faire amuigh gur mar sin at\u00e1. Luaitear \u00e1bhar \u00e1irithe, i dtosach b\u00e1ire. Abraimis \u2018ard\u00fa c\u00e1ineacha\u2019 n\u00f3 \u2018\u00edsli\u00fa p\u00e1\u2019, agus ansin t\u00e1 cead ag \u00e9isteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dh\u00e1phingne a fh\u00e1il. N\u00ed bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fh\u00e9in, s\u00e1ra mb\u00edonn slu<\/span><span style=\"font-size:14pt\">a bailithe ansin le dul ar an gcl\u00e1r, le stiallacha a bhaint as an \u2018nGovermint\u2019 agus as na bainc, as na St\u00e1tsheirbh\u00edsigh, as an gcl\u00e9ir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht n\u00f3 \u00fadaras ag baint leo. D\u2019fh\u00e9adfadh duine ar bith a fheice\u00e1il, go bhfuil an mhuintir s\u2019againne \u2018Agin the Govermint\u2019 \u00f3 thus deireadh.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">\u2018S\u00e9 an Rialtas s\u2019againne \u00e9<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, n\u00edlimse ag ma\u00edomh go bhfuil an Rialtas s\u2019againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gc\u00e9anna, nach \u00e9 an Rialtas a thoigh an pobal s\u2019againne \u00e9?  Agus n\u00e1r thugamar cumhacht d\u00f3ibh, an t\u00edr seo a rial\u00fa go ceann roinnt \u00e1irithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint d\u00edobh? Nach bhfuil \u00e1r nd\u00edlseacht, \u00e1r dtaca\u00edocht, agus \u00e1r <\/span><span style=\"font-size:14pt\">gc\u00fanamh, dlite d\u00f3ibh, i rith a dtr\u00e9imhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfe\u00e1 duine ar bith, ar chl\u00e1racha d\u00e1 leith\u00e9id, ag cosaint n\u00f3 ag moladh na h\u00fadar\u00e1is a thoigh muid?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, go gcuireann na tuairim\u00ed a nochtar ar chl\u00e1racha \u00e1irithe d\u00e1 leith\u00e9id, ionadh orm, n\u00f3 tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile sh\u00f3rt a bhaineann leis an bhf\u00eds n\u00e1isi\u00fanta. N\u00ed bheinn ag s\u00fail go mbeadh an oireadh sin daoine, sa t\u00edr s\u2019againne, s\u00e1sta a n\u00e1isi\u00fantacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a sh\u00e9ana<\/span><span style=\"font-size:14pt\">dh, agus bheadh sin dona go leor, ach is \u00e9 an bealach ina nd\u00e9antar \u00e9 a chuireann an t-ionadh go l\u00e9ir orm, n\u00f3 s\u00e9anann siad \u00e9, faoi mar ba amad\u00e1nta, amach is amuigh, l\u00e1mh n\u00f3 p\u00e1irt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le \u2018mumbo jumbo\u2019 -(faoi mar adeir siad)- d\u00e1 leith\u00e9id.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u00c1r gCosmhuintir fh\u00e9in<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Minic, agus m\u00e9 ag \u00e9isteacht le, n\u00f3 ag breathn\u00fa ar, chl\u00e1r d\u00e1 leith\u00e9id, a ritheann focail \u00fad an tseanfhocail thuasluaite liom, n\u00f3 n\u00e1rbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, n\u00e1 tuairim\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoin\u00edonn na \u2018saineolaithe\u2019 sin ar a       n-\u00e9isteoir\u00ed, n\u00f3 den chuid is m\u00f3, nach gn\u00e1thchosmhuintir na t\u00edre seo iad na h\u00e9isteoir\u00ed c\u00e9anna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas d\u00e1 leitheid go smior na gcn\u00e1mh orthu. Sea, Binn b\u00e9al ina thost, mar nach fearr an tost, ar \u00f3c<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e1id\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00e1 an bh\u00e9alscaoilteacht!    <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Binn B\u00e9al&#8230;. N\u00ed g\u00e1 dhom an seanfhocal sin a chr\u00edochn\u00fa, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 de n\u00f3s ag Gaeil, chuile l\u00e1 riamh, gan ach t\u00fas seanfhocail a lua, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3ibh, go mbainfeadh an lucht \u00e9isteachta, n\u00f3 an lucht l\u00e9ite, scil agus ciall as an m\u00e9id a tugadh. Sea, agus gan [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12761","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12761","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12761"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12761\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12762,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12761\/revisions\/12762"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12761"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12761"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12761"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}